|
|
Sainmhínithe
Chun críoch an Chóid, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
|
Is éard a chiallaíonn ‘cineál feithicle i dtaca lena chóras éigeandála le fanacht i lána’ catagóir feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile ó thaobh gnéithe bunúsacha ar nós:
|
|
|
(1)gnéithe feithicle a imríonn tionchar suntasach ar fheidhmíocht an chórais éigeandála le fanacht i lána;
|
|
|
(2)cineál agus dearadh an chórais éigeandála le fanacht i lána;
|
|
|
Ciallaíonn ‘feidhm cheartaitheach um rialú treorach (CDCF)’ feidhm rialaithe laistigh de chóras rialaithe leictreonach lenar féidir go n‑athrófaí uillinn stiúrtha rotha amháin nó níos mó agus/nó coscánú rothaí aonair, ar feadh tréimhse theoranta, de thoradh meastóireacht uathoibríoch ar chomharthaí a tionscnaíodh ar bord na feithicle, meastóireacht a mbíonn an rogha ann é a shaibhriú le sonraí a chuirtear ar fáil lasmuigh den fheithicil, agus a dhéantar ar mhaithe le himeacht ó lána a cheartú, e.g. chun a sheachaint go dtrasnófaí marcálacha lána, go n‑imeofaí den bhóthar;
|
|
|
ciallaíonn ‘feithicil is ábhar don tástáil’ an fheithicil atá á tástáil;
|
|
|
Ciallaíonn ‘an t‑achar go dtí marcáil lána (DTLM)’ an fad cliathánach atá fágtha (go hingearach leis an marcáil lána) idir an taobh istigh den mharcáil lána agus an chiumhais is forimeallaí den bhonn sula dtrasnaíonn an fheithicil is ábhar don tástáil an taobh istigh den mharcáil lána;
|
|
|
Ciallaíonn ‘bóthar cothrom’ bóthar a bhfuil fána ann is lú ná 1 % san fhadtreo agus, maidir leis an taobhthreo, is lú ná 2 % ar feadh leathleithead lána ar gach taobh den lárlíne agus is lú ná 3 % ar feadh na leithe amuigh den lána;
|
|
|
Ciallaíonn ‘bóthar tirim’ bóthar arb é 0.9 an chomhéifeacht bhuaic-choscánaithe ainmniúil atá aige;
|
|
|
Ciallaíonn ‘an Córas’ an córas rialaithe leictreonach agus na córais leictreonacha chasta um rialú is tarchur rialaithe an chórais éigeandála le fanacht i lána ann, nó is cuid den tarchur sin, lena n‑áirítear na naisc tarchuir chuig córais eile feithicle nó ó chórais eile feithicle a théann i bhfeidhm ar an gcóras éigeandála le fanacht i lána;
|
|
|
Ciallaíonn ‘aonaid’ na rannáin is lú de chomhpháirteanna an chórais a chuirfear san áireamh, ós rud é go ndéileálfar leis na comhcheangail sin de chomhpháirteanna mar eintitis aonair chun críche sainaitheanta, anailíse nó athsholáthair;
|
|
|
Ciallaíonn ‘naisc tarchuir’ aon trealamh leictreach, meicníoch, neomatach nó hiodrálach a úsáidtear chun aonaid dáilte a idirnascadh chun críche comharthaí, sonraí oibriúcháin nó soláthar fuinnimh a iompar;
|
|
|
Ciallaíonn 'córas rialaithe leictreonach' comhcheangal aonad atá ceaptha chun dul i gcomhar le chéile agus feidhm rialaithe feithicle á táirgeadh trí phróiseáil leictreonach sonraí;
|
|
|
Ciallaíonn ‘córas leictreonach casta um rialú feithicle’ córas rialaithe leictreonach inar féidir feidhm arna rialú le córas leictreonach nó ag an tiománaí a shárú le feidhm/córas leictreonach rialaithe ar leibhéal níos airde, rud a dhéanann cuid den chóras casta den fheidhm sin, chomh maith le haon sárú ar an gcóras, lena n‑áirítear na naisc tarchuir chuig na córais/feidhmeanna sáraitheacha lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus uathu;
|
|
|
Ciallaíonn ' straitéis rialaithe' straitéis chun a áirithiú gur go daingean agus go sábháilte a oibreoidh feidhm nó feidhmeanna córais rialaithe leictreonaigh mar fhreagairt ar thacar ar leith de dhálaí comhthimpeallacha agus/nó oibriúcháin (amhail riocht dhromchla an bhóthair, déine tráchta agus úsáideoirí eile bóithre, drochaimsir, etc.), rud a bhféadfadh díghníomhachtú uathoibríoch feidhme nó srianta feidhmíochta sealadacha (e.g. laghdú ar an uasluas oibriúcháin, etc.) a bheith i gceist leis;
|
|
|
Ciallaíonn 'coincheap na sábháilteachta' tuairisc ar na bearta a dearadh mar chuid den chóras, mar shampla laistigh de na haonaid leictreonacha, chun aghaidh a thabhairt ar shláine an chórais agus chun oibriú sábháilte a áirithiú faoi dhálaí fabht agus faoi dhálaí nach fabhtach, lena n‑áirítear i gcás cliseadh leictreach. D’fhéadfadh sé gur cuid de choincheap na sábháilteachta é go mbeadh féidearthacht tacachumais ann dul i muinín feidhmiú páirteach nó go fiú i muinín córas cúltaca i gcás feidhmeanna ríthábhachtacha feithicle.
|
|
|
|
|
|
Is éard a bheidh i gcóras éigeandála le fanacht i lána (ELKS) córas rabhaidh imeachta ó lána (LDWS) agus feidhm cheartaitheach um rialú treorach (CDCF).
|
|
|
Comhlíonfaidh an LDWS ceanglais phointí 3.1 go 3.4 agus phointe 3.5.
|
|
|
Comhlíonfaidh an CDCF ceanglais phointí 3.1 go 3.4 agus phointe 3.6.
|
|
|
Rabhaidh imeachta ó lána agus idirghabhálacha ón ELKS
Faoi réir na gceanglas sonrach thíos ceapfar an córas sa chaoi is go n‑íoslaghdófar rabhaidh agus idirghabhálacha maidir le hainlithe a dhéanann an tiománaí in aon turas.
|
|
|
|
|
|
Rabhadh teipe ELKS
Tabharfar rabhadh nuair a tharlaíonn teip sa ELKS a fhágann nach féidir ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
|
|
|
comhartha rabhaidh amhairc leanúnach a bheidh sa rabhadh teipe.
|
|
|
Ní bheidh eatramh ama suntasach idir gach féin‑seiceáil ELKS (feidhm chomhtháite lena ndéantar seiceáil ar theip sa chóras ar bhonn leanúnach le linn don chóras a bheith gníomhach ar a laghad), agus ina dhiaidh sin ní bheidh moill maidir leis an gcomhartha rabhaidh a shoilsiú, i gcás cliseadh is féidir a bhrath go leictreach.
|
|
|
Nuair a bhraitear aon choinníoll neamhleictreach teipe (e.g. mí‑ailíniú braiteora), gníomhachtófar an comhartha rabhaidh a shainmhínítear i bpointe 3.1.1.
|
|
|
Má tá modh chun an ELKS a dhíghníomhachtú feistithe san fheithicil tabharfar rabhadh i gcomhréir le pointe 3.2 nuair dhéanfar an córas a díghníomhachtú. comhartha rabhaidh amhairc leanúnach a bheidh ansin. An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1. féadfar é a úsáid chuige sin.
|
|
|
|
|
|
Díghníomhachtú láimhe
I gcás ina mbeidh modh chun an fheidhm ELKS a dhíghníomhachtú de láimh, go páirteach nó go hiomlán, feistithe i bhfeithicil, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas de réir mar is iomchuí:
|
|
|
Déanfar feidhm iomlán an ELKS a athshocrú go huathoibríoch agus go hiomlán gach uair a dhéanfar máistirlasc rialaithe na feithicle a ghníomhachtú.
|
|
|
Ní fhéadfar an ELKS iomlán a dhíghníomhachtú de láimh gan dhá ghníomh d’aon ghnó a dhéanamh ar a laghad, e.g. brú ar chnaipe agus a choinneáil síos, nó rogha roghchláir a roghnú agus a dheimhniú. Féadfar rabhaidh fhuaimiúla den LDWS a mhúchadh go héasca, ach ní dhéanfaidh gníomh den sórt sin an LDWS ná an CDCF a dhíghníomhachtú ag an am céanna.
|
|
|
Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 3 a dhéanfar an cumas díghníomhachtaithe láimhe a thástáil.
|
|
|
Díghníomhachtú uathoibríoch
Má tá modh chun feidhm an ELKS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch, go páirteach nó go hiomlán, feistithe san fheithicil, mar shampla i gcásanna amhail úsáid easbhóthair, a bheith ar tarraingt, leantóir a cheangal leis an bhfeithicil nó an rialú leictreonach cobhsaíochta (ESC) á dhíghníomhachtú, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas de réir mar is iomchuí:
|
|
|
Mar chuid den iniúchadh sábháilteachta, cuirfidh monaróir na feithicle liosta cásanna agus critéir chomhfhreagracha ar fáil ina ndéanfar feidhm an ELKS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch agus cuirfear an liosta sin i gceangal leis an tuarascáil tástála.
|
|
|
Déanfar feidhm an ELKS a athghníomhachtú go huathoibríoch agus go hiomlán a luaithe nach mbeidh na coinníollacha as ar eascair an díghníomhachtú uathoibríoch ann a thuilleadh.
|
|
|
Cuirfear in iúl don tiománaí le comhartha rabhaidh amhairc leanúnach go bhfuil feidhm an ELKS díghníomhachtaithe. Féadfar an comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1 thuas a úsáid chun na críche sin.
|
|
|
|
|
|
Maidir le hainlithe a dhéanann an tiománaí in aon turas
Mar chuid den iniúchadh sábháilteachta, soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta ina bhfuil rochtain ar dhearadh agus loighic bhunúsach an chórais um ainlithe a bheartaíonn an tiománaí a bhrath agus an ELKS a shochtadh go huathoibríoch. Cuimseofar sa phacáiste sin liosta de na paraiméadair a braitheadh agus tuairisc bhunúsach ar an modh a úsáidtear chun a chinneadh gur cheart an córas a shochtadh, lena n‑áirítear teorainnluachanna nuair is féidir. Maidir leis an CDCF agus an LDWS araon, déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar an bpacáiste doiciméadachta nach é sochtadh uathoibríoch an chórais an toradh a bheidh ar ainlithe a dhéanann an tiománaí go neamhintinneach, laistigh de na paraiméadair tástála maidir le fanacht i lána (go háirithe treoluas imeachta chliathánaigh).
|
|
|
Ceadaítear an ELKS a shochtadh go huathoibríoch i gcásanna ina bhfuil gluaiseacht chliathánach na feithicle á rialú ag feidhmeanna eile cúnta tiománaí nó stiúrtha uathoibríoch (i.e. Feidhm stiúrtha uathrialaitheach, feidhm stiúrtha éigeandála nó fanacht uathoibríoch i lána), nó i gcásanna ina bhfuil feidhmeanna eile a bhaineann le sábháilteacht (i.e. feidhmeanna atá in ann iompar dinimiciúil na feithicle a athrú, amhail AEBS, ESC, etc.) i mbun idirghabhála. Fógróidh an monaróir na cásanna sin mar chuid den iniúchadh sábháilteachta.
|
|
|
Forálacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta
|
|
|
Chun críoch tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí, beifear in ann na gnéithe seo a leanas den ELKS a dheimhniú:
(a)Stádas ceart oibríochtúil an ELKS, rud a bheifear in ann a dheimhniú trí stádas an chomhartha rabhaidh teipe a bhreathnú tar éis gníomhachtú mháistirlasc rialúcháin na feithicle agus seiceáil bolgáin ar bith. I gcás ina dtaispeántar an comhartha rabhaidh teipe i spás coiteann ( an áit ar féidir dhá cheann nó níos mó d’fheidhmeanna faisnéise/siombailí a thaispeáint, ach ní ag an am céanna), ní mór a sheiceáil ar dtús go bhfuil an spás coiteanna feidhmiúil sula seiceáiltear stádas an chomhartha rabhaidh teipe;
(b)Feidhmiúlacht cheart an ELKS agus sláine na mbogearraí, rud a bheifear in ann a dheimhniú trí chomhéadan leictreonach feithicle a úsáid, amhail an ceann a leagtar síos i bpointe I.(14) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/45/AE , i gcás ina mbeidh saintréithe teicniúla san fheithicil a fhágfaidh gur féidir sin a dhéanamh agus ina gcuirfear na sonraí is gá ar fáil. Áiritheoidh monaróirí go gcuirfidh siad an fhaisnéis theicniúil ar fáil le haghaidh an comhéadan leictreonach feithicle a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/621.
|
|
|
Tráth an chineálcheadaithe, an modh a roghnaíonn an monaróir chun cosaint a thabhairt ar mhodhnú simplí neamhúdaraithe ar oibriú an chomhartha rabhaidh teipe, tabharfar cuntas rúnda air sin mar chuid den iniúchadh sábháilteachta in Iarscríbhinn II. De rogha air sin, comhlíonfar an ceanglas cosanta sin nuair a bheidh modh tánaisteach chun stádas ceart oibriúcháin an ELKS a sheiceáil ar fáil.
|
|
|
Ceanglais maidir leis an LDWS
|
|
|
Raon luais
Caithfidh an LDWS a bheith gníomhach nuair atá luas faoin bhfeithicil sa raon idir 65 km/h agus 130 km/h (nó uasluas na feithicle, más lú ná 130 km/h atá ann), agus a bheith gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir phointe 3.2.
|
|
|
Má théann an fheithicil níos mó ná DTLM -0.3 m thar mharcáil lána infheicthe don lána ina bhfuil sí ag imeacht, is ansin ar a dhéanaí a chaithfidh an LDWS a bheith in ann rabhadh a thabhairt don tiománaí nuair a dhéantar é a ghníomhachtú agus a oibriú laistigh den raon luais forordaithe:
(a) maidir le treoluasanna imeachta chliathánaigh sa raon idir 0.1 m/s agus 0.5 m/s:
(b) ar bhóithre díreacha, cothroma, tirime;
(c) maidir le marcálacha lána neamhbhriste agus briste atá ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip – Forálacha comhionanna maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil leis an gCóras Rabhaidh Imeachta ó Lána agus marcálacha eile a mbíonn súil leo ar bhóithre an Aontais;
(d) agus bail mhaith ar na marcálacha agus iad déanta as ábhar atá i gcomhréir le caighdeán an pháirtí chonarthaigh sin le haghaidh marcálacha infheicthe;
(e) i ngach staid soilsithe agus na braiteoirí gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula (ceannlampaí léis mhaolaithe) gníomhachtaithe a bheith ann más gá;
(f) gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar infheictheacht na marcálacha lána (e.g. nach mbeadh sé ina cheo).
An fheidhmíocht a éilítear, aithnítear nach bhféadfar í a bhaint amach go hiomlán faoi choinníollacha eile seachas na coinníollacha a liostaítear thuas. Mar sin féin, ní dhéanfar leis an gcóras an straitéis rialaithe a athrú go míréasúnta sna coinníollacha eile sin.
An cumas rabhadh a thabhairt maidir le himeacht ó lána, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 4 a dhéanfar é a thástáil.
|
|
|
Táscaire rabhaidh an LDWS
|
|
|
An rabhadh maidir le himeacht ó lána dá dtagraítear i bpointe 3.5.2, beidh sé le tabhairt faoi deara ag an tiománaí, agus is de bhíthin na nithe seo a leanas a thabharfar é:
(a) péire ar a laghad de na modhanna rabhaidh seo a leanas – modh an amhairc, modh na fuaime agus an modh haptach, nó
(b) ceann díobh a bheith i gceist, modh rabhaidh na fuaime nó an modh rabhaidh haptach, chomh maith le táscaire spásúil maidir leis an treo a bhfuil an fheithicil ag gluaiseacht go neamhintinneach.
An rabhadh a luaitear thuas, féadfar é a shochtadh i gcás ina ndéanfaidh an tiománaí gníomh a chuirfidh in iúl go bhfuil sé ar intinn aige imeacht ón lána;
|
|
|
An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1 thuas, féadfar sin a úsáid i mód splanctha i gcás inar comhartha amhairc a úsáidfear le haghaidh an rabhaidh maidir le himeacht ó lána.
|
|
|
I gcás ina ndéanfaidh an CDCF idirghabháil maidir le fanacht i lána, measfar sin a bheith ina rabhadh haptach i gcomhréir le pointe 3.5.3.1.
|
|
|
Comhartha rabhaidh amhairc an LDWS, déanfar é a ghníomhachtú nuair a chuirfear máistir-lasc rialaithe na feithicle ar siúl. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le comharthaí rabhaidh a léirítear i spás coiteann.
|
|
|
Comharthaí rabhaidh amhairc an LDWS, beidh siad le feiceáil fiú faoi sholas an lae; bail shásúil a bheith ar na comharthaí, ní mór an tiománaí a bheith in ann sin a dheimhniú go héasca agus é ina shuí i suíochán an tiománaí.
|
|
|
Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 4 a dhéanfar an comhartha rabhaidh amhairc a thástáil.
|
|
|
Ceanglais feidhmíochta maidir leis an CDCF
|
|
|
Raon luais
Caithfidh an CDCF a bheith gníomhach idir 70 km/h agus 130 km/h (nó uasluas na feithicle, más lú ná 130 km/h atá ann) ar a laghad, agus a bheith gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir phointe 3.2. Mar sin féin, i gcás ina laghdaítear luas na feithicile ó luas is mó ná 70 km/h go dtí ceann is lú ná 70 km/h, beidh an córas gníomhach go dtí go rachaidh luas na feithicle faoi bhun 65 km/h ar a laghad.
|
|
|
Fanacht i lána
Gan coinníollacha a bheith ann arb é díghníomhachtú nó sochtadh an chórais an toradh a bheadh orthu, imeacht ó lána trí dhul níos mó ná DTLM - 0.3 m thar mharcálacha lána infheicthe sna cásanna a léirítear sa tábla seo a leanas, beidh an CDCF in ann an imeacht sin a chosc:
(a) i gcás treoluais imeachta chliathánaigh sa raon idir 0.2 m/s agus 0.5 m/s maidir le luasanna feithicle suas le 100 km/h agus i gcás treoluais fágála chliathánacha sa raon idir 0.2 m/s go 0.3 m/s maidir le luasanna feithicle is mó ná 100 km/h agus suas le 130 km/h (nó uasluas na feithicle más lú ná 130 km/h atá ann);
(b) ar bhóithre díreacha, cothroma, tirime;
(c) le haghaidh marcálacha lána neamhbhriste atá ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA;
(d) agus bail mhaith ar na marcálacha agus iad déanta as ábhar atá i gcomhréir le caighdeán an pháirtí chonarthaigh sin le haghaidh marcálacha infheicthe;
(e) i ngach staid soilsithe agus na braiteoirí gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula (ceannlampaí léis mhaolaithe) gníomhachtaithe a bheith ann más gá;
(f) gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar fheidhmíocht dhinimiciúil na feithicle (e.g. nach mbeadh sé ina stoirm, nach mbeadh teocht faoi bhun 5 °C ann) ná ar infheictheacht na marcálacha lána (e.g. nach mbeadh sé ina cheo).
|
Uimh.
|
Tuairisc ar an gcás
|
|
1.
|
Líne neamhbhriste - imeacht i dtreo thaobh na láimhe deise den fheithicil
|
|
2.
|
Líne neamhbhriste - imeacht i dtreo thaobh na láimhe clé den fheithicil
|
|
|
|
An fheidhmíocht a éilítear le haghaidh na gcásanna atá sa tábla seo, aithnítear nach bhféadfar í a bhaint amach go hiomlán faoi choinníollacha eile seachas na coinníollacha a liostaítear thuas. Mar sin féin, ní dhéanfar leis an gcóras an straitéis rialaithe a athrú go míréasúnta sna coinníollacha eile sin. Is i gcomhréir leis an iniúchadh sábháilteachta a léireofar sin.
|
|
|
Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar an cumas fanachta i lána a thástáil.
|
|
|
|
|
|
An iarracht rialaithe stiúrtha is gá chun an rialú treorach sholáthraíonn an córas a shárú, ní bheidh sé níos mó ná 50 N. Ní hé go dtagann caillteanas suntasach tacaíochta stiúrtha i gceist go tobann a luaithe a dhéantar an sárú.
|
|
|
Maidir le córais CDCF nach dtéann i bhfeidhm ar an stiúradh féin (e.g. CDCF de chineál an choscánaithe dhifreálaigh), ní bheidh an t‑ionchur stiúrtha níos mó ná 25 chéim.
|
|
|
An iarracht sháraithe um rialú stiúrtha, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar í a thástáil.
|
|
|
Táscaire rabhaidh an CDCF
|
|
|
Cuirfear gach idirghabháil ón CDCF in iúl don tiománaí láithreach le comhartha rabhaidh amhairc a bheidh ar taispeáint ar feadh soicind amháin ar a laghad nó fad a mhairfidh idirghabháil, cibé acu sin is faide. An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1, féadfar gurb é a splancadh sin a bheidh sa chomhartha amhairc.
|
|
|
I gcás idirghabhála is faide ná 10 soicind, tabharfar comhartha rabhaidh fuaime go dtí deireadh na hidirghabhála mura rud é go ndéanfaidh an tiománaí gníomh a chuirfidh in iúl go bhfuil sé ar intinn aige imeacht ón lána.
|
|
|
I gcás ina dtarlóidh dhá idirghabháil nó níos mó i ndiaidh a chéile in imeacht eatramh rollach 180 soicind agus nach mbeidh ionchur stiúrtha ann ó thaobh an tiománaí le linn an eatraimh sin, tabharfaidh an córas comhartha rabhaidh fuaime le linn an dara hidirghabháil agus aon idirghabháil eile a bheidh ann laistigh d’eatramh rollach 180 soicind. Ón tríú hidirghabháil i leith (agus maidir leis na hidirghabhálacha ina dhiaidh sin) leanfaidh an comhartha rabhaidh fuaime ar feadh 10 soicind ar a laghad níos faide ná an comhartha rabhaidh roimhe sin.
|
|
|
Na ceanglais i bpointí 3.6.4.1.1 agus 3.6.4.1.2, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar iad a thástáil.
|
|
|
Ceanglais tástála maidir leis an LDWS
|
|
|
Forálacha ginearálta
Feithiclí a bhfuil LDWS feistithe iontu, comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí tástála atá sa phointe seo
|
|
|
Dálaí tástála
Déanfar na tástálacha:
(a)Ar asfalt réidh tirim nó ar dhromchla bóthair de chineál coincréite agus é réidh tirim, rud nach bhféadfaidh aon mhírialtacht a bheith ann (e.g. claonais nó scoilteanna móra, clúdaigh dúnphoill nó stodaí frithchaiteacha) laistigh d’achar cliathánach 3.0m ar gach taobh de lár an lána tástála, agus fad 30m ann roimh an bhfeithicil is ábhar don triail ón bpointe a thagann deireadh leis an tástáil.
(b)I ndálaí soilsis chomhthimpeallaigh 2000 Lux ar a laghad agus na braiteoirí gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula gníomhachtaithe a bheith ann más gá.
(c)I dteochtaí aeir chomhthimpeallaigh idir 5 °C agus 45 °C.
(d)Gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar infheictheacht na marcálacha lána, e.g. ceo.
De rogha an mhonaróra agus le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla, féadfar na tástálacha a dhéanamh faoi choinníollacha a imíonn ón méid a bhfuil tuairisc air thuas (e.g. ag teochtaí aeir chomhthimpeallaigh níos ísle).
|
|
|
Marcálacha lána
Na marcálacha líne neamhbhriste agus na marcálacha líne briste ar an mbóthar a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, beidh siad ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Beidh bail mhaith ar na marcálacha agus beidh siad déanta as ábhar atá i gcomhréir leis an gcaighdeán le haghaidh marcálacha infheicthe. An leagan amach marcálacha lána a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, déanfar é a thaifeadadh sa tuarascáil tástála.
Is 3.5 m ar a laghad a bheidh i leithead an lána (arna thomhas idir marcálacha an lána) chun críocha na dtástálacha atá sa phointe seo. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go gcomhlíonann sé gach marcáil lána eile a shainaithnítear in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Cuirfear aon chuid den doiciméadacht sin i gceangal leis an tuarascáil tástála.
|
|
|
Dálaí na feithicle is ábhar don tástáil
|
|
|
Mais tástála
An staid ina mbeidh an fheithicil is ábhar don tástáil ó thaobh ualaigh de agus tástáil á déanamh uirthi, comhaontófar sin idir an monaróir agus an tSeirbhís Theicniúil. Ní athrófar an t‑ualach tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go bhfeidhmíonn an córas cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de.
|
|
|
An fheithicil is ábhar don tástáil, beidh brú na mbonn de réir mar a mholfaidh monaróir na feithicle agus í á tástáil.
|
|
|
I gcás ina mbeidh tairseach rabhaidh atá inchoigeartaithe ag an úsáideoir feistithe sa LDWS, is ag an socrú uasta maidir le himeacht ó lána a bheidh an tairseach rabhaidh socraithe agus na tástálacha a shonraítear i bpointe 4.3 á ndéanamh. Ní dhéanfar aon athrú tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála.
|
|
|
Cóiriú réamhthástála
Má iarrann an monaróir feithiclí é, féadfar an fheithicil a thiomáint chun an córas braiteora a chalabrú, tiomáint ar 100 km ar a mhéid is féidir a bheith i gceist léi agus sin ar mheascán de bhóithre uirbeacha agus bóithre tuaithe fara trácht eile agus troscán cois bóthair.
|
|
|
|
|
|
Tástáil fíoraithe maidir leis an gcomhartha rabhaidh amhairc
A sheiceáil, agus an fheithicil ina stad, go gcomhlíonann an comhartha (nó na comharthaí) rabhaidh amhairc ceanglais phointe 3.5.3.2.
|
|
|
Tástáil an rabhaidh maidir le himeacht ó lána
|
|
|
An fheithicil a thiomáint ar luas 70 km/h ± 3 km/h isteach i lár an lána tástála ar bhealach rianúil ionas gur cobhsaí di.
Agus an luas forordaithe á choinneáil ar bun, an fheithicil a ghluaiseacht go réidh, ar chlé nó ar dheis, de threoluas imeachta chliathánaigh idir 0.1 agus 0.5 m/s ionas go dtrasnaíonn an fheithicil an mharcáil lána.
An tástáil a dhéanamh arís ag ráta imeachta eile laistigh den raon idir 0.1 agus 0.5 m/s. Na tástálacha thuas a dhéanamh arís ach gluaiseacht sa treo eile.
|
|
|
An táscaire rabhaidh maidir le himeacht ó lána a luaitear i bpointe 3.5.3.1 thuas, comhlíonfar na ceanglais tástála má sholáthraíonn an LDWS an táscaire sin an tráth a bhfuil DLTM -0.3 m ann ar a dhéanaí.
|
|
|
Ina theannta sin, léireoidh monaróir na feithicle chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an raon luais iomlán agus an raon treoluais imeachta chliathánaigh. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.
|
|
|
Tástáil díghníomhachtaithe láimhe
|
|
|
Má tá modh chun an ELKS (LDWS) a dhíghníomhachtú de láimh feistithe san fheithicil, lasc mháistir-rialaithe na feithicle a chur chuig an suíomh ‘Power ON’ agus an ELKS (LDWS) a dhíghníomhachtú. Déanfar an comhartha rabhaidh a shonraítear i bpointe 3.2.3 a ghníomhachtú.
An lasc mháistir-rialaithe a chur chuig an suíomh “Power OFF”. Lasc mháistir-rialaithe na feithicle a chur chuig an suíomh ‘Power ON’ agus a fhíorú nach ndéantar an comhartha rabhaidh a gníomhachtaíodh roimhe sin a athghníomhachtú, rud a thabharfaidh le fios go bhfuil an ELKS (LDWS) athshocraithe faoi mar a shonraítear i bpointe 3.2.1.1.
|
|
|
Ceanglais tástála maidir leis an CDCF
|
|
|
Forálacha ginearálta
Feithiclí a bhfuil CDCF feistithe iontu, comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí tástála atá sa phointe seo.
|
|
|
Dálaí tástála
Déanfar na tástálacha:
(a)Ar asfalt réidh tirim nó ar dhromchla bóthair de chineál coincréite agus é réidh tirim, rud nach bhféadfaidh aon mhírialtacht a bheith ann (e.g. claonais nó scoilteanna móra, clúdaigh dúnphoill nó stodaí frithchaiteacha) laistigh d’achar cliathánach 3.0 m ar gach taobh de lár an lána tástála, agus fad 30 m ann roimh an bhfeithicil is ábhar don triail ón bpointe a thagann deireadh leis an tástáil.
(b)I ndálaí soilsis chomhthimpeallaigh 2000 Lux ar a laghad agus na braiteoiri gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula gníomhachtaithe a bheith ann más gá.
(c)I dteochtaí aeir chomhthimpeallaigh idir 5 °C agus 45°C.
(d)Gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar fheidhmíocht dhinimiciúil na feithicle (e.g. nach mbeadh sé ina stoirm, nach mbeadh teocht faoi bhun 5 °C ann) ná ar infheictheacht na marcálacha lána (e.g.ceo).
De rogha an mhonaróra agus le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla, féadfar na tástálacha a dhéanamh faoi choinníollacha a imíonn ón méid a bhfuil tuairisc air thuas (e.g. ag teochtaí aeir chomhthimpeallaigh níos ísle).
|
|
|
Marcálacha lána
An mharcáil líne neamhbhriste a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, beidh sí ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Beidh bail mhaith ar an marcáil agus beidh sí déanta as ábhar atá i gcomhréir leis an gcaighdeán le haghaidh marcálacha infheicthe. An mharcáil lána a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, déanfar í a thaifeadadh sa tuarascáil tástála.
Is achar 3.5 m ar a laghad ó aon mharcáil lána eile a bheidh an mharcáil lána neamhbhriste chun críocha na dtástálacha atá sa phointe seo. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go gcomhlíonann sé gach marcáil lána neamhbhriste eile a shainaithnítear in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Cuirfear aon chuid den doiciméadacht sin i gceangal leis an tuarascáil tástála.
|
|
|
Dálaí na feithicle is ábhar don tástáil
|
|
|
Mais tástála
An staid ina mbeidh an fheithicil is ábhar don tástáil ó thaobh ualaigh de agus tástáil á déanamh uirthi, comhaontófar sin idir an monaróir agus an tSeirbhís Theicniúil. Ní athrófar an t‑ualach tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go bhfeidhmíonn an córas cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de.
|
|
|
An fheithicil is ábhar don tástáil, beidh brú na mbonn de réir mar a mholfaidh monaróir na feithicle agus í á tástáil.
|
|
|
I gcás ina mbeidh tairseach uainithe atá inchoigeartaithe ag an úsáideoir feistithe sa CDCF, déanfar an tástáil a shonraítear i bpointe 5.3.3 agus an tairseach uainithe socraithe agus an socrú is déanaí atá inti maidir le hidirghabháil ón gcóras. Ní dhéanfar aon athrú tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála.
|
|
|
Cóiriú réamhthástála
Má iarrann an monaróir feithiclí é, féadfar an fheithicil a thiomáint chun an córas braiteora a chalabrú, tiomáint ar 100 km ar a mhéid is féidir a bheith i gceist léi agus sin ar mheascán de bhóithre uirbeacha agus bóithre tuaithe fara trácht eile agus troscán cois bóthair.
|
|
|
|
|
|
Tástáil maidir leis an táscaire rabhaidh
|
|
|
An fheithicil is ábhar don tástáil, déanfar í a thiomáint agus CDCF gníomhachtaithe inti ar bhóthar ar a bhfuil marcálacha lána neamhbhriste ar thaobh amháin den lána ar a laghad.
Na dálaí tástála agus luas tástála na feithicle is ábhar don tástáil, beidh siad laistigh de raon oibriúcháin an chórais.
Le linn na tástála, déanfar fad na n‑idirghabhálacha ón CDCF agus fad na gcomharthaí rabhaidh fuaime agus amhairc a thaifeadadh.
Sa chás dá dtagraítear i bpointe 3.6.4.1.1, déanfar an fheithicil is ábhar don tástáil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gurb é an toradh a bheidh air sin go gcoinneofar idirghabháil ón CDCF ag imeacht ar feadh tréimhse is faide ná 10 soicind. Más rud é nach féidir a leithéid de thástáil a dhéanamh go praiticiúil de bharr theorainneacha na saoráidí tástála, féadfar an ceanglas seo a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, le toiliú an Údaráis Cineálcheadaithe.
Comhlíonfar na ceanglais tástála má thugtar an rabhadh fuaime tráth nach déanaí ná 10 soicind tar éis thús na hidirghabhála.
Sa chás dá dtagraítear i bpointe 3.6.4.1.2, déanfar an fheithicil is ábhar don tástáil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gurb é an toradh a bheidh air sin go mbeidh trí idirghabháil ar a laghad ann ón gcóras in imeacht eatramh rollach 180 soicind.
Comhlíonfar na ceanglais tástála má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) tugtar comhartha rabhaidh amhairc le haghaidh gach idirghabhála, fad a mhaireann an idirghabháil;
(b) tugtar comhartha rabhaidh fuaime nuair atá an dara agus an tríú hidirghabháil ann;
(c) an comhartha rabhaidh fuaime a thugtar nuair atá an tríú hidirghabháil ann, tá sé 10 soicind ar a laghad níos faide ná an ceann a thugtar agus an dara hidirghabháil ann.
|
|
|
Ina theannta sin, léireoidh an monaróir chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais a shainmhínítear i bpointí 3.6.4.1.1 agus 3.6.4.1.2 i raon iomlán oibríochta an CDCF. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.
|
|
|
Tástáíl maidir le sárú stiúrtha
|
|
|
An fheithicil is ábhar don tástáil, déanfar í a thiomáint agus CDCF gníomhachtaithe inti ar bhóthar ar a bhfuil marcálacha lána neamhbhriste ar gach taobh den lána.
Na dálaí tástála agus luas tástála na feithicle is ábhar don tástáil, beidh siad laistigh de raon oibriúcháin an chórais.
Déanfar an fheithicil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gur idirghabháil ón CDCF an toradh a bheidh air sin. Le linn na hidirghabhála, déanfaidh an tiománaí an iarracht rialaithe stiúrtha is gá chun an idirghabháil a shárú.
Taifeadfar an fórsa agus an t‑ionchur stiúrtha a chuireann an tiománaí i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha chun an idirghabháil a shárú.
Comhlíonfar na ceanglais tástála má bhíonn na nithe seo a leanas i gceist:
(a) Ní mó ná 50 N an fórsa a chuireann an tiománaí i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha chun an idirghabháil a shárú.
(b) Ní hé go dtagann caillteanas suntasach tacaíochta stiúrtha i gceist go tobann a luaithe a sháraítear an CDCF.
(c) Maidir le ELKSanna nach dtéann i bhfeidhm ar an stiúradh féin (e.g. CDCF de chineál an choscánaithe dhifreálaigh), ní mó ná 25 chéim an t‑ionchur stiúrtha.
|
|
|
Ina theannta sin, léireoidh an monaróir chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais a shainmhínítear i mír 3.6.4 i raon iomlán oibríochta an CDCF. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.
|
|
|
Tástáil maidir le fanacht i lána
|
|
|
Déanfar an CDCF a thástáil le haghaidh cásanna tástála Uimh. 1 agus Uimh. 2 a ndéantar tuairisc orthu i bpointe 3.6.2.
|
|
|
Déanfar tástálacha le haghaidh gach cáis ag treoluasanna cliathánacha 0.2 m/s agus 0.5 m/s.
|
|
|
An chonair tástála ar a mbeifear ag tiomáint, is éard a bheidh inti conair dhíreach tosaigh atá comhthreomhar leis an marcáil lána neamhbhriste a bheifear a thástáil, agus cuar ga fhosaithe ina dhiaidh sin ar mhaithe le treoluas cliathánach agus luascáil aitheanta a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfeithicil is ábhar don tástáil, agus conair dhíreach ina dhiaidh sin arís áit a mbeifear ag tiomáint gan aon fhórsa a chur i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha (e.g. trí na lámha a bhaint den rialtán stiúrtha).
|
|
|
Is é 72 km/h ± 1 km/h a bheidh i luas na feithicle is ábhar don tástáil le linn na tástála go dtí go mbeidh idirghabháil ón gcóras ann.
Cuar an gha fhosaithe a thiomáinfear chun an treoluas cliathánach is gá a chur i bhfeidhm, 1200 m nó níos mó a bheidh sa gha aige.
Beidh lamháltas ± 0.05 m/s i gceist agus an treoluas cliathánach is gá á bhaint amach.
Cuirfidh monaróir na feithicle faisnéis ar fáil ina mbeidh tuairisc ar gha an chuair atá le tiomáint agus ar an suíomh ina gcuirfear deireadh leis an gconair lúibe iata agus/nó leis an rialú luais chun a áirithiú go mbeidh gluaiseacht shaor ann ionas nach gcuirfear isteach ar shochtadh uathoibríoch de réir phointe 3.3.1.
|
|
|
An fheithicil is ábhar don tástáil, comhlíonfar na ceanglais tástála mura dtéann sí DTLM is mó ná -0.3 m. thar an marcáil lána.
|
|
|
Ina theannta sin, léireoidh monaróir na feithicle chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an raon luais iomlán agus an raon treoluais imeachta chliathánaigh. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.
|