TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Plean Oibre 2022‑2024 maidir leis an Éicidhearthóireacht agus le Lipéadú Fuinnimh

1.Réamhrá

An teannas sa mhargadh fuinnimh, teannas a bhfuil an tAontas ag tabhairt aghaidh air le roinnt míonna anuas, meabhraíonn an teannas sin na rioscaí agus na costais a bhíonn ann go minic nuair a bhraitear go forleathan ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, rud atá ag dul in olcas mar gheall ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Tá aird pholaitiúil ar phraghsanna fuinnimh arís eile, i bhfianaise an fhíorthionchar atá acu ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa. Mar sin féin, ní hí seo an chéad ghéarchéim fuinnimh san Eoraip, agus ní dócha gurb í an ghéarchéim dheireanach í ach amháin má chuirimid leis an athléimneacht trí dhlús a chur le hinfheistíochtaí san aistriú glas agus, tríd an méid sin a dhéanamh, tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh 1 . Na hacmhainní fuinnimh dícharbónaithe atá ann faoi láthair, ní féidir leo na riachtanais fuinnimh go léir a shásamh agus d’fhéadfadh ídiú fuinnimh níos ísle difríocht láithreach a dhéanamh sna cúinsí sin. Maidir le hullmhú don todhchaí, i gcás córais fuinnimh atá athléimneach agus barrmhaith ó thaobh costais de agus in ann seirbhísí inacmhainne fuinnimh a chur ar fáil do chách agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, is dlúthchuid d’fhorbairt na gcórais sin é an coigilteas fuinnimh 2 . Beidh éifeachtúlacht fuinnimh ina dlúthchuid de phlean RePowerEU freisin, ar plean é a chuir ceannairí an Aontais de chúram ar an gCoimisiún a chur i láthair faoi mhí na Bealtaine.

Tá beartais an Aontais maidir le héicidhearthóireacht agus le lipéadú fuinnimh ina gcuid lárnach den chlár oibre sin. Rialacha don Mhargadh Aonair is ea iad, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca agus níos saoire do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus do rialtais araon cuidiú leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus éifeachtúlacht fuinnimh an Aontais agus cuspóirí níos leithne an ‘Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’ a bhaint amach, lena n‑áirítear clár oibre an Gheilleagair Chiorclaigh. Cruthaíonn siad deiseanna gnó agus cuireann siad leis an athléimneacht trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le ‘táirgí a bhaineann le fuinneamh’ maidir le gnéithe amhail ídiú fuinnimh, ídiú uisce, leibhéil astaíochtaí agus éifeachtúlacht ábhair, spreagann siad éileamh ar tháirgí níos inbhuanaithe agus soláthar na dtáirgí sin agus laghdaíonn siad caiteachas na n‑úsáideoirí fuinnimh go suntasach ag an am céanna: tugann meastacháin le fios gur mó ná EUR120 billiún na coigiltis in 2021 agus go bhféadfaidís a bheith dhá oiread an méid sin in 2022 3 .

Laistigh de na féidearthachtaí a bhaineann le rialacha éicidhearthóireachta an Aontais atá ann cheana agus i sineirgíocht leis an mbéim ar éifeachtúlacht fuinnimh, neartaítear leis an bplean oibre sin an bhéim atá ar ghnéithe ciorclaíochta na héicidhearthóireachta, ag leanúint an tsampla a leagadh amach sa Phlean Oibre a bhí ann roimhe seo9 agus i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 2020 4 . Dá réir sin, sula dtiocfaidh an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe i bhfeidhm agus sula dtiocfaidh sé in ionad na Treorach reatha maidir leis an Éicidhearthóireacht, is féidir riachtanais tháirgeshonracha maidir le gnéithe éifeachtúlachta i dtaca le hábhair a fhiosrú agus déanfar iad a fhiosrú. Ba cheart ciorclaíocht níos fearr agus laghdú foriomlán ar loirg chomhshaoil agus aeráide na dtáirgí a bhaineann le fuinneamh a bheith mar thoradh air sin, chomh maith le hathléimneacht níos láidre san Aontas.

Leagtar síos sa Treoir maidir leis an Éicidhearthóireacht 5 agus sa Rialachán maidir leis an gCreat i gcomhair Lipéadú Fuinnimh 6 critéir chun bearta a ghlacadh le haghaidh grúpaí sonracha táirgí. Ceanglaítear leo freisin go mbunófar tosaíochtaí trí phleananna oibre rollacha a nuashonraítear go rialta ina gcuirtear san áireamh an dul chun cinn atá déanta agus tosaíochtaí táscacha do ghrúpaí táirgí nua a bhaineann le fuinneamh atá le meas.

Cuireann an plean seo leis an obair a rinneadh ó glacadh an chéad Treoir maidir leis an Éicidhearthóireacht agus na Pleananna Oibre roimhe seo (cumhdaítear ann na tréimhsí 2009‑2011 7 , 2012‑2014 8 agus 2016‑2019 9 ), ach cumhdaíonn sé freisin an obair a éilítear faoin Rialachán maidir leis an gCreat i gcomhair Lipéadú Fuinnimh, ina leagtar amach na spriocdhátaí chun na lipéid atá ann cheana a athscálú, agus cuirtear san áireamh an dul chun cinn a rinneadh leis an mBunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL). Ar deireadh, cumhdaíonn an plean freisin obair chomhchosúil ar lipéadú bonn cé go bhfuil sé bunaithe ar bhunús dlí sonrach 10 .

An Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, a glacadh an tráth céanna leis an bplean oibre seo, cuirfear an Rialachán sin is infheidhme maidir le réimse níos leithne táirgí in ionad na Treorach maidir leis an Éicidhearthóireacht agus beifear in ann na ceanglais inbhuanaitheachta maidir leis na táirgí rialáilte a leathnú a thuilleadh. Go dtí go dtiocfaidh an rialachán nua seo i bhfeidhm, leanfar den chur chun feidhme laistigh den Treoir atá ann faoi láthair. Is ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh (‘ErPanna’) a dhírítear sa doiciméad seoagus leagtar amach ann na tosaíochtaí agus an phleanáil maidir leo. Cuirtear i láthair ann an obair tháirgeshonrach agus chothrománach a bhaineann le cur chun feidhme, comhdhlúthú agus forbairt bhreise a dhéanamh ar an mórchorpas sin de reachtaíocht an Aontais is infheidhme go díreach. Amach anseo, a luaithe a ghlacfar an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR), déanfar an obair ar ErPanna a chomhtháthú i bPleananna Oibre ESPR níos leithne agus leanfar de dhíriú ar an obair sin.

Faoi láthair, rialaítear thart ar 30 grúpa táirgí ‘ErP’ le thart ar 50 beart. Tá feidhm acu maidir leis na billiúin táirgí 11 a chuirtear ar an margadh gach bliain, agus bíonn impleachtaí díreacha acu do sholáthróirí, do mhiondíoltóirí, do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí ar bhonn laethúil. Is le táirgí atá faoi réir na reachtaíochta seo a ídítear tuairim agus leath d’úsáid deiridh fuinnimh an Aontais.

Léiríodh in ullmhúchán an phlean oibre go bhfuil an fhéidearthacht ann fós coigilteas suntasach costéifeachtach a bhaint amach tríd an raon feidhme a leathnú go hERPanna nua. Ag an am céanna, is é príomhcheacht a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an phlean oibre dheireanaigh go mbeidh gá le meaitseáil níos fearr idir uaillmhian agus acmhainní chun leas iomlán a bhaint as an réimse beartais seo, ó thaobh beartais a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ó thaobh iarrachtaí na mBallstát maidir le faireachas margaidh.

2.Tionchair mheasta na mbeartas

Meastar sa tuarascáil is déanaí ar Chuntasaíocht Tionchair na hÉicidhearthóireachta 12 gur laghdaigh éifeacht charnach rialacha an Aontais maidir leis an éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh in 2020 éileamh príomhúil fuinnimh an Aontais 7 % nó 1037 TWh in aghaidh na bliana (tuairim agus 170 Mt CO2 de laghdú coibhéiseach GCT), lena n‑áirítear 16 bcm gáis. Leis na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, tiocfaidh méadú suntasach ar an gcoigilteas fuinnimh sna blianta amach romhainn go háirithe a bhuí le láimhdeachas stoic, agus beidh an meán os cionn 1,500 TWh in aghaidh an bliana thar an tréimhse 2021‑2030. In 2020, tháinig breis agus 60 % den choigilteas fuinnimh ón earnáil chónaithe, 24 % ón earnáil threasach agus 10 % ón earnáil tionsclaíochta. In 2020, a bhuí le rialacha an Aontais bhí tairbhí fuinnimh ann do thomhaltóirí dar luach EUR 60 billiún in aghaidh na bliana (tuairim agus 0.4 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais) – EUR 210 in aghaidh na bliana in aghaidh an teaghlaigh. Ar an gcaoi chéanna, i gcomparáid le beartas ar bith a bheith ann, gineadh thart ar EUR 21 bhilliún in aghaidh na bliana in 2020 agus meastar go méadóidh sé sin go EUR 29 mbilliún in aghaidh na bliana faoi 2030. Is ionann sin agus méadú de bhreis is 320,000 post díreach nua in 2020 (430,000 post faoi 2030). Tá na meastacháin seo bunaithe ar leibhéil na bpraghsanna fuinnimh sular tháinig arduithe ar praghsanna in 2021 (féach an doiciméad inmheánach oibre chun tuilleadh eolais a fháil).

Go ginearálta, léirigh staidéar a rinne an IEA 13 le déanaí go n‑ídíonn fearais 30 % níos lú fuinnimh i dtíortha ina bhfuil beartais fhadtréimhseacha ná mar a d’ideodh siad murach sin. Meastar go ndéanfaidh na cláir oibriúcháin is faide, amhail na cinn sna Stáit Aontaithe agus san Aontas, ciorruithe bliantúla de thuairim agus 15 % ar úsáid iomlán an leictreachais (is é sin, i gcás chlár an Aontais, thart ar an méid céanna agus táirgeacht reatha an Aontais ó fhuinneamh gaoithe, nó 2‑3 oiread na táirgeachta ó na ngrianphainéil).

Léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair go n‑aithníonn formhór mór thomhaltóirí an Aontais (93 %) an lipéad fuinnimh agus go mbíonn tionchar aige sin ar 79 % de thomhaltóirí agus fearais á gceannach acu 14 . Deimhnítear le taighde eolaíoch a rinneadh le déanaí 15 gur airde an tionchar a bhíonn ag lipéid ghrádaithe amhail lipéad fuinnimh an Aontais ar iompraíocht tomhaltóirí ná mar a bhíonn ag dearaí malartacha.

3.Staid na himeartha agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó phleananna oibre roimhe seo

Tá forléargas ar na bearta atá i bhfeidhm ar fáil ar líne 16 . Amhail ón 1 Márta 2022, tá na Rialacháin maidir le hÉicidhearthóireacht i bhfeidhm i gcás 29 ngrúpa táirgí, ach tá feidhm ag na Rialacháin maidir le Lipéadú Fuinnimh i gcás 15 ghrúpa táirgí. Tá Comhaontuithe Deonacha de chuid an tionscail aitheanta i gcás Consóil Cluichí agus Trealamh Íomháithe. In 2020 chuir na páirtithe deireadh le sean‑chomhaontú maidir le boscaí bairr casta mar gheall ar an sciar laghdaitheach den mhargadh atá ag na táirgí sin (tá na táirgí sin fós faoi réir rialacha cothrománacha maidir le hídiú cumhachta agus iad sa mhód fuireachais agus ídiú cumhachta agus iad múchta 17 ).

Is stádas mionsonraithe é an plean oibre seo don dul chun cinn a rinneadh maidir leis na tosaíochtaí agus an obair a sainaithníodh sa phlean oibre deireanach in 2016 18 . Tá go leor bainte amach, lena n‑áirítear nuachóiriú na lipéad fuinnimh le haghaidh príomhtháirgí tomhaltais amhail cuisneoirí, meaisíní níocháin, teilifíseáin agus foinsí solais agus glacadh na gceanglas éicidhearthóireachta le haghaidh roinnt táirgí idir freastalaithe agus mótair leictreacha. Mar sin féin, tá thart ar 40 % den obair seo fós ar siúl agus déanfar é a rolladh isteach sa tréimhse pleanála reatha. I measc na sruthanna oibre atá curtha i gcrích, ní raibh glacadh rialacha nua mar thoradh ar chuid mhaith acu, ach tá deireadh tagtha leo toisc gur chinn an Coimisiún gan leanúint den obair nó ar a laghad gan reachtaíocht a shaothrú faoi láthair, bíodh sin toisc gur léirigh imscrúduithe mionsonraithe go raibh na deiseanna níos lú ná mar a measadh ar dtús nó toisc go raibh sé níos deacra leas a bhaint astu nó toisc go raibh tosaíochtaí eile ann i gcomhthéacs acmhainní foirne teoranta – nó meascán den dá rud sin. Is samplaí iad fuinneoga, triomadóirí láimhe, comhbhrúiteoirí agus citil leictreacha de shruthanna oibre a cuireadh deireadh leo lena léirítear acmhainneacht atá teoranta nó acmhainneacht a bhfuil sé casta leas a bhaint aisti agus nárbh fhéidir í a shaothrú leis na hacmhainní riaracháin atá ar fáil.

An gá atá le rialacha atá ann cheana a athbhreithniú agus a oiriúnú go rialta, lena áirithiú go leanfaidh siad de bheith ábhartha, éifeachtach agus oiriúnach don fheidhm i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha, is prionsabal bunúsach na Rialála Níos Fearr é sin. Mar aitheantas ar an méid sin, tá clásail athbhreithnithe ar leith i ngach rialachán maidir leis an éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh mar aon leis an gcreat reachtaíochta, ar clásail iad a bhfuil spriocdhátaí dlíthiúla acu don Choimisiún chun athbhreithnithe a chur i láthair nó chun rialacháin athbhreithnithe a ghlacadh. Chun moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint, glacfaidh an Coimisiún as seo amach bearta aonair le haghaidh grúpaí sonracha táirgí nuair a bheidh siad réidh, ach amháin má bhíonn a mhalairt de dhíth de bharr imthosca eisceachtúla 19 .

Príomhcheacht a foghlaimíodh é go n‑éiríonn an iarracht chomhiomlán is gá le haghaidh iarrachtaí ‘cothabhála’ criticiúla den sórt sin suntasach de réir mar a thagann méadú ar raon feidhme na reachtaíochta (ó thaobh táirgí agus cineálacha riachtanas de), agus gur gá an obair sin a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus tosaíochtaí á leagan síos. Mura ndéanfar é sin, beidh moilleanna i gceist a mbeidh iarmhairtí tábhachtacha acu maidir le tairbhí tarscaoilte. Ba thoradh lárnach é sin ar an iniúchadh a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) sa bhliain 2019 20 . I gcás trí tháirge roghnaithe, fuarthas amach san iniúchadh gur ghlac an próiseas ullmhúcháin 8, 7 agus 6 bliana faoi seach, in ionad na 3.5 bliana a rabhthas ag súil leo. Dá bhrí sin, is gné shuntasach den phlean oibre an obair ‘cothabhála’. Ag an am céanna, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an próiseas a chuíchóiriú trí staidéir athbhreithnithe a chomhtháthú i meastóireachtaí/measúnuithe tionchair ‘droim‑le‑droim’ agus an plé san Fhóram Comhairliúcháin a ailíniú níos fearr leis an bpróiseas ginearálta maidir le Rialáil Níos Fearr.

Ceacht tábhachtach eile sa tréimhse dheireanach is ea ról ríthábhachtach na hoibre um chaighdeánú teicniúil maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh. Le rialú 2018 21 ón gCúirt Ghinearálta lena gcuirtear an rialachán maidir le lipéid fuinnimh ar neamhní i gcás folúsghlantóirí, léiríodh go bhféadfadh rialacháin a bheith i mbaol dlíthíochta má thagann aon amhras chun cinn maidir le coinníollacha tástála a bheith ionadaíoch ar choinníollacha iarbhír úsáide. Ag an am céanna, athdhearbhaíodh go soiléir i rialú gaolmhaire níos déanaí 22 go bhfuil gá le tástálacha a bheith cruinn agus in‑atáirgthe. I bhfianaise éagsúlacht na dteicneolaíochtaí agus iompar na n‑úsáideoirí, is dúshlán deacair atá dian ó thaobh acmhainní de é forbairt thráthúil caighdeán comhchuibhithe le modhanna a léiríonn comhréiteach maith idir na critéir sin. I Straitéis nua an Aontais um Chaighdeánú 23 moltar tacar gníomhaíochtaí chun an córas Eorpach um chaighdeánú a dhéanamh níos feidhmiúla agus níos solúbtha, chun caighdeáin a chur i gcroílár mhargadh aonair an Aontais atá athléimneach, glas agus digiteach agus chun ról domhanda an chórais Eorpaigh um chaighdeánú a neartú.

4.Tosaíochtaí táirgeshonracha sna blianta amach romhainn

4.1.Athbhreithnithe ar bhearta atá ann cheana

Tá an Coimisiún le 38 athbhreithniú a chur i láthair nó a ghlacadh roimh dheireadh 2024, agus 8 gcinn eile in 2025 agus beidh gá iad a thionscnamh roimh ré (féach an liosta sa Doiciméad Inmheánach Oibre). Is deiseanna suntasacha iad na hathbhreithnithe sin le chéile chun coigilteas breise a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ábhair: tugann an chéad gharbhmheastachán le fios go bhféadfadh 170 TWh ar a laghad (tuairim agus 600 peitighiúl (PJ), nó éileamh teasa de thuairim agus 15 mhilliún áitreabh) de choigiltis bhreise ar chéim na húsáide a bhaint amach, arna chomhlánú le tairbhí breise a bhaineann le héifeachtacht ábharach/geilleagar ciorclach ach is móriarracht iad freisin agus beidh tionchar mór acu ar an obair a dhéantar faoin bplean oibre reatha.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tús áite a thabhairt don obair ar athbhreithnithe i dtrí phríomhghrúpa, bunaithe ar na cúiseanna seo a leanas:

·Fearais téimh agus fuaraithe; i gcomhthéacs an Rabharta Athchóiriúcháin, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún ‘dlús a chur leis an obair leantach ar fhearais téimh agus fuaraithe trí lipéid fhuinnimh a athscálú a luaithe is féidir’ 24 . Go deimhin, cuirfidh an obair sin go mór le dícharbónú foirgneamh agus leis an bplean gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach 25 mar chuid de chuspóirí foriomlána an Chomhaontaithe Ghlais, agus is iad na táirgí sin a bhfuil an t‑ídiú is airde fuinnimh acu as gach táirge rialaithe.

·Grúpaí táirgí eile a bhfuil lipéid fuinnimh acu ar gá iad a athscálú 26 ; ní mór do thomhaltóirí a bheith in ann leanúint de mhuinín a bheith acu as lipéad fuinnimh an Aontais mar uirlis ábhartha agus cothrom le dáta chun roghanna a threorú; dá bhrí sin, tá sé tábhachtach athscálú agus nuashonrú tráthúil a dhéanamh ar na ‘sean’ lipéid fuinnimh atá fágtha, agus tá sé riachtanach freisin lántairbhe a bhaint as na gnéithe nua a chuireann EPREL ar fáil.

·Athbhreithnithe áirithe eile a thabhairt i gcrích lena léirítear acmhainneacht shuntasach i ndáil le coigiltis bhreise ó thaobh coigilteas fuinnimh nó ábhair de, rud atá de dhíth le fada, nó i gcás ina bhfuil gá soiléir nó práinneach le hathbhreithnithe de bharr cúinsí ar leith (e.g. caidéil uisce, gaothráin, soláthairtí cumhachta seachtracha).

 

4.2.Bearta nua ar cuireadh tús leo faoi na pleananna oibre roimhe seo atá le cur i gcrích

Sainaithníodh sna pleananna oibre a bhí ann roimhe seo na táirgí sin is mó a bhfuil gealladh fúthu maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh, bunaithe ar staidéir scóipe agus réamh‑mheastacháin. Tá cuid de na sruthanna oibre sin fós ar siúl agus tugadh iad ar aghaidh chuig an bplean oibre reatha de bharr na dtairbhí breise a bhfuiltear ag súil leo.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an obair maidir le measúnú a dhéanamh ar indéantacht ceanglas éicidhearthóireachta agus scéime lipéadaithe fuinnimh i gcás fóin phóca agus táibléid. Bheadh tionchar ag na ceanglais ar éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le gnéithe éifeachtúlachta ábhartha (marthanacht, indeisitheacht, uasghrádaitheacht agus athchúrsáil). Táthar ag súil go nglacfar na rialacháin roimh dheireadh 2022.

Ar an gcaoi chéanna, tá dul chun cinn maith déanta chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht ceanglas éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh i gcás modúil, inbhéartóirí agus córais ghréine fótavoltacha, lena n‑áirítear ceanglais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le lorg carbóin.

Maidir le trealamh íomháithe, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar an athbhreithniú ar an gComhaontú Deonach atá beartaithe ag ionadaithe na hearnála agus baineann sé de thátal as nach mbainfí amach na cuspóirí a bhreithnítear sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (CEAP) dá nglacfaí leis an athbhreithniú sin, agus nach féidir a mheas go bhfuil sé i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le hionstraimí féinrialála 27 go háirithe maidir le hathúsáid fhéideartha tomhaltán. Mar a fógraíodh in CEAP, seolfaidh an Coimisiún ullmhúchán na mbeart rialála don ghrúpa táirgí seo.

Tá an Coimisiún ag leanúint den obair chothrománach ar tháirgí TFC mar a fógraíodh i bPlean Oibre 2016‑2019 trí staidéar tiomnaithe TFC 28 . Chuir an chéad chuid fianaise ar fáil don réamhstaidéar a cuireadh i gcrích roimh an bplean oibre atá ann faoi láthair maidir le feidhmíocht roinnt grúpaí táirgí TFC agus maidir leis na coigiltis a d’fhéadfadh a bheith ag roinnt grúpaí táirgí TFC 29 . Sa dara cuid, tabharfar aghaidh ar ídiú foriomlán fuinnimh tháirgí TFC (lena n‑áirítear mar gheall ar a nascacht agus a dtarchur sonraí), ar ghnéithe éifeachtúlachta ábhair agus iompraíochta d’fhonn na bealaí is éifeachtúla a shainaithint chun iad a rialáil i gcás inarb iomchuí. Ba cheart luas na bhforbairtí teicneolaíochta i ngach catagóir grúpa táirgí a chur san áireamh sa mheasúnú.

Ag an am céanna, tá an Coimisiún ag leanúint den obair ar Fhearais Chliste Fuinnimh chun an deis a fhorbairt maidir le solúbthacht ó thaobh an éilimh de sna hearnálacha cónaithe nó seirbhíse. Ós rud é gurb í an idir‑inoibritheacht an phríomh‑shaincheist sna staidéir roimhe seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún forbairt chomhleanúnach a chothú ar an margadh agus go gcloífidh tionscal le caighdeáin oscailte trí chur chuige deonach 30 . Tá naisc idir an obair sin agus roinnt gnéithe eile gníomhaíochta lena n‑airítear cinn a dtabharfar aghaidh orthu ar bhealach níos mionsonraithe sa Phlean Gníomhaíochta um Dhigitiú Earnáil an Fhuinnimh 31 atá le teacht.

4.3.Cúraimí sonracha a cheanglaítear faoi lipéadú bonn

Faoin Rialachán maidir le Lipéadú Bonn, ceanglaítear ar an gCoimisiún roinnt cúraimí sonracha a chur i gcrích, lena n‑airítear:

Gníomh Tarmligthe a ghlacadh lena dtabharfar isteach ceanglais nua faisnéise maidir le boinn atráchtaithe faoi mhí an Mheithimh 2022 ar choinníoll go mbeidh modh iomchuí tástála ar fáil. Mar sin féin, níl modh ar fáil fós ach tá obair ar siúl chun ceann a bhunú. Tá acmhainneacht thábhachtach choigiltis ag baint leis an athtráchtadh chun ola agus ábhair eile a shábháil;

Gníomh Tarmligthe a ghlacadh maidir le lipéadú le haghaidh scríobtha/míleáiste ar choinníoll go mbeidh modh iomchuí tástála ar fáil lena gcuirfear le gníomhaíocht leathan CEAP i ndáil le micreaphlaistigh. Mar sin féin, níl modh ar fáil fós ach tá obair ar siúl chun ceann a bhunú;

comhordú a dhéanamh ar obair a bhaineann le hailíniú idirshaotharlainne tástála faoin rialachán maidir le lipéadú bonn, rud a bhfuil impleachtaí tábhachtacha aici freisin do reachtaíocht an Aontais maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí éadroma agus ó fheithiclí tromshaothair. Foilsíodh an tuarascáil is déanaí i mí na Nollag 2021 32 .

Cé go bhforáiltear go ndéanfar athbhreithniú ar an Rialachán faoi 2025, tá sé léirithe ag an tionscal gur gá é a chur chun cinn toisc gur léir go bhfuil gá anois leis an athscálú, a mhol an Coimisiún ar dtús ach nár choinnigh an Pharlaimint agus an Chomhairle san athbhreithniú deireanach.

4.4.Liosta táscach de ghrúpaí táirgí nua a bhaineann le fuinneamh a bhfuil staidéar le déanamh orthu

Ullmhaíodh an Plean Oibre seo tar éis staidéar mionsonraithe ullmhúcháin ina ndearnadh scagadh ar an iomad réimsí iarrachta féideartha agus comhairliúcháin fhorleathana le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara. Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa doiciméad foirne a ghabhann leis seo.

Liosta den 31 táirge is mó a bhfuil gealladh fúthu a aithníodh sa réamhstaidéar chun obair bhreise a dhéanamh orthu (lena n‑áirítear táirgí a ndearnadh staidéar orthu cheana féin san am a chuaigh thart ach nár rialaíodh go dtí seo). Bunaithe ar na réamh‑mheastacháin, is coigilteas céime úsáide nua iad sin le chéile a d’fhéadfadh a bheith ann in 2030 thart ar 1000 PJ, nó 278 TWh, i.e. timpeall ar 2 % d’úsáid fuinnimh phríomhúil AE in 2020 33 . Tá an acmhainneacht mheasta a bhaineann le fuinneamh leabaithe in ábhair ar aon mhéid leis sin (agus braitheann sí go mór ar na toimhdí maidir le raon feidhme agus déine na mbeart cothrománach maidir le marthanacht ach a bhaineann le tairbhí eile freisin). Rud nach beag a thábhacht, tiocfaidh méadú ar an tionchar le himeacht ama trí stoc na dtáirgí a athsholáthar de réir a chéile agus aonaid a chomhlíonann na ceanglais nua a chur in ionad na n‑aonad sin. Ag tosú leis an tsraith 31 táirge, sainaithníodh liosta níos teoranta (a thugtar sa tábla thíos) ar a bhfuil táirgí ar a mbeartaíonn an Coimisiún staidéir thaiscéalaíocha a thionscnamh. Tugadh tús áite do na táirgí sin ag a bhfuil an acmhainneacht is airde maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus/nó éifeachtúlacht ábhair, agus ag an am céanna a fuair scóráil mhaith ar bhonn critéir eile agus i gcás nár léiríodh amhras suntasach san aiseolas ó pháirtithe leasmhara faoi na hionchais go mbeadh rath orthu, mar a leagtar amach thíos.

Grúpa táirgí

Acmhainneacht coigilte fuinnimh 2030 (a bhaineann le céim úsáide nó le héifeachtúlacht ábhair)

Breithniúcháin 34

Astaírí teochta ísle (radaitheoirí, téitheoirí comhiompair)

170 petajoule (PJ) (céim úsáide)

An acmhainneacht coigilte fuinnimh is airde, tábhachtach le haghaidh Rabharta Athchóiriúcháin/dícharbónú foirgneamh

Fearais phroifisiúnta níocháin

33 PJ (céim úsáide)

A ndearnadh staidéar orthu san am a chuaigh thart 35 agus a mheastar a bheith níos aibí anois i bhfianaise an dul chun cinn sa chaighdeánú teicniúil

Miasniteoirí proifisiúnta

20 PJ (céim úsáide)

A ndearnadh staidéar orthu san am a chuaigh thart 36 agus a mheastar a bheith níos aibí anois i bhfianaise an dul chun cinn sa chaighdeánú teicniúil

Soláthairtí Seachtracha Cumhachta Uilíocha (EPS)

12‑27 PJ (leabaithe)

An nasc leis an Tionscnamh um Luchtaire Uilíoch, déanfar é mar chuid den athbhreithniú ar an rialachán EPS atá ann cheana 37

Luchtairí feithiclí leictreacha

11 PJ (céim úsáide)

Tar éis na bliana 2030 tiocfaidh méadú ar na coigiltis fhéideartha go dtí beagnach 76 PJ in aghaidh na bliana in 2050. Dá bhrí sin, tá sé réasúnta machnamh a dhéanamh ar cheanglais a shocrú sula suiteálfar líon mór luchtairí a d’fhéadfadh a bheith neamhéifeachtúil.

5.Gnéithe cothrománacha

5.1.Rannchuidiú leis an ngeilleagar ciorclach

Cé go raibh an éifeachtúlacht fuinnimh mar phríomhfhócas na hoibre éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh, táthar tar éis gnéithe eile a mheas agus a chomhtháthú le himeacht ama, go háirithe ó bhí an chéad Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach ann 38 . I dteannta le ceanglais áirithe atá ann cheana maidir le marthanacht, áirítear i roinnt beart a glacadh in 2019 39 gnéithe nua de chuid an gheilleagair chiorclaigh ina bhfuil ceanglais maidir le hindeisitheacht, le hin‑athchúrsáilteacht, le héascaíocht dramhchóimeála ag deireadh ré agus éascaíocht athúsáide ag deireadh ré (féach na samplaí sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis seo).

Ag an am céanna, tar éis iarraidh ón gCoimisiún maidir le caighdeánú M/543 40 , tá an Coiste Eorpach um Chaighdeánú agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictreach (CEN‑CENELEC) tar éis caighdeáin chothrománacha maidir le gnéithe d’éifeachtúlacht ábhar do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt chun críche. Áirítear orthu sin caighdeáin chothrománacha 41   maidir le marthanacht, in‑athchúrsáilteacht, cumas deisithe, athúsáide agus uasghrádaithe, cion athchúrsáilte etc. Is féidir leo a bheith mar bhonn chun caighdeáin éifeachtúlachta ábhair táirgeshonracha a fhorbairt le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh.

Tá córas scórála deisithe forbartha ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin bunaithe ar an gcaighdeán maidir le cumas deisithe, úsáide agus uasghrádaithe (EN 45554). Tá an Coimisiún ag féachaint an bhféadfaí é a thabhairt isteach i gcás táirgí ábhartha, b'fhéidir mar fhaisnéis ar an lipéad fuinnimh le haghaidh táirgí sonracha amhail fóin chliste agus táibléid. Is obair cheannródaíoch í seo agus is dócha go mbeidh tionchar dearfach aici ar chleachtais sa tionscal ar fud an domhain.

Ina theannta sin, tá Modheolaíocht Éicidhearthóireachta do Tháirgí a bhaineann le Fuinneamh (MEErP – féach san Iarscríbhinn) á hathbhreithniú faoi láthair chun bealach níos córasaí a thabhairt isteach chun gnéithe den gheilleagar ciorclach a chumhdach agus staidéir ullmhúcháin nó athbhreithniúcháin á ndéanamh ar ghrúpaí sonracha táirgí.

San obair atá le teacht, leanfaidh an treocht i dtreo béim níos mó ar an ngeilleagar trí cheanglais ábhartha bunaithe ar an taithí a fuarthas go dtí seo a chomhtháthú, go háirithe le cur chun feidhme bhearta 2019. Thacófaí leis na ceanglais sin trí fheabhas a chur ar an modheolaíocht agus ar na féidearthachtaí maidir le caighdeánú agus ba cheart dóibh rannchuidiú leis an aistriú chuig an gcreat reachtach nua maidir le hÉicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe.

Ag breathnú chun cinn, déanfaidh an Coimisiún tuilleadh measúnaithe ar an bhféidearthacht agus ar a iomchuí atá sé tuilleadh ceanglas atá sonrach ó thaobh an táirge de a bhunú maidir leis na gnéithe seo a leanas:

Tíopeolaíocht an cheanglais

Acmhainneacht coigilte fuinnimh 2030 (a bhaineann le húsáid nó le héifeachtúlacht ábhair)

Cion athchúrsáilte

160PJ (cion ábhair)

Marthanacht, dochtearraí agus bogearraí

175‑1052PJ ar a laghad (cion ábhair)

Amhábhair atá gann, ábhartha ó thaobh an chomhshaoil de agus amhábhair chriticiúla

Ardacmhainneacht maidir le hacmhainní

Tá na ceanglais infheidhme go teoiriciúil maidir le gach táirge a bhaineann le fuinneamh; beidh gá le staidéir ullmhúcháin thiomnaithe chun cuidiú le sainaithint na gcatagóirí táirgí is ábhartha do chur chuige rialála féideartha.

5.2.Obair chaighdeánúcháin

Chun ceanglais éicidhearthóireachta nó lipéadú táirgí bunaithe ar a saintréithe faoi seach a fhorfheidhmiú, tá gá le sainmhínithe soiléire ar an gcaoi a ndéantar feidhmíocht a shainmhíniú agus ar an gcaoi ar féidir an fheidhmíocht a thástáil i gcás aon táirge ar leith. Chuige sin, is féidir le caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe lena sainítear modhanna tástála oiriúnacha cabhrú le monaróirí – má chuireann siad na modhanna atá iontu i bhfeidhm – ‘toimhde comhréireachta’ chun a léiriú go bhfuil ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh. Cuid ríthábhachtach den chur chun feidhme is ea an obair theicniúil a bhaineann le caighdeánú, ach is minic a dhéantar neamhaird uirthi, agus léiríonn an taithí a fuarthas le déanaí a thábhachtaí atá sé tús a chur leis an obair sin a luaithe agus is féidir i gcomhthráth le hullmhú na rialachán nua nó na rialachán athbhreithnithe. Ní féidir iarrataí ar chaighdeánú a thabhairt chun críche agus a ghlacadh go dtí go nglacfar na rialacháin chomhfhreagracha maidir le héicidhearthóireacht nó lipéadú. Go hidéalach, cuirtear tús lena gcuid mionsaothraithe roimhe sin, ionas gur féidir iad a chur i gcrích go tráthúil nuair a ghlactar na rialachán i bhfianaise na 27 mí féilire a theastaíonn de ghnáth chun an caighdeán féin a fhorbairt. Is gnách go dtógann an próiseas foriomlán i bhfad níos faide ná sin, lena n‑áirítear an iarraidh ar chaighdeánú a ghlacadh roimh ré agus measúnú agus formheas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na caighdeáin maidir le tagairt a dhéanamh don Iris Oifigiúil. I gcás nach mbeidh fáil ar chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a chumhdaíonn na gnéithe ábhartha go léir tráth a nglacfar iad, d’fhéadfadh sé gur gá modhanna idirthréimhseacha a ionchorprú sna bearta cur chun feidhme.

Ní mór iarrataí nua ar chaighdeánú a bheith scríofa don chuid is mó de na rialacháin nua nó athbhreithnithe atá á bhforbairt. Rinneadh iarrataí le déanaí, maidir le soilsiú, taispeántais leictreonacha, cuisniúchán tráchtála agus cuisniúchán tí nó tá siad á bhforbairt faoi láthair. Forbraíodh dréachtchaighdeáin i ndáil le roinnt grúpaí táirgí eile bunaithe ar shainorduithe níos sine.

5.3.An Bunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL)

Is bunachar sonraí é an Bunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL) a bhunaigh agus a oibríonn an Coimisiún. Ón 1 Eanáir 2019, bhí oibleagáid dhlíthiúil ar sholáthróirí (monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe) aon táirge atá faoi réir rialacha maidir le lipéadú fuinnimh a chlárú in EPREL sula gcuirtear ar an margadh Eorpach iad.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, comhlíonann EPREL na cuspóirí seo a leanas:

-faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh agus, a lipéid fuinnimh agus a mBileoga Faisnéise Táirge;

-tacú leis na húdaráis faireachais margaidh agus iad i mbun a gcuid tascanna faoin reachtaíocht maidir le lipéadú fuinnimh (agus bonn), lena n‑áirítear forfheidhmiú na reachtaíochta sin;

-faisnéis atá cothrom le dáta faoi éifeachtúlacht fuinnimh táirgí a chur ar fáil don Choimisiún chun lipéid fuinnimh a athbhreithniú.

Tar éis dó ‘leagan béite’ mhí an Mhárta 2022 a sheoladh ar a chomhéadan poiblí le déanaí 42 , tacóidh an fhaisnéis ó EPREL le beartais eile sa Chomhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme freisin de réir a chéile. Go deimhin, is iad sonraí EPREL an túsphointe nádúrtha d’aon mheasúnú as seo amach arb iad aicmí lipéad fuinnimh an ‘dá aicme is mó daonra’, nó na haicmí is airde, d’aon táirge ar leith. Is critéar é sin a úsáidtear chun roinnt beartas de chuid an Aontais a chur i ngníomh, lena n‑áirítear beartais maidir le dreasachtaí poiblí 43 , infheistíochtaí inbhuanaithe na hearnála príobháidí 44 , soláthar poiblí glas 45 agus rátaí laghdaithe CBL i ndáil le táirgí áirithe a bhfuil lipéad fuinnimh orthu ar táirgí iad a chomhlíonann critéir maidir le lipéad fuinnimh sonrach agus i gcás inarb infheidhme critéir maidir le hastaíochtaí cáithníneacha ísle 46 .

Cuireann EPREL gnéithe ar fáil freisin a éascaíonn comhlíontacht soláthróirí agus miondíoltóirí. Is féidir le soláthróirí a roghnú dul i muinín gineadóir ionsuite lipéad chun íomhánna de lipéid ghrafacha a fháil i bhformáidí comhlíontacha bunaithe ar na luachanna dearbhaithe d’fheidhmíocht agus do shaintréithe na dtáirgí. Is féidir le miondíoltóirí tagairt a dhéanamh do EPREL, lena n‑áirítear trí chomhéadain feidhmchláir (APInna) nuair a thaispeántar lipéid nó bileoga faisnéise faoi tháirgí ar líne, agus ar an gcaoi sin íoslaghdú a dhéanamh ar an iarracht faisnéis cothrom le dáta, comhleanúnach agus ilteangach a chur i láthair.

Cé go bhfuil EPREL i bhfeidhm, tá feidhmiúlachtaí tábhachtacha ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu in 2022 chun na cuspóirí thuasluaite a chomhlíonadh. Áirítear leo sin:

-Tairseach gréasáin thiomnaithe a bheidh ina pointe rochtana aonair, lena gcuirfear faisnéis spriocdhírithe ar fáil  do shaoránaigh, d’údaráis náisiúnta, do sholáthraithe, do dhéileálaithe agus do lucht déanta beartas (Q2/Q3).

-Feabhas a chur ar an gcomhéadan úsáideora agus ar na huirlisí atá ar fáil d’údaráis faireachais margaidh chun a gcuid gníomhaíochtaí a chuíchóiriú ar bhealach níos fearr (Q3).

-Struchtúr na doiciméadachta teicniúla a chlaochlú chun gníomhaíocht chlárúcháin soláthraithe a shruthlíniú agus anailís na doiciméadachta sin ag údaráis chomhlíontachta a éascú (Q1 go Q3).

-Tús a chur le cur chun feidhme rialachán athbhreithnithe i ndáil le roinnt grúpaí táirgí agus b’fhéidir cinn nua (PVanna, fóin chliste/táibléid) (Q4) a chur leo. 

Ina theannta sin, beidh gá le breithniú a dhéanamh ar na coinníollacha agus na modúlachtaí maidir le rochtain ar EPREL nó ar chuid dá ghnéithe d’oibreoirí agus d’údaráis ó thríú tíortha ar leith b'fhéidir, go háirithe iad siúd atá mar chuid den aontas custaim nó den Chomhphobal Fuinnimh. Caithfear módúlachtaí agus impleachtaí nithiúla na bhforbairtí sin a anailísiú go cúramach áfach, a ullmhú, agus – ar deireadh – a chur i bhfeidhm agus ní féidir é sin a dhéanamh sa ghearrthéarma.

5.4.Faireachas margaidh agus tacaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha

Tá ríthábhacht ag baint le faireachas margaidh éifeachtach chun a chinntiú go ndéantar rialacha a fhorfheidhmiú mar is ceart, go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a bheidh ann, go mbeidh an cothrom iomaíochta do ghnólachtaí slán go gcuirtear faisnéis iontaofa ar fáil faoi tháirgí do thomhaltóirí, agus go bhfuil muinín ag saoránaigh, rialóirí agus gnólachtaí araon sa chreat.

Is inniúlacht náisiúnta é faireachas margaidh, agus tá na sonraí maidir le forfheidhmiú agus comhlíonadh gann toisc nach bhfuil aon oibleagáid tuairiscithe ann faoi láthair. Is fadhb shuntasach é an neamhchomhlíonadh de réir fianaise atá ar fáil agus mar a dheimhnítear in iniúchadh éicidhearthóireachta ECA 2020. I dtionscadail faireachais margaidh atá maoinithe ag an Aontas, is minic a fheictear céatadán ard dhá fhigiúr táirgí a léiríonn saincheisteanna comhlíontachta (maidir le gnéithe foirmiúla agus substainte araon) 47 , ach áirítear leo sin neamhchomhlíonadh measartha beag foirmiúil is féidir a cheartú le gníomhaíocht dheonach (e.g. luach mícheart ar an mbileog faisnéise táirge) seachas saincheisteanna tromchúiseacha amhail gan an t‑íoscheanglas éicidhearthóireachta a chomhlíonadh. Ar an iomlán, meastar go gcailltear ar a laghad 10 % den choigilt fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh mar gheall ar neamhchomhlíonadh, arb ionann é agus 15.3 Mtoe d’fhuinneamh príomhúil bliantúil in 2020 (nó 178 TWh) agus EUR 6.4 billiún de chaiteachas bliantúil do thomhaltóirí ar bhillí fuinnimh (bunaithe ar leibhéil phraghsanna fuinnimh 2020). Is ionann sin agus 31 Mt CO2eq d’astaíochtaí breise in aghaidh na bliana agus gabhann caillteanais shuntasacha ioncaim agus post leis don tionscal. Tugtar le fios sna figiúirí sin go mbeadh aon ní a chuirtear leis na hacmhainní measartha a chaitheann na Ballstáit ar fhaireachas margaidh náisiúnta d’éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh an‑éifeachtach ó thaobh na dtorthaí a ghintear.

Sa tréimhse atá le teacht, cuirfidh an Coimisiún dlús leis an tacaíocht a thugann sé do na Ballstáit chun rannchuidiú le faireachas margaidh a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus níos aonfhoirmí i réimse na héicidhearthóireachta agus an lipéadaithe fuinnimh. Áireofar leis sin:

-Feabhas leanúnach a chur ar uirlisí amhail an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh 48 (ICSMS) agus EPREL agus tacaíocht a thabhairt d’uirlisí eile, e.g. iad siúd lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le faireachas margaidh don r‑thráchtáil agus do shlabhraí soláthair nua.

-Tacaíocht theicniúil agus lóistíochta do na Grúpaí Comhair Riaracháin (AdCos).

-Gníomhaíochtaí agus feachtais chomhpháirteacha nó chomhbheartaithe a mhaoiniú.

-Plé a dhéanamh leis na Ballstáit ar an leibhéal polaitiúil maidir le bealaí chun faireachas margaidh a fheabhsú, lena n‑áirítear leibhéal na n‑acmhainní a chuireann siad ar fáil.

-Forálacha dlíthiúla nua a mholadh lena gcuirfear feabhas ar an bhfaireachas margaidh, faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le hÉicidhearthóireacht atá beartaithe (féach SPI).

-Gníomhaíochtaí ábhartha eile, mar atá beartaithe i gClár Oibre an Líonra Eorpaigh um Chomhlíonadh Táirgí (EUPCN) le haghaidh 2021‑22, lena n‑áirítear rannpháirtíocht na n‑údarás custaim.

Leanfaidh an Coimisiún freisin de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha comhlíonadh ar bhealaí éagsúla, e.g. trí bhoscaí ríomhphoist feidhmiúla a oibriú ar féidir ceisteanna a fhreagairt ina leith, le treoirdhoiciméid shonracha, Ceisteanna Coitianta, faisnéis ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin etc. Breithneoidh sé freisin maoiniú AE a chur ar fáil chun saoráid tacaíochta comhlíonta atá faoi thionchar an tionscail a chur ar bun chun dlús a chur le gníomhaíochtaí for‑rochtana réamhghníomhacha agus chun cúnamh tráthúil spriocdhírithe a chur ar fáil chun cabhrú le soláthróirí agus miondíoltóirí a n‑oibleagáidí a thuiscint agus a chomhlíonadh ar bhealach níos éasca.

5.5.Gnéithe idirnáisiúnta agus comhar

Bhí tionchar forleathan dearfach ag bearta beartais AE maidir le héicidhearthóireacht agus, go háirithe, lipéadú fuinnimh, agus caighdeáin theicniúla ghaolmhara agus nósanna imeachta tástála do tháirgí rialáilte, i dtríú tíortha i bhfad lasmuigh de theorainneacha an Aontais 49 .

Ar thaobh amháin, cuireann roinnt comhpháirtithe trádála suntasacha an Aontais rialacha éicidhearthóireachta agus/nó lipéadaithe an Aontais i bhfeidhm go córasach i gcomhthéacs a gcaidrimh éagsúla leis an Aontais. Is amhlaidh atá go háirithe faoi chuimsiú LEE, an Aontais Custaim leis an Tuircagus an Chomhphobail Fuinnimh. Ar an taobh eile, ní mór do mhonaróirí i mórthíortha onnmhairithe eile ceanglais an Aontais a chomhlíonadh ar aon nós chun bheith in ann earraí a chur ar mhargadh an Aontais, rud a d’fhéadfadh socrú na gceanglas intíre atá ailínithe go hiomlán nó i bpáirt le ceanglais de chuid an Aontais a spreagadh agus a éascú. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go leanfaidh an tAontas de bheith ag comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir leis sin ar leibhéal EDT.

Tá an comhar idirnáisiúnta maidir le héifeachtúlacht táirgí ina ghné thábhachtach freisin de luas agus de threo na bhforbairtí sna cláir ar fud an domhain. Measann roinnt dlínsí tríú tíortha go bhfuil sé tairbhiúil ceanglais chomhchosúla nó chomhionanna a chur i bhfeidhm chun leas a bhaint as an obair shuntasach atá déanta cheana féin chun rialacha an Aontais a fhorbairt. Ag an am céanna, níl an tAontas chun tosaigh ó gach taobh de nó i gcás gach táirge, agus is féidir leis tairbhe a bhaint as iarrachtaí a dhéantar in áiteanna eile agus foghlaim uathu freisin. Is féidir le cóineasú rialála maolú a dhéanamh freisin ar na costais chomhlíontachta agus na costais um measúnú comhréireachta a bhíonn ar chuideachtaí an Aontais a fhreastalaíonn ar mhargaí tábhachtacha onnmhairithe agus ar mhargadh an Aontais araon. Chun malartuithe comhthairbheacha den sórt sin a chur chun cinn, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a chur ar fáil agus de pháirt a ghlacadh i bhfóraim beartais idirnáisiúnta sheanbhunaithe maidir le táirgí, amhail IEA’s Energy Efficient End‑use Equipment (4E) Technology Collaboration Programme 50 agus an Super‑efficient Equipment and Appliances Deployment (SEAD) Initiative 51 . Saothrófar comhar déthaobhach freisin chun dlús a chur le glacadh na ndea‑chleachtas éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh i dtíortha comhpháirtíochta agus chun cóineasú rialála a fheabhsú tuilleadh ar fud an domhain.

6.Conclúid

Tá clár lipéadaithe fuinnimh agus éicidhearthóireachta an Aontais ar cheann de na cláir fearas is mó agus is seanbhunaithe ar domhan, rud a bhfuil cumhacht an mhargaidh aonair san Aontas agus thar lear á ghiaráil aige, chun leasa tomhaltóirí, gnólachtaí agus an chomhshaoil.

Leis an éicidhearthóireacht/lipéadú fuinnimh cuirtear go mór le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus Fitfor55 agus le tomhaltóirí a bhfuil praghsanna arda fuinnimh orthu, tomhaltóirí a mbeadh a gcuid billí i bhfad níos airde mura ndéanfaí amhlaidh: ag leibhéil na bpraghsanna reatha, meastar leis na beartais atá ann cheana go sábhálfaidh úsáideoirí san Aontas os cionn EUR 250 billiún in aghaidh na bliana i gcaiteachas fuinnimh.

Le hinfheistíocht a dhéanamh chun an clár seo a shaothrú agus a neartú chun meaitseáil níos fearr a dhéanamh idir uaillmhianta agus acmhainní, déantar infheistíocht freisin in athléimneacht níos láidre san Aontas chun géarchéimeanna na bpraghsanna fuinnimh amach anseo a sheasamh ar bhealach níos fearr mar aon le dúshláin maidir le slándáil an tsoláthair a bhaineann le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise allmhairithe. Ar an gcaoi chéanna, cuireann an bhéim mhéadaithe ar éifeachtúlacht ábhair, e.g. an in‑athchúrsáilteacht, le hathléimneacht mhéadaithe sa slabhra soláthair san Aontas.

Is gá feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta, ar an leibhéal iltaobhach agus ar an leibhéal déthaobhach araon, chun dlús a chur le glacadh cláir éifeachtúlachta fuinnimh táirgí ar fud an domhain agus d’fhéadfaí cabhrú freisin le feabhas a chur ar chóineasú rialála chun leasa an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta.

Cuireann an Bunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh, EPREL, trédhearcacht margaidh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar fáil agus cuireann sé deiseanna nua ar fáil chun cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí an Aontais agus chun dul i ngleic leo. Beidh sé ina uirlis phraiticiúil freisin de réir a chéile chun coinníollachtaí a tugadh isteach le déanaí maidir le feidhmíocht táirgí i mbeartais eile de chuid an Aontais a chur i ngníomh (tacsanomaíocht ghlas, Soláthar Poiblí Glas faoin Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, dreasachtaí poiblí, an Treoir maidir le CBL).

Is acmhainn shuntasach fós é an réimse beartais seo a bhfuil acmhainneacht shuntasach aige chun tairbhí breise, atá an‑costéifeachtach a sholáthar do thomhaltóirí an Aontais, aerthruailliú laghdaithe, agus coigilteas fuinnimh/CO2 a d’fhéadfadh a bheith le baint amach ag beartais eile ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, tá gá le hiarrachtaí suntasacha chun athbhreithnithe tráthúla a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana, chun tacú le cur i bhfeidhm/forfheidhmiú ceart, chun EPREL a fhorbairt agus chun iniúchadh a dhéanamh ar rialáil ar tháirgí nua a bhaineann le fuinneamh.

Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an phacáiste beartais maidir le táirgí inbhuanaithe, chuir an Coimisiún in iúl go soiléir gur gá dlús suntasach a chur leis na hacmhainní a leithdháiltear chun beartas éicidhearthóireachta a chur chun feidhme mar chuid de bheartas níos uaillmhianaí maidir le táirgí inbhuanaithe agus iarrann sé ar na Ballstáit déanamh amhlaidh maidir le hiarrachtaí faireachais margaidh náisiúnta.

(1)       Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar dTús: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin
(2)    Féach freisin COM(2021) 801 – Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú
(3)    Féach An Doiciméad Inmheánach Oibre.
(4)     https://ec.europa.eu/environment/strategy/circular‑economy‑action‑plan_it  
(5)      Treoir 2009/125/CE
(6)      Rialachán (AE) 2017/1369
(7)

     COM(2008)0660 final

(8)    SWD(2012) 434 final
(9)    COM(2016) 773 final
(10)      Rialachán (AE) 2020/740 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile
(11)    In 2020, meastar gur díoladh thart ar 3 bhilliún táirge a bhí faoi réir beart in AE27, ina measc sin 1.5 billiún foinse solais, 880 milliún táirge leictreonach, 350 milliún bonn agus 240 milliún táirge eile
(12)      Tuarascáil 2020 ar Chuntasaíocht Tionchair na hÉicidhearthóireachta (‘EIA’): https://data.europa.eu/doi/10.2833/72143     Baineann an EIA úsáid as sonraí Eurostat, lena n ‑áirítear cláir chomhardaithe fuinnimh ( rg_bal_c ) agus ídiú deiridh fuinnimh imdhealaithe i dteaghlaigh – cainníochtaí (nrg_d_hhq)  
(13)      ‘Achievements of Energy Efficiency Appliance and Equipment Standards and Labelling Programs: 2021 update’: https://www.iea‑4e.org/projects/eesl‑achievements‑reports/  
(14)      Eorabharaiméadar uimh.492, mí na Bealtaine 2019: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2238
(15)       https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC127006  
(16)       https://ec.europa.eu/info/energy‑climate‑change‑environment/standards‑tools‑and‑labels/products‑labelling‑rules‑and‑requirements/energy‑label‑and‑ecodesign_en  
(17)      Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún
(18)      (SWD(2022) 101)
(19)    Féach freisin Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1369.
(20)     Tuarascáil Speisialta 01/2020: Gníomhaíocht an Aontais maidir le hÉicidhearthóireacht agus Lipéadú Fuinnimh: rannchuidiú tábhachtach le héifeachtúlacht fuinnimh níos fearr arna laghdú ag moilleanna suntasacha agus ag neamhchomhlíontacht
(21)     Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2018 i gCás T‑544/13 RENV
(22)     Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Nollaig 2021 i gCás T‑127/19
(23)     COM(2022) 31 final , 2.2.2022
(24)       https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/eu_renovation_wave_strategy.pdf  
(25)     COM(2021) 400 final , 12.5.2021
(26)    Triomadóirí rothlaim, aonaid aerála, fearais chócaireachta tí
(27)     http://eur‑lex.europa.eu/legal‑content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.L_.2016.329.01.0109.01.ENG&toc=OJ:L:2016:329:TOC  
(28)     https://susproc.jrc.ec.europa.eu/product‑bureau//product‑groups/522/home  
(29)

Mar shampla ar threalamh líonra fiontair, trealamh líonra beag le haghaidh úsáid sa bhaile agus san oifig mar aon le fuaim agus fís idirnasctha sa bhaile.

(30)     https://ses.jrc.ec.europa.eu/development‑of‑policy‑proposals‑for‑energy‑smart‑appliances  
(31)     https://ec.europa.eu/info/law/better‑regulation/have‑your‑say/initiatives/13141‑Digitalising‑the‑energy‑sector‑EU‑action‑plan_en  
(32) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/energy_climate_change_environment/standards_tools_and_labels/documents/egla_report_2021_final.pdf
(33)    Tabhair faoi deara nach bhfuil na coigiltis sin le carnadh le figiúirí a thugtar sa Phlean Oibre 2016‑19 don bhliain chéanna
(34)    Féach an doiciméad inmheánach oibre chun tuilleadh eolais a fháil.
(35)    A luadh den chéad uair i bPlean Oibre 2012
(36)    Ibid
(37)    D’ainneoin go bhfuil rialáil déanta cheana ar sholáthairtí cumhachta seachtracha, léirítear cinn ‘uileghabhálacha’ mar ghrúpa táirgí nua, mar gheall ar ábharthacht agus sainiúlacht na hanailíse is gá chun na critéir/gnéithe is gá a dhíorthú. Féach faisnéis maidir leis an athbhreithniú leanúnach ag: https://ec.europa.eu/info/law/better‑regulation/have‑your‑say/initiatives/13351‑External‑power‑supplies‑ecodesign‑&‑information‑requirements‑review‑_en  
(38)      COM (2015) 614
(39)       https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_19_5895
(40)       https://ec.europa.eu/growth/tools‑databases/mandates/index.cfm?fuseaction=search.detail&id=564
(41)   https://standards.cencenelec.eu/dyn/www/f?p=205:32:0::::FSP_ORG_ID,FSP_LANG_ID:2240017,25&cs=10B7B067CC7107748A52C1C034BB4CFD3
(42)     https://eprel.ec.europa.eu
(43)    Féach Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1369
(44)    Féach Tacsanomaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí inbhuanaithe agus an EIF Sustainability Guarantee pilot initiative under InvestEU SME window
(45)    Féach Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh
(46)    Féach an pointe (22) nua a cuireadh le hIarscríbhinn III i dTreoir 2006/112/CE https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST‑14754‑2021‑INIT/en/pdf  
(47)      B’amhlaidh an cás e.g i gcás cuisneoirí a ndearnadh cigireacht orthu faoi thionscadal EEPLIANT2 in 2018‑2019. Deimhnítear an méid sin den chuid is mó i réamhthorthaí thionscadal EEPLIANT3 i mí na Samhna 2021, go bhfuil fadhbanna leis na doiciméid theicniúla nó leis na ceanglais maidir le lipéadú ar líne ag baint le 75 % de na táirgí a ndearnadh cigireacht orthu, ach is fiú a lua, áfach, go bhféadfadh sé nach mbeadh na figiúirí ionadaíoch go hiomlán i ngeall ar an gcur chuige riosca‑bhunaithe a úsáidtear de ghnáth i sampláil táirgí.
(48)    https://ec.europa.eu/growth/single‑market/goods/building‑blocks/information‑and‑communication‑system‑market‑surveillance_en
(49)      Study on Impacts of the EU’s Ecodesign and Energy/Tyre Labelling Legislation on Third Jurisdictions,
Waide et al, (Staidéar ar Thionchair Reachtaíocht an Aontais maidir le hÉicidhearthóireacht, Lipéadú Fuinnimh/Bonn ar Thríú Dlínsí
https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/documents/201404_ieel_third_jurisdictions.pdf  
(50)       https://www.iea‑4e.org/  
(51)       https://www.superefficient.org/  

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Teachtaireacht ón gCoimisiún

Plea Oibre maidir leis an Éicidhearthóireacht agus le Lipéadú Fuinnimh 2022-2024

Iarscríbhinn: Modheolaíocht maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí a bhaineann le Fuinneamh (MEErP)

Forbraíodh an Mhodheolaíocht maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí a bhaineann le Fuinneamh (MEErP) chun treoir oibríochtúil a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach agus do chonraitheoirí atá ag tabhairt cúnamh teicniúil dó maidir leis an staidéar ullmhúcháin a bhaineann le hÉicidhearthóireacht táirge. Tá na tuarascálacha iomlána modheolaíochta agus an teimpléad ríofa ar fáil ar líne 1 . Tá forbairt tagtha ar an MEErP le himeacht ama i ngeall ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara. Na céimeanna riaracháin agus dlíthiúla a leanann an staidéar ullmhúcháin, ní chumhdaítear iad le MEErP. Mar sin féin, tá MEErP deartha sa chaoi is gur féidir a chuid aschuir a chomhtháthú i Measúnú Tionchair ón gCoimisiún Eorpach. 

Tá 7 dtasc i gceist le MEErP. Is iad na chéad 4 thasc sonraí a bhailiú agus anailís tosaigh a dhéanamh. Tugann siad aghaidh ar an méid seo a leanas:

Tasc 1 – Raon feidhme (sainmhínithe ar tháirgí, caighdeáin agus reachtaíocht); 

Tarea 2: Tasc 2 – Margaí (anailís eacnamaíoch agus mhargaidh, méideanna agus praghsanna san áireamh);

Tasc 3 – Úsáideoirí (an t‑éileamh ar tháirgí, iompar tomhaltóirí agus bonneagar áitiúil); 

Tasc 4 – Teicneolaíochtaí (soláthair táirgí, lena n‑áirítear an Teicneolaíocht is Fearr atá ar Fáil (BAT) agus an Teicneolaíocht is Fearr nach bhfuil ar Fáil go fóill (BNAT)); 

Seachas ionchur a sholáthar do thascanna 5 go 7, tá sé de chuspóir breise ag tascanna 1 go 4 acmhainní a fhorbairt. Tugann tuarascálacha Thascanna 1 go dtí 4 eolas cúlra do lucht déanta beartas agus do pháirtithe leasmhara chun fadhbanna a chéile a thuiscint agus páirt a ghlacadh san idirphlé.

Tasc 5 – Comhshaol agus Eacnamaíocht (bonnchás: 2 Measúnú Saolré agus Costas Saolré); 

Tasc 6 – Roghanna deartha (féidearthacht feabhsaithe); 

Tasc 7 – Cásanna (Beartas, cás, tionchar agus anailís íogaireachta).

Tá sé i gceist go gcuirfidh tascanna 5 go 7 anailís ar fáil i dtaobh ar cheart ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos le haghaidh an táirge a bhaineann le fuinneamh agus, más ceart, cén ceanglais ar cheart a leagan síos. I dtasc 5, aithnítear an ‘bonnchás’ trí shintéis de thorthaí Thascanna 1 go 4. Is éard atá i gceist leis an mbonnchás achomaire réamhbheartaithe ar an réaltacht agus an pointe tagartha chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht feabhsaithe agus ar an mbeartas, ar an gcás, ar thionchar agus ar anailís íogaireachta.

Roghanna deartha, iarmhairtí Chostas Saolré na roghanna sin do thomhaltóirí, mar aon lena gcostais agus tairbhí comhshaoil, sainaithnítear an réiteach leis na Costais Saolré is Lú (LLCC) agus BAT i dTasc 6. Léiríonn BAT sprioc mheántéarmach a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do bhearta cur chun cinn seachas íoscheanglais éigeantacha. Cuirtear deiseanna fadtéarmacha in iúl le BNAT agus cuidíonn sé le raon feidhme beacht agus sainiú beacht na mbeart a d’fhéadfadh a bheith ann a shainiú.

Faoi Thasc 7 tugtar torthaí na dtascanna roimhe sin le chéile chun bealaí oiriúnacha beartais a fhiosrú chun an fhéidearthacht feabhsaithe a bhaint amach. Cruthaíonn sé cásanna le réamh‑mheastacháin go dtí 2050 lena ndéantar na feabhsuithe is féidir a bhaint amach a chainníochtú i gcomparáid le ‘gnó mar is gnách’. Cuirtear na torthaí i gcomparáid le spriocanna an Aontais agus leis an gcostas sochaíoch a bhaineann leis an tairbhe a bhaint amach ar bhealach eile. Déantar meastachán ar na tionchair ar thomhaltóirí (cumhacht ceannaigh, costais shochaíocha) agus ar an tionscal (fostaíocht, brabúsacht, iomaíochas, leibhéal infheistíochta), agus déantar cur síos sainráite ar an ngnáththimthriall deartha in earnáil na dtáirgí agus tugtar cuntas air. Ar deireadh, déantar stóinseacht na dtorthaí a fhiosrú trí anailís íogaireachta ar na príomhpharaiméadair.

Tá sé tábhachtach, ar mhaithe le bailíocht na measúnuithe agus le breisluach an togra reachtaigh a eascraíonn astu, go gcoimeádfar an mhodheolaíocht cothrom le dáta. Rinneadh an mhodheolaíocht reatha a fhorbairt de réir a chéile le himeacht ama trí athbhreithnithe tréimhsiúla, a raibh ionchur ó na páirtithe leasmhara mar chuid dóibh, agus as a d’eascair oiriúnuithe tréimhsiúla.

Tá leagan reatha MEErP in úsáid ó bhí 2013 ann 3 agus ltá eagan reatha 3.06 den uirlis Ecoreport in úsáid ó bhí 2014 ann 4 . Tá obair ar athbhreithniú ar siúl faoi láthair a dhéanfaidh, i gcás inar gá, na sonraí a úsáidtear san anailís a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanfaidh a áirithiú go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm i gcónaí, i gcomhréir le forbairtí beartais a rinneadh le déanaí. Tá próiseas an athbhreithnithe á bhainistiú ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde agus foilseofar sonraí faoin bpróiseas leanúnach agus faoi rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara 5 .

(1)      Modheolaíocht maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí a bhaineann le Fuinneamh – MEErP 2011 – Tuarascáil Modheolaíochta – Cuid 1: Modhanna, https://ec.europa.eu/docsroom/documents/26525 , Modheolaíocht maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí a bhaineann le Fuinneamh – MEErP 2011 – Tuarascáil Modheolaíochta – Cuid 2: Beartais agus sonraí a bhaineann leis an gcomhshaol, https://ec.europa.eu/docsroom/documents/26526 , teimpléad Ríomhanna EcoReport: https://ec.europa.eu/docsroom/documents/5308/attachments/1/translations
(2)      Ní mór meántáirge amháin nó níos mó de chuid an Aontais nó catagóir ionadaíoch táirgí amháin a roghnú mar ‘bonnchás’ don AE‑27 ina iomláine
(3)    SWD(2012) 434 final:     https://ec.europa.eu/docsroom/documents/9952/attachments/1/translations/en/renditions/pdf  
(4)    Staidéar ar éifeachtúlacht ábhair le haghaidh MEErP (arna fhoilsiú i mí na Nollag 2013) ag: https://ec.europa.eu/growth/industry/sustainability/sustainable‑product‑policy‑ecodesign_en Uirlis Ecoreport le fáil ag: https://ec.europa.eu/docsroom/documents/5308/attachments/1/translations  
(5)       https://susproc.jrc.ec.europa.eu/product‑bureau/product‑groups/521/home