|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás - athbhreithniú ar na rialacha do bhainc atá i gcruachás |
|
Príomh-AS – an t-aonad atá freagrach |
COMP/D3 [Státchabhair Institiúidí Airgeadais] |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Teachtaireacht ón gCoimisiún |
|
Amchlár táscach |
R2-2027 |
|
Eolas breise |
Rialacha státchabhrach do bhainc atá i gcruachás |
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi aon phlean chun státchabhair a dheonú do bhainc atá i gcruachás agus fanacht le formheas ón gCoimisiún sula gcuirfear an chabhair i bhfeidhm. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh lena leagfar amach na bearta lena dhéanfaidh sé comhoiriúnacht na Státchabhrach i gcúinsí nó earnálacha sonracha a mheas. Thug an Coimisiún isteach rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás i rith na géarchéime airgeadais in 2008 agus rinneadh athbhreithniú orthu i dTeachtaireacht Bhaincéireachta 2013. Tá sé theachtaireacht i bhfeidhm san iomlán faoi láthair 1 . Tá feidhm ag na rialacha seo mutatis mutandis ar chuideachtaí árachais. Ó 2013 i leith, ghlac an tAontas reachtaíocht d’fhonn géarchéimeanna baincéireachta a bhainistiú, cobhsaíocht airgeadais a choimeád agus d’fhonn taisceoirí agus cáiníocóirí a chosaint. Cuimsíonn an tacar rialacha sin, ar a dtugtar an creat Bainistíochta Géarchéime agus Árachais Taiscí 2 , réiteach bainc mar phríomh-uirlis chun dul i ngleic le teipeanna bainc. An 25 Meitheamh 2025, tháinig reachtóirí an Aontais ar chomhaontú maidir le hathchóiriú a rinneadh le déanaí ar an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachais Taiscí ina ndírítear ar bhainc níos lú agus ar bhainc mheánmhéide agus a bhfuil súil leis go dtiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm sa dara ráithe de 2028. Cé go bhféadfadh suaitheadh tromchúiseach a bheith ann i gcónaí, léirigh géarchéim COVID-19 don saol mór go bhfuil éabhlóid shuntasach tar éis teacht ar na dálaí maicreacnamaíocha a d’eascair as géarchéim airgeadais 2008 agus as géarchéim an fhiachais cheannasaigh san Aontas, géarchéimeanna lenar tugadh údar cuí do theacht i bhfeidhm na rialacha státchabhrach, agus go bhfuil deireadh tagtha leis an dá ghéarchéim sin anois. Foráladh i dTeachtaireacht Bhaincéireachta 2013 measúnú agus athbhreithniú ar na rialacha d’fhonn aon athrú rialála nó margaidh a chur san áireamh. D’iarr comhreachtóirí an Aontais 3 agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa 4 athbhreithniú den chineál sin. Mar sin, rinne an Coimisiún measúnú ar na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás a bhí i bhfeidhm idir 2008 agus 2022. Shainaithin an t-athbhreithniú réimsí ina bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh. Na páirtithe leasmhara a d’fhreagair an t-athbhreithniú, thacaigh siad don chuid is mó le teachtaireacht aonair ina mbeadh naisc shoiléire leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachais Taiscí. Tar éis an chomhaontaithe pholaitiúil i ndáil leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí (a bhfuil súil lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil sa dara ráithe de 2026 má dhéantar é a fhaomhadh), ba chóir na rialacha Státchabhrach a uasdátú go tráthúil d’fhonn cur chuige iomlánaíoch a chinntiú i ndáil le bainistiú géarchéime baincéireachta san Aontas. D’fhéadfaí na rialacha athbhreithnithe Státchabhrach a ghlacadh sula mbeidh feidhm ag gach cuid den chreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Tugann an tuarascáil mheastóireachta le tuiscint go bhféadfaí na rialacha a leagan amach níos soiléire agus ar bhealach atá níos comhleanúnaí le beartas agus reachtaíocht eile an Aontais, go háirithe leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí. Tá na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás scaipthe trasna sé theachtaireacht éagsúla a glacadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais agus ar ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh san Aontas. Ní féidir an cur chuige ilroinnte seo a chosaint a thuilleadh mar go laghdaítear leis soiléire agus cur chun feidhme éifeachtúil na rialacha. Tá na rialacha bunaithe go heisiach ar Airteagal 107(3)(b) CFAE lena meastar ar bhonn eisceachtúil go bhfuil Státchabhair comhoiriúnach leis an gConradh má dhéanann an Státchabhair suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas. Tá rioscaí fós ann, ach tá an ghéarchéim shonrach airgeadais lenar buanaíodh teacht isteach na rialacha Státchabhrach do bhainc tar éis laghdú. Aithnítear agus ceadaítear, leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, Státchabhair do bhainc atá i gcruachás nuair atá ann do chúinsí áirithe lasmuigh de tréimhsí de shuaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar. Tá bunús dlí na rialacha reatha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás ró-chúng, mar sin. Ní áiríonn na rialacha reatha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás, a bhí i bhfeidhm roimh an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, agus a glacadh in 2014 go gairid tar éis an athbhreithnithe dheireanaigh ar na rialacha sin agus lenar teorannaíodh Státchabhair don chaoi chun géarchéimeanna baincéireachta a láimhseáil (ach gan an méid sin a eisiamh go hiomlán). Tá struchtúr éagsúil ar an dá thacar rialacha (na rialacha Státchabhrach agus an creat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí), úsáidtear téarmaíocht éagsúil iontu agus tá easpa áirithe comhleanúnachais eatarthu mar gheall air sin. Mar sin, tá cur i bhfeidhm na rialacha i ndáil leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí casta gan ghá mar d’fhéadfadh sé nach mbíonn sé láithreach soiléir d’institiúidí, do Bhallstáit agus údaráis cé acu riachtanais a bhaineann le hidirghabhálacha faoi bhun an chreata agus lena mbeadh Státchabhair de dhíth. D’fhéadfadh moill gan ghá teacht as sin freisin nuair a thugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna baincéireachta. Sa bhreis air sin, ní áirítear struchtúr nua rialála agus institiúideach an Aontais sna rialacha reatha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás. Chruthaigh an creat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí an Sásra Réitigh Aonair don Aontas Baincéireachta agus, leis sin, roinneadh róil agus freagrachtaí sa timpeallacht rialála ar cheart a chur san áireamh nuair a dhéantar measúnú ar smacht ar an Státchabhair in earnáil na baincéireachta. Ceadaítear Státchabhair leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht na mbanc a chaomhnú nó a athchur (tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách) i gcúinsí eisceachtúla lasmuigh de réiteach (d’fhonn cinntiú nach dteipeann ar bhanc) chun tacú le cistiú réitigh agus chun imeacht ón margadh a éascú. Ní áiríonn na rialacha reatha Státchabhrach go leordhóthanach, áfach, an rogha polaitiúil a chumhdaítear sa chreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna bainc trí leas a bhaint as reachtaíocht agus rialáil chomhchuibhithe an Aontais, gné a bhraitheann go príomha ar acmhainn ionsúcháin caillteanais scairshealbhóirí agus chreidiúnaithe na mbanc agus ar chistiú ón tionscal seachas ar mhaoiniú ón gcáiníocóir. D’fhéadfadh aon mhí-ailíniú sna rialacha a bhaineann leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí torthaí neamhréireacha a chruthú, sa mhéid a bhaineann, mar shampla, le leas an phobail a dheimhniú trí bhainc a réiteach faoin gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, nó maidir le leibhéil an ualaigh a bheidh le comhroinnt. Cruthaítear leis seo riosca arbatráiste rialála a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh don chreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí agus do chuspóirí an Aontais bhaincéireachta a bhaint amach. Sa deireadh, tá roinnt riachtanas sa dá chreat a bhfuil na cuspóirí céanna ag baint leo, mar shampla an riachtanas go bhfillfí ar an inmharthanacht tar éis idirghabhálacha áirithe, nó an riachtanas go mbeidh nósanna imeachta oscailte agus trédhearcacha ann nuair a dhíoltar banc. D’fhéadfadh na rudaí seo agus dúbailtí comhchosúla an t-ualach riaracháin a mhéadú. D’fhéadfadh an comhairliúchán spriocdhírithe a lainseálfar leis an nglao seo ar fhianaise ábhair eile a shainaithint agus a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu sna rialacha athbhreithnithe maidir le Státchabhair do bhainc atá i gcruachás. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Is iad Airteagail 107 agus 108 CFAE an bunús dlí le haghaidh rialacha maidir le státchabhair. Ar bhonn eisceachtúil, ceadaítear le hAirteagal 107(3) pointe (b) agus (c) CFAE cabhair a thabhairt nuair a bhaineann sé le ‘suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas’.(pointe (b)) nó le ‘forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe’ (pointe (c)) agus meastar go bhfuil sé sin oiriúnach don mhargadh inmheánach. Tagann an tionscnamh laistigh de réimse ina bhfuil cumhachtaí eisiacha ag an Aontas faoi Airteagal 3(1)(b) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Tá feidhmeanna riachtanacha le déanamh ag bainc a bhaineann le hidirghabhálacha agus claochlaithe aibíochta agus tá rioscaí a bhaineann leo nach bhfuil inchurtha leis na rioscaí a bhíonn ag gnóthais neamh-airgeadais. Tá ról ríthábhachtach ag bainc i mbeagnach gach réimse den ngeilleagar. Tá an acmhainneacht leanúnach atá acu ríthábhachtach sa chomhthéacs seo chun geilleagar iomaíoch a mhaoiniú san Aontas - lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), infreastruchtúr, an nuálaíocht, an chosaint, chomh maith leis an aistriú glas, digiteach agus sóisialta, chomh maith le tosaíochtaí beartais eile. Mar sin, tá bonn cirt ann i gcónaí chun na rialacha Státchabhrach, murab ionann iad agus na Treoirlínte maidir le Teacht i gCabhair agus Athstruchturú na ngnóthas neamh-airgeadais, a choimeád ar leithligh. Dá ndéanfaí cásanna a phróiseáil bunaithe ar phrionsabail ghinearálta an Chonartha, chaillfí an méid a bhain na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás amach (comhchuibhiú, éifeachtacht, éifeachtúlacht, srl), rudaí a deimhníodh tríd an mheastóireacht, an saineolas agus an taithí atá gnóthaithe ag an gCoimisiún, na Ballstáit, na húdaráis agus na hinstitiúidí airgeadais ábhartha . Tá gníomhaíocht ag leibhéal an Aontais de dhíth chun na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás a ailíniú níos fearr do thimpeallacht eacnamaíoch agus rialála atá athraithe anois. Dá ndéanfaí soiléirithe ar an raon feidhme agus ar mhapáil na ndálaí comhoiriúnachta, a bhaineann leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí i gcásanna áirithe cabhrach, a chomhdhlúthú in aon teachtaireacht amháin, d’fhéadfadh sé cabhrú le húsáid na rialacha sin agus le dúbláil ar na riachtanais a sheachaint. Toisc go bhfuil an Coimisiún freagrach faoi na Conarthaí maidir le smacht ar an Státchabhair, ní mór don Choimisiún an cur chuige atá aige a shoiléiriú maidir le Státchabhair do bhainc atá i gcruachás. Sainaithníonn agus ceadaíonn an creat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí don Státchabhair i gcásanna eisceachtúla áirithe arna liostú ar bhonn uileghabhálach. D’fhéadfadh na cásanna sin a bheith éagsúil i dtéarmaí a dtionchair ar dhálaí iomaíocha agus comhoiriúnachta. Chun tuiscint iomlán ar na dálaí comhoiriúnachta a bhaineann le gach cás a thiteann faoin gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí a fháil, ní mór rialacha comhlántacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás a ghlacadh. Seachas na cásanna cabhrach faoin gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, ní fhoráiltear do chásanna cabhrach eile do ghnóthais faoi raon feidhme an chreata. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Nuair a chuirtear na torthaí ón meastóireacht, na freagairtí ón nglao seo ar fhianaise agus an comhairliúchán spriocdhírithe ar pháirtithe leasmhara san áireamh, iarrtar leis an athbhreithniú seo na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach. Léiríonn an measúnú ar na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás go mbainfeadh na páirtithe leasmhara tairbhe as rialacha níos soiléire. Le comhdhlúthú na sé theachtaireacht atá i bhfeidhm faoi láthair in aon teachtaireacht aonair, bheadh na rialacha níos simplí agus níos éifeachtúla. Ba cheart na rialacha maidir le Státchabhair a fhréamhú i mbunús dlí breise nach mbeidh nasctha le suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar, is é sin i ngnáth-thréimhse lasmuigh de ghéarchéim ba cheart na rialacha a bhunú go príomha ar Airteagal 107(3)(c) CFAE (cabhair a éascú i ndáil le gníomhaíochtaí a fhorbairt). Léiríonn an measúnú gur chóir comhoiriúnacht leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí a fheabhsú freisin. Trí ábhar agus brí na rialacha sin a ailíniú leis na cuspóirí agus aidhmeanna sa chreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, deimhneofar go mbeidh na dreasachtaí sa dá chreat comhleanúnach agus go mbeidh raon na cabhrach réitigh ailínithe le cuspóir an chreata leasaithe don Státchabhair do bhainc atá i gcruachás. Nuair is féidir, ba cheart go dtabharfaí faoi theipeanna bainc ina bhfuil gá le tacaíocht phoiblí trí nósanna imeachta réitigh. Ba cheart go mbeadh réitigh náisiúnta i ndáil le teipeanna bainc ina bhfuil gá le tacaíocht phoiblí ina n-eisceachtaí, agus nach mbeadh Státchabhair do bhainc atá i gcruachás mar dhreasacht dá n-úsáid. Cumhdóidh an t-athbhreithniú seo na torthaí ón athbhreithniú in 2025 ar an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, agus deimhneoidh sé go bhfuil na rialacha athbhreithnithe comhleanúnach, a mhéid agus is féidir laistigh de na cumhachtaí atá ag an gCoimisiún faoin gConradh chun saobhadh ar an iomaíocht a íoslaghdú. Ba cheart go gcabhróidh na torthaí ón athbhreithniú leasa phoiblí, a dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta, le go gcinnteoidh athbhreithniú an Choimisiúin faoin gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí an bhfuil ann do bhunús dlí don Státchabhair mar gheall ar chuspóir don leas coiteann. Ba cheart go mbeadh na ceanglais, i ndáil le hualaigh a roinnt, a bheidh ar bhainc atá ag dul faoi nósanna imeachta foirceanta, a bheith ar a laghad chomh teann agus na ceanglais a cuireadh i bhfeidhm ag am réitigh. D’fhéadfaí ceanglais eile a chur i bhfeidhm le rialacha Stáchabhrach do bhainc atá i gcruachás nuair a bhíonn cuspóirí eile ag an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, mar shampla chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh iomaíochta eile, nó i ndáil le gnóthais nach dtiteann faoin gcreat sin. Ar aon nós, níor cheart a thuilleadh gur gá dúbláil a dhéanamh sna rialacha nua Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás nuair a shocraítear prionsabail agus cuspóirí na Státchabhrach ar bhealach leordhóthanach sa chreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí. Ó thaobh na hiomaíochta agus roinnt de na roghanna Státchabhrach de, agus ar a bhféadfadh an smacht Státchabhrach a bheith ag brath, tá deimhneacht dhlíthiúil níos soiléire sa chreat athbhreithnithe Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí anois, mar gheall ar an gcomhaontú polaitiúil a bhaineadh amach. Dá mbeadh nasc níos soiléire idir na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás agus na cásanna éagsúla cabhrach a cheadaítear faoin gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, chabhródh an méid sin leo siúd a chuireann na rialacha sin i bhfeidhm go laethúil chun go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na riachtanais chomhoiriúnachta ábhartha don chabhair. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Ba cheart go mbeadh an úsáid de na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás níos soiléire mar gheall ar an athbhreithniú a mhéid a bhaineann lena bhfoirm, a struchtúr, a raon agus an nasc atá acu leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí ach go háirithe. D’fhéadfadh sé seo dlús a chur le nósanna imeachta Státchabhrach a fhógairt ag Ballstáit maidir le cásanna eisceachtúla ina mbeidh gá leo i gcónaí. Beidh sé níos éasca freisin ar iomaitheoirí agus ar cháiníocóirí na rialacha a thuiscint, rud a spreagfaidh trédhearcacht. Trí comhleanúnachas leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí a bhaint amach, cuirfear teorainn le húsáid na réiteach Státchabhrach náisiúnta a mhaoinítear le hairgead ón gcáiníocóir. Sa chaoi seo, cuirfear teorainn le nochtadh cáiníocóirí. I bprionsabal, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta réitigh mar chéad rogha i gcásanna ina bhfuil leas poiblí lena dtugtar údar cuí don Státchabhair chun teip bainc a láimhseáil. Níor cheart go mbeadh an nochtadh don ualach a roinnt níos éadroime ná mar a bhíonn i nósanna imeachta réitigh atá frithfhíorasach. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh cásanna cabhrach don fhoirceannadh (dár dtagraíodh go dtí seo mar chabhair leachtaithe) níos annaimhe amach anseo. Sa líon beag cásanna ina dtugtar cabhair mar sin, ba cheart go rachadh raon na scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a bhíonn faoi réir ualach a roinnt lastall de na creidiúnaithe fo-ordaithe. Trí thosaíocht a thabhairt don réiteach do na bainc teipthe a bhfuil Státchabhair de dhíth orthu, tacófar leis na cuspóirí don athchóiriú domhanda mar a leagadh amach é sin tar éis na géarchéime airgeadais domhanda; is é sin, teipeanna bainc a láimhseáil ar bhealach ordúil trí uirlisí agus cumhachtaí réitigh a úsáid agus an nasc idir na bainc cheannasacha a thuaslagadh trí líontáin sábhála atá maoinithe ag an earnáil seachas le hairgead ón gcáiníocóir a úsáid. Laghdófar leis seo an baol morálta agus maolófar ualach an fhiachais phoiblí. In Aontas na Baincéireachta, deimhnítear leis an Sásra Réitigh Aonair frith-pháirteach dí-nascadh sa bhreis idir an t-airgeadas poiblí agus earnáil na baincéireachta i mBallstát baile an bhainc atá i gcruachás. Trí chaiteachas ón gcáiníocóir a laghdú i gcás géarchéimeanna baincéireachta, caomhnófar airgeadas poiblí ar bhealach níos fearr agus beifear in ann leas a bhaint as chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach. Nuair a bheidh gá le Státchabhair do bhainc atá i gcruachás ó bhuiséad an Stáit, léiríonn an measúnú go raibh na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás in ann socracht airgeadais a chaomhnú agus go bhféadfadh siad suaití níos mó san fhíor-gheilleagar a sheachaint agus, leis sin, go mbíonn tionchar dearfach acu ar an bhfás eacnamaíoch, ar ‘dhíothú na bochtaineachta’ agus ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe eile a bhíonn ag brath ar mhaoiniú ó na bainc, cosúil le sláinte nó nuálaíocht agus infreastruchtúr. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Bíonn an Státchabhair trédhearcach nuair a chuirtear i bhfeidhm í bunaithe ar na rialacha Státchabhrach do bhainc atá i gcruachás toisc go gcuirtear an pobal ar an eolas trí bhíthin preaseisiúintí agus trí chinntí a fhoilsítear. Áirithítear leis sin go mbeidh rochtain ag iomaitheoirí agus ag cáiníocóirí ar fhaisnéis ábhartha maidir le státchabhair agus gníomhaíochtaí a dtacaítear leo. Sa bhreis air sin, tá cláir thrédhearcachta ar fáil go poiblí ar an leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal an Aontais (Scórchlár). |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh chun tacú leis an tionscnamh seo a ullmhú, i gcomhréir leis na rialacha maidir le rialáil níos fearr, i bhfianaise na roghanna teoranta beartais atá ar fáil. Eascraíonn an méid seo as na hathruithe a thagann go díreach ó thorthaí na meastóireachta, rud a tharraingíonn aird ar an ngá le rialacha Státchabhrach a chur in aon teachtaireacht amháin agus naisc shoiléire leo leis an gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí agus le creat comhleanúnach nach bhfuil arbatráiste rialála de dhíth air. Sa chaoi sin, déanfar na rialacha athbhreithnithe don Státchabhair a ailíniú leis na riachtanais faoin gcreat Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí ar a rinneadh measúnú tionchair iomlán orthu cheana féin. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Is é is sprioc do na comhairliúcháin ná tuilleadh aiseolais a fháil tar éis an measúnú ar na rialacha Státchabhrach agus an creat athbhreithnithe Bainistíochta Géarchéime agus Árachas Taiscí, maidir le raon agus nithiúlacht féideartha na rialacha Státchabhrach do bhainc sa todhchaí, a fhoilsiú. Toisc go meastar go bhfanfaidh na hailínithe mar ailínithe teicniúla, is iad na príomh-pháirtithe leasmhara na páirtithe agus na húdaráis a bheidh le cur ar an eolas sna Ballstáit (lena n-áirítear aireachtaí, údaráis réitigh, údaráis inniúla agus údaráis ainmnithe le haghaidh scéimeanna ráthaithe taiscí) an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpach. Beidh baill an phobail a léiríonn suim ann páirteach sa phróiseas comhairliúcháin freisin. Beidh ann do na comhairliúcháin seo a leanas: 1.comhairliúchán 4 seachtaine chun aiseolas a thabhairt faoin nglao seo ar fhianaise; 2.comhairliúchán agus cruinniú spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara is ábhartha agus lena n-áirítear Ballstáit, an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpach; 3.comhairliúchán poiblí 8 seachtaine le páirtithe leasmhara maidir le dréacht-theachtaireacht athbhreithnithe faoin Státchabhair. Cuirfear na comhairliúcháin sin chun cinn le preaseisiúint a eiseofar ag am lainseála na gcomhairliúchán. Labhrófar ar bhonn déthaobhach freisin le páirtithe leasmhara spriocdhírithe. Cuirfear le chéile tuarascáil ina dtabharfar achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin. I gcomhréir le beartas an Choimisiúin Eorpaigh i ndáil le rialáil níos fearr chun tionscnaimh atá bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil a fhorbairt, iarrann straitéis chomhairliúcháin an Choimisiúin freisin ar thaighdeoirí eolaíocha, mar aon le heagraíochtaí acadúla, sochaithe foghlama agus comhlachais eolaíocha a bhfuil saineolas acu maidir le Státchabhair do bhainc atá i gcruachás, agus do ghnóthais eile in earnáil an airgeadais taighde, anailís agus sonraí eolaíocha foilsithe agus réamhchlóite ábhartha a chur isteach. Cuirfear suim ar leith in aighneachtaí a fháil ina ndéantar staid reatha an eolais i réimsí ábhartha a tharraingt le chéile. |