RIALACHÁN (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 13.12.2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), a mhéid a bhaineann le substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún 1 , agus go háirithe Airteagal 68 (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is éard a dhéantar le hiontrálacha 28, 29 agus 30 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, toirmeasc a chur ar shubstaintí a aicmítear mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR), catagóirí 1A nó 1B a chur ar an margadh agus a sholáthar don phobal, agus a liostaítear i bhFoscríbhinní 1 go 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin, agus ar mheascáin ina bhfuil na substaintí sin lastuas de thiúchan sainithe.
(2)Substaintí a aicmítear mar CMR, is substaintí iad a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .
(3)Maidir le Foscríbhinní 1 go 6 a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2020/2096 3 ón gCoimisiún, ní léirítear leo fós na haicmithe nua substaintí ina CMR faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 4 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849 ón gCoimisiún 5 . Dá bhrí sin, is iomchuí na substaintí nua-aicmithe CMR atá i gcatagóir 1A nó i gcatagóir 1B a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849 a chur le Foscríbhinní 2, 4 agus 6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
(4)Na substaintí a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182, is substaintí iad a mbeidh feidhm lena n-aicmiú ón 1 Márta 2022. Dá bhrí sin, an srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir le substaintí atá aicmithe ina gcatagóir CMR 1A nó 1B le Rialachán (AE) 2020/1182, is srian é ar cheart feidhm a bheith aige ón 1 Márta 2022. Ní chuireann an dáta cur i bhfeidhm cosc ar oibreoirí na srianta a chur i bhfeidhm níos túisce, srianta ar shubstaintí CMR de chatagóir 1A nó 1B a aicmítear faoi Rialachán (AE) 2020/1182.
(5)Is ón 17 Nollaig 2022 a bheidh feidhm ag aicmiú na substaintí a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849. Dá bhrí sin, an srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir le substaintí atá aicmithe ina chatagóir CMR 1A nó 1B le Rialachán (AE) 2021/849, is srian é ar cheart feidhm a bheith aige ón 17 Nollaig 2022. Ní chuireann an dáta cur i bhfeidhm cosc ar oibreoirí na srianta a chur i bhfeidhm níos túisce, srianta ar shubstaintí CMR de chatagóir 1A nó 1B a aicmítear faoi Rialachán (AE) 2021/849.
(6)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.
(7)Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2