MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
1.1Cúlra ginearálta agus cuspóir
Le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’), bunaítear an creat chun Tacsanomaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chruthú. Foráiltear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht gur cheart do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún a chomhlíonadh.
Maidir leis an ngníomh tarmligthe lena sonraítear na critéir scagtha theicniúla faoina gcáilítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe mar chinn a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú an athraithe aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus mar chinn nach ndéanann dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil ábhartha eile (‘an Gníomh Tarmligthe Aeráide Tacsanomaíochta’), glacadh é an 4 Meitheamh 2021. Thairis sin ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe an 6 Iúil 2021 lena sonraítear ábhar, modheolaíocht, agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais araon a bhfuil ceangal orthu tuairisc a thabhairt maidir le hailíniú a ngníomhaíochtaí le Tacsanomaíocht an Aontais (‘an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta’).
Leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe Comhlántach maidir le Tacsanomaíocht Aeráide critéir scagtha theicniúla i gcomhair gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena bhféadfaí rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide i bhformhór na n‑earnálacha. Mar sin féin, níor cumhdaíodh gach earnáil agus gníomhaíocht ábhartha sa Ghníomh Tarmligthe sin. Níorbh fhéidir cinneadh a dhéanamh, go háirithe, i leith fuinneamh núicléach a chuimsiú sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide de bharr an gá atá ann an measúnú a dhoimhniú i leith gnéithe ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (‘an DNSH’) i dtaobh fuinneamh núicléach, measúnú a bhí ar siúl ag an am. A mhéid a bhaineann le gás nádúrtha, d’fhógair an Coimisiún go raibh gá le tuilleadh machnaimh maidir leis an gcaoi aghaidh a thabhairt ar ról an gháis i ndícharbónú gheilleagar an Aontais.
Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú do mhaolú an athraithe aeráide, ba cheart don Choimisiún an próiseas idirthréimhseach leanúnach riachtanach i dtreo gheilleagar aeráidneodrach i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chur san áireamh agus dreasachtaí a chur ar fáil. Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 agus an 6 Iúil 2021, is é is cuspóir don Ghníomh Tarmligthe seo an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide a chomhlánú. Leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe seo na critéir scagtha theicniúla maidir le maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha breise sna hearnálacha fuinnimh nár cuimsíodh sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide, go háirithe sna hearnálacha gáis nádúrtha agus fuinnimh núicléach. A mhéid a bhaineann le cuspóir oiriúnaithe an athraithe aeráide, tá an Gníomh Tarmligthe seo comhsheasmhach le cur chuige an Ghnímh Tharmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide lena léirítear go mbeidh ar gach earnáil eacnamaíoch oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide. Dá bhrí sin, leagtar amach ann critéir scagtha theicniúla iomchuí chomhsheasmhacha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san earnáil gháis iontaise agus san earnáil fuinnimh núicléach. Mar sin féin, maidir le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha sonracha i dtaobh gníomhaíochtaí gáis iontaise, a bhforáiltear aithint laistigh de theorainn ama ina leith sa Ghníomh Tarmligthe seo maidir le rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide, ní gá foráil a dhéanamh maidir le critéir scagtha theicniúla shonracha i leith oiriúnú don athrú aeráide i bhfianaise na haitheanta laistigh den teorainn ama sin. Ar mhaithe le soiléireacht, na critéir scagtha theicniúla maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide, ní chuireann siad bac ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a cháiliú mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú an athraithe aeráide.
Thairis sin, chun trédhearcacht an mhargaidh agus faisnéis infheisteoirí a mhéadú, foráiltear leis an nGníomh Tarmligthe seo do ceanglais shonracha maidir le nochtadh le haghaidh earnálacha an gháis nádúrtha agus an fhuinnimh núicléach tríd an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh lena bhforlíontar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a leasú.
Mar atá leagtha amach sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, is mó a cumhdaítear leis an Tacsanomaíocht ná infheistíochtaí aeráidneodracha agus in‑athnuaite amháin. Cumhdaítear leis freisin gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar follasach nach bhfuil siad aeráidneodrach nó in‑athnuaite ach a bhféadfaí, faoi choinníollacha dochta agus ar feadh tréimhse theoranta, an t‑aistriú i dtreo córas fuinnimh inbhuanaithe a chumasú, amhail gníomhaíochtaí eacnamaíocha sna hearnálacha gáis nádúrtha agus fuinnimh núicléach. Níor cheart go gcuirfeadh siad isteach ar fhoinsí in‑athnuaite a fhorbairt.
1.2Cúlra dlíthiúil
Tá an Gníomh Tarmligthe seo bunaithe ar na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 8(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Leis an nGníomh Tarmligthe seo leasaítear an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide trí chritéir scagtha theicniúla a chur isteach le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe sna hearnálacha gáis nádúrtha agus fuinnimh núicléach ar gníomhaíochtaí iad nár cumhdaíodh sa Ghníomh Tarmligthe sin. Leagtar amach na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le ceanglais Airteagal 19 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Leis an nGníomh Tarmligthe seo leasaítear an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh lena bhforlíontar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht freisin trí fhoráil a dhéanamh maidir le ceanglais shonracha maidir le nochtadh sna hearnálacha gáis nádúrtha agus fuinnimh núicléach.
De réir Airteagal 31 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, comhcheanglaítear leis an Gníomh Tarmligthe seo dhá chumhachtú idirghaolmhara den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht i ngníomh amháin, eadhon iad siúd a leagtar síos in Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3), a bhaineann le critéir scagtha theicniúla maidir le maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide faoi seach, agus cumhachtú an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht a leagtar síos in Airteagal 8(4) maidir le faisnéis atá le nochtadh ag gnóthais neamhairgeadais mhóra agus gnóthais airgeadais mhóra.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
A mhéid a bhaineann le gás nádúrtha, leis an nGníomh Tarmligthe seo déantar forbairt ar mholtaí an tSainghrúpa Theicniúil maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (an ‘TEG’), sainghrúpa de chuid an Choimisiúin atá comhdhéanta de pháirtithe leasmhara éagsúla ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí a bunaíodh in 2018. Is é a bhí i misean TEG cuidiú leis an gCoimisiún chun critéir scagtha theicniúla i leith Tacsanomaíocht an Aontais a fhorbairt i gcomhréir le moltaí reachtúla an Choimisiúin ó mhí na Bealtaine 2018 agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip á gcur san áireamh.
D’fhoilsigh TEG dhá leagan eatramhacha dá chuid moltaí i dtuarascálacha uaidh i mí na Nollag 2018 agus i mí an Mheithimh 2019. Bhí an dá thuarascáil faoi réir glao oscailte ar aiseolas, agus fuarthas 257 bhfreagairt agus 830 freagairt faoi seach. Le linn a shainordaithe, phléigh TEG le níos mó ná 200 saineolaí breise freisin chun moltaí a fhorbairt do na critéir scagtha theicniúla maidir le maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide. D’eagraigh an Coimisiún dhá chruinniú le páirtithe leasmhara freisin chun tuairimí a bhailiú maidir le tuarascálacha TEG i mí an Mheithimh 2019 agus i mí an Mhárta 2020.
Thairis sin, na critéir scagtha theicniúla maidir le gás nádúrtha, a cuireadh isteach sa Dréachtghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide i dtosach, foilsíodh iad ar an Tairseach um Rialáil Níos Fearr ar feadh tréimhse aiseolais 4 seachtaine idir an 20 Samhain 2020 agus an 18 Nollaig 2020, a thug 46, 591 geallsealbhóir freagra ina leith. Pléadh na critéir sin freisin le saineolaithe na mBallstát agus breathnóirí ó Pharlaimint na hEorpa, ag roinnt cruinnithe de chuid Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát um Maoiniú Inbhuanaithe in 2020 agus 2021.
A mhéid a bhaineann le fuinneamh núicléach, níor cuireadh gníomhaíochtaí fuinnimh núicléach sa áireamh i moltaí TEG. Cé gur aithin TEG go bhfuil ardacmhainneacht ag fuinneamh a ghintear ó fhuinneamh núicléach chun rannchuidiú go substaintiúil le maolú an athraithe aeráide, ní rabhthas in ann teacht ar chonclúid dhaingean maidir le cé acu an ndéanann nó nach ndéanann fuinneamh núicléach dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil eile, go háirithe agus bainistiú dramhaíola, tionchar ar bhithéagsúlacht agus uisce chomh maith le gnéithe truailliúcháin féideartha á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, mhol TEG gur cheart measúnú níos mionsonraithe maidir le fuinneamh núicléach a dhéanamh, lena n‑áireofaí saineolaithe le hardleibhéal saineolais ábhartha.
Dá bhrí sin bhunaigh an Coimisiún próiseas sonrach le haghaidh measúnaithe mionsonraithe maidir le gnéithe DNSH i leith fuinneamh núicléach. Ar an gcéad dul síos, d’ullmhaigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (‘JRC’), seirbhís eolaíochta agus eolais an Choimisiúin Eorpaigh, measúnú teicniúil ar fhuinneamh núicléach faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus critéir DNSH.
Ba é conclúid tuarascáil JRC mar a leanas:
(i)féadfaidh fuinneamh núicléach rannchuidiú go substaintiúil le cuspóir maolaithe an athraithe aeráide agus ní dhéanfaidh sé dochar suntasach do na ceithre chuspóir comhshaoil eile de chuid an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht dá bhrí sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na critéir scagtha theicniúla atá beartaithe;
(ii)féadfar stórais gheografacha dhoimhne a mheas – ar bhonn eolas an lae inniu – mar mhodh iomchuí agus sábháilte chun breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil eile a aonrú ón mbithsféar ar feadh scálaí ama an‑fhada agus tá na teicneolaíochtaí riachtanacha ar fáil anois;
(iii)I gcás ina bhféadfaidh na tionchair comhshaoil dochar a dhéanamh agus nuair a bheidh siad amhlaidh, is féidir bearta iomchuí chun na tionchair a chosc nó chun na hiarmhairtí a mhaolú a chur chun feidhme trí theicneolaíocht atá ann faoi láthair a úsáid; agus
(iv)tugtar muinín leordhóthanach le comhlíontacht fhorálacha reachtaíocht Euratom agus próiseas ceadúnaithe go bhfanann tionchar thimthriall an fhuinnimh núicléach, lena n‑áirítear deireadh an timthrialla breosla núicléach, ar an gcine daonna agus ar an gcomhshaol faoi bhun leibhéil dhíobhálacha.
Rinne saineolaithe na mBallstát maidir le cosaint ar an radaíocht agus bainistiú dramhaíola arna gceapadh ag an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil faoi Airteagal 31 de Chonradh Euratom, chomh maith le saineolaithe ón gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte, Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht Chun Cinn (‘SCHEER’) an tuarascáil sin a bhreithniú.
Tugann tuairim an Ghrúpa Saineolaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 31 de Chonradh Euratom measúnú dearfach maidir le tuarascáil JRC. Aontaíonn na saineolaithe le príomhthorthaí na tuarascála, le linn dóibh líon beag barúlacha maidir le feabhsuithe féideartha a sholáthar. Mar shampla, dar leo, an creat dlíthiúil Eorpach atá ann faoi láthair, cuireann sé córas leordhóthanach ar fáil chun an leibhéal cosanta is airde a áirithiú d’oibrithe, don phobal agus don chomhshaol san Aontas. Maidir le gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas, feictear dóibh go bhfuil leibhéal inchomparáide cosanta á sholáthar ag caighdeáin idirnáisiúnta agus tugann siad dá n‑aire gur cheart comhlíontacht leis na caighdeáin sin a chur san áireamh sna critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí den sórt sin. Thairis sin, dheimhnigh an Grúpa Saineolaithe tuairim JRC go meastar stórais gheografacha dhoimhne, ar bhonn eolas an lae inniu, mar réiteach iomchuí agus sábháilte chun dramhaíl ardleibhéil a bhainistiú, agus thug siad dá n‑aire go bhfuil an teicneolaíocht chun déanamh amhlaidh ar fáil sa lá atá inniu ann cheana. Dheimhnigh an Grúpa Saineolaithe freisin maidir leis an measúnú a rinne JRC ar iarmhairtí timpistí tromchúiseacha, áfach, go raibh sé teoranta i dtaca lena raon feidhme. Thug an Grúpa Saineolaithe dá n‑aire nach ndearna measúnú ar thionchair dhíreacha nó neamhdhíreacha a bhíonn ag timpistí tromchúiseacha, ar tionchair iad nach ndearna JRC anailís orthu sa cháil sin, maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bith faoi Thacsanomaíocht an Aontais. Féadfaidh measúnú den sórt sin a bheith tábhachtach freisin maidir le tionchair níos leithne timpistí tromchúiseacha ach d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra a mheasúnú.
Is é tuairim shaineolaithe SCHEER go bhfuil torthaí agus moltaí tuarascáil JRC i leith tionchair neamhraideolaíocha cuimsitheach ar an iomlán. Mar sin féin, i dtuairimí na saineolaithe, teastaíonn tuilleadh measúnaithe agus fianaise ó chuid de na torthaí. I dtaca le comparáid a dhéanamh idir cumhacht núicléach agus teicneolaíochtaí ginte fuinnimh eile, measann siad, go háirithe, nach ionann ‘gan tuilleadh dochair a dhéanamh’ agus measúnú a dhéanamh ar ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’(DNSH) faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Thairis sin léirigh SCHEER tuairim nach leor ann féin an creat rialála a bheith ann chun gach riosca ábhartha a mhaolú agus mhol siad go ndéanfar anailísí níos doimhne ar ghnéithe áirithe, go háirithe tionchar na mianadóireachta agus na muilleoireachta (a dhéantar lasmuigh den Aontas den chuid is mó):
–na héiginnteachtaí maidir le diúscairt deiridh dramhaíola radaighníomhaigh ardleibhéil ar ceist taighde oscailte í go fóill; agus
–tionchar na radaíochta ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le huisce agus acmhainní muirí a chosaint.
Le linn don Choimisiún na critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach a bhunú, chuir sé barúlacha SCHEER san áireamh go cuí agus thug sé aghaidh orthu. Go háirithe, níor cuireadh na gníomhaíochtaí mianadóireachta agus muilleoireachta sa Ghníomh Tarmligthe seo agus thug na critéir scagtha theicniúla aghaidh ar na barúlacha eile.
A mhéid a bhaineann le próiseas glactha an Ghnímh Tharmligthe seo, cinneadh nach raibh measúnú tionchair riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí fuinnimh gáis nádúrtha, i bhfianaise an mhéid seo a leanas:
–cuirfidh an Gníomh Tarmligthe seo roghanna beartais a rinneadh cheana chun feidhme agus ní dhéanfaidh sé ach an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide a chomhlánú;
–Bhí an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide bunaithe ar chomhairle a bhfuarthas ó TEG agus ón Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus bhí measúnú tionchair comhréireach ag gabháil leis;
–bhí na critéir maidir le formhór na ngníomhaíochtaí atá beartaithe le bheith san áireamh sa Ghníomh Tarmligthe seo faoi réir mheasúnú tionchair agus comhairliúchán poiblí cheana mar chuid d’ullmhúchán an Ghnímh Tharmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide.
Maidir le gníomhaíochtaí fuinnimh núicléach, cinneadh nach raibh gá le measúnú tionchair ós rud é go ndearnadh measúnú teicniúil mionsonraithe mar a shonraítear thuas.
Bhí na saincheisteanna teicniúla agus beartais ábhartha maidir le gás nádúrtha agus fuinneamh núicléach san fhearann poiblí, dá bhrí sin, i gcaitheamh an phlé reachtaigh ar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, obair TEG, agus bailchríochnú an Ghnímh Tharmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide. Rinneadh iad a phlé roinnt uaireanta freisin leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa. Chuir geallsealbhóirí aiseolas cuimsitheach faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na gníomhaíochtaí sin, bunaithe ar na roghanna a pléadh i dtaobh an Ghnímh Tharmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide le haghaidh gníomhaíochtaí gáis, agus bunaithe ar thuarascáil JRC agus athbhreithnithe an choiste saineolaithe maidir le gníomhaíochtaí núicléacha. Ba dhócha go n‑imreofaí tionchar ar na margaí de dheasca nochtadh roimh ré leis an bpobal de dhréachtghníomh tarmligthe.
Ní raibh gá le tuilleadh comhairliúcháin oscailte, dá bhrí sin, chun an Gníomh Tarmligthe seo a ullmhú.
Chuathas i gcomhairle leis an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (‘an tArdán’) agus Grúpa Saineolaithe na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10(4) agus Airteagal 11(4) agus, faoi seach, Airteagal 23(4) agus Airteagal 24(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Tugadh dá aire le haiseolas an Ardáin roinnt easnamh agus neamhréireachtaí a meastar a bheith sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Anuas air sin, ceistíonn sé cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na critéir i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 10(2), Airteagail 17 agus 19 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Léirítear tosaíocht chun na gníomhaíochtaí a áireamh i gcatagóir feidhmíochta comhshaoil ‘idirmheánach’ féideartha amach anseo, de bhun na hoibre atá á déanamh san Ardán. Thug an tArdán dá aire sraith ábhar imní i dtaca le cur chuige cuid de na critéir atá dírithe ar an todhchaí, agus éiginnteachtaí le haghaidh úsáideoirí an mhargaidh airgeadais chun comhlíontacht oibreoirí leis na critéir a fhionnadh. Baineann moltaí an Ardáin le ceanglais maidir le nochtadh agus ceanglais maidir le fíorú a shoiléiriú i dtaobh gníomhaíochtaí sa Ghníomh Tarmligthe.
Thug an t‑aiseolas dearbhú maidir le seasaimh éagsúla nach raibh ag cur le chéile, seasaimh a raibh eolas leitheadach orthu cheana. Thug an Coimisiún dá aire an cáineadh a rinne an tArdán agus cuid de na Ballstáit i gcomhthéacs chomhairliúchán Sainghrúpa na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, comhairliúcháin a thug le fios nach mbeidh an Dréachtghníomh Tarmligthe i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus an ceanglas gan dochar suntasach a dhéanamh do na cuspóirí comhshaoil eile araon. Diúltaíonn an Coimisiún glacadh leis an gcáineadh sin a mhéid is cosúil go bhfuil sé bunaithe ar an toimhde, ar toimhde é atá in aghaidh chuspóir Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, nach féidir ach na critéir scagtha theicniúla lena n‑áirítear an rannchuidiú is substaintiúla le cuspóir maolaithe an athraithe aeráide agus nach ndéanann dochar, nó ar a laghad a dhéanann an dochar is lú do na cuspóirí comhshaoil eile, a áireamh sa Ghníomh Tarmligthe. Faoi Airteagail 10(2) agus (3) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ní mór don Choimisiún na critéir scagtha theicniúla a leagan amach maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach féidir a ionadú go fóill le roghanna malartacha ísealcharbóin atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de agus a bheadh riachtanach san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Diúltaíonn an Coimisiún freisin glacadh leis an gcáineadh a thug na Ballstáit eile a chuir in aghaidh cáiliú gníomhaíochtaí fuinnimh núicléach faoi Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus a rinne agóid gur cheart iad a cháiliú faoi Airteagal 10(1) de. Maidir le gineadh, tarchur, stóráil, dáileadh nó úsáid fuinnimh, tá sé teoranta, in Airteagal 10(1), pointe (a), den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, d’fhuinneamh in‑athnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/11, agus ní thagann gníomhaíochtaí fuinnimh núicléach faoi na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i bpointí (b) go (i) den fhoráil sin. Tugadh isteach coigeartuithe spriocdhírithe maidir leis na critéir scagtha theicniúla agus na ceanglais maidir le nochtadh agus na ceanglais maidir le fíorú chun láidriú mór a dhéanamh ar a shoiléire agus a inúsáidte atá siad. Is fiú a thabhairt chun cuimhne nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe nach gcáilítear faoi Thacsanomaíocht an Aontais díobhálach de réir sainmhínithe.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Déantar foráil maidir le cumhachtaí breise chun gnímh tharmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 8(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Le hAirteagal 1 leagtar síos na leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide.
Le hAirteagal 2 leagtar síos na leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh lena bhforlíontar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Sonraítear in Airteagal 3 na dátaí theacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Ghnímh Tharmligthe.
Le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar síos na leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide.
Le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin leagtar síos na leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh lena bhforlíontar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo cuirtear isteach Iarscríbhinn XII nua a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh lena bhforlíontar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 9.3.2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088, agus go háirithe Airteagal 8(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún, cumhdaítear roinnt earnálacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil an acmhainneacht acu chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide de chuid an Aontais agus cuspóirí oiriúnaithe an athraithe aeráide. Roghnaíodh na hearnálacha eacnamaíocha agus na gníomhaíochta eacnamaíocha sin de thoradh a scair de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána, agus an acmhainneacht chruthaithe atá acu chun táirgeadh gás ceaptha teasa a sheachaint, na hastaíochtaí sin a laghdú, nó na hastaíochtaí sin a bhaint. Ina theannta sin, tá acmhainneacht chruthaithe sna hearnálacha agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin chun seachaint, laghdú agus baint den sórt sin a chumasú le haghaidh na n‑earnálacha agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, nó chun stóráil fhadtéarmach astaíochtaí den sórt sin a áirithiú le haghaidh na n‑earnálacha agus na ngníomhaíochtaí eile.
(2)Is í úsáid iomlán an fhuinnimh is cúis le thart ar 75 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Tá ról ríthábhachtach ag earnáil an fhuinnimh, dá bhrí sin, maidir le leanúint de bheith ag laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, dá bhrí sin, cumhdaítear raon leathan earnálacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le slabhra an tsoláthair fuinnimh, ó ghiniúint leictreachais nó teasa ó fhoinsí éagsúla, trí líonraí tarchurtha agus dáilte go stóráil, chomh maith le teaschaidéil agus monarú bithgháis agus bithbhreoslaí. Mar sin féin, níl critéir scagtha theicniúla i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha an gháis iontaise agus an fhuinnimh núicléach, d’ainneoin a n‑acmhainneacht rannchuidiú le dícharbónú gheilleagar an Aontais.
(3)Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 (‘Tacsanomaíocht AE, Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, Tosaíochtaí Inbhuanaitheachta agus Dualgais Mhuiníneacha: Maoiniú a stiúradh i dtreo Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’) agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 (‘Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú’), cuireadh bunú critéar scagtha teicniúil maidir le gineadh fuinnimh ó ghás iontaise siar i bhfianaise an ghá atá ann maidir le measúnú teicniúil breise, go háirithe maidir le ról idirthréimhseach an gháis iontaise i ndícharbónú an gheilleagair. Cuireadh bunú critéar scagtha teicniúil maidir le gníomhaíochtaí ginte fuinnimh núicléach ar athló go dtí go mbeidh measúnú saineolais mionsonraithe, a seoladh in 2020, maidir le cibé acu an féidir an saolré núicléach, go háirithe dramhaíl núicléach, a mheas mar chomhoiriúnach leis an gceanglas, a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, nach féidir le gníomhaíocht dochar suntasach a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil eile. I bhfianaise na measúnuithe sin, ní mór a aithint gur féidir leis na gníomhaíochtaí ginte gáis nádúrtha agus fuinnimh núicléach rannchuidiú le dícharbónú gheilleagar an Aontais.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha, ní mór critéir scagtha theicniúla a leagan síos maidir le gineadh leictreachais, comhghiniúint ardéifeachtúil cumhachta agus teasa/fuaraithe, agus táirgeadh teasa/fuaraithe i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtacha ó ghás iontaise, i gcás ina mbeidh astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghás iontaise faoi bhun tairseach iomchuí. Ina theannta sin, bhí gá le critéir scagtha theicniúla a leagan síos maidir le húsáid gáis iontaise i nginiúint leictreachais, comhghiniúint ardéifeachtúil cumhachta agus teasa/fuaraithe, agus táirgeadh teasa/fuaraithe i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtacha, i gcás nach gcomhlíonann an ghiniúint leictreachais, comhghiniúint cumhachta agus teasa/fuaraithe, agus táirgeadh teasa/fuaraithe i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtacha leis an tairseach iomchuí sin go fóill, ós rud é, chomh maith le húsáid fuinnimh atá aeráidneodrach agus tuilleadh infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí agus in earnálacha eacnamaíocha atá ísealcharbóin cheana, go bhfuil laghduithe substaintiúla in astaíochtaí gás ceaptha teasa ag teastáil ón aistriú i ngníomhaíochtaí agus earnálacha eacnamaíocha eile nach bhfuil roghanna malartacha ísealcharbóin ar bith atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de. Na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin go léir atá ar fáil, ba cheart iad a cháiliú mar ghníomhaíochtaí idirthréimhseacha faoi Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh roghanna malartacha ísealcharbóin atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de ar fáil ó thaobh tráchtála de ar scála leordhóthanach chun an t‑éileamh fuinnimh a chumhdach ar mhodh leanúnach iontaofa. Maidir le giniúint leictreachais, go háirithe, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur chuige malartach maidir leis na hastaíochta gás ceaptha teasa a theorannú. Faoin gcur chuige malartach sin, ar cur chuige é ar cheart go dtabharfadh sé torthaí comhchosúla thar thréimhse 20 bliain, féadfaidh saoráidí na torthaí sin a bhaint amach tríd an líon uaireanta oibríochta a theorannú nó tríd an aistriú i dtreo gáis in‑athnuaite nó ísealcharbóin a thabhairt chun tosaigh chuig dáta níos luaithe. Ba cheart do na critéir scagtha theicniúla céimniú amach luathaithe a éascú ó fhoinsí fuinnimh atá dian ó thaobh na n‑astaíochtaí de, lena n‑áirítear breoslaí iontaise sholadacha. Thairis sin, chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(2), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh, ba cheart a áirithiú leis na critéir scagtha theicniúla maidir le húsáid gáis iontaise go bhfuil fianaise láidir ar fáil chun a léiriú nach bhféadfaí an acmhainneacht fuinnimh chéanna a ghiniúint le foinsí in‑athnuaite, agus go mbeadh pleananna éifeachtacha curtha ar bun le haghaidh gach saoráide, i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht is fearr san earnáil, chun an t‑aistriú iomlán chuig gáis in‑athnuaite nó ísealcharbóin a dhéanamh faoi dháta sonrach. Ar deireadh, ba cheart do na critéir scagtha theicniúla foráil a dhéanamh maidir le haithint laistigh de theorainn ama i leith rannchuidiú na ngníomhaíochtaí sin maidir le dícharbónú.
(5)Beidh ról ríthábhachtach á imirt ag athnuaiteáin chun spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach. I bhfianaise an mhéid sin, ní mór infheistíochtaí maidir le hathnuaiteáin a mhéadú chun freastal ar riachtanais mhargadh an fhuinnimh de chuid an Aontais maidir le níos mó fuinnimh atá in‑athnuaite agus glan.
(6)Is gníomhaíochtaí ísealcharbóin gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach, ní bhunaíonn siad fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite mar a shainítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ní thagann siad faoi chatagóirí eile gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i bpointe (b) go (i) den fhoráil sin. Ba cheart na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a bhaineann le fuinneamh núicléach a cháiliú faoi Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, in éagmais roghanna malartacha ísealcharbóin atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de ar scála leordhóthanach chun an t‑éileamh fuinnimh a chumhdach ar modh leanúnach iontaofa. Thairis sin, sa Tuarascáil Chríochnaitheach ó Shainghrúpa Teicniúil an Aontais um Maoiniú Inbhuanaithe ó mhí an Mhárta 2020, luadh ‘go bhfuil giniúint fuinnimh núicléach nach mór neodrach ó thabhairt na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcéim na giniúna fuinnimh’ agus ‘go raibh fianaise maidir le rannchuidiú substaintiúil féideartha an fhuinnimh núicléach le cuspóirí maolaithe an athraithe aeráide cuimsitheach agus soiléir’. Ina theannta sin, i roinnt pleananna de chuid na mBallstát, áirítear fuinneamh núicléach mar aon le fuinneamh in‑athnuaite sna foinsí fuinnimh atá le húsáid chun spriocanna aeráide a bhaint amach, lena n‑áirítear cuspóir dícharbónaithe 2050 a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ar deireadh, trí bhonnualach sholáthar fuinnimh seasmhach a chur ar fáil, éascaíonn fuinneamh núicléach foinsí in‑athnuaite eadrannacha a úsáid agus ní chuireann sé isteach ar a bhforbairt, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852. Ba cheart gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach a mheas mar ghníomhaíochtaí lena gcomhlíontar Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 dá bhrí sin.
(7)Ba é conclúid an athbhreithnithe eolaíoch arna dhéanamh ag saineolaithe gur cheart go n‑áiritheofaí le critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fuinneamh núicléach nach ndéanfaí aon dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil eile de dheasca na rioscaí féideartha a d’fhéadfadh teacht as stóráil fhadtéarmach agus diúscairt deiridh dramhaíola núicléiche. Ba cheart go léireofaí na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht agus bainistíocht dramhaíola radaighníomhaí sna critéir scagtha theicniúla sin, dá bhrí sin, lena dtógtar ar cheanglais a leagtar síos sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’) agus i reachtaíocht a ghlactar faoin gConradh sin, agus go háirithe i dTreoir 2009/71/Euratom ón gComhairle. Tá cuspóir sábháilteachta núicléach ardleibhéil sa Treoir sin lena gcumhdaítear gach staid de shaolré gach gléasra núicléach, lena n‑áirítear lonnú, dearadh, tógáil, coimisiúnú, oibriú agus díchoimisiúnú na ngléasraí sin. Go sonrach, sa Treoir sin éilítear feabhsuithe móra sábháilteachta maidir le dearadh imoibreoirí nua, lena n‑áirítear imoibreoirí dá ngairtear Glúin III +, ar cheart eolas agus teicneolaíocht úrscothach a úsáid ina leith, agus na ceanglais idirnáisiúnta sábháilteachta is déanaí á gcur san áireamh. Déantar foráil sna ceanglais sin maidir le cur chun feidhme éifeachtach an chuspóra sábháilteachta núicléach, lena n‑áirítear prionsabal na domhainchosanta agus cultúr sábháilteachta éifeachtach a chur chun feidhme. Leis na ceanglais sin áirithítear go mbeidh tionchar guaiseacha fíordhona de dhéanamh an duine agus nádúrtha, lena n‑áirítear creathanna talún agus tuilte, íoslaghdaithe agus go ndéantar timpistí, oibríochtaí neamhghnácha agus teipeanna nó caillteanas córas rialaithe a chosc, inter alia le déanmhais chosanta nó córais soláthair fuaraithe agus leictreachais chúltaca.
(8)Tá breosla timpiste-fhulangach maidir le gléasraí cumhachta núicléiche a thugann cosaint bhreise i gcoinne timpistí ar timpistí iad a eascraíonn as damáistí struchtúrtha ar bhreosla nó ar chomhpháirteanna imoibrithe tagtha chun a bheith ar fáil ar an margadh. Chun na forbairtí teicneolaíocha nua sin a chur san áireamh, ba cheart úsáid an chineáil bhreosla sin a leagan amach mar cheanglas sna critéir scagtha theicniúla, agus a cheadúnú laistigh den Aontas á chur san áireamh.
(9)Ar fud an domhain, tá iarrachtaí taighde agus forbartha á ndéanamh chun teicneolaíochtaí imoibreora núicléacha nua a fhorbairt lena n‑úsáidtear, i measc nithe eile, timthriallta breosla iata nó coincheapa féinphóraithe breosla agus lena laghdaítear táirgeadh dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil (‘imoibreoirí Glúin IV’). Cé nach bhfuil na himoibritheoirí Glúin IV sin inmharthana ó thaobh tráchtála de go fóill, ba cheart critéir scagtha theicniúla a leagan síos le haghaidh imoibritheoirí den sórt i bhfianaise na hacmhainneachta féideartha atá acu maidir leis an gcuspóir dícharbónaithe agus íoslaghdú dramhaíola radaighníomhaí.
(10)Cuid d’fhoinsí fuinnimh roinnt de na Ballstáit amach anseo ia ea fuinneamh núicléach, mar chuid dá n‑iarrachtaí dícharbónaithe. Mar thoradh ar na cásanna a ndearna an Coimisiún measúnú orthu, tá córas fuinnimh dícharbónaithe bunaithe ar athnuaiteáin den chuid is mó agus bunaithe ar fhuinneamh núicléach le toilleadh suiteáilte seasmhach i gcomparáid leis na leibhéil atá ann faoi láthair. De réir mar atá na gléasraí núicléacha atá ann faoi láthair á saothrú, tá uasghráduithe sábháilteachta ag teastáil uathu chun an saolré oibríochtúil a leathnú chomh maith le gléasraí núicléacha nuathógtha chun gléasraí atá imithe i léig a ionadú. Is próiseas leanúnach é seo agus ba cheart go n‑áiritheodh sé infhaighteacht na hacmhainneachta atá ag teastáil le haghaidh dícharbónú an chórais fuinnimh faoi 2050 agus tar éis an dáta sin de réir mar is gá. Dá réir sin, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha san fhuinneamh núicléach ar feadh na tréimhse go dtí 2050 agus ina dhiaidh sin. Ní mór a áirithiú go n‑úsáideann gléasraí cumhachta núicléiche nua na réitigh is forbartha a eascraíonn as dul chun cinn teicneolaíoch. Maidir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gléasraí cumhachta núicléiche nua den sórt sin, ba cheart go ndéanfadh siad foráil dá bhrí sin maidir le hathbhreithnithe rialta ar gach tionscadal infheistíochta, agus foráil maidir le paraiméadair theicniúla a chomhfhreagraíonn don teicneolaíocht is fearr atá ar fáil i bhfianaise na dtorthaí maidir le hiarrachtaí taighde agus forbartha leanúnacha agus maidir le feabhsuithe leanúnacha teicneolaíochtaí. Ba cheart dátaí sonracha a shainiú chun tabhairt isteach teicneolaíochtaí nua a áirithiú, ar teicneolaíochtaí iad a bheadh comhoiriúnach le dícharbónú inbhuanaithe a luaithe a bheidís ar fáil.
(11)Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Conradh Euratom agus Rialachán (Euratom) Uimh. 2587/1999 ón gComhairle bunaítear tairsí agus ceanglais eile maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh infheistíochtaí san fhuinneamh núicléach. Chun go n‑áiritheofar go léireofar an meas is mó do phrionsabail agus ceanglais reachtaíocht Euratom, d’fhonn spriocanna na tacsanomaíochta a bhaint amach, lena n‑áirítear cuspóir sábháilteachta núicléach ar bith, ba cheart infheistíochtaí den sórt a bheith faoi réir tuairim ón gCoimisiún, gan beann ar cibé acu an éilítear fógra ar bith le hIarscríbhinn II a ghabhann le Conradh Euratom agus Rialachán (Euratom) Uimh. 2587/1999. Ar an gcúis chéanna, ba cheart aghaidh a thabhairt go sásúil ar gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 agus ar na critéir scagtha theicniúla arna n‑aithint ag an gCoimisiún ina thuairim.
(12)I bhfianaise na n‑agaí fada tionscanta le haghaidh infheistíochtaí i dtoilleadh giniúna núicléiche nua, féadfar tacú le dícharbónú an chórais fuinnimh go gearrthéarmach agus go meántéarmach trí chreat ama gléasraí núicléacha áirithe atá ann faoi láthair a shíniú. Ba cheart go n‑éileofaí modhnuithe agus uasghráduithe sábháilteachta leis na critéir scagtha theicniúla maidir le sínte den sórt, áfach, chun a áirithiú go gcomhlíonann na gléasraí núicléacha sin na caighdeáin sábháilteachta is fearr is féidir a bhaint amach agus le gach ceanglas oibiachtúil sábháilteachta a leagtar síos i reachtaíocht arna glacadh faoi Chonradh Euratom.
(13)I bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha ionchasacha, maidir le hinfheistíochtaí i dtógáil agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua lena n‑úsáidtear na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus arna gceadú faoi dháta iomchuí ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí sin faoi réir critéir scagtha theicniúla agus teorainneacha ama lena spreagfaí forbairt agus úsáid thodhchaíoch imoibritheoirí Glúin IV le timthriallta breosla iata nó coincheapa féinphóraithe breosla a luaithe a bheadh siad ar fáil. Ba cheart na teorainneacha ama sin a athbhreithniú go hiomchuí i bhfianaise dul chun cinn maidir le forbairt na dteicneolaíochtaí sin.
(14)Ba cheart go n‑áiritheofaí nach ndéanfadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha dochar suntasach do cheann ar bith de na cuspóirí comhshaoil eile leis na critéir scagtha theicniúla a bhaineann le cuspóirí maolaithe an athraithe aeráide nó cuspóirí oiriúnaithe don athrú aeráide. Go sonrach maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fuinneamh núicléach, ní mór a áirithiú nach ndéanfaidh diúscairt dramhaíola fhadtéarmach dochar suntasach agus fadtéarmach don chomhshaol, dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (d)(iii), de Rialachán (AE) 2020/852. Dá bhrí sin, is iomchuí ceanglais shonracha a leagan amach sna critéir scagtha theicniúla maidir le ciste bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus ciste díchoimisiúnaithe núicléach, ar cistí iad is féidir a chomhcheangal, i gcomhréir leis an bprionsabal gur cheart go mbeadh táirgeoirí dramhaíola freagrach as an gcostas an dramhaíl a bhainistiú, agus chun saoráidí oibríochtúla maidir le diúscairt deiridh a éileamh le haghaidh na dramhaíola radaighníomhaí go léir, rud lenar cheart cosc a chur ar dhramhaíl radaighníomhach a onnmhairiú le haghaidh diúscartha i dtríú tíortha. I roinnt de na Ballstáit, tá dramhaíl radaighníomhach ar leibhéal íseal agus idirmheánach á diúscairt faoi láthair i saoráidí diúscartha atá gar don dromchla cheana, agus tá taithí agus fios á mbailiú maidir le bainistiú dramhaíola le linn na mblianta fada de bheith ag oibriú na saoráidí diúscartha sin atá gar don dromchla. Maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil agus breosla spíonta, is réiteach úrscothach é an diúscairt domhain gheolaíoch a bhfuil glacadh forleathan leis i bpobal na saineolaithe ar fud an domhain mar an rogha is sábháilte agus is inbhuanaithe mar phointe deiridh chun dramhaíl ardleibhéil agus breosla spíonta a mheastar gur dramhaíl é a bhainistiú. Ba cheart do na Ballstáit, le linn dóibh an fhreagracht a choinneáil maidir lena mbeartais i leith a mbreosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach ar leibhéal íseal agus idirmheánach nó ardleibhéil a bhainistiú, pleanáil agus cur chun feidhme roghanna diúscartha ina mbeartais náisiúnta a áireamh, go háirithe faoin gclár náisiúnta maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, lena gcumhdaítear gach cineál breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach agus gach céim de bhreosla spíonta agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí ón nginiúint go dtí an diúscairt. Sonraítear ábhar na gclár náisiúnta i dTreoir 2011/70/Euratom ón gComhairle agus áirítear ann eochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán trédhearcach a dhéanamh ar dhul chun cinn. Ní mór do na Ballstáit tuairisciú rialta a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir le dul chun cinn chur chun feidhme na gclár náisiúnta. Léirítear i dtuairiscí ó na Ballstáit in 2021 go ndearnadh dul chun cinn mór maidir le cur i gcrích na chéad saoráidí diúscartha geolaíocha doimhne i gcríoch an Aontais. Tá réitigh réalaíocha á chur ar fáil do na Ballstáit chun saoráidí den sórt a fhorbairt agus a oibriú faoi 2050. Dá bhrí sin, áirítear le cuimsiú an cheanglais chomhfhreagraigh sna critéir scagtha theicniúla nach ndéantar dochar suntasach don chomhshaol.
(15)Is gá do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais ardleibhéal trédhearcachta a chur ar fáil d’infheisteoirí maidir lena n‑infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí giniúna gáis iontaise agus giniúna fuinnimh núicléach ar cheart critéir scagtha theicniúla a leagan síos ina leith. Chun foráil a dhéanamh maidir leis an trédhearcacht sin, ba cheart ceanglais shonracha maidir le nochtadh a leagan síos do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais. Chun inchomparáideacht maidir leis an fhaisnéis a nochtar le hinfheisteoirí a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis sin a chur i láthair i bhfoirm teimpléid lena léirítear go soiléir an sciar de ghníomhaíochtaí gáis iontaise agus fuinnimh núicléach san ainmneoir agus, i gcás inarb iomchuí, uimhreoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas sin. D’fhonn ardleibhéal trédhearcachta a thabhairt d’infheisteoirí i dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le neamhchosaintí ar ghás iontaise agus ar ghníomhaíochtaí fuinnimh núicléach, a bhfuil critéir scagtha theicniúla leagtha síos ina leith, leasóidh an Coimisiún nó breithneoidh sé leasú a dhéanamh ar an gcreat maidir le nochtadh a bhaineann leis na táirgí airgeadais sin de réir mar is iomchuí chun trédhearcacht iomlán a thabhairt ar feadh shaolré iomlán na dtáirgí airgeadais sin. Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin sonraithe go soiléir ag infheisteoirí deiridh, breithneoidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis an gcomhairle airgeadais agus árachais a thugann dáileoirí.
(16)Chun muinín infheisteoirí a mhéadú, ba cheart do thríú páirtí neamhspleách comhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla a bhaineann le gníomhaíochtaí gáis iontaise a fhíorú. Chun fíorú neamhchlaonta dícheallach comhlíontachta a áirithiú, ba cheart go mbeadh na hacmhainní agus an saineolas ag an tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh sé neamhspleách chun aon coinbhleacht leasa leis an úinéir nó an cisteoir a sheachaint, agus níor cheart go mbeadh sé páirteach i bhforbairt nó oibriú gníomhaíochtaí gáis iontaise den sórt sin. I dteannta an tsásra fhíoraithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir ceanglais fhíoraithe shonracha dá bhforáiltear i reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe lena gcumhdaítear comhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla. I gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (c), de Rialachán 2020/852, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha a cheanglaítear maidir le sásraí fíoraithe comhlíontachta a shocrú leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán sin.
(17)Tá forbairt thapa theicneolaíoch mar shaintréith de chuid na n‑earnálacha gáis iontaise agus fuinnimh núicléach. Dá bhrí sin, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir scagtha theicniúla lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí giniúna fuinnimh sna hearnálacha sin go rialta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852. Thairis sin, bunaithe ar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ba cheart don athbhreithniú sin oiriúnacht na dtréimhsí ama a leagtar síos sna critéir scagtha theicniúla a chuimsiú.
(18)Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin. Leis na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178, ní éilítear aon infheistíochtaí, ach tá sé beartaithe go gcuideoidh siad le margaí airgeadais agus infheisteoirí, faoi réir coinníollacha dochta, gníomhaíochtaí gáis agus núicléacha ábhartha a aithint, ar gníomhaíochtaí iad atá ag teastáil maidir le haistriú chórais fuinnimh na mBallstát i dtreo na haeráidneodrachta i gcomhréir le spriocanna agus gealltanais aeráide an Aontais.
(19)Tá dlúthnasc idir na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe seo. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar cheart dóibh teacht i bhfeidhm an tráth céanna, is gá na forálacha sin a chur san áireamh i Rialachán aonair, d’fhonn léargas cuimsitheach a éascú ar an gcreat dlíthiúil do pháirtithe leasmhara agus chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/852 a éascú.
(20)Ní mór am leordhóthanach a thabhairt do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an gcomhlíonann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le gás iontaise agus fuinneamh núicléach na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar bhonn an mheasúnaithe sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178. Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2023 dá bhrí sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 mar a leanas:
(1)cuirtear Airteagal 2a isteach mar a leanas:
‘Airteagal 2a
Athbhreithniú
Le linn don Choimisiún an t‑athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh, déanfaidh sé athbhreithniú agus measúnú ar an gá atá ann na dátaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn 4.27, Roinn 4.28, Roinn 4.29, pointe 1(b), Roinn 4.30, pointe 1(b) agus Roinn 4.31, pointe 1(b) a leasú.
Aon athbhreithniú ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn 4.27 agus Roinn 4.28 a ghabhann le hIarscríbhinn I, déanfaidh sé an dul chun cinn teicniúil maidir le tráchtálú breosla timpiste-fhulangach san Aontas agus ar fud an domhain a chur san áireamh.’
(2)Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
(3)leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 mar a leanas:
(1)in Airteagal 8, cuirtear míreanna 6, 7 agus 8 mar a leanas isteach:
‘6.
Déanfaidh gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais méid agus cion na nithe seo a leanas a nochtadh:
(a)na gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.26, Roinn 4.27 agus Roinn 4.28 d’Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 in ainmneoir agus uimhreoir a n‑eochairtháscairí feidhmíochta;
(b)na gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.26, Roinn 4.27 agus Roinn 4.28 d’Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 in ainmneoir a n‑eochairtháscairí feidhmíochta;
(c)na gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe a bhaineann le fuinneamh núicléach in ainmneoir agus uimhreoir a n‑eochairtháscairí feidhmíochta.
7.
Déanfaidh gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais méid agus cion na nithe seo a leanas a nochtadh:
(a)na gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.29, Roinn 4.30 agus Roinn 4.31 d’Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 in ainmneoir agus uimhreoir a n‑eochairtháscairí feidhmíochta;
(b)na gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.29, Roinn 4.30 agus Roinn 4.31 d’Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 in ainmneoir a n‑eochairtháscairí feidhmíochta;
(c)na gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe a bhaineann le gás iontaise in ainmneoir a n‑eochairtháscairí feidhmíochta.
8.
Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 i láthair i bhformáid tábla trí leas a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo.’
(2)cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XII.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9.3.2022
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
Mairead McGUINNESS
Comhalta den Choimisiún
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, cuirtear na Ranna 4.26, 4.27, 4.28, 4.29 4.30 agus 4.31 seo a leanas isteach:
‘4.26.Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Taighde, forbairt, taisealbhadh agus úsáid saoráidí ginte leictreachais nuálacha, arna gceadúnú ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a tháirgeann fuinneamh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chód NACE M72 agus M72.1 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
1.Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (‘an tionscadal’) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)rinne an Ballstát Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle*1 agus Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle*2 a thrasuí go hiomlán;
(b)comhlíonann an Ballstát an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’) agus an reachtaíocht arna glacadh ar a bhonn, go háirithe Treoir 2009/71/Euratom, Treoir 2011/70 Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle*3, chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais mar is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*4 agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*5;
(c)Ó dháta formheasta an tionscadail amach, tá ciste um bainistiú dramhaíola núicléiche agus ciste um dhíchoimisiúnú núicléach i bhfeidhm ag an mBallstát, cistí is féidir a chomhcheangal;
(d)tá léirithe ag an mBallstát go mbeidh na hacmhainní ar fáil dó faoi dheireadh shaolré úsáide measta an ghléasra cumhachta núicléiche a comhfhreagraíonn do chostas measta bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Moladh 2006/851/Euratom ón gCoimisiún*6;
(e)tá saoráidí diúscartha deiridh oibríochtúla ag an mBallstát maidir leis an dramhaíl radaighníomhach atá ar leibhéal an‑íseal, íseal agus idirmheánach, a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith faoi Airteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, agus a áirítear sa chlár náisiúnta arna nuashonrú faoi Threoir 2011/70/Euratom;
(f)tá plean cláraithe ag an mBallstát ina leagtar amach céimeanna mionsonraithe chun go mbeidh, faoi 2050, saoráid diúscartha á hoibriú aige maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil lena ndéantar cur síos ar gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)coincheapa nó pleananna agus réitigh theicniúla le haghaidh bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí ó ghiniúint go diúscairt;
(ii)coincheapa nó pleananna do thréimhse iardhúnta shaolré saoráide diúscartha, lena n‑áirítear an tréimhse ina gcoinnítear na rialuithe iomchuí agus na modhanna atá le húsáid chun eolas faoin tsaoráid sin a chaomhnú san fhadtéarma;
(iii)na freagrachtaí maidir le cur chun feidhme an phlean agus na heochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar a dhul chun cinn;
(iv)measúnuithe costais agus scéimeanna maoiniúcháin.
Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid.
2.Tá an tionscadal ina chuid de chlár taighde arna mhaoiniú ag an Aontas nó tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa tuairim, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo.
3.Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)leordhóthanacht na n‑acmhainní carntha dá dtagraítear i bpointe 1(c);
(b)dul chun cinn iarbhír maidir le cur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i bpointe 1(f).
Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar thuairim an Bhallstáit lena mbaineann.
4.Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche suite i gcrích an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach an méid a leanas:
(a)taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil raon feidhme agus leibhéal sonraí ann de réir thromchúis agus nádúr féideartha na guaise ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);
(b)go bhfuil bearta domhainchosanta déanta aige chun a áirithiú, inter alia, go bhfuil tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha nádúrtha agus de dhéanamh an duine íoslaghdaithe (Airteagal 8b(1), pointe (a) de Threoir 2009/71/Euratom);
(c)go ndearna sé measúnú iomchuí atá suíomh‑shonrach agus gléasra-shonrach nuair a dhéanann an t‑oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).
5.Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (‘IAEA’) agus an Comhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (‘WENRA’), lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.
6.Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar gineadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n‑oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.
|
Critéir bhreise a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide
|
|
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht leictreachas a ghineadh trí fhuinneamh núicléach a úsáid. Tá astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa (GCT) ó leictreachas a tháirgeadh as fuinneamh núicléach níos ísle ná an tairseach arb é atá ann 100 g CO2e/kWh.
Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.
Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.
|
|
Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(b), 8b(1), pointe (a) agus Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom arna gcur chun feidhme i gcomhréir le comhairle idirnáisiúnta IAEA agus WENRA a bhaineann le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus uisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.
Comhlíonann an ghníomhaíocht caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC).
Déantar gníomhaíochtaí núicléacha a fheidhmiú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de chuid Threoir 2000/60/CE agus Treoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i leith sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá plean maidir le bainistiú dramhaíola neamh‑radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, an léiriú i réamh‑mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.
Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n‑ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.
Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.
Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh fhoirgniú an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.
Déantar na gnéithe ábhartha sa Roinn seo a chumhdach le tuarascálacha na mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí neamh‑radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT‑AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.
Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
Na sceite radaighníomhacha isteach san aer, sna dobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíonann siad na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom*7 agus Treoir 2013/59/Euratom.
Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Tá acmhainneacht leordhóthanach de stóráil eatramhach ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad tréimhse na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir le foráil Threoir 2011/70/Euratom lena ndéantar stóráil dramhaíola radaighníomhaí a bhreithniú, lena n‑áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, ach nach mbreithnítear é mar rogha mhalartach thar an diúscairt.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.
Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá lonnaithe i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó suíomhanna/oibríochtaí atá gar dóibh (lena n‑áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha i bhfeidhm.
Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí díobháil do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga nó na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.
|
4.27.Foirgniú agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, le haghaidh leictreachas nó teas a tháirgeadh, lena n‑áirítear maidir le táirgeadh hidrigine, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid
Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil teicneolaíochtaí lena gcomhlíontar ceanglais Threoir 2009/71/Euratom go hiomlán agus lena n‑urramófar go hiomlán na paraiméadair theicniúla is déanaí de chuid chaighdeáin IAEA agus cuspóirí Sábháilteachta WENRA agus Leibhéil Tagartha.
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Foirgniú agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua a n‑eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát ceadúnas foirgníochta lena n‑aghaidh faoi 2045, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun leictreachas a tháirgeadh nó teas a phróiseáil, lena n‑áirítear chun críoch téamh ceantair nó próisis thionsclaíocha amhail táirgeadh hidrigine (gléasraí núicléacha nua nó NNInna), chomh maith lena n‑uasghráduithe sábháilteachta.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) DE Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
1.Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (‘an tionscadal’) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)rinne an Ballstát Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle agus Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle a thrasuí go hiomlán;
(b)comhlíonann an Ballstát Conradh Euratom agus reachtaíocht arna glacadh ar a bonn, go háirithe, Treoir 2009/71/Euratom, Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom, chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE;
(c)Ó dháta formheasta an tionscadail amach, tá ciste um bainistiú dramhaíola núicléiche agus ciste um dhíchoimisiúnú núicléach i bhfeidhm ag an mBallstát, cistí is féidir a chomhcheangal;
(d)tá sé léirithe ag an mBallstát go mbeidh na hacmhainní ar fáil dó faoi dheireadh shaolré úsáide measta an ghléasra cumhachta núicléiche a chomhfhreagraíonn do chostas measta bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Moladh 2006/851/Euratom;
(e)tá saoráidí diúscartha deiridh oibríochtúla ag an mBallstát maidir leis an dramhaíl radaighníomhach atá ar leibhéal an‑íseal, íseal agus idirmheánach, a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith faoi Airteagal 41 de Chonradh Euratom nó faoi Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, agus a áirítear sa chlár náisiúnta arna nuashonrú faoi Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle;
(f)tá plean cláraithe ag an mBallstát ina leagtar amach céimeanna mionsonraithe chun go mbeidh, faoi 2050, saoráid diúscartha á hoibriú aige maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil lena ndéantar cur síos ar gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)coincheapa nó pleananna agus réitigh theicniúla le haghaidh bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí ó ghiniúint go diúscairt;
(ii)coincheapa nó pleananna do thréimhse iardhúnta shaolré saoráide diúscartha, lena n‑áirítear an tréimhse ina gcoinnítear na rialuithe iomchuí agus na modhanna atá le húsáid chun eolas faoin tsaoráid sin a chaomhnú san fhadtéarma;
(iii)na freagrachtaí maidir le cur chun feidhme an phlean agus na heochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar a dhul chun cinn;
(iv)measúnuithe costais agus scéimeanna maoiniúcháin.
Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit na pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid.
2.Déanann an tionscadal an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil a chur chun feidhme go hiomlán chomh maith le breosla tionóisc-fulangach faoi 2025. Déantar an teicneolaíocht a dheimhniú agus a fhormheas ag an rialtóir sábháilteachta náisiúnta.
3.Tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a bharúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa bharúil, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo.
4.Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)leordhóthanacht na n‑acmhainní carntha dá dtagraítear i bpointe 1(c);
(b)dul chun cinn iarbhír maidir le cur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i bpointe 1(f).
Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar thuairim an Bhallstáit lena mbaineann.
5.Athbhreithneoidh an Coimisiún, faoi 2025, agus gach 10 mbliana ar a laghad, na paraiméadair theicniúla a chomhfhreagraíonn don teicneolaíocht is fearr atá ar fáil bunaithe ar mheasúnú an Ghrúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (‘ENSREG’).
6.Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche suite i gcrích an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach:
(a)taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil raon feidhme agus leibhéal sonraí ann de réir thromchúis agus nádúr féideartha na guaise ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);
(b)go bhfuil bearta domhainchosanta déanta aige chun a áirithiú inter alia, go bhfuil tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha nádúrtha agus de dhéanamh an duine íoslaghdaithe (Airteagal 8b(1), pointe (a) de Threoir 2009/71/Euratom);
(c)go ndearna sé measúnú iomchuí atá suíomh‑shonrach agus gléasra-shonrach nuair a dhéanann an t‑oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).
7.Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ó IAEA agus WENRA, lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.
8.Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar táirgeadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n‑oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.
|
Critéir bhreise a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide
|
|
|
Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí fhuinneamh núicléach a úsáid. Tá astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa (GCT) ó leictreachas a ghiniúint as fuinneamh núicléach níos ísle ná an tairseach arb é atá ann 100 g CO2e/kWh.
Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.
Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.
|
|
Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(b), Airteagal 8b(1), pointe (a) agus Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom arna gcur chun feidhme i gcomhréir le comhairle idirnáisiúnta IAEA agus WENRA maidir le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus uisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnaithe aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.
Comhlíonann an ghníomhaíocht le caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC).
Déantar gníomhaíochtaí núicléacha a fheidhmiú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de chuid Threoir 2000/60/CE agus Treoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i leith sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá plean maidir le bainistiú dramhaíola neamh‑radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, an léiriú i réamh‑mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.
Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n‑ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.
Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.
Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.
Déantar na gnéithe ábhartha sa Roinn seo a chumhdach le tuarascálacha na mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí neamh‑radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT‑AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.
Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná luachanna na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
Comhlíonann sceite radaighníomhacha leis an aer, dobharlaigh agus an talamh (ithir) leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Tá acmhainneacht leordhóthanach de stóráil eatramhach ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad tréimhse na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom lena mbreithnítear ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n‑áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, ach nach mbreithnítear air mar rogha mhalartach thar an diúscairt.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.
Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá lonnaithe i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó suíomhanna/oibríochtaí atá gar dóibh (lena n‑áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha i bhfeidhm.
Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí díobháil do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga nó na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.
|
4.28.Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann faoi láthair
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Modhnú gléasraí núicléacha atá ann faoi láthair, arna údarú ag údaráis inniúla na mBallstát faoi 2040 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun am seirbhíse oibriú sábháilte gléasraí núicléacha lena ngintear leictreachas nó teas ó fhuinneamh núicléach a shíneadh (‘gléasraí cumhachta núicléiche’).
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) DE Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
1.Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (‘an tionscadal’) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)rinne an Ballstát Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle agus Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle a thrasuí go hiomlán;
(b)comhlíonann an Ballstát le Conradh Euratom agus le reachtaíocht arna glacadh ar a bonn, go háirithe, Treoir 2009/71/Euratom, Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom, agus le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE;
(c)Ó dháta formheasta an tionscadail amach, tá ciste um bainistiú dramhaíola núicléiche agus ciste um dhíchoimisiúnú núicléach i bhfeidhm ag an mBallstát, cistí is féidir a chomhcheangal;
(d)tá sé léirithe ag an mBallstát go mbeidh na hacmhainní ar fáil dó faoi dheireadh shaolré úsáide measta an ghléasra cumhachta núicléiche a chomhfhreagraíonn do chostas measta bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Moladh 2006/851/Euratom;
(e)tá saoráidí diúscartha deiridh oibríochtúla ag an mBallstát maidir leis an dramhaíl radaighníomhach atá ar leibhéal an‑íseal, íseal agus idirmheánach, a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith faoi Airteagal 41 de Chonradh Euratom nó faoi Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, agus a áirítear sa chlár náisiúnta arna nuashonrú faoi Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle;
(f)le haghaidh pleananna a údarófar i ndiaidh 2025, tá plean cláraithe ag an mBallstát ina leagtar amach céimeanna mionsonraithe chun go mbeidh, faoi 2050, saoráid diúscartha á hoibriú aige maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil lena ndéantar cur síos ar gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)coincheapa nó pleananna agus réitigh theicniúla le haghaidh bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí ó ghiniúint go diúscairt;
(ii)coincheapa nó pleananna do thréimhse iardhúnta shaolré saoráide diúscartha, lena n‑áirítear an tréimhse ina gcoinnítear na rialuithe iomchuí agus na modhanna atá le húsáid chun eolas faoin tsaoráid sin a chaomhnú san fhadtéarma;
(iii)na freagrachtaí maidir le cur chun feidhme an phlean agus na heochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar a dhul chun cinn;
(iv)measúnuithe costais agus scéimeanna maoiniúcháin.
Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit na pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid.
2.Leis an tionscadal uasghrádaithe cuirtear feabhsú sábháilteachta infheidhmithe ar bith chun feidhme agus ó 2025 ar aghaidh bainfidh sé leas as breosla tionóisc-fulangach. Déantar an teicneolaíocht a dheimhniú agus a fhormheas ag an rialtóir sábháilteachta náisiúnta.
3.Tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a bharúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa bharúil, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo.
4.Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)leordhóthanacht na n‑acmhainní carntha dá dtagraítear i bpointe 1(c);
(b)dul chun cinn iarbhír maidir le cur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i bpointe 1(f).
Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar bharúil an Bhallstáit lena mbaineann.
5.Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche de chuid an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach:
(a)taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil raon feidhme agus leibhéal sonraí ann de réir thromchúis agus nádúr féideartha na guaise ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);
(b)go bhfuil bearta domhainchosanta déanta aige chun a áirithiú inter alia, go bhfuil tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha nádúrtha agus de dhéanamh an duine íoslaghdaithe (Airteagal 8b(1), pointe (a) de Threoir 2009/71/Euratom);
(c)go ndearna sé measúnú iomchuí atá suíomh‑shonrach agus gléasra-shonrach nuair a dhéanann an t‑oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).
6.Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ó IAEA agus WENRA, lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.
7.Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar táirgeadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n‑oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.
|
Critéir bhreise a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide
|
|
Gineann an ghníomhaíocht leictreachas trí fhuinneamh núicléach a úsáid. Tá astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa (GCT) ó leictreachas a ghintear as fuinneamh núicléach níos ísle ná an tairseach arb é atá ann 100 g CO2e/kWh.
Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.
Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.
|
|
Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(b), Airteagal 8b(1), pointe (a) agus Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom arna gcur chun feidhme i gcomhréir le comhairle idirnáisiúnta IAEA agus WENRA a bhaineann le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus uisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:
(a) teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b) an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.
Comhlíonann an ghníomhaíocht caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC).
Déantar gníomhaíochtaí núicléacha a fheidhmiú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de chuid Threoir 2000/60/CE agus Treoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i leith sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá plean maidir le bainistiú dramhaíola neamh‑radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistíochta dramhaíola, an léiriú i réamh‑mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil.
Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n‑ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.
Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.
Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.
Déantar na gnéithe ábhartha sa Roinn seo a chumhdach le tuarascálacha na mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí neamh‑radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT‑AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.
Maidir le gléasraí dócháin níos mó ná ionchur teirmeach 1 MW ach atá níos ísle ná na tairseacha do chonclúidí BAT nach mór do ghléasraí dócháin móra a chomhlíonadh, tá astaíochtaí níos lú ná na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
Comhlíonann sceite radaighníomhacha leis an aer, dobharlaigh agus an talamh (ithir) leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Tá acmhainneacht leordhóthanach de stóráil eatramhach ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad tréimhse na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom lena mbreithnítear ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n‑áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, ach nach mbreithnítear air mar rogha mhalartach thar an diúscairt.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlánaítear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol roimh thógáil an ghléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Déantar na bearta maolaithe agus cúiteacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm.
Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá lonnaithe i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó suíomhanna/oibríochtaí atá gar dóibh (lena n‑áirítear líonra limistéir faoi chosaint Natura 2000, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus bunaithe ar a chonclúidí cuirtear na bearta maolaithe riachtanacha i bhfeidhm.
Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí díobháil do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga nó na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.
|
4.29.Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha iontaise
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina ngintear leictreachas trí bhreoslaí gásacha iontaise a úsáid. Ní áirítear giniúint leictreachais ó úsáid eisiach breoslaí gásacha neamh‑iontaise agus leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.7 den Iarscríbhinn seo agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.8 den Iarscríbhinn seo.
Féadfar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
1.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:
(a)
Tá astaíochtaí saolré GCT ó leictreachas a ghiniúint as breoslaí gásacha iontaise níos ísle ná 100 g CO2e/kWh.
Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.
Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.
I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe, lena n‑áirítear gabháil carbóin nó breoslaí in‑athnuaite nó ísealcharbóin a úsáid, go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na critéir a leagtar amach sa Roinn ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme.
I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil lena stóráil faoi thalamh, ar CO2 é a d’astófaí ón bpróiseas giniúna leictreachais murach sin, iompraítear agus stóráiltear an CO2 faoi thalamh, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Roinn 5.11 agus i Roinn 5.12 den Iarscríbhinn seo.
(b)
comhlíonfaidh saoráidí a ndeonófar ceadúnas foirgníochta ina leith faoin 31 Nollaig 2030 gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
tá astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha na gníomhaíochtaí níos ísle ná 270g CO2e/kWh den aschur fuinnimh, nó ní mó astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha bliantúla na gníomhaíochta ná meánmhéid 550kgCO2e/kWh d’acmhainneacht na saoráide ar feadh tréimhse 20 bliain;
(ii)
ní féidir an chumhacht atá le hionadú a ghineadh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite, bunaithe ar mheastóireacht inchomparáide leis an rogha mhalartach is costéifeachtaí agus is indéanta go teicniúil le haghaidh na hacmhainneachta céanna a aithnítear; foilsítear toradh na meastóireachta inchomparáide sin agus tá sé faoi réir comhairliúchán le páirtithe leasmhara;
(iii)
déanann an ghníomhaíocht gníomhaíochta ginte leictreachais ardastaíochta atá ann faoi láthair a úsáideann breoslaí soladacha nó breoslaí iontaise leachtacha a ionadú;
(iv)
an acmhainneacht táirgeachta a suiteáladh le fíorghairid, ní bheidh sí níos mó ná 15 % os cionn acmhainneacht na saoráide a ionadaíodh;
(v)
déantar an tsaoráid a cheapadh agus a fhoirgniú chun breoslaí gásacha in‑athnuaite agus/nó ísealcharbóin a úsáid agus déanfar an t‑aistriú chuig úsáid iomlán breoslaí gásacha in‑athnuaite agus/nó ísealcharbóin faoin 31 Nollaig 2035, le gealltanas agus plean infhíoraithe arna gceadú ag comhlacht bainistíochta an ghnóthais;
(vi)
laghdú astaíochtaí 55 % GCT ar a laghad a bheidh mar thoradh ar an ionadú thar shaolré na hacmhainneachta táirgeachta a suiteáladh le fíorghairid;
(vii)
i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit ina n‑úsáidtear gual chun fuinneamh a ghineadh, gur thug an Ballstát sin gealltanas chun úsáid giniúna fuinnimh ó ghual a chéimniú amach agus gur thug sé tuairisc maidir leis sin ina phlean fuinnimh agus aeráide náisiúnta comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*8 nó in ionstraim eile.
Déanfaidh thríú páirtí comhlíontacht leis na critéir dá dtagraítear i bpointe 1(b) a fhíorú. Tá na hacmhainní agus an saineolas is gá ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh. Níl aon choinbhleacht leasa ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus níl baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta. Déanann an fíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách fíorú na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla go dícheallach. Gach bliain, go sonrach, foilsíonn an tríú páirtí neamhspleách tuarascáil agus tarchuireann sé é chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil é:
(a)lena ndeimhnítear leibhéal na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha dá dtagraítear i bpointe 1(b)(i);
(b)i gcás inarb infheidhme, lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta ar chonair inchreidte chun an meánluach tairsí thar 20 bliain dá dtagraítear i bpointe 1(b)(i) a chomhlíonadh;
(c)lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht ar chonair inchreidte chun pointe 1(b)(v) a chomhlíonadh.
Le linn don fhíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách an mheastóireacht dá dtagraítear i bpointe 1(b) a dhéanamh, cuireann sé san áireamh go háirithe na hastaíochtaí GCT díreacha bliantúla beartaithe le haghaidh gach bliana de chuid na conaire, astaíochtaí GCT díreacha bliantúla réadaithe, uaireanta seirbhíse beartaithe agus réadaithe, agus úsáid bheartaithe agus réadaithe gáis in‑athnuaite nó ísealcharbóin.
Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtarchur chuig an gCoimisiún, féadfaidh sé barúil a chur chuig na hoibritheoirí ábhartha. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin san áireamh le linn dó an t‑athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh.
2.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:
(a)
suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, amhail iad siúd a thagann as sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;
(b)
tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh i rith an oibrithe.
3.
I gcás ina gcumascann an ghníomhaíocht breoslaí gásacha iontaise le bithghás gásacha nó le bithleachtaí, comhlíonann an bhithmhais talmhaíochta arna húsáid le haghaidh bithleachtaí a tháirgeadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, míreanna 2 go mír 5, de Threoir (AE) 2018/2001 agus comhlíonann bithmhais foraoise na critéir a leagtar amach in Airteagal 29, míreanna 6 agus 7, den Treoir sin.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
N/B
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT‑AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n‑áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.
Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.
Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
4.30.Comhghiniúint teasa/fuaraithe agus cumhachta ardfheidhmíochta ó bhreoslaí gásacha iontaise
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Saoráidí giniúna cumhachta agus téimh/fuaraithe a fhoirgniú, a athchothromú, agus a oibriú lena n‑úsáidtear breoslaí gásacha iontaise. Ní áirítear comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta ardfheidhmíochta ó úsáid eisiach breoslaí gásacha neamh‑iontaise agus leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.19 den Iarscríbhinn seo, agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.20 den Iarscríbhinn seo.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.11 agus D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
1.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:
(a)
Tá astaíochtaí saolré GCT ó théamh/fuarú agus cumhacht a chomhghiniúint as breoslaí gásacha níos ísle ná 100 g CO2e in aghaidh 1 kWh d’aschur fuinnimh ón gcomhghiniúint.
Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.
Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.
I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe, lena n‑áirítear gabháil carbóin nó breoslaí dícharbónaithe a úsáid, go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na Ranna ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme. I gcás ina ngabhtar an CO2 a astaítear ón nginiúint leictreachais, go mbainfidh an CO2 amach an teorainn astaíochta a leagtar amach i bpointe 1 den Roinn seo agus, go bhféadfar an CO2 a iompar agus a stóráil faoi thalamh ar bhealach lena mbaintear amach na critéir scagtha theicniúla maidir le CO2 a iompar agus a stóráil a leagtar amach i Ranna 5.11 agus 5.12 faoi seach den Iarscríbhinn seo.
(b)
comhlíonfaidh saoráidí a ndeonófar ceadúnas foirgníochta ina leith faoin 31 Nollaig 2030 gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
baineann an ghníomhaíocht coigiltis fuinnimh phríomhúla de 10 % ar a laghad amach i gcomparáid leis na tagairtí do tháirgeadh scartha teasa agus leictreachais; déantar na coigiltis fuinnimh phríomhúla a ríomh ar bhonn na foirmle arna chur ar fáil i dTreoir 2012/27/AE;
(ii)
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 gCO2e/kWh den aschur fuinnimh;
(iii)
ní féidir an chumhacht agus/nó an teas/fuarú atá le hionadú a ghineadh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite, bunaithe ar mheastóireacht inchomparáide leis an rogha mhalartach is costéifeachtaí agus is indéanta go teicniúil le haghaidh na hacmhainneachta céanna a aithnítear; foilsítear toradh na meastóireachta inchomparáide sin agus tá sé faoi réir comhairliúchán le páirtithe leasmhara;
(iv)
déanann an ghníomhaíocht gníomhaíocht ardastaíochta giniúna cumhachta agus téimh/fuaraithe in éineacht, gníomhaíocht giniúna téimh/fuaraithe scartha, nó gníomhaíocht giniúna cumhachta scartha, atá ann faoi láthair lena n‑úsáidtear breoslaí soladacha nó leachtacha iontaise, a ionadú;
(v)
an acmhainneacht táirgeachta a suiteáladh fíorghairid, ní bheidh sí os cionn acmhainneacht na saoráide a ionadaíodh;
(vi)
déantar an tsaoráid a dhearadh agus a fhoirgniú chun breoslaí gásacha in‑athnuaite agus/nó ísealcharbóin a úsáid agus déanfar an t‑aistriú chuig úsáid iomlán breoslaí gásacha in‑athnuaite agus/nó ísealcharbóin faoin 31 Nollaig 2035, le gealltanas agus plean infhíoraithe arna gceadú ag comhlacht bainistíochta an ghnóthais;
(vii)
laghdú astaíochtaí 55 % GCT ar a laghad a bheidh mar thoradh ar an ionadú in aghaidh kWh aschur fuinnimh;
(viii)
ní mhéadaíonn athchóiriú na saoráide acmhainneacht táirgeachta na saoráide;
(ix)
i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit ina n‑úsáidtear gual chun fuinneamh a ghineadh, gur thug an Ballstát sin gealltanas chun úsáid giniúna fuinnimh ó ghual a chéimniú amach agus gur thug sé tuairisc maidir leis sin ina phlean fuinnimh agus aeráide náisiúnta comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 nó in ionstraim eile.
Déanfaidh thríú páirtí comhlíontacht leis na critéir dá dtagraítear i bpointe 1(b) a fhíorú. Tá na acmhainní agus an saineolas riachtanach ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh. Níl aon choinbhleacht leasa ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus níl baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta. Déanann an fíoraitheoir, ar tríú páirtí neamhspleách é, fíorú na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla go dícheallach. Gach bliain, go sonrach, foilsíonn an tríú páirtí neamhspleách tuarascáil agus tarchuireann sé é chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil é:
(a)lena ndeimhnítear leibhéal na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha dá dtagraítear i bpointe 1(b)(ii);
(b)lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht ar chonair inchreidte chun pointe 1(b)(vi) a chomhlíonadh.
Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtarchur chuig an gCoimisiún, féadfaidh sé tuairim a chur chuig na hoibritheoirí lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin san áireamh le linn dó an t‑athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh.
2.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:
(a)
suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, lena n‑áirítear sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;
(b)
tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh ar bith i rith an oibrithe.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
N/B
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT‑AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n‑áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.
Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.
Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
4.31.Téamh/fuarú a tháirgeadh as breoslaí gásacha iontaise i gcóras téamh agus fuarú ceantair éifeachtach
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Saoráidí giniúna teasa a tháirgeann téamh/fuarú trí bhreoslaí gásacha iontaise atá bainteach le téamh agus fuarú ceantair éifeachtach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (41) de Threoir 2012/27/AE a fhoirgniú, a athriochtú agus a oibriú. Ní áirítear táirgeadh téimh/fuaraithe i dtéamh ceantair éifeachtach ó úsáid eisiach breoslaí in‑athnuaite neamh‑iontaise agus breoslaí leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.23 den Iarscríbhinn seo, agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.24 den Iarscríbhinn seo.
Aicmítear an ghníomhaíocht aicmithe chód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
1.
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:
(a)
Tá astaíochtaí saolré GCT ó ghiniúint téimh/fuaraithe as breoslaí gásacha níos ísle ná 100 g CO2e/kWh. Déantar astaíochtaí saolré GCT a ríomh ach Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún a úsáid nó, ina áit sin, ISO 14067:2018 nó ISO 14064-1:2018.
Tríú páirtí neamhspleách a dhéanann an laghdú ar astaíochtaí saolré GCT cainníochtaithe a fhíorú.
I gcás ina gcuimsíonn saoráidí aon chineál laghdaithe, lena n‑áirítear gabháil carbóin nó breoslaí dícharbónaithe a úsáid, go gcomhlíonann an ghníomhaíocht laghdaithe sin na Ranna ábhartha den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb infheidhme. I gcás ina ngabhtar an CO2 a astaítear ón nginiúint leictreachais, go mbainfidh an CO2 amach an teorainn astaíochta a leagtar amach i bpointe 1 den Roinn seo agus go bhféadfar an CO2 a iompar agus a stóráil faoi thalamh ar bhealach lena mbaintear amach na critéir scagtha theicniúla maidir le CO2 a iompar agus a stóráil a leagtar amach i Ranna 5.11 agus 5.12 faoi seach den Iarscríbhinn seo.
(b)
comhlíonfaidh saoráidí a ndeonófar ceadúnas foirgníochta ina leith faoin 31 Nollaig 2030 gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
úsáidtear an fuinneamh teirmeach a ghintear leis an ngníomhaíocht i gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtach mar a shainítear i dTreoir 2012/27/AE;
(ii)
tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh den aschur fuinnimh;
(iii)
ní féidir an téamh/fuarú atá le hionadú a ghineadh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite, bunaithe ar mheastóireacht inchomparáide leis an rogha mhalartach is costéifeachtaí agus is indéanta go teicniúil le haghaidh na hacmhainneachta céanna a aithnítear; foilsítear toradh na meastóireachta inchomparáide sin agus tá sé faoi réir comhairliúchán le páirtithe leasmhara;
(iv)
déanann an ghníomhaíocht gníomhaíocht téimh/fuaraithe ardastaíochta atá ann faoi láthair a úsáideann breoslaí soladacha nó breoslaí iontaise leachtacha a ionadú;
(v)
an acmhainneacht táirgeachta a suiteáladh fíorghairid, ní bheidh sí os cionn acmhainneacht na saoráide a ionadaíodh;
(vi)
déantar an tsaoráid a dhearadh agus a fhoirgniú chun breoslaí gásacha in‑athnuaite agus/nó ísealcharbóin a úsáid agus déanfar an t‑aistriú chuig úsáid iomlán breoslaí gásacha in‑athnuaite agus/nó ísealcharbóin faoin 31 Nollaig 2035, le gealltanas agus plean infhíoraithe arna gceadú ag comhlacht bainistíochta an ghnóthais;
(vii)
is é a bheidh mar thoradh ar an ionadú laghdú astaíochtaí ar a laghad 55 % GCT de réir kWh aschur fuinnimh;
(viii)
ní mhéadaíonn athriochtú na saoráide acmhainneacht táirgeachta na saoráide;
(ix)
i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit ina n‑úsáidtear gual chun fuinneamh a ghineadh, gur thug an Ballstát sin gealltanas chun úsáid giniúna fuinnimh ó ghual a chéimniú amach agus gur thug sé tuairisc maidir leis sin ina phlean fuinnimh agus aeráide náisiúnta comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 nó in ionstraim eile.
Déanfaidh thríú páirtí comhlíontacht leis na critéir dá dtagraítear i bpointe 1(b) a fhíorú. Tá na acmhainní agus an saineolas riachtanach ag an bhfíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an bhfíoraitheoir neamhspleách tríú páirtí leis an úinéir ná leis an maoinitheoir, agus ní bheidh baint aige le forbairt ná le hoibríocht na gníomhaíochta. Déanann an fíoraitheoir tríú páirtí neamhspleách fíorú na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla go dícheallach. Gach bliain, go sonrach, foilsíonn an tríú páirtí neamhspleách tuarascáil agus tarchuireann sé é chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil é:
(a)
lena ndeimhnítear leibhéal na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha dá dtagraítear i bpointe 1(b)(ii);
(b)
lena ndéantar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht ar chonair inchreidte chun pointe 1(b)(vi) a chomhlíonadh.
Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtarchur chuig an gCoimisiún, féadfaidh sé barúil a chur chuig na hoibritheoirí lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin san áireamh le linn dó an t‑athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh.
2.Comhlíonann an ghníomhaíocht ceachtar de na critéir seo a leanas:
(a)
suiteáiltear trealamh tomhais chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fisiceacha, amhail sceitheadh meatáin, tráth na foirgníochta, nó tugtar isteach clár chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú;
(b)
tuairiscítear tomhas fisiceach astaíochtaí agus cuirtear deireadh le sceitheadh ar bith i rith an oibrithe.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
N/B
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT‑AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n‑áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.
Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach.
Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
*1
*2
Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).
*3
Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n‑aisghairtear Treoracha
89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13,17.1.2 014, lch. 1).
*4
Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
*5
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)
*6
Moladh 2006/851/Euratom ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le bainistiú na n‑acmhainní airgeadais chun suiteálacha núicléacha, breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a dhíchoimisiúnú (IO L 330,
28.11.2006, lch 31).
*7
Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte
an phobail i gcoitinne a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12).
*8
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, cuirtear isteach na Ranna 4.26, 4.27, 4.28, 4.29, 4.30, agus 4.31 seo a leanas:
‘4.26.Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha agus an méid dramhaíola is lú is féidir ann ón timthriall breosla
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Taighde, forbairt, taisealbhadh agus cur chun úsáide saoráidí ginte leictreachais nuálacha, arna gceadúnú ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a tháirgeann fuinneamh ó phróisis núicléacha agus an méid dramhaíola is lú is féidir ann ón timthriall breosla.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE M72 agus M72.1 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1. Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnúcháin’) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.
2. Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:
(a)
scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;
(b)
i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
(c)
measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.
Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh‑mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;
(b)
maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n‑áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.
3.
Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte nó samhlacha íocaíochta.
4.
Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:
(a)
ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)
tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas a mhéid is féidir;
(c)
tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)
déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;
(e)
i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.
5.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na forálacha a leagtar síos i gConradh Euratom agus an reachtaíocht arna glacadh ar a bhonn, go háirithe, Treoir 2013/59/Euratom, Treoir 2009/71/Euratom agus Treoir 2011/70/Euratom, chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE.
6.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/71/Euratom, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, trí thástálacha struis, ar athléimneacht ghléasraí cumhachta núicléiche an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcríoch Ballstáit i gcás ina ndearna oibreoir gléasra núicléach:
(a)
taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil a raon feidhme agus an leibhéal sonraí atá ann de réir mhéid fhéideartha agus chineál na guaise atá ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);
(b)
bearta domhainchosanta chun a áirithiú, inter alia, go n‑íoslaghdaítear tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha, idir ghuaiseacha nádúrtha agus ghuaiseacha neamhbheartaithe de dhéanamh an duine (Airteagal 8b(1), pointe (a), de Threoir 2009/71/Euratom);
(c)
measúnú iomchuí atá suíomhshonrach agus gléasrashonrach nuair a dhéanann an t‑oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil nó a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí tríd an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus tríd an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (WENRA), lena rannchuidítear le hathléimneacht agus le hacmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus adhaimsir.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa a theorannú, rialóidh oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre a úsáideann fuarú fliuch aonuaire trí uisce a thógáil ó abhainn nó ó loch:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le creat rialála an Aontais.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC).
Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de Threoir 2000/60/CE agus de Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá plean maidir le bainistíocht dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistithe dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó an doiciméadacht tionscadail oifigiúil.
Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n‑ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.
Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.
Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá.
Cumhdaítear na gnéithe ábhartha sa Roinn seo le tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.
Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche ar mó a n‑ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
Le sceitheadh radaighníomhach san aer, i ndobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíontar na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Tá toilleadh leordhóthanach stórála eatramhaí ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir leis an bhforáil i dTreoir 2011/70/Euratom lena bhféachtar ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n‑áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, seachas mar rogha mhalartach ar an diúscairt.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de (lena n‑áirítear líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus cuirtear na bearta maolaithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn chonclúidí an mheasúnaithe sin.
Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí dochar do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga ná de na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.
|
4.27.Tógáil agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, chun leictreachas agus/nó teas a ghiniúint, lena n‑áirítear chun hidrigin a tháirgeadh, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua, ar eisigh údaráis inniúla na mBallstát ceadúnas tógála ina leith faoi 2045, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun leictreachas a tháirgeadh nó teas a phróiseáil, lena n‑áirítear chun críoch téamh ceantair nó próisis thionsclaíocha mar shampla táirgeadh hidrigine (gléasraí núicléacha nua), chomh maith lena n‑uasghráduithe sábháilteachta.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1.
Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnúcháin’) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.
2.
Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:
(a)
scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;
(b)
i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
(c)
measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.
Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh‑mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;
(b)
maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n‑áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.
3.
Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte nó samhlacha íocaíochta.
4.
Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:
(a)
ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)
tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas a mhéid is féidir;
(c)
tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)
déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;
(e)
i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.
5.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na forálacha a leagtar síos i gConradh Euratom agus an reachtaíocht arna glacadh ar a bhonn, go háirithe, Treoir 2013/59/Euratom, Treoir 2009/71/Euratom agus Treoir 2011/70/Euratom, chomh maith le dlí comhshaoil an Aontais is infheidhme arna ghlacadh faoi Airteagal 192 CFAE, go háirithe Treoir 2011/92/AE agus Treoir 2000/60/CE.
6.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/71/Euratom, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, trí thástálacha struis, ar athléimneacht ghléasraí cumhachta núicléiche an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcríoch Ballstáit i gcás ina ndearna oibreoir gléasra núicléach:
(a)
taispeántas maidir le sábháilteacht núicléach a chur isteach, a bhfuil a raon feidhme agus an leibhéal sonraí atá ann de réir mhéid fhéideartha agus chineál na guaise atá ábhartha maidir leis an ngléasra núicléach agus a shuíomh (Airteagal 6, pointe (b), de Threoir 2009/71/Euratom);
(b)
bearta domhainchosanta chun a áirithiú, inter alia, go n‑íoslaghdaítear tionchar guaiseacha ainscianta seachtracha, idir ghuaiseacha nádúrtha agus ghuaiseacha neamhbheartaithe de dhéanamh an duine (Airteagal 8b(1), pointe (a), de Threoir 2009/71/Euratom);
(c)
measúnú iomchuí atá suíomhshonrach agus gléasrashonrach nuair a dhéanann an t‑oibreoir lena mbaineann iarratas ar cheadúnas chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil nó a oibriú (Airteagal 8c(a) de Threoir 2009/71/Euratom).
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí tríd an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus tríd an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (WENRA), lena rannchuidítear le hathléimneacht agus le hacmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n‑áirítear tuilte agus adhaimsir.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa a theorannú, rialóidh oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre a úsáideann fuarú fliuch aonuaire trí uisce a thógáil ó abhainn nó ó loch:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí i gcomhréir le creat rialála an Aontais.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC).
Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de Threoir 2000/60/CE agus de Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá plean maidir le bainistíocht dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistithe dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó an doiciméadacht tionscadail oifigiúil.
Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n‑ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom.
Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom.
Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá.
Cumhdaítear na gnéithe ábhartha sa Roinn seo le tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.
Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche ar mó a n‑ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
Le sceitheadh radaighníomhach san aer, i ndobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíontar na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom.
Tá toilleadh leordhóthanach stórála eatramhaí ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir leis an bhforáil i dTreoir 2011/70/Euratom lena bhféachtar ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n‑áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, seachas mar rogha mhalartach ar an diúscairt.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá.
Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de (lena n‑áirítear líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus cuirtear na bearta maolaithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn chonclúidí an mheasúnaithe sin.
Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí dochar do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga ná de na speicis atá sna limistéir faoi chosaint.
|
4.28.Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann cheana
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Modhnú gléasraí núicléacha atá ann cheana chun síneadh, arna údarú ag údaráis inniúla na mBallstát faoi 2040 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a chur le ham seirbhíse oibriú sábháilte gléasraí núicléacha lena ngintear leictreachas nó teas ó fhuinneamh núicléach (‘gléasraí cumhachta núicléiche’).
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE D35.11 agus F42.2 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

Tógáil nó oibriú saoráidí giniúna leictreachais lena dtáirgtear leictreachas trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.29 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin giniúint leictreachais ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn I.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1. Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnúcháin’) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.
2. Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:
(a) scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;
(b) i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
(c) measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.
Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh‑mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;
(b)
maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n‑áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.
3.
Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte nó samhlacha íocaíochta.
4.
Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:
(a)
ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)
tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas a mhéid is féidir;
(c)
tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)
déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;
(e)
i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Neamhbhainteach
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n‑áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.
Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.
Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n‑ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
4.30.Comhghiniúint ardéifeachtach téimh/fuaraithe agus cumhachta ó bhreoslaí gásacha iontaise
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil, athchóiriú agus oibriú saoráidí comhghiniúna téimh/fuaraithe agus cumhachta trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.30 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin comhghiniúint ardéifeachtach téimh/fuaraithe agus cumhacht ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.19 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.20 d’Iarscríbhinn I.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis na cóid NACE D35.11 agus D35.30 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1.
Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnúcháin’) chun feidhme lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.
2.
Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht as na rioscaí sin a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir riosca agus leochaileachta aeráide a dhéanamh a bhfuil na céimeanna seo a leanas ann:
(a)
scagadh ar an ngníomhaíocht chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha aeráide ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;
(b)
i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht faoi riosca ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha aeráide a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú riosca agus leochaileachta aeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
(c)
measúnú ar réitigh oiriúnúcháin lenar féidir an riosca fisiceach aeráide sainaitheanta a laghdú.
Tá an measúnú riosca agus leochaileachta aeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, déantar an measúnú, ar a laghad trí úsáid a bhaint as réamh‑mheastacháin aeráide ar an scála is lú is iomchuí;
(b)
maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n‑áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.
3.
Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus an measúnú tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar an treoir atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte nó samhlacha íocaíochta.
4.
Maidir leis na réitigh oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme:
(a)
ní dhéanann siad dochar do na hiarrachtaí oiriúnúcháin ná don leibhéal athléimneachta in aghaidh rioscaí fisiceacha aeráide a bhaineann le daoine eile, an dúlra, an oidhreacht chultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)
tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe nó bíonn siad ag brath ar an mbonneagar gorm nó glas a mhéid is féidir;
(c)
tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnúcháin áitiúla, earnálacha, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)
déantar faireachán orthu agus déantar iad a thomhas in aghaidh táscairí réamhshainithe agus déantar breithniú ar ghníomhaíocht feabhais i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;
(e)
i gcás inar réiteach fisiceach é an réiteach a chuirtear chun feidhme agus inar gníomhaíocht é ar sonraíodh critéir scagtha theicniúla ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar, leis an réiteach, na critéir scagtha theicniúla don ghníomhaíocht sin gan dochar suntasach a dhéanamh.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Neamhbhainteach
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n‑áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin.
Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann.
Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n‑ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
4.31.Táirgeadh téimh/fuaraithe ó bhreoslaí gásacha iontaise i gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil, athchóiriú agus oibriú saoráidí giniúna téimh lena dtáirgtear téamh/fuarú trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise atá nasctha le téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil de réir bhrí Airteagal 2(41) de Threoir 2012/27/AE lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.31 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin táirgeadh téimh/fuaraithe ó théamh ceantair éifeachtúil ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.23 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.24 d’Iarscríbhinn I.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoin gcód NACE D35.30 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

’