MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha maidir leis an iarratas ar chosaint, ar mhodhnú agus ar chealú téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona. Tá an Rialachán seo bunaithe ar an gcumhacht a thugtar don Choimisiún a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le téarmaí traidisiúnta agus is leis a rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 a aisghairm agus a ionadú. I gcomhthéacs ailíniú na rialacha atá ann cheana leis an gcreat dlíthiúil nua, rinneadh easnamh maidir leis na nósanna imeachta chun téarmaí traidisiúnta a mhodhnú.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Rinneadh an comhairliúchán le saineolaithe ó na 27 mBallstát an 9 Feabhra 2021 leis an Sainghrúpa um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta – Fíon.
Le linn an chruinnithe sin, chuir seirbhísí an Choimisiúin an dréacht-Rialachán i láthair, rialachán lena leasaítear an riail a bhaineann leis na nósanna imeachta le haghaidh téarmaí traidisiúnta a mhodhnú. Níor chuir na saineolaithe aon bharúlacha in iúl maidir lena bhfuil ann ná níor tharraing siad tuairimí uathu.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Tá forálacha sa Rialachán Tarmligthe seo lena modhnaítear Airteagal 34(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a mhéid a bhaineann leis na féidearthachtaí chun téarma traidisiúnta a mhodhnú. Roinnt de na féidearthachtaí modhnaithe sin, a bhí ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 607/2009, fágadh ar lár iad go neamhdheonach sa Rialachán (AE) 2019/33 ina ndéantar an t‑aisghairm..
Go háirithe, leis an leasú ar Airteagal 34(1) beifear in ann an téarma traidisiúnta féin a mhodhnú arís agus, chomh maith leis sin, teorainn a chur leis an liosta fíonta ar féidir leo téarma traidisiúnta a úsáid nó é a leathnú chun fíonta eile a chumhdach, ar fíonta iad a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu. Thairis sin, athbhunóidh sé an tsolúbthacht a tugadh roimhe seo do tháirgeoirí a gcleachtais táirgthe a chur in oiriúint do dhálaí athraitheacha comhshaoil nó aeráide.
Ionas go gcaithfear go cothrom leis na hiarratais ar mhodhnú ar théarma traidisiúnta a tíolacadh faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, beidh feidhm chúlghabhálach ag an Rialachán seo ón 14 Eanáir 2019.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 11.6.2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir le téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona a mhodhnú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 114 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún, a tháinig in ionad Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lenar aisghaireadh é, leagtar síos rialacha lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le cosaint, cealú agus modhnú téarmaí traidisiúnta.
(2)Leagtar síos in Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 i dtaca le modhnú téarma traidisiúnta cláraithe, nach bhféadfaidh baint a bheith aige ach leis na heilimintí dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airrteagal 26(1), den Rialachán sin, pointí a thagraíonn do chineál an téarma thraidisiúnta, don teanga ina sloinntear an téarma traidisiúnta agus don chatagóir táirgí fíniúna a bhaineann lena úsáid.
(3)Mar sin féin, le hAirteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009, rinneadh foráil maidir le liosta níos faide de na modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh. Go háirithe, cuireadh san áireamh ann go bhféadfadh an téarma traidisiúnta féin a mhodhnú mar aon leis an teanga ina léirítear an téarma traidisiúnta, an fíon nó na fíonta lena mbaineann agus achoimre ar shainmhíniú nó ar choinníollacha úsáide an téarma thraidisiúnta. Dá bhrí sin, bhí na féidearthachtaí modhnaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 níos leithne agus ceadaíodh do tháirgeoirí fíona, mar shampla, liosta na bhfíonta a leathnú chun fíonta eile a chumhdach nó é a theorannú, ar fíonta iad a bhfuil sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint acu agus atá údaraithe chun téarma traidisiúnta a úsáid nó chun na coinníollacha maidir le húsáid téarma traidisiúnta a leasú, lena n‑áirítear modhanna táirgthe na bhfíonta lena mbaineann.
(4)Dréachtaíodh forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir le téarmaí traidisiúnta agus é de rún acu leanúnachas an chreata choitinn a bhaineann le téarmaí traidisiúnta a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 a áirithiú, agus na nósanna imeachta atá ann cheana a chomhlánú agus a shoiléiriú aon uair is gá. Déantar tagairtí díreacha in Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 do na heilimintí d’fhoirm iarratais arna comhlánú go cuí, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 26(1) den Rialachán sin. Mar sin féin, de bharr easnamh neamhdheonach, níor luadh pointe (a) d’Airteagal 26(1) d’ainm an téarma thraidisiúnta lena mbaineann, pointe (e) d’Airteagal 26(1), a thagraíonn don achoimre ar an sainmhíniú agus na coinníollacha úsáide agus pointe (f) d’Airteagal 26(1), a thagraíonn do na hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó do na tásca geografacha faoi chosaint lena mbaineann, sa liosta a leagtar amach in Airteagal 34, cé gur cuireadh na heilimintí sin san áireamh in Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009. Tá iarmhairt neamhbheartaithe aige sin go bhfuil na féidearthachtaí maidir le téarma traidisiúnta a mhodhnú teoranta do mhodhnú i ndáil leis an gcineál téarma traidisiúnta, an teanga agus an catagóir táirgí fíniúna lena mbaineann.
(5)Go praiticiúil, cuireann foclaíocht reatha na chéad mhíre d’Airteagal 34 bac ar an bhféidearthacht úsáid téarma traidisiúnta a leathnú chun sonrúcháin tionscnaimh nua faoi chosaint nó tásca geografacha nua faoi chosaint a chumhdach nó chun na fíonta sin nach gcomhlíonann a choinníollacha úsáide a thuilleadh a eisiamh ón liosta fíonta atá údaraithe téarma traidisiúnta a úsáid. Thairis sin, ní cheadaítear leis, mar shampla, na modhanna táirgthe atá luaite i sonraíochtaí téarma traidisiúnta a oiriúnú i gcás ina dtagann athrú ar na modhanna sin i ngeall ar na dálaí athraitheacha comhshaoil nó aeráide.
(6)Chun an t‑easnamh neamhbheartaithe sin a cheartú agus chun an tsolúbthacht a tugadh do shealbhóirí téarmaí traidisiúnta faoi Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 a athbhunú, ba cheart síneadh a chur le liosta na modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar théarma traidisiúnta cláraithe dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 chun go gcuirfí na heilimintí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 26(1) den Rialachán sin san áireamh.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a leasú dá réir sin.
(8)Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil agus chun cóir chomhionann na n‑iarratas uile ar mhodhnú téarma traidisiúnta cláraithe a áirithiú, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 14 Eanáir 2019,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33:
‘Airteagal 34
Téarma traidisiúnta a mhodhnú
Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 25 cur isteach ar fhormheas i gcomhair modhnú ar théarma traidisiúnta cláraithe maidir leis na gnéithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) d’Airteagal 26(1).
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 26 go 31 maidir le hiarratais ar mhodhnú.'
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 14 Eanáir 2019.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11.6.2021
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN