MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Tar éis an Rialachán nua Orgánach (AE) 2018/848 agus an Rialachán Tarmligthe leasaitheach (AE) 2020/1794 ón gCoimisiún a ghlacadh a mhéid a bhaineann le hábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú agus ábhar neamhorgánach atáirgthe plandaí a úsáid, is gá tuilleadh leasuithe a thabhairt isteach i ndáil le hábhar atáirgthe plandaí a úsáid, idir ábhar atá á thiontú agus ábhar neamhorgánach. Is amhlaidh atá an cás go háirithe i ndáil le maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar úsáid síológ orgánach, síológa ar cineál ábhair atáirgthe plandaí ar leith iad agus arb as síolta a thagann siad agus nach gcumhdaítear iad leis na bunachair shonraí agus córais faisnéise maidir le hinfhaighteacht ábhair atáirgthe plandaí dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/848.
I bhfianaise an ghnáthchleachtais síológa ó bharra gairneoireachta a athphlandú, síológa ar minic iad faoi réir timthriall táirgeachta gairid ó athphlandú na síológ go sábháil na dtáirgí den chéad uair, tá sé tábhachtach sna cásanna sin an maolú ar úsáid na síológ neamhorgánach a theorannú, agus soiléiriú a dhéanamh ar úsáid na síológ atá á dtiontú agus na síológ neamhorgánach agus ar a gceanglais táirgthe faoi choinníollacha orgánacha dochta, chun sláine na dtáirgí orgánacha a áirithiú.
Ina theannta sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le haistriú rianúil i dtáirgeadh ábhair orgánaigh atáirgthe plandaí chun forbairt earnáil na bplandlann orgánach a áirithiú, i bhfianaise theicnící éagsúla táirgthe na gcineálacha éagsúla ábhar atáirgthe plandaí le haghaidh speicis dhifriúla. Faoi láthair, tá cúpla plandlann orgánach ann a oibríonn le máthairphlandaí nó le plandaí eile atá beartaithe lena n‑iomadú a fhástar i gcomhréir le coinníollacha a leagtar amach i bpointe 1.8.2 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, de dheasca timthriallta táirgthe fada, infheistíochtaí fadtéarmacha agus deacrachtaí teicniúla chun an chomhlíontacht le ceanglais deimhniúcháin cáilíochta agus le ceanglais fíteashláintíochta a áirithiú.
Is gá, dá bhrí sin, leasú a thabhairt isteach chun táirgeadh agus cur ar an margadh ábhair atáirgthe plandaí a cheadú lena úsáid i mbarra orgánacha, ar ábhar atáirgthe plandaí arb as plandaí a thagann sé nach gcomhlíonann ceanglais phointe 1.8.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.
Ar deireadh, agus é á chur san áireamh go mbeidh Rialachán (AE) 2018/848 infheidhme ón 1 Eanáir 2022, is gá clásal cúlghabhálach a thabhairt isteach chun folús dlíthiúil a sheachaint.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Pléadh gníomh go mion leis na Ballstáit ag an nGrúpa Saineolaithe maidir le Táirgeadh Orgánach agus leis na príomheagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na hearnála orgánaí agus earnálacha na n‑ábhar atáirgthe plandaí, eadhon IFOAM agus a ngrúpaí cleamhnaithe earnáilsonracha, COPA-COGECA agus ESA. D’oibrigh AS AGRI i ndlúthchomhar le hArd-Stiúrthóireachtaí eile i réimse an tsaineolais shonraigh atá acu agus na rialacha sin á ndréachtú acu, go háirithe le AS SANTE. Tugadh fógra do chomhpháirtithe na hEagraíochta Domhanda Trádála agus rinneadh comhairliúcháin phoiblí ghinearálta.
Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí ghinearálta, fuarthas níos mó ná 400 aighneacht tríd an sásra aiseolais. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a chuir páirtithe leasmhara éagsúla in iúl, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na leasuithe maidir le maoluithe le haghaidh síológ a leathnú chun cineálacha eile ábhair atáirgthe plandaí a chumhdach chun go mbeidh aistriú rianúil ann maidir le hábhar orgánach atáirgthe plandaí a fhorbairt i bhfianaise na heaspa infhaighteachta plandaí a fhástar i gcomhréir le pointe 1.8.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 le haghaidh roinnt speiceas agus cineálacha.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
In aithris (35) de Rialachán (AE) 2018/848 mínítear go dtarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh chun an cháilíocht, an inrianaitheacht, an chomhlíontacht agus an t‑oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla a áirithiú, i measc cumhachtaí eile, i ndáil le hábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú nó ábhar neamhorgánach atáirgthe plandaí.
An sainmhíniú ar ábhar atáirgthe plandaí dá bhforáiltear in Airteagal 3(17) de Rialachán (AE) 2018/848, áirítear leis sin na cineálacha ábhar uile seo a leanas: ‘ciallaíonn “ábhar atáirgthe plandaí” plandaí agus codanna de phlandaí, lena n‑áirítear síolta, ag aon chéim fáis, a bhfuil ar a gcumas dóibh plandaí iomlána a tháirgeadh nó atá ceaptha lena aghaidh sin’. Is cineál ábhair atáirgthe plandaí iad na síológa agus tagann siad faoi raon feidhme an mhaolaithe faoi phointe 1.4 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, lena bhforáiltear maidir leis an bhféidearthacht síológa nó athphlandaí a fhás i gcoimeádáin le go n‑athphlandálfar arís iad ina dhiaidh sin. In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas ar fáil freisin: ‘Chun críocha an phointe seo, ciallaíonn “síológ” planda óg arb as síol seachas gearrthóg a thagann sé.’ Leis an sainmhíniú sin, eisiatar síológa ón bhfaisnéis maidir le hinfhaighteacht ábhair atáirgthe plandaí, faisnéis ar gá do na Ballstáit í a chur ar fáil don Choimisiún chun forálacha Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/848 a léiriú.
Ceanglaítear le pointe 1.8.1. nach n‑úsáidfear ach ábhar orgánach atáirgthe plandaí le haghaidh plandaí agus táirgí plandaí a tháirgeadh, nach ábhar atáirgthe plandaí iad. Is féidir maoluithe a dhéanamh ar phointe 1.8.1. i gcomhréir le pointe 1.8.5.1. de bharr easpa ábhair orgánaigh atáirgthe plandaí nó easpa ábhair atáirgthe plandaí atá á thiontú.
Maidir le hábhar orgánach atáirgthe plandaí a tháirgeadh, i bpointe 1.8.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 2018/848, leagtar síos na coinníollacha seo a leanas: ‘Chun ábhar orgánach atáirgthe plandaí a fháil atá beartaithe le haghaidh táirgí a tháirgeadh nach ábhar atáirgthe plandaí iad, táirgfear an máthairphlanda agus, i gcás inarb ábhartha, plandaí eile atá beartaithe le haghaidh ábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo ar feadh aon ghlúin amháin ar a laghad nó, i gcás barr ilbhliantúil, ar feadh aon ghlúin amháin ar a laghad le linn dhá shéasúr fáis.’ Dá bhrí sin, ba cheart ábhar orgánach atáirgthe plandaí a theacht as plandaí a fhástar sna coinníollacha táirgthe orgánaigh agus atá in oiriúint do na coinníollacha sin i gcomhréir le ceanglais a leagtar amach faoi phointe 1.8.2. ag brath ar an speiceas.
Leasaítear leis an ngníomh tarmligthe seo forálacha a bhaineann leis an maolú a d’fhéadfadh a bheith ann ar shíológa neamhorgánacha a úsáid. Go háirithe, leis an ngníomh seo, cuirtear toirmeasc ar úsáid síológ neamhorgánach a údarú le haghaidh barra atá faoi réir timthriall táirgeachta a chuirtear isteach laistigh de shéasúr fáis amháin, ó athphlandú na síolóige go sábháil an táirge deiridh. Ina theannta sin, leis an ngníomh tarmligthe, soiléirítear na forálacha a bhaineann le síológa atá á dtiontú a tháirgeadh faoi Airteagal 10(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848.
Thairis sin, chun aghaidh a thabhairt ar an easpa síolta orgánacha ar cheart síológa a tháirgeadh astu mar aon leis an easpa máthairphlandaí nó, i gcás inarb ábhartha, an easpa plandaí eile atá beartaithe le haghaidh ábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh, ábhar a fhástar i gcomhréir le pointe 1.8.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, tugtar isteach leis an ngníomh tarmligthe seo forálacha maidir le húdarú a thabhairt d’oibreoirí a tháirgeann ábhar atáirgthe plandaí chun ábhar atáirgthe plandaí, faoi choinníollacha áirithe, atá le húsáid i mbarra orgánacha a tháirgeadh agus a chur ar an margadh i gcás nach dtagann sé as máthairphlandaí nó ó phlandaí eile i gcomhréir le pointe 1.8.2. d’Iarscríbhinn II.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 17.1.2022