GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR

Teideal an tionscnaimh

Creat éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos le haghaidh na 10 mbliana amach romhainn

Príomh-AS (an taonad atá freagrach)

Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinnimh, PLAN/2025/2577

Aonad B.2 - Éifeachtúlacht Fuinnimh: Beartas agus Maoiniú

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Beart reachtach

Amchlár táscach

R4 2026

Eolas breise

Éifeachtúlacht fuinnimh

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

I mí an Mheithimh 2025, d’iarr an Coimisinéir Jørgensen go mbeadh spreagadh nua ann le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh. Luadh i gClár Oibre 2026 an Choimisiúin nach mór don Eoraip fanacht ar an mbóthar ceart chun a spriocanna aeráide a bhaint amach agus cuireadh creat cumasúcháin chun cinn ann le haghaidh na 10 mbliana amach romhainn lena ndaingneofar iomaíochas agus inbhuanaitheacht na hEorpa, cuir i gcás tríd an gcreat éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú agus trí dheireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontas breosla iontaise. Rannchuideoidh an tionscnamh leis an sprioc a comhaontaíodh go sealadach a bhaint amach, is é sin glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90 % in 2040 i gcomparáid le 1990, sprioc a leagtar amach sa leasú ar an Dlí Aeráide Eorpach. Meastar go mbeidh ról lárnach ag creat éifeachtúlachta fuinnimh nuachóirithe, neartaithe agus cuíchóirithe maidir leis an sprioc sin a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, agus iomaíochas an Aontais á neartú, slándáil fuinnimh á feabhsú, inacmhainneacht á cinntiú do shaoránaigh agus do ghnóthais agus astaíochtaí truailleán aeir á laghdú san am céanna. Chun sprioc aeráide 2040 a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, beidh gá le mórathrú ar fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, agus lena gcomhtháthú córasach i ngach earnáil. Cuireann an tionscnamh seo leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, tá sé comhsheasmhach leis na cuspóirí a bhaineann le fíor-Aontas Fuinnimh neamhspleách, leis an gCompás Iomaíochais, leis an bPacáiste um na hEangacha, leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus le Dlí Aeráide 2040 agus forbrófar é i gcomhar le tionscnaimh eile atá ar siúl faoi láthair agus atá beartaithe ar fud dhlí aeráide agus fuinnimh an Aontais, cuir i gcás an t‑athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Rialachas, spriocanna agus solúbthachtaí náisiúnta aeráide tar éis 2030, an creat nuashonraithe um fhuinneamh in-athnuaite, Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), gné shóisialta an Aontais Fuinnimh, agus tionscnaimh beartais fuinnimh ábhartha eile agus ionstraimí cumasúcháin.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

D’ainneoin roinnt dul chun cinn maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh le blianta beaga anuas agus d’ainneoin na dtairbhí doshéanta a cuireadh ar fáil, tá gá le bearta costéifeachtúla chun iomaíochas agus slándáil fuinnimh na hEorpa a fheabhsú, chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte a laghdú, agus chun sprioc aeráide 2040 agus sprioc aeráidneodrachta 2050 a bhaint amach. Tá gá le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh in earnálacha úsáide deiridh, ar fud an chórais fuinnimh agus ag an gcomhéadan idir soláthar agus éileamh freisin. D’ainneoin réitigh chostéifeachtúla éifeachtúlachta fuinnimh a bheith ar fáil agus d’ainneoin a mhéid a chuireann siad go mór le OTI agus margadh fostaíochta an Aontais, tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe fós ann. Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin, ní mór dul i ngleic le sraith dúshlán struchtúrach nach mór aghaidh a thabhairt orthu leis an gcreat nua agus leis na huirlisí cumasúcháin a ghabhann leis, cuir i gcás an méid seo a leanas:

·Tá easnaimh ann faoi láthair maidir le cur chun feidhme iomlán agus bealach amháin chun cinn is ea na rialacha atá ann faoi láthair a chuíchóiriú agus leas a bhaint as acmhainneacht an chreata reachtaigh nach bhfuil leas á baint aisti trí uirlisí cumasúcháin a fhorbairt chun a chur chun feidhme a chinntiú.

·Tá scéimeanna maoinithe, dreasachtaí agus uirlisí tacaíochta fós ilroinnte agus gearrshaolach agus cuirtear isteach orthu go minic, rud a chruthaíonn éiginnteacht agus easpa treo polaitiúil d’infheisteoirí.

·Tá sé fós dúshlánach cistiú poiblí a úsáid chun leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha ar scála. Tá feabhas tagtha ar thréimhsí aisíoca le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, ach cuireann úsáid theoranta conarthaí feidhmíochtbhunaithe, comhiomlánú neamhleor tionscadal beag agus riachtanais chaipitil tosaigh arda, mar aon leis an easpa creataí caighdeánaithe tomhais agus fíoraithe, leis na rioscaí airgeadais a mheastar a bheith ann agus cuireann siad srian ar shlógadh caipitil phríobháidigh.

·Maidir le roghanna fuinneamhéifeachtúla le haghaidh soláthar agus éileamh fuinnimh chomh maith le comhtháthú córas, ní i gcónaí a dhéantar measúnú orthu agus a thugtar tús áite dóibh chun córais fuinnimh atá ceaptha go héifeachtúil a chur ar fáil.

·Léiríodh go bhfuil iniúchtaí fuinnimh agus córais bhainistíochta an-éifeachtach maidir le hacmhainneacht coigiltis fuinnimh gnóthas a shainaithint. Mar sin féin, is dúshlán fós é glacadh na moltaí.

·Tá dúshláin ag baint le hearnáil mhéadaitheach na lárionad sonraí agus saoráidí eile, cuir i gcás cumhacht a thiontú go x, ó thaobh ídiú fuinnimh agus uisce, aisghabháil teasa iomarcaigh agus dramhtheasa agus infhaighteacht eangacha leictreachais de.

·Níl dul chun cinn á dhéanamh maidir le leictriú an éilimh le déanaí, rud a thacódh leis an aistriú chuig córais atá níos fuinneamhéifeachtúla.

·Tá dícharbónú an téimh agus an fhuaraithe ceantair fós casta ó thaobh na teicneolaíochta agus an riaracháin de, agus tá saobhadh margaidh ann mar gheall ar fhóirdheontais breosla iontaise agus seachtrachtaí neamhphraghsáilte.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Airteagal 194(2) agus, más iomchuí, Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Ní mór don Eoraip aeráidneodracht a bhaint amach agus feabhas a chur ar a neamhspleáchas, ar a hiomaíochas agus ar a slándáil fuinnimh an tráth céanna. Is dúshláin iomadúla idirnasctha iad sin nach féidir aghaidh a thabhairt orthu le gníomhaíocht náisiúnta nó áitiúil amháin. Rannchuidíonn éifeachtúlacht fuinnimh leis na tosaíochtaí sin uile. Chun dlús costéifeachtúil a chur le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, in éineacht le bearta comhtháthaithe córais fuinnimh agus leictriú úsáidí deiridh, tá gá le cur chuige comhordaithe ón Aontas lena ngabhfaidh rialacha cuíchóirithe chun leas iomlán a bhaint as barainneachtaí scála agus as comhar teicneolaíoch. Le gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, seachnaítear ilroinnt trí aghaidh a thabhairt ar laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh agus ar optamú córais ar bhealach comhleanúnach. Cuireann sé sin dlús leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar thruailliú, neartaíonn sé slándáil an tsoláthair, cuireann sé iomaíochas chun cinn trí chostais a theorannú, cuir i gcás trí riachtanais bhonneagair a laghdú, agus baineann sé leas as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh agus cinnteacht infheistíochta á soláthar san am céanna trí chreat rialála uile-Aontais. Le creat comhchoiteann an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, cuirtear treo straitéiseach ar fáil agus fágtar faoi na Ballstáit é na beartais agus na bearta a rannchuidíonn le baint amach cuspóirí náisiúnta agus cuspóirí an Aontais a shainiú agus a n‑inniúlacht maidir le córais náisiúnta fuinnimh agus roghanna beartais á hurramú go hiomlán san am céanna.

B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais

Is é an cuspóir foriomlán a chinntiú go gcuirfidh an éifeachtúlacht fuinnimh leis an iomaíochas, leis an neamhspleáchas agus leis an dícharbónú. Cuimsítear leis sin sprioc aeráide an Aontais a bhaint amach go costéifeachtúil, is é sin laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2040, sprioc a chomhaontaigh comhreachtóirí go sealadach, agus iomaíochas an Aontais a neartú an tráth céanna trí chostais fuinnimh a laghdú agus trí fhuinneamh inacmhainne, glan, iontaofa agus dícharbónaithe a chinntiú do shaoránaigh agus do thionscal an Aontais.

Leis an tionscnamh, ba cheart tacú le dlús a chur le hinfheistíochtaí i réitigh éifeachtúlachta fuinnimh ar fud an Aontais, rud a neartóidh comhtháthú na réiteach sin i bpleanáil agus in oibriú an chórais fuinnimh. Leis an tionscnamh freisin, ba cheart leictriú éifeachtúil na n‑úsáidí deiridh a éascú tríd an éileamh foriomlán ar fhuinneamh agus buaiclóid a laghdú, tacú le glacadh teicneolaíochtaí agus seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh nach bhfuil go hiomlán iomaíoch ó thaobh costais de go fóill nó a bhfuil bacainní neamheacnamaíocha rompu, agus nuálaíocht a spreagadh i bhforbairt réiteach éifeachtúlachta fuinnimh.

Leis an tionscnamh, ba cheart féachaint ar roghanna chun rialacha i dtreo 2040, modheolaíochtaí agus ceanglais cur chun feidhme a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú, agus chun úsáid fuinnimh níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe a dhreasú, go háirithe in earnálacha ina bhfuil roghanna dícharbónaithe teoranta agus ina soláthraítear ardluach córais le gnóthachain éifeachtúlachta. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht rialacha agus bearta a chuíchóiriú ar fud na réimsí fócais éagsúla, d’fhonn an t‑ualach agus na costais riaracháin a laghdú agus éifeachtúlacht rialála a mhéadú sa chreat tar éis 2030 agus a uaillmhian agus a shláine comhshaoil á gcaomhnú san am céanna.

C. Na tionchair is dócha a bheidh ann

Is dócha go mbeidh tionchair eacnamaíocha dhearfacha ag an tionscnamh, trí thacú le hAontas Fuinnimh neamhspleách a bhaint amach, trí dhlús a chur le hinfheistíochtaí i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh agus i seirbhísí fuinnimh ar fud na n‑earnálacha úsáide deiridh, trí sholúbthacht ar thaobh an éilimh a neartú, trí aisghabháil dramhtheasa a fheabhsú, trí chostais chórais a laghdú agus trí bhorradh a chur faoi shlándáil soláthair fuinnimh an Aontais. Le héifeachtúlacht fuinnimh níos fearr, cuirfear srian leis na costais ar thomhaltóirí agus ar ghnóthais, rud a chuideoidh leis an gcuspóir a bhaint amach maidir le praghsanna inacmhainne fuinnimh a chinntiú agus borradh a chur faoin iomaíochas foriomlán. I dtéarmaí na dtionchar ar an gcomhshaol, le héileamh fuinnimh níos ísle agus céimniú amach breoslaí iontaise, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin aeir, rud a chuirfidh cosc ar chostais sláinte poiblí agus ar bhásanna anabaí, ar dhíghrádú an chomhshaoil agus ar chailliúint na bithéagsúlachta, agus a thabharfaidh tairbhí sláinte do shaoránaigh an Aontais a bhuí le cáilíocht aeir níos fearr. Ó thaobh tionchair shóisialta de, meastar go mbeidh éifeachtaí dearfacha ag an tionscnamh ar inacmhainneacht fuinnimh, ar chruthú post ardcháilíochta i slabhraí luacha éifeachtúlachta fuinnimh agus ar theacht aniar in aghaidh suaití i bpraghsanna fuinnimh. Maidir le simpliú, tá coinne leis go ndéanfar an t‑ualach riaracháin ar údaráis phoiblí agus ar ghníomhaithe margaidh a chuíchóiriú agus a laghdú. Ní mheastar go mbeidh tionchair dhiúltacha aige ar chearta bunúsacha ná ar chomhionannas.

D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair á dhéanamh chun tacú le hullmhú an tionscnaimh seo agus chun rannchuidiú le cinneadh an Choimisiúin. Déanfar meastóireacht ann ar na roghanna beartais éagsúla, ar na cásanna agus ar na tionchair ghaolmhara, chun tograí fianaisebhunaithe a dhéanamh. Tá coinne leis go dtabharfar an measúnú tionchair chun críche in R3 2026.

An straitéis chomhairliúcháin

Foilseoidh an Coimisiún an glao seo ar fhianaise agus seolfaidh sé comhairliúchán poiblí ar an tairseach ‘Cloisimis uait’.

Leis an gcomhairliúchán, lorgófar aiseolas maidir le cur chun feidhme reatha agus tionchar chreat rialála an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fiosrófar an gá atá le gníomhaíocht agus réitigh fhéideartha. Baileofar ionchur freisin maidir le sainiú na faidhbe, roghanna beartais féideartha agus na tionchair is dócha a bheidh acu chomh maith leis na féidearthachtaí le haghaidh bearta feabhsaithe éifeachtúlachta agus simplithe nach ndéanann difear do bhaint amach cuspóirí. 

Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ar leathanach an chomhairliúcháin tar éis dheireadh an chomhairliúcháin phoiblí.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is aidhm don chomhairliúchán seo fianaise, eolas, sonraí agus aiseolas atá domhain agus ar ardchaighdeán a bhailiú ó pháirtithe leasmhara maidir leis an gcaoi ar éirigh leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus maidir leis an gcuma ba cheart a bheith ar an gcreat éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh na 10 mbliana amach romhainn. Tá sé d’aidhm aige freisin a chinneadh an bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun cuspóirí 2040 a bhaint amach, i measc nithe eile.

An spriocphobal

Tá fáilte roimh gach duine aonair agus gach eagraíocht páirt a ghlacadh sa ghlao seo ar fhianaise agus freagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán poiblí.

Is dócha gurb iad na páirtithe leasmhara seo a leanas is mó a mbeidh suim acu sa tionscnamh seo: (i) rialtais, agus na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar an éifeachtúlacht fuinnimh ar gach leibhéal san áireamh; (ii) gnólachtaí seirbhísí fuinnimh; (iii) táirgeoirí fuinnimh agus comhlachais tionscail a oibríonn i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh; (iv) déantóirí táirgí éifeachtúlachta fuinnimh, cuir i gcás gnólachtaí inslithe, srl.; (v) comhlachais neamhrialtasacha; (vi) an lucht acadúil agus meithleacha machnaimh; (vii) pobail áitiúla agus tomhaltóirí; agus (viii) institiúidí airgeadais (cuir i gcás Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh).

I gcomhréir le beartas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ‘Rialáil níos fearr’ chun tionscnaimh a fhorbairt atá bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil, iarrtar freisin ar thaighdeoirí eolaíocha, chomh maith le heagraíochtaí acadúla, sochaithe foghlama agus comhlachais eolaíocha a bhfuil saineolas acu i ndáil leis an éifeachtúlacht fuinnimh, taighde, anailísí agus sonraí eolaíocha foilsithe agus réamhchlóite ábhartha a chur isteach. Cuirfear suim ar leith in aighneachtaí ina ndéantar staid reatha an eolais i réimsí ábhartha a tharraingt le chéile.