MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Ní dhearnadh athrú suntasach ar an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta ná ar na ceanglais ina leith le linn an athbhreithnithe ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus an sainmhíniú agus na ceanglais mar a leagtar amach iad sa Rialachán maidir le Deochanna Biotáille (AE) 2019/787 atá ann cheana, tá siad as dáta ó thaobh na teicneolaíochta/na heolaíochta de agus ní chomhfhreagraíonn siad a thuilleadh do na paraiméadair theicniúla atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag táirgeoirí an Aontais agus formhór na saotharlann anailíse.

Dá bhrí sin, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/787 lena ndéantar foráil maidir leis an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus na ceanglais ina leith, is gá é a leasú chun na paraiméadair theicniúla sin a chur i gcomhréir leis na paraiméadair atá in úsáid ag an tionscal faoi láthair.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Maidir leis an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus na ceanglais ina leith, chuir ionadaithe de chuid na hearnála in iúl don Choimisiún nach bhfuil siad i gcomhréir a thuilleadh leis na paraiméadair theicniúla a úsáidtear sa táirgeadh faoi láthair.

Rinneadh comhairliúcháin le saineolaithe ó na 27 mBallstát mar ullmhúchán do chruinniú an tSainghrúpa um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta – Deochanna Biotáilleacha (cruinniú fíorúil) an 28 Aibreán, an 29 Meitheamh, an 12 Deireadh Fómhair agus 30 Samhain 2021 agus le linn an chruinnithe sin. Tháinig comhdhearcadh leathan maidir leis an Dréacht‑Rialachán Tarmligthe as an bpróiseas comhairliúcháin sin.

Cláraíodh comhdhearcadh freisin le linn an chomhairliúcháin phoiblí ghinearálta a rinneadh tríd an dréachtrialachán tarmligthe maidir leis an Tairseach um Rialáil Níos Fearr a fhoilsiú ón 21 Feabhra go dtí an 21 Márta 2022, tréimhse a bhfuarthas dhá bharúil lena linn. Is é a dhéantar go príomha leis na barúlacha sin imní a léiriú maidir leis an tairseach atá beartaithe le haghaidh fúrfúrail agus moltar leo paraiméadair atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar bun. Mar sin féin, níor tháinig athrú ar na tairseacha atá beartaithe as na barúlacha sin ós rud é go bhfuil na tairseacha sin bunaithe ar thuairim eolaíoch ó EFSA agus go ndeimhnítear iad le heolas agus le taithí an tionscail.

Tugadh fógra do chomhpháirtithe EDT.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Tá an gníomh tarmligthe bunaithe ar Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/787 agus ní bhaineann sé ach le foráil amháin ar tugadh de chumhacht don Choimisiún í a leasú de bhua na míre sin. Ba cheart é a ghlacadh trí bhíthin an nós imeachta de réir Airteagal 46(8) de Rialachán (AE) 2019/787.

Tá an Gníomh Tarmligthe teoranta go docht do fhreastal ar riachtanais a léiríodh a bheith ann de thoradh an dul chun cinn theicneolaíoch atá ag teacht chun cinn, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/787.

Airteagal 1: Foráiltear san Airteagal seo maidir le leasú a dhéanamh ar Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/787, Airteagal ina gcuirtear ar fáil an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus na ceanglais ina leith.

Airteagal 2: Foráiltear san Airteagal seo maidir le teacht i bhfeidhm an leasaithe dá bhforáiltear in Airteagal 1.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 25.4.2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais ina leith

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú táirgí eile bia, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 1 ,agus go háirithe Airteagal 8(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/787 maidir leis an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais ina leith, arb alcól é a dtagraítear dó san earnáil mar alcól talmhaíochta, alcól neodrach nó alcól ceartaithe. Rinneadh an sainmhíniú teicniúil sin agus na ceanglais sin a thabhairt anonn gan aon athrú substaintiúil ar an méid a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  2 .

(2)An sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus na ceanglais ina leith dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/787, tá siad as dáta go pointe, áfach, ó thaobh na teicneolaíochta agus na heolaíochta de. Go háirithe, ní mór uasleibhéil iarmhar áirithe a chur i gcomhréir leis na paraiméadair theicniúla atá in úsáid san earnáil faoi láthair agus i bhformhór na saotharlann anailíse. Ar an gcaoi sin, leis an dul chun cinn teicneolaíoch sa réimse seo, tá údar leis an ngá atá le leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú sin agus ar na ceanglais sin.

(3)Na tagairtí do ‘aigéadacht iomlán’, ‘bunanna so-ghalaithe ina bhfuil nítrigin’ agus ‘eastóscán tirim’ dá bhforáiltear in Airteagal 5, pointe (d)(i), (vi) agus (vii), de Rialachán (AE) 2019/787, níl siad ábhartha a thuilleadh toisc nach n‑úsáidtear iad de ghnáth mar pharaiméadair theicniúla próisis, ós rud é gur diomaibhseach an láithreacht iarmhar den sórt sin a bhíonn in alcól a bhfuil neart 96 % de réir toirte ann agus nach dócha go n‑aimseofar é in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta.

(4)Maidir le ‘eistir’, ‘aildéid’ agus ‘ardalcóil’, tá easpa sainiúlachta ag baint leis na huasleibhéil dá bhforáiltear in Airteagal 5, pointe (d)(ii), (iii) agus (iv) de Rialachán (AE) 2019/787 agus ní mór modhanna na ceimice fliche a úsáid ina leith faoi láthair, modhanna nach sainítear i ndlí an Aontais. Chuirfí feabhas ar thorthaí na n‑anailísí atá le déanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta le modhanna amhail crómatagrafaíocht gháis ach sainmhíniú níos beaichte a thabhairt ar na substaintí lena mbaineann na teorainneacha iarmhar, agus rachadh sin chun tairbhe d’anailísithe ós rud é go n‑éilítear ceimiceáin chontúirteacha a úsáid i gcás cuid mhór de na seanteicnící anailíse.

(5)Go háirithe, is iomchuí eistir a theorannú do ‘aicéatáit eitile’ amháin. Cé gur féidir cuid mhór eistear a chruthú sa phróiseas coipthe, is é aicéatáit eitile an ceann is airde tiúchan, agus aon eistear eile a d’fhéadfadh a bheith in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ní móide go mbeidh siad inbhraite trí theicnící anailíseacha caighdeánacha a úsáid agus is ar bhealach diomaibhseach a chuirfidh siad le líon iomlán na n‑eistear. Ba cheart an tomhas ar aicéatáit eitile a bhunú ar an modh tagartha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2870/2000 3 ón gCoimisiún mar gur modh bunaithe é sin a úsáidtear faoi láthair chun anailís a dhéanamh ar roinnt deochanna biotáilleacha.

(6)Ar an gcaoi chéanna, is é ‘aicéataildéad’ an t‑aildéad is mó a chuireann leis na haildéid iomlána. Is iomchuí, dá bhrí sin, aicéataildéad amháin a úsáid mar pharaiméadar sa chinneadh seo. Ós rud é go bhfuil aicéataildéad i gcothromaíocht le dé-eatocsa-eatán 1,1, is é sin, tá an dá mhóilín i láthair agus iompaíonn siad ceann díobh isteach ina chéile mar gheall ar na dálaí fisiceacha ceimiceacha, tá sé riachtanach freisin an codán den aicéataildéad atá san aicéatal a áireamh. Ba cheart tomhas an aicéataildéid a bhunú ar an modh tagartha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2870/2000 ón gCoimisiún mar gur modh bunaithe é sin a úsáidtear faoi láthair chun anailís a dhéanamh ar roinnt deochanna biotáilleacha.

(7)Bíonn méideanna suntasacha ardalcóil ann tar éis an choipthe. Mar sin féin, níl ach méid beag ardalcól in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta ós rud é gur éasca ardalcóil a dhriogadh i ngeall gur airde iad na fiuchphointí. Ba cheart tomhas an ardalcóil a bhunú ar an modh tagartha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2870/2000 ón gCoimisiún mar gur modh bunaithe é sin a úsáidtear faoi láthair chun anailís a dhéanamh ar roinnt deochanna biotáilleacha.

(8)Maidir le ‘fúrfúral’, leis an ceanglas atá ann faoi láthair nach mbíonn sé inbhraite, tagraítear do mhodh na ceimice fliche nach n‑úsáidtear a thuilleadh i bhformhór na mBallstát, rud a chuireann cosc le modhanna agus le torthaí anailíse atá aonfhoirmeach agus sainithe. Ós rud é nach bhfuil aon mhodh tagartha sainithe ann chun anailís a dhéanamh ar fhúrfúral in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta faoi láthair, is iomchuí tairseach a shainiú ar féidir í a bhaint amach de réir na modhanna éagsúla atá in úsáid faoi láthair i bhformhór na saotharlann sna Ballstáit, ar modhanna iad atá níos beaichte ó a cuireadh isteach an ceanglas sin ar dtús. Ba cheart go mbeadh tomhas an fhúrfúrail bunaithe ar an modh crómatagrafaíochta leachta le haghaidh comhdhúile adhmaid a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2870/2000.

(9)Thairis sin, ar mhaithe le hiomláine agus i gcomhréir leis an sainmhíniú ar dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (7) de Rialachán (AE) 2019/787, is iomchuí a fhoráil gurb é an toradh a bheidh ar tháirgí talmhaíochta a dhriogadh, tar éis an choipthe alcólaigh, alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta.

(10)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/787 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/787:

‘Airteagal 5

Sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais lena aghaidh

Chun críocha an Rialacháin seo, is é is alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta ann leacht a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)fuarthas é tríd an gcoipeadh alcólach, agus ina dhiaidh sin trí dhriogadh na dtáirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus tríd amháin;

(b)níl aon bhlas inbhraite air seachas blas na n‑amhábhar a úsáidtear le linn a táirgthe;

(c)is é 96,0 % an neart íosta alcóil de réir toirte atá inti;

(d)ní théann leibhéil uasta a hiarmhar thar na méideanna seo a leanas:

(i)    aicéatáit eitile: 1,3 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(ii)    aicéataildéad (suim eatánal agus 1,1-dé-ocsai-eatán): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(iii)    ardalcóil (suim: própán‑1-ól, bútán‑1-ól, bútán‑2-ól, 2-meitilprópán‑1-ól, 2-meitilbútán‑1-ól agus 3-meitilbútán‑1-ól): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(iv)    meatánól: 30 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(v)    fúrfúral: 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25.4.2022

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 2870/2000 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2000 lena leagtar síos modhanna tagartha Comhphobail d’anailís ar dheochanna biotáilleacha (IO L 333, 29.12.2000, lch. 20).