MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Foilsíodh Rialachán (AE) 2019/2175, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR), san Iris Oifigiúil an 27 Nollaig 2019. Deonaítear leis cumhachtaí údaraithe dhírigh agus maoirseachta don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (DRSPanna,) ach amháin ar na sásraí tuairiscithe formheasta(ARManna) agus na socruithe foilsithe formheasta sin (APAnna) atá, de mhaolú ó MiFIR mar gheall ar a n‑ábharthacht maidir leis an margadh inmheánach, faoi réir údarú agus maoirseacht ag údarás inniúil Ballstáit.

Mar a fhoráiltear in Airteagal 38n(1) de MiFIR, tá ESMA le táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus tá ar na táillí sin caiteachas riachtanach ESMA chumhdach a bhaineann le húdarú agus le maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Ní mór an táille a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a bheith i gcomhréir le láimhdeachas an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí. Ba cheart go gcumhdófaí leis na táillí sin freisin aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis a thabhú mar thoradh ar tharmligean ó ESMA faoi Airteagal 38o de MiFIR. An chumhacht chun gníomh tarmligthe a ghlacadh maidir le táillí, tugtar sin in Airteagal 38n(3) de MiFIR. De réir na forála sin, tugtar cumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an cineál táillí, na nithe a bhfuil táillí iníoctha ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

An 18 Meitheamh 2020, d’iarr an Coimisiún tuairim (comhairle theicniúil) ar ESMA faoi rialacháin tharmligthe atá le glacadh faoi Airteagail 2(3), 38k(10) agus 38n(3) de MiFIR.

Tar éis dó grinnmheasúnú teicniúil a dhéanamh, rinne ESMA comhairliúchán poiblí maidir le gnéithe teicniúla na rialachán tarmligthe atá beartaithe maidir le maolú agus táillí ón 20 Samhain 2020 go dtí an 4 Eanáir 2021. Thug 11 pháirtí leasmhar freagairt don chomhairliúchán poiblí seo. Maidir le príomhghnéithe an chomhairliúcháin ar tharraing na freagróirí aird orthu, baineann siad leis an táille íosta i dtaca le feidhmiú meá ar mheá (aisghabháil costas) na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, an méadú a d’fhéadfadh teacht ar tháillí do chliaint soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus trédhearcacht táillí (roimh ré). Baineann ceisteanna eile le húsáid ioncaim chun táillí, na difríochtaí idir táillí maoirseachta náisiúnta agus táillí maoirseachta ESMA, agus bail an mhargaidh a chinneadh. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na táillí bunaithe ar bhuiséad maoirseachta ESMA don bhliain dár gcionn, buiséad nach mór don Choimisiún a fhormheas. Aontaíonn an Coimisiún le ESMA go bhfuil an sciar ioncaim de DRSP aonair i gcatagóir sonrach (i.e. APA nó ARM) i gcoibhneas le hioncam iomlán na DRSPanna uile i gcatagóir sonrach (i.e. na APAnna agus na ARManna uile) ar cheann de roinnt critéar féideartha ar ar féidir méid na dtáillí atá iníoctha le DRSPanna a bhunú. Baineann an táille íosta le gníomhaíochtaí socraithe a dhéanann ESMA, amhail bailiú faisnéise tréimhsiúla, agus áirithítear léi nach é a eascróidh as an scaradh de réir ioncaim go mbeidh na DRSPanna is mó freagrach as táillí na DRSPanna is lú.

Chuir ESMA a chomhairle theicniúil faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Márta 2021.

An 19 Iúil 2021, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Sainghrúpa an Choiste Eorpaigh um Urrúis (EGESC) maidir le comhairle theicniúil ESMA agus maidir le hinneachar an ghnímh tharmligthe seo. Níor aon bhall de EGESC barúlacha maidir leis an gcinneadh.

Foilsíodh an dréacht‑Rialachán Tarmligthe ar an tairseach um Rialáil Níos Fearr ar feadh tréimhse aiseolais ceithre seachtaine ón 29 Iúil go dtí an 27 Lúnasa 2021, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Rinneadh scrúdú cuimsitheach ar an aiseolas a fuarthas sula ndearnadh cinneadh bogadh ar aghaidh le glacadh an Rialacháin Tharmligthe. Fuarthas ocht n‑aighneacht. Díríodh i bhformhór na bhfreagairtí ar airde na dtáillí maoirseachta a chinntear le buiséad ESMA agus an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2175. Ina theannta sin, fuarthas freagairtí measctha maidir le hardú na dtáillí íosta agus maidir leis an mbealach chun sciar den mhargadh a ríomh. Anuas air sin, theastaigh soiléireacht ó fhreagróirí áirithe roimh an 1 Eanáir 2022 maidir le heintitis a thiocfadh faoi mhaoirseacht ESMA agus airde na dtáillí. Ar deireadh thug freagróir amháin aghaidh ar an tsaincheist i dtaobh nár cheart an táille mhaoirseachta iomlán a bheith dlite do DRSP sa bhliain a aistrítear an mhaoirseacht ar an DRSP sin ó ESMA chuig údarás inniúil náisiúnta mar iarmhairt ar athmheasúnú. Cuireadh isteach foráil maidir le freastal a dhéanamh i dtaobh go ndéanfar an táille bhliantúil a laghdú i gcomhréir leis an líon míonna a dhéanann ESMA maoirseacht ar an DRSP.

Ní dhearnadh measúnú tionchair ar na cúiseanna seo a leanas:

Go ginearálta, leanann an Rialachán Tarmligthe seo na bearta atá molta ag ESMA ina chomhairle theicniúil.

Rinneadh an cinneadh sa Rialachán critéir maidir le táillí a chinneadh. Tugadh achoimre ar na forchuspóirí agus ar an ngá atá leis na rialacha sin sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán (AE) 2019/2175.

Is de chineál nós imeachta iad na forálacha maidir le táillí a atá sa ghníomh tarmligthe seo. Leanann an Rialachán Tarmligthe seo an loighic ó Rialacháin Tharmligthe a glacadh roimhe seo maidir le critéir le haghaidh táillí atá faoi shainchúram maoirseachta ESMA.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leagtar amach in Airteagal 1 den rialachán tarmligthe atá beartaithe na sainmhínithe ábhartha.

In Airteagail 2 — 8 den rialachán tarmligthe atá beartaithe, leagtar amach na forálacha maidir le táillí. Cuimsítear an bonn táille sna hairteagail.

In Airteagail 9 — 11 den rialachán tarmligthe atá beartaithe, leagtar amach na forálacha críochnaitheacha. Sna hairteagail tá na forálacha idirthréimhseacha lena n‑áirítear an córas táillí le haghaidh 2022, an mhodheolaíocht chun táillí a bhailiú le haghaidh 2023 agus le haghaidh teacht i bhfeidhm.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 10.3.2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a bhaineann le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 1 , agus go háirithe Airteagal 38n(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I bhfianaise na gné trasteorann a bhaineann le sonraí margaidh a láimhseáil, na cáilíochta sonraí agus an ghá atá ann barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun tionchar díobhálach na ndibhéirseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar cháilíocht sonraí agus ar chúram soláthraithe tuairiscithe sonraí araon a sheachaint, aistríodh, le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , cumhachtaí údaraithe agus maoirseachta i dtaca le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (‘DRSPanna’) san Aontas chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’).

(2)Maidir leis na táillí a fhéadfaidh ESMA a ghearradh i dtaca le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a chur i bhfeidhm, a údarú agus a mhaoirsiú, ba cheart na táillí sin a shonrú.

(3)Is é is aidhm do na táillí a ghearrtar ar DRSPanna iomlán na gcostas arna dtabhú ag ESMA a bhaineann le húdarú DRSPanna agus maoirseacht orthu a aisghabháil. Cuimsítear le gníomhaíochtaí maoirseachta measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an chomhlachta bainistíochta, maoirseacht ar chomhlíontacht DRSPanna le ceanglais eagraíochtúla, feidhmiú na gcumhachtaí chun faisnéis a cheangal, imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus bearta maoirseachta a fhorchur. Déanann ESMA measúnú ar a bhuiséad ar bhonn bliantúil.

(4)Ba cheart na táillí a ghearrtar ar ghníomhaíochtaí ESMA a bhaineann le DRSPanna a shocrú ar leibhéal a sheachnóidh carnadh suntasach easnaimh nó barrachais. I gcás inarb ann do bharrachais nó d’easnaimh athfhillteacha ba cheart an leibhéal táillí a athbhreithniú.

(5)Ba cheart do DRSP a iarratas a chur faoi bhráid ESMA chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gcritéar maolaithe a áirithiú. Le linn an chéad chéim den iarratas ba cheart do ESMA a chinneadh an bhfuil DRSP incháilithe le haghaidh maolú ó mhaoirseacht ESMA. Más infheidhme na critéir le haghaidh maolaithe, ba cheart do ESMA an t‑iarratas a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil náisiúnta. Níor cheart do ESMA aon táille a ghearradh sa chás sin. Ba cheart na táillí socraithe a bhaineann leis an údarú ag ESMA a roinnt idir an táille iarratais, ar ceart é a bheith bainteach leis an measúnú ar iomláine iarratais agus táille údarúcháin. Ba cheart an próiseas údaraithe a chur i gcrích laistigh de thréimhse sé mhí.

(6)Déanfaidh ESMA a mheasúnú an mbeidh DRSPanna atá údaraithe cheana ar an leibhéal náisiúnta ón 1 Eanáir 2022 faoi raon mhaoirseacht ESMA agus na DRSPanna sin a chur ar an eolas. Maidir le DRSPanna atá údaraithe cheana ar an leibhéal náisiúnta, níor cheart iad a bheith faoi réir a n‑athúdaraithe ag ESMA. Tá na DRSPanna comhlíontach cheana féin leis na ceanglais is infheidhme maidir le DRSPanna agus níor cheart do ESMA táille a ghearradh orthu as dúbailt ar an bpróiseas údarúcháin.

(7)Ba cheart, leis na táillí a ghearrann ESMA, na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis na DRSPanna a chumhdach. Ba cheart do ESMA measúnú bliantúil a dhéanamh ar a bhuiséad maoirseachta a bhaineann le gach cineál DRSP agus táille a ghearradh ar gach DRSP is coibhéiseach lena ioncam i gcomparáid le hioncam iomlán na DRSPanna go léir den chineál céanna. Ioncam a bhaineann le gníomhaíochtaí atá coimhdeach go díreach le croísheirbhísí DRSP, ba cheart é sin a chumhdach i láimhdeachas an ioncaim is infheidhme a mhéid is dócha go mbeidh tionchar ag maoirseacht ESMA ar an DRSP agus nach gcumhdaítear é le gníomhaíochtaí maoirseachta ar leithligh. Cumhdaítear le táille íosta le haghaidh socruithe foilsithe formheasta sin (APAnna) agus sásraí tuairiscithe formheasta(ARManna) na costais shocraithe a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis, faireachán leanúnach agus imscrúduithe. Tá feidhm ag an táille bhliantúil in aghaidh na bliana féilire.

(8)Féadfaidh ESMA cúraimí maoirseachta a tharmligean chuig údaráis inniúla náisiúnta agus, sa chás sin, ba cheart na húdaráis inniúla náisiúnta a aisíoc as na costais a tabhaíonn siad.

(9)De bhrí gur deacair faisnéis faoi mhaoirseacht costasbhunaithe a bhailiú le haghaidh maoirseachta in 2022, tá sé fíor-riachtanach foráil a dhéanamh maidir le foráil idirthréimhseach le modh ríofa. le haghaidh táille socraithe a mbeidh feidhm aici le linn na chéad bhliana maoirseachta ag ESMA agus a bhunaítear ar shonraí oibiachtúla atá ar fáil go héasca. Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir DRSPanna trí úsáid a bhaint as líon na n‑idirbheart mar ionadach le hábharthacht an DRSP aonair i ndáil leis na DRSPanna uile. Maidir leis an ríomh lena gcinnfear an táille mhaoirseachta in aghaidh an DRSP le haghaidh 2022, ba cheart sin a bhunú ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le hidirbhearta arna bhfoilsiú agus arna dtuairisciú ag APAnna agus ARManna le linn an chéad leath de 2021 agus ba cheart go ndéanfaí idirdhealú leis idir DRSPanna níos mó agus DRSPanna níos lú.

(10)Maidir le cuntais iniúchta le haghaidh DRSPanna ní bheidh ceangal ann maidir leo ach amháin tar éis do ESMA maoirseacht DRSP a ghlacadh ar láimh. Dá bharr sin is gá foráil maidir le foráil idirthréimhseach chun coigeartú a dhéanamh ar an modh ríofa ioncaim le haghaidh 2023 a choigeartú, faoina mbeidh íocaíocht na táille maoirseachta le haghaidh 2023 le bunú ar dtús ar fhaisnéis cuntais neamh-iniúchta ón gcéad 6 mhí de 2022. Ar an dara céim, ba chart sásra ceartúcháin a bheith ann ina mbunófaí an táille ar chuntais iniúchta na bliana 2022 ar fad.

(11)Chun feidhmiú rianúil an chreata nua maoirseachta le haghaidh DRSPanna a áirithiú , mar a thugtar isteach in Airteagal 4 de Rialachán 2019/2175, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Sainmhíniú

Chun críoch an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí’ nó ‘DRSP’ socrú foilsithe formheasta nó sásra tuairiscithe formheasta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(34) agus Airteagal 2(1)(36) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

Airteagal 2
Cur i bhfeidhm agus údarú táillí

1.I gcás ina ndéanann DRSP iarratas ar údarú chun seirbhísí tuairiscithe a sholáthar, íocfaidh sé:

(a)as APAnna agus ARManna táille iarratais EUR 20 000 as an gcéad iarratas agus EUR 10 000 as gach iarratas ina dhiaidh sin tar éis údarú a fháil ar sheirbhísí breise tuairiscithe sonraí, i gcás nach bhfuil maolú ag an iarratasóir i gcomhréir le [cuir isteach tagairt do Rialachán Tarmligthe maidir critéir mhaolaithe — C(2021) 9430 final];

(b)as APAnna agus ARManna táille údarúcháin EUR 80 000 as an gcéad iarratas agus EUR 40 000 as gach iarratas ina dhiaidh sin tar éis údarú a fháil ar sheirbhísí breise tuairiscithe sonraí, i gcás nach bhfuil maolú ag an iarratasóir i gcomhréir le [cuir isteach tagairt do Rialachán Tarmligthe maidir critéir mhaolaithe — C(2021) 9430 final].

Airteagal 3
Táillí maoirseachta bliantúla

1.Gearrfar táille mhaoirseachta bhliantúil ar DRSP atá faoi réir mhaoirseacht ESMA.

2.Déanfar an táille mhaoirseachta bhliantúil iomlán agus an táille mhaoirseachta bhliantúil ar DRSP áirithe a ríomh mar a leanas:

(a)is é a bheidh sa táille bhliantúil iomlán le haghaidh bliain ar leith (n) meastachán ar an gcaiteachas a bhaineann leis an maoirseacht ar ghníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a áirítear i mbuiséad ESMA don bhliain sin;

(b)is é a bheidh i dtáille mhaoirseachta bhliantúil soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le haghaidh bliain ar leith (n) an táille mhaoirseachta iomlán a chinnfear de bhun phointe (a) arna roinnt idir na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí do bhliain (n), i gcoibhneas lena láimhdeachas is infheidhme a ríomhfar de bhun Airteagal 4.

3.I gcás ar bith, ní íocfaidh APA nó ARM arna údarú ag ESMA táille mhaoirseachta is lú ná EUR 30 000.

I gcás ina bhfuil eintiteas faoi réir táillí mhaoirseachta íosta maidir le níos mó na seirbhís tuairiscithe sonraí amháin, íocfaidh sé an táille mhaoirseachta íosta as gach seirbhís a chuirtear ar fáil.

4.De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3 déanfar an táille chéad bhliana a ríomh tríd an táille údarúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b) a laghdú le fachtóir arb ionann é agus na laethanta idir an t‑údarú agus deireadh na bliana arna roinnt ar líon iomlán na laethanta sa bhliain sin. As sin amach déanfar é a ríomh mar a leanas:

Táille chéad bhliana soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí = Íosmhéid (Táille údarúcháin, Táille údarúcháin * Comhéifeacht)

Comhéifeacht = 

I gcás ina n‑údaraítear DRSP le linn mhí na Nollag ní íocfaidh sé an táille mhaoirseachta chéad bhliana.

5.De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3, i gcás inarb é a thagann as an athmheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 1(3) [cuir isteach tagairt do Rialachán Tarmligthe maidir le critéir mhaolaithe — C(2021) 9430 final] maolú ar mhaoirseacht ESMA ar DRSP, déanfar an táille bhliantúil mhaoirseachta le haghaidh na bliana ina mbeidh feidhm ag an maolú, déanfar í a ríomh le haghaidh na 5 mhíonna sa bhliain sin agus le haghaidh na 5 mhíonna sin amháin sa bhliain sin ar lena linn a leanfaidh ESMA de bheith ina mhaoirseoir ar DRSP i gcomhréir le hAirteagal 1(4), de [cuir isteach tagairt do Rialachán Tarmligthe maidir le critéir mhaolaithe — C(2021) 9430 final].

Airteagal 4
Láimhdeachas is infheidhme

1.Coinneoidh DRSPanna cuntais iniúchta chun críocha an Rialacháin seo ina ndéanfar idirdhealú idir na nithe seo a leanas:

(a)ioncaim a ghintear as seirbhísí ARM;

(b)ioncaim a ghintear as seirbhísí APA;

(c)ioncaim a ghintear as seirbhísí coimhdeacha le haghaidh gníomhaíochtaí ARM;

(d)ioncaim a ghintear as sheirbhísí coimhdeacha le haghaidh gníomhaíochtaí APA.

2.Is é a bheidh i láimhdeachas is infheidhme DRSP le haghaidh bliain áirithe (n) suim na nithe seo a leanas:

(a)a chuid ioncam a ghintear as na príomhfheidhmeanna a bhaineann le seirbhísí ARM nó APA a sholáthar ar bhonn chuntais iniúchta na bliana (n-2), nó, mura bhfuil siad ar fáil go fóill cuntais na bliana roimhe sin (n-3) agus

(b)a chuid ioncam is infheidhme as seirbhísí coimhdeacha ar bhonn chuntais iniúchta na bliana (n-2) nó, mura bhfuil siad ar fáil go fóill cuntais na bliana roimhe sin (n-3),

roinnte ar shuim na nithe seo a leanas:

(c)ioncam iomlán na ARManna nó na APAnna údaraithe uile a ghintear as na croífheidhmeanna seirbhísí ARM nó APA a sholáthar ar bhonn an chuntais iniúchta le linn na bliana (n-2) nó, mura bhfuil siad ar fáil go fóill cuntais na bliana roimhe sin (n-3) agus

(d)na hioncaim iomlána is infheidhme as seirbhísí coimhdeacha na ARManna agus na APAnna uile ar bhonn chuntais iniúchta na bliana (n-2) nó, mura bhfuil siad ar fáil go fóill cuntais na bliana roimhe sin (n-3).

3.I gcás nach n‑oibríonn soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar feadh na bliana iomláine (n-2), déanfar a láimhdeachas is infheidhme a mheas de réir na foirmle a leagtar amach i mír 2 trí eachtarshuí i leith an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a dhéanamh ar na luachanna arna ríomh i leith líon na míonna ar lena linn a d’oibrigh an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sa bhliain (n-2) ar bhonn na bliana iomláine (n-2).

4.Déanfaidh DRSPanna, ar bhonn bliantúil, cuntais iniúchta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do ESMA. Déanfar na doiciméid sin a thíolacadh chuig ESMA trí mheán leictreonach tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain (n-1). Má dhéantar DRSP a údarú tar éis an 30 Meán Fómhair cuirfidh sé na figiúirí láithreach tar éis údarú a fháil agus faoi dheireadh bhliain an údaraithe.

Airteagal 5
Módúlachtaí íocaíochta ginearálta

1.Is in euro a bheidh na táillí uile iníoctha. Íocfar iad mar a shonraítear in Airteagail 6 agus 7.

2.Tabhófar le haon íocaíochtaí déanacha an t‑ús mainneachtana a leagtar síos in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 .

Airteagal 6
Cur i bhfeidhm agus údarú táillí

1.Beidh na táillí ar iarratas, údarú nó síneadh a chur le húdarú iníoctha tráth a dhéanfaidh DRSP iarratas agus íocfar iad ina n‑iomláine laistigh de 30 lá ón dáta a eiseofar sonrasc ESMA.

2.Nuair a chinnfidh DRSP a iarratas ar údarú a tharraingt siar sula nglacfaidh ESMA a chinneadh réasúnaithe údarú a dhéanamh nó a dhiúltú, ní dhéanfar na táillí iarratais nó na táillí údaraithe a aisíoc.

Airteagal 7
Íocaíocht táillí maoirseachta bliantúla

1.An táille mhaoirseachta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh sé iníoctha ag tús gach bliana féilire agus íocfar í ina hiomláine le ESMA sa chéad trí mhí den bhliain sin. Cuirfidh ESMA sonrasc isteach ina sonrófar méid iomlán na táille maoirseachta tríocha lá ar a dhéanaí roimh an dáta íocaíochta deiridh. Déanfar na táillí a ríomh ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil maidir le táillí bliantúla.

2.Nuair a chinnfidh DRSP a údarú a tharraingt siar ní aisíocfar an táille mhaoirseachta bhliantúil.

Airteagal 8
Aisíocaíocht leis na húdaráis inniúla náisiúnta

1.I gcás ina ndéanann ESMA cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla náisiúnta, maidir le costais a thabhófar le linn dó cúraimí maoirseachta arna tharmligean ag ESMA a dhéanamh, ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta na costais sin a aisghabháil go díreach ón DRSP.

2.Maidir leis na costais iarbhír a thabhófar de thoradh obair a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, go háirithe de thoradh aon chúram a tharmligtear de bhun Airteagal 38o de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ní dhéanfaidh ESMA aisíocaíocht leis an údarás inniúil as na costais sin.

3.Áiritheoidh ESMA go gcomhlíonfar leis na costais atá le haisíoc leis na húdaráis inniúla náisiúnta na coinníollacha seo a leanas:

(a)ba cheart iad a aontú roimh ré idir ESMA agus an t‑údarás inniúil náisiúnta;

(b)ba cheart iad a bheith comhréireach le láimhdeachas an DRSP is ábhartha; agus

(c)ba cheart nár mhó iad ná méid iomlán na dtáillí maoirseachta a íocann an DRSP is ábhartha.

4.Déanfar aon tarmligean cúraimí ag ESMA chuig údaráis inniúla náisiúnta a chinneadh ar bhonn neamhspleách, féadfar é a chúlghairm tráth ar bith agus ní bheidh tionchar aige ar mhéid na dtáillí a ghearrfar ar DRSP ar leith.

Airteagal 9
Foráil idirthréimhseach le haghaidh 2022

1.Chun an táille mhaoirseachta bhliantúil is infheidhme maidir le DRSPanna faoi mhaoirseacht ESMA le haghaidh na bliana 2022 a ríomh, baileoidh ESMA táille shocraithe, bunaithe ar na ríomhanna seo a leanas:

(a)EUR 350 000 le haghaidh APAnna a d’fhoilsigh idirbhearta arbh é a bhí iontu níos mó ná 10 % de líon iomlán idirbheart foilsithe na APAnna údaraithe uile, bíodh sin le haghaidh ionstraimí cothromais nó ionstraimí neamh-chothromais, le linn an chéad 6 mhí de 2021, arna dtuairisciú ag an údarás inniúil lena mbaineann;

(b)EUR 50 000 le haghaidh APAnna a d’fhoilsigh idirbhearta arbh é a bhí iontu níos lú ná 10 % de líon iomlán idirbheart foilsithe na APAnna údaraithe uile, bíodh sin le haghaidh ionstraimí cothromais nó ionstraimí neamh-chothromais, le linn an chéad 6 mhí de 2021, arna dtuairisciú ag an údarás inniúil lena mbaineann;

(c)EUR 650 000 le haghaidh ARManna a chuir tuarascálacha idirbhirt chuig an údarás inniúil lena mbaineann arbh é a bhí iontu níos mó ná 10 % de líon iomlán na dtuarascála idirbhirt a chuir na ARManna údaraithe uile chuig na húdaráis inniúla le linn an chéad 6 mhí de 2021, arna dtuairisciú ag an údarás inniúil lena mbaineann;

(d)EUR 50 000 le haghaidh ARManna a chuir tuarascálacha idirbhirt chuig an údarás inniúil lena mbaineann arbh é a bhí iontu níos lú ná 10 % de líon iomlán na dtuarascála idirbhirt a chuir na ARManna údaraithe uile chuig na húdaráis inniúla le linn an chéad 6 mhí de 2021, arna dtuairisciú ag an údarás inniúil lena mbaineann.

2.Cuirfidh ESMA ar fáil do na APAnna agus na ARManna lena mbaineann sonrasc ina sonrófar méid iomlán na dtáillí le haghaidh 2022 a luaithe is féidir go praiticiúil tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, agus 30 lá roimh an dáta íocaíochta deiridh ar a dhéanaí.

Airteagal 10
Foráil idirthréimhseach 2023

1.Maidir le DRSPanna arna maoirsiú ag ESMA ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, gearrfar táille bhliantúil mhaoirseachta le haghaidh 2023 arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3. Mar sin féin, chun críocha Airteagal 4(2), déanfar an láimhdeachas is infheidhme le haghaidh DRSPanna a ríomh i gcomhréir le mír 2.

2.Chun críocha mhír 1, is é a bheidh i láimhdeachas DRSP is infheidhme suim an mhéid seo a leanas:

(a)ioncaim an DRSP a ghintear ó na príomhfheidhmeanna a bhaineann le seirbhísí ARManna nó APAnna sa chéad 6 mhí de 2022 agus

(b)ioncaim an DRSP a ghintear ó sheirbhísí coimhdeacha le haghaidh ARManna nó APAnna sa chéad 6 mhí de 2022,

roinnte ar shuim na nithe seo a leanas:

(c)ioncaim iomlána na ARManna nó na APAnna údaraithe go léir a ghintear ó na príomhfheidhmeanna a bhaineann le seirbhísí ARManna nó APAnna a sholáthar sa chéad 6 mí de 2022 agus

(d)an t‑ioncam iomlán a ghintear ó sheirbhísí coimhdeacha ó le haghaidh ARManna nó APAnna na ARManna nó na APAnna uile sa chéad 6 mhí de 2022.

Cuirfidh DRSPanna, faoin 30 Meán Fómhair 2022 ESMA ar an eolas faoi mhéid na n‑ioncam a ghintear ó na príomhfheidhmeanna maidir le seirbhísí ARM nó APA a sholáthar sa chéad 6 mhí de 2022 agus faoi mhéid na n‑ioncam a ghintear ó sheirbhísí coimhdeacha do ghníomhaíochtaí ARM nó APA sa chéad 6 mhí de 2022.

3.A luaithe a bheidh na cuntais iniúchta don bhliain 2022 ar fáil, tuairisceoidh an DRSP dá dtagraítear i mír 1 na cuntais iniúchta sin a thuairisciú do ESMA i gcomhréir le hAirteagal 4(1).

4.Déanfaidh ESMA a ríomh an bhfuil aon difríocht idir an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh na bliana 2023 a íocfaidh DRSP i gcomhréir le mír 2 agus an táille mhaoirseachta bhliantúil a bheidh dlite don bhliain 2023 a ríomhfar ar bhonn na gcuntas iniúchta a gheofar i gcomhréir le mír 3.

5.Cuirfidh ESMA ar fáil do na DRSPanna chéad sonrasc ina sonrófar méid na táille maoirseachta le haghaidh 2023 dá dtagraítear i mír 2 tríocha lá ar a dhéanaí roimh an dáta íocaíochta deiridh.

Nuair a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil le haghaidh na DRSPanna uile, cuirfidh ESMA ar fáil do na DRSPanna an dara sonrasc ina sonrófar méid deiridh na táille maoirseachta le haghaidh 2023 bunaithe ar an ríomh dá dtagraítear i mír 4. Déanfaidh ESMA an sonrasc sin a sholáthar do na DRSPanna ar a dhéanaí 30 lá roimh dháta na híocaíochta deiridh.

Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus beidh feidhm aige an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10.3.2022

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.
(2)    Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).