MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Tá an Rialachán seo ina chuid de thionscnamh níos leithne de chuid an Choimisiúin maidir le forbairt inbhuanaithe. Leagtar síos leis an bunús le haghaidh creata AE lena gcuirtear breithnithe inbhuanaitheachta i gcroílár an chórais airgeadais chun tacú le geilleagar na hEorpa a athrú ina chóras níos glaise, níos athléimní agus níos ciorclaí i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Tar éis ghlacadh Chomhaontú Pháras 2016 maidir leis an athrú aeráide agus Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), d’fhógair an Coimisiún sa Phlean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú, is é sin an rún atá ann comhtháthú na hinbhuanaitheachta a shoiléiriú i ndualgais mhuiníneacha, mar a thugtar orthu, sa reachtaíocht earnálach. I dTeachtaireacht an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, dearbhaítear go bhfuil gá le comharthaí fadtéarmacha chun sreafaí airgeadais agus caipitil a dhíriú ar infheistíocht ghlas agus chun sócmhainní tréigthe a sheachaint. Rannchuideoidh an Rialachán seo leis an gcuspóir sonrach sin
Cuireann Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún Treoir 2009/138/CE chun feidhme trína shoiléiriú tuilleadh, i measc rudaí eile, ceanglais maidir le rialachas, coinbhleachtaí leasa agus bainistiú riosca le haghaidh gnólachtaí árachais agus athárachais.
Tá an Rialachán seo bunaithe ar chomhairle theicniúil a fuarthas ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC). Baintear de thátal as an gcomhairle theicniúil go bhfuil gá le tuilleadh soiléirithe i ndáil le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus na dtosca inbhuanaitheachta Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún agus sainaithnítear ann forálacha sonracha ina leith sin.
An Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe rannacha a dhéanann rialacha maidir le dualgais mhuiníneacha agus tástálacha oiriúnachta a oiriúnú, athneartaíonn siad an Rialachán maidir le nochtuithe inbhuanaitheachta in earnáil na seirbhísí airgeadais, an Rialachán maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus nochtuithe inbhuanaitheachta le haghaidh tagarmharcanna agus an Rialachán thacsanomaíocht AE i leith gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe. Leis na rialacha sin, comhtháthaítear breithnithe inbhuanaitheachta sna próisis infheistíochta, chomhairleacha agus nochta ar bhealach comhsheasmhach ar fud earnálacha éagsúla. Ceanglaíonn siad breithnithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais (inbhuanaitheacht) de chroílár an chórais airgeadais chun cabhrú le geilleagar na hEorpa a iompú ina chóras atá níos glaise, níos ísle ó thaobh carbóin de, níos athléimní, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
An 24 Iúil 2018, d’iarr an Coimisiún ar ÚEÁPC comhairle theicniúil a eisiúint maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe atá le glacadh faoi Threoir 2009/138/AE, maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus na dtosca inbhuanaitheachta. D’fhoilsigh ÚEÁPC a Thuarascáil Deiridh maidir le comhairle theicniúil chuig an gCoimisiún an 3 Bealtaine 2019. Cuireadh san áireamh sa chomhairle na tuairimí a nocht na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais ÚEÁPC, le linn an chomhairliúcháin phoiblí idir an 28 Samhain 2018 agus an 28 Feabhra 2019. Tá measúnú costais is tairbhe san áireamh ann.
An 22 Samhain 2019, thionscain Rann an Choimisiúin comhairliúchán scríofa an tSainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas (E02885). Cuireadh tráchtaireacht an tsainghrúpa san áireamh go cuí.
I gcomhréir leis na Prionsabail maidir le Rialáil níos Fearr, foilsíodh dréacht den rialachán seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin le haghaidh tréimhse aiseolais ón 8 Meitheamh 2020 go dtí an 6 Iúil 2020. Tar éis an t‑aiseolas a bhreithniú go cuí, cuireadh tuilleadh modhnuithe isteach sa téacs.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leagtar amach bunús dlí an Rialacháin seo i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 50(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 135(1) de Threoir 2009/138/CE.
Cumhdaítear leis an Rialachán seo na leasuithe seo a leanas ar Rialachán (AE) 2015/35:
Tugtar trí shainmhíniú isteach le hAirteagal 1(1). Ar an gcéad dul síos, sainmhínítear ‘tosca inbhuanaitheachta’ trí thagairt d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088. Ar an dara dul síos, sainmhínítear ‘rioscaí inbhuanaitheachta’ go comhsheasmhach le sainmhíniú na rioscaí sin i Rialachán (AE) 2019/2088. Ar an tríú dul síos, sainmhínítear, ‘sainroghanna inbhuanaitheachta’ i gcomhréir le sainmhíniú an téarma sin a thugtar isteach go comhuaineach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2359 agus go comhsheasmhach le sainmhíniú an téarma sin a thugtar isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.
Ceanglaítear le hAirteagal 1(2) go ndéanann gnóthais árachais agus athárachais rioscaí inbhuanaitheachta a léiriú ina mbainistiú riosca.
Áirítear ar Airteagal 1(3) rioscaí inbhuanaitheachta a shainaithint agus a mheasúnú i gcúraimí fheidhm bainistithe rioscaí na ngnóthas árachais agus athárachais.
Ceanglaítear le hAirteagal 1(4) go gcuirfidh feidhm achtúireach na ngnóthas árachais agus athárachais rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh ina measúnú ar an éiginnteacht a bhaineann le meastacháin a dhéantar i ríomh na bhforálacha teicniúla.
Leagtar síos in Airteagal 1(5) go n‑áirítear sa bheartas luacha saothair faisnéis maidir lena chomhsheasmhacht leis na rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú.
Ceanglaítear le hAirteagal 1(6) rioscaí inbhuanaitheachta a chur san áireamh i gcur chun feidhme prionsabal an duine stuama.
Leagtar amach le hAirteagal 2 den Rialachán seo go mbeidh feidhm aige 12 mhí tar éis é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 21.4.2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 a mhéid a bhaineann leis na rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú isteach i rialachas na ngnóthas árachais agus athárachais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) agus go háirithe Airteagail 50(1) agus 135(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An t‑aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe, tá sé ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích. Faoi Airteagal 2(1) pointe (c) de Chomhaontú Pháras, leagtar amach an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.
(2)Ag aithint dó an dúshlán sin, thíolaic an Coimisiún an Margadh Glas Eorpach i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas sin arb é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Leis sin freisin, is gá comharthaí soiléire, fadtéarmacha chun infheisteoirí a threorú, chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus chun maoiniú Inbhuanaithe a thiomsú.
(3)I Márta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le ‘Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú’, lena gcuirtear straitéis uaillmhianach, chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe, cuimsitheach a bhaint amach. An measúnú tionchair atá mar bhonn ag tionscnaimh reachtacha a rinneadh ina dhiaidh agus a foilsíodh i mBealtaine 2018, léirigh sé gur gá a shoiléiriú gur cheart do ghnólachtaí árachais agus athárachais tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh mar chuid dá ndualgais i leith sealbhóirí polasaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais árachais agus athárachais measúnú a dhéanamh ní hamháin ar na rioscaí airgeadais ábhartha uile ar bhonn leanúnach, ach freisin ar na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha uile dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a d’fhéadfadh, dá dtarlódh siad, tionchar diúltach iarbhír nó ábhartha a imirt ar luach infheistíochta nó dliteanais. Ní thagraíonn Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún go sainráite do rioscaí inbhuanaitheachta. Ar an gcúis sin agus chun a áirithiú go gcuirfear an córas rialachais chun feidhme mar is ceart agus go gcloífear leis, is gá a shoiléiriú go ndéanfaidh córas rialachais na ngnóthas árachais agus athárachais, chomh maith leis an measúnú a dhéantar ar shócmhainneacht na ngnóthais sin, na rioscaí inbhuanaitheachta sin a léiriú.
(4)Na gnóthais árachais a nochtann na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2088, ba cheart dóibh a bpróisis, a gcórais agus a rialuithe inmheánacha a oiriúnú i ndáil leis na nochtuithe sin.
(5)I bhfianaise uaillmhianta an Choimisiúin go ndéanfar riosca aeráide agus comhshaoil a áirithiú agus a chomhtháthú isteach sa chóras airgeadais agus a thábhachtaí atá na beartais luacha saothair chun a áirithiú go mbainisteoidh baill foirne na ngnóthas árachais agus athárachais na rioscaí a shainaithin an córas bainistithe rioscaí, ba cheart faisnéis a bheith i mbeartais luacha saothair na ngnóthas árachais agus athárachais faoin gcaoi a gcuireann na beartais sin comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh sa chóras bainistithe rioscaí.
(6)Le prionsabal an duine stuama a leagtar síos in Airteagal 132 de Threoir 2009/138/CE, ceanglaítear nach n‑infheistíonn gnóthais árachais agus athárachais ach i sócmhainní ar féidir na rioscaí a mbaineann leo a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú a rialú, a thuairisciú agus ar féidir faireachán a dhéanamh orthu mar is ceart. Chun a áirithiú go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais na rioscaí aeráide agus comhshaoil a bhainistiú go héifeachtach, ba cheart do chur chun feidhme phrionsabal an duine stuama rioscaí inbhuanaitheachta a chur san áireamh agus ba cheart sainroghanna inbhuanaithachta a gcuid custaiméirí a léiriú ina bpróiseas infheistíochta faoi mar a chuirtear san áireamh iad sa phróiseas chun táirge a fhormheas.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 a leasú dá réir.
(8)Ba cheart go leor ama a thabhairt d’údaráis maoirseachta agus do ghnóthais árachais agus athárachais chun iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua atá sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur i bhfeidhm a chur siar,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear na pointí seo 55c go 55e a leanas isteach:
“55c.
ciallaíonn ‘riosca inbhuanaitheachta’ teagmhas sóisialta nó rialachais nó coinníoll a d’fhéadfadh, dá dtarlódh sé, tionchar diúltach iarmhír a imirt ar luach na hinfheistíochta nó ar luach an dliteanais;
55d.
ciallaíonn ‘tosca inbhuanaitheachta’ tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
55e. ciallaíonn ‘sainroghanna inbhuanaitheachta’ rogha custaiméara nó rogha custaiméara ionchasaigh maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí seo a leanas a chomhtháthú isteach ina infheistíocht nó ina hinfheistíocht agus, dá mba cheart, a mhéid a dhéanfar sin:
(a)
ionstraim airgeadais ar ina leith a chinneann custaiméir nó custaiméir ionchasach go n‑infheisteofar sciar íosta in infheistíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi mar a sainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)
ionstraim airgeadais ar ina leith a chinneann custaiméir nó custaiméir ionchasach go n‑infheisteofar sciar íosta in infheistíochtaí inbhuanaithe faoi mar a sainítear in Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088;
(c)
ionstraim airgeadais lena gcuirtear san áireamh na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaithe i gcás ina gcinneann an custaiméir, nó an custaiméir ionchasach, na heilimintí lena léirítear an cur san áireamh sin;
___________
*
Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
**
Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”;
(2)Leasaítear Airteagal 260 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (a), pointe (i):
“(i)
bearta atá le glacadh ag an ngnóthas árachais nó athárachais chun measúnú a dhéanamh ar riosca caillteanais nó riosca athraithe díobhálaigh i luachanna árachais nó athárachais agus é a bhainistiú, luachanna a eascraíonn as praghsáil neamhleor agus as toimhde maidir le soláthar mar gheall ar thosca inmheánacha nó seachtracha, lena n‑áirítear rioscaí inbhuanaitheachta;”;
(b)i mír 1, pointe (c), cuirtear an pointe seo (vi) a leanas leis:
“(vi)
bearta atá le glacadh ag an ngnóthas árachais nó athárachais chun a áirithiú go ndéanfar rioscaí inbhuanaitheachta a bhaineann leis an bpunann infheistíochta a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú mar is ceart.”;
(c)cuirtear an mhír seo 1a a leanas isteach:
“1a.
Déanfaidh na gnóthais árachais agus athárachais rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú ina bpolasaithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 1, agus i gcás inarb ábhartha, i bpolasaithe i réimsí eile dá dtagraítear i mír 1.”;
(3)Leasaítear Airteagal 269 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír i mír 1, pointe (e):
“(e)
rioscaí a thagann chun cinn agus rioscaí inbhuanaitheachta a shainaithint agus a mheasúnú.”;
(b)cuirtear an mhír seo 1a a leanas isteach:
“1a.
Na rioscaí a thagann chun cinn agus na rioscaí inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), agus a shainaithin an fheidhm bainistithe rioscaí, beidh siad ina gcuid de na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 262(1), pointe (a).”;
(4)in Airteagal 272(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b)
Éifeacht an bhoilscithe, an riosca dhlíthiúil, rioscaí inbhuanaitheachta, athruithe i gcomhdhéanamh phunann an ghnóthais, agus na gcóras lena ndéantar préimheanna a íocann sealbhóirí polasaithe a mhionathrú suas nó síos, ach sin ag brath ar stair a gcuid éileamh (córais bonus-malus) nó córais chomhchosúla, arna gcur chun feidhme i ngrúpaí rioscaí comhionanna sonracha;”;
(5)in Airteagal 275, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
“4.
Áireofar ar an mbeartas luacha saothair faisnéis maidir leis an gcaoi a gcuirtear comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh sa chóras bainistithe rioscaí.”;
(6)i gCaibidil IX de Theideal I, cuirtear an Roinn 6 seo a leanas leis:
“ROINN 6
Infheistíochtaí
Airteagal 275a
Rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i bprionsabal an duine stuama
1.
Nuair a dhéantar rioscaí a thagann chun cinn as infheistíochtaí a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú, a rialú, a thuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh orthu, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 132(2) de Threoir 2009/138/CE, cuirfidh gnóthais árachais agus athárachais rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh.
2.
Chun críoch mhír 1, déanfaidh gnóthais árachais agus athárachais an tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh a straitéise infheistíochta agus a gcinntí maidir le tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh agus, i gcás inarb ábhartha, léireoidh an straitéis agus na cinntí sin atá ag gnóthas árachais sainroghanna inbhuanaitheachta a gcustaiméirí arna gcur san áireamh sa phróiseas chun táirge a fhormheas dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún***.
___________
***
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún an Déardaoin 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais maoirseachta agus rialachais táirgí do ghnólachtaí árachais agus dáileoirí árachais (IO L 341, 20.12.2017, lch. 1).”.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán – Cuirtear isteach é 12 mhí tar éis a fhoilsithe].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21.4.2021
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN