|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHTA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR A REÁCHTÁLFAR GO COMHTHREOMHAR |
||
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt faoin tionscnamh atá beartaithe agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn, eolas ar thionchar féideartha na roghanna éagsúla san áireamh. |
||
|
Teideal an tionscnaimh |
Nuashonrú ar na rialacha maidir le cearta scairshealbhóirí: meastóireacht agus athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí. |
|
|
Príomh-AS – an t-aonad atá freagrach |
An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí (AS JUST), Aonad A.3 Dlí na gCuideachtaí |
|
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Reachtach Meastóireacht agus measúnú tionchair i ndiaidh a chéile le haghaidh athbhreithniú ar Threoir 2007/36/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2017/828. |
|
|
Pleanáil tháscach |
R4 2026 |
|
|
Eolas breise |
- |
|
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t-amchlár san áireamh. |
||
|
A. An comhthéacs polaitiúil, meastóireacht, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
||
|
An comhthéacs polaitiúil |
||
|
Chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais Eorpaigh agus chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh, go háirithe in earnálacha nuálacha fáis atá dírithe ar an todhchaí, tá an Coimisiún Eorpach tiomanta ilroinnt a laghdú ar fud na margaí caipitil agus deireadh a chur le bacainní a chuireann isteach faoi láthair ar infheistíocht trasteorann laistigh den Mhargadh Aonair. Is é is aidhm dó margadh caipitil níos comhtháite, níos leachtaí agus níos éifeachtúla a thógáil ar fud an Aontais. Is féidir le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí cuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach trína dhéanamh níos éasca agus níos saoire d’infheisteoirí, d’idirghabhálaithe agus d’eisitheoirí oibriú ar fud na mBallstát. Cuid lárnach den chuspóir sin a bhaint amach is ea a chinntiú gur féidir le scairshealbhóirí a gcearta a fheidhmiú go héasca agus go héifeachtúil, go háirithe thar theorainneacha, agus idirghníomhaíocht rianúil a chinntiú idir gnólachtaí liostaithe agus a scairshealbhóirí. Leis an éifeachtúlacht a chruthaítear leis sin, díreofar infheistíocht phríobháideach ar earnálacha a bhfuil riachtanais shuntasacha infheistíochta acu, rud a spreagfaidh fás eacnamaíoch fíor-riachtanach agus a fheabhsóidh iomaíochas an Aontais ar deireadh. Leag roinnt príomhpháirtithe leasmhara institiúideacha béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí an chreata atá ann faoi láthair maidir le cearta scairshealbhóirí, go háirithe in oibríochtaí trasteorann. I measc na bpáirtithe leasmhara sin tá an Grúpa Euro, ina ráiteas an 11 Márta 2024, an Banc Ceannais Eorpach, ina pháipéar i mí na Bealtaine 2025, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ina dtuarascáil i mí Iúil 2023, agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, ina thuarascáil i mí Aibreáin 2025. Ar an gcaoi chéanna, tharraing go leor páirtithe leasmhara ón earnáil phríobháideach aird ar na bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú éifeachtach chearta na scairshealbhóirí agus ar rannpháirtíocht scairshealbhóirí agus d’iarr siad go ndéanfaí athbhreithniú reachtach ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí. An 19 Márta 2025, ghlac an Coimisiún a straitéis maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta (SIU) agus d’fhógair sé go raibh sé ar intinn aige measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú féideartha ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí faoi R4 2026, agus breithniú a dhéanamh ar an athbhreithniú sin. Cuireadh an tionscnamh sin san áireamh i gClár Oibre 2026 an Choimisiúin. Bheadh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí i gcomhréir freisin leis na moltaí i dTuarascáil Draghi agus i dTuarascáil an Fhóraim Ardleibhéil maidir le Ceartas le haghaidh Fáis. |
||
|
Meastóireacht |
||
|
Ó tháinig an creat rialála maidir le cearta scairshealbhóirí ar leibhéal an Aontais i bhfeidhm in 2009, tá forbairt shuntasach tagtha ar chomhthéacs an mhargaidh chun cearta scairshealbhóirí a fheidhmiú, spreagtha ag méid an mhargaidh agus forbairt thapa na teicneolaíochta, i measc nithe eile. Ag an am céanna, tá riachtanais mhóra infheistíochta os comhair an Aontais, rud a chiallaíonn go bhfuil comhthiomsú caipitil níos mó de dhíth chun tacú leis an ngeilleagar agus chun costais mhaoiniúcháin do ghnólachtaí Eorpacha a laghdú. I bhfianaise na bhforbairtí sin agus i bhfianaise an ghéarghá atá le deireadh a chur le bacainní ar chomhtháthú agus ar scála an mhargaidh i margadh caipitil an Aontais, mar a cuireadh i dtábhacht i straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, déanfar scrúdú sa mheastóireacht ar an méid seo a leanas: ·cé acu a baineadh amach nó nár baineadh amach leis an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí na cuspóirí a leagadh síos tráth a hachtacháin (éifeachtacht); ·costais agus tairbhí na rialacha atá ann faoi láthair do pháirtithe leasmhara sonracha agus cé acu atá nó nach bhfuil gá le haon simpliú (éifeachtúlacht); ·ar fhreagair an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí do riachtanais agus d’ionchais na bpáirtithe leasmhara (ábharthacht); ·comhleanúnachas inmheánach an chreata maidir le cearta scairshealbhóirí agus a chomhleanúnachas seachtrach le hionstraimí AE/idirnáisiúnta eile (comhleanúnachas); agus ·a mhéid nárbh fhéidir leis na Ballstáit an méid a baineadh amach leis an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí a bhaint amach agus iad ag gníomhú ar an leibhéal náisiúnta (breisluach AE). Ba iad cuspóirí na Treorach maidir le Cearta Scairshealbhóirí I, a achtaíodh in 2007, cearta scairshealbhóirí a neartú, cosaint tríú páirtithe a mhéadú agus éifeachtúlacht agus iomaíochas gnólachtaí a fheabhsú. Ba iad cuspóirí na Treorach maidir le Cearta Scairshealbhóirí II, a achtaíodh in 2017, feabhas a chur ar rialachas agus ar fheidhmíocht (airgeadais) gnólachtaí liostaithe san Aontas, rannchuidiú le feabhas a chur ar mhaoiniú fadtéarmach gnólachtaí trí mhargaí cothromais agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíochtaí cothromais trasteorann. Déanfar an mheastóireacht agus measúnú tionchair i ndiaidh a chéile. Cuirfear torthaí na meastóireachta san áireamh sa mheasúnú tionchair. |
||
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
||
|
Ós rud é go bhfuil margaí caipitil an Aontais ilroinnte, bíonn ualaí móra riaracháin agus airgeadais ar eisitheoirí, infheisteoirí agus idirghabhálaithe chun oibriú ar fud an Mhargaidh Aonair. I gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin maidir leis an gcreat rialála a shimpliú, ualaí ar ghnólachtaí a laghdú, coigilteas príobháideach a shlógadh agus, ar deireadh, borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, is é is aidhm don tionscnamh seo dul i ngleic le roinnt fadhbanna, ar féidir iad a roinnt go ginearálta sna réimsí seo a leanas: ·scairshealbhóirí a shainaithint, eolas a tharchur agus cearta scairshealbhóirí a fheidhmiú; ·trédhearcacht infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainne agus comhairleoirí seachvótála; ·formáid na gcruinnithe ginearálta agus na gceart a fheidhmíonn scairshealbhóirí i dtaca leis na cruinnithe sin. Cé go bhfuil dúshláin shonracha roimh na páirtithe leasmhara i ngach príomhchatagóir (i.e. eisitheoirí, scairshealbhóirí agus idirghabhálaithe), baineann roinnt saincheisteanna coiteanna leis na neamhéifeachtúlachtaí, na costais arda agus na dúshláin a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann. Is é is cúis leis na dúshláin sin, i bpáirt, an easpa freagartha comhchoitinne ar fhorbairtí digiteacha sa mhargadh. Bíonn na páirtithe leasmhara uile ag streachailt le próisis vótála chasta fhadálacha, go háirithe i gcásanna trasteorann. Bíonn costais chomhlíontachta arda ar eisitheoirí a mhéid a bhaineann le sainaithint scairshealbhóirí, agus tabhaíonn idirghabhálaithe costais shuntasacha maidir le seachvótaí agus sreafaí eolais a bhainistiú. Ina theannta sin, bíonn ar eisitheoirí agus ar scairshealbhóirí araon aghaidh a thabhairt ar chostais agus táillí arda, rud a chuireann le costais fhoriomlána, rud a d’fhéadfadh a bheith ina ualach ar leith ar infheisteoirí scaireanna miondíola. I measc na n-easnamh a léiríonn páirtithe leasmhara tá difríochtaí i sainmhínithe scairshealbhóirí ar fud na mBallstát, easpa soiléireachta maidir leis na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear, neamhéifeachtúlachtaí i sainaithint scairshealbhóirí agus i bpróisis vótála, bacainní ar fheidhmiú cearta scairshealbhóirí, neamhéifeachtúlachtaí sa slabhra idirmheánach, trédhearcacht neamhleor, easpa comhchuibhithe costas agus táillí, agus easpa sainmhínithe shoiléir agus formhaoirseacht shoiléir ar chomhairleoirí seachvótála. |
||
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
||
|
Bunús dlí |
||
|
Bheadh togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí bunaithe ar Airteagail 50 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus ar an gcaoi sin bhainfí úsáid as na bunúis dlí chéanna le Treoir 2007 maidir le Cearta Scairshealbhóirí agus lena treoir leasaitheach ó 2017. Le hAirteagal 50 CFAE, tugtar de chumhacht don Aontas gníomhú i réimse dhlí na ngnólachtaí agus an rialachais chorparáidigh chun saoirse bunaíochta a bhaint amach laistigh den Aontas. Is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí chun bearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin atá ceaptha sna Ballstáit chun an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú. |
||
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
||
|
Ní féidir le réitigh náisiúnta aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na fadhbanna a bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh dul i ngleic leo. I bhfianaise ilroinnt leanúnach mhargaí caipitil an Aontais agus na dtosaíochtaí polaitiúla atá ann faoi láthair maidir leis an gcreat rialála a shimpliú, ualaí a laghdú agus borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Ní mór do ghníomhaíocht den sórt sin aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus na neamhéifeachtúlachtaí leanúnacha a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí idir eisitheoirí, a scairshealbhóirí agus idirghabhálaithe, atá fós suntasach i gcomhthéacs trasteorann. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir maidir le deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhéifeachtúlachtaí agus borradh a chur faoi chomhtháthú an mhargaidh a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina n-aonar. |
||
|
B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais |
||
|
Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo borradh a chur faoi iomaíochas gnólachtaí atá liostaithe san Aontas agus nósanna imeachta a shimpliú do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Bainfear an méid sin amach trí 2 phríomhréimse gníomhaíochta: (i) rialachas corparáideach a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha; agus (ii) sreabhadh eolais agus feidhmiú ceart idir gnólachtaí, idirghabhálaithe agus scairshealbhóirí liostaithe a éascú, go háirithe trí réitigh dhigiteacha a ghiaráil. Maidir leis an gcéad réimse gníomhaíochta, d’fhéadfaí a áireamh leis sin a áirithiú go leanfaidh scairshealbhóirí de ról gníomhach a bheith acu i bpróiseas cinnteoireachta an ghnólachta. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin a áirithiú go n-urramófar cearta scairshealbhóirí agus deimhneacht dhlíthiúil freisin i gcás rannpháirtíocht fhíorúil i gcruinnithe ginearálta nó d’fhéadfadh cuíchóiriú amlínte agus spriocdhátaí a bheith i gceist leis i gcomhthéacs cruinnithe ginearálta. Ina theannta sin, d’fhéadfaí bearta a dhéanamh chun cáilíocht agus iontaofacht na moltaí vótála ó chomhairleoirí seachvótála a áirithiú. Maidir leis an dara réimse gníomhaíochta, d’fhéadfaí a áireamh leis sin rialacha comhchoiteanna a sholáthar chun malartú eolais a uathoibriú, i gcás inar féidir, agus féachaint ar réitigh chun cumarsáid dhíreach idir scairshealbhóirí agus gnólachtaí a chumasú. D’fhéadfadh bearta an Aontais sa réimse sin dul i ngleic freisin le costais athchomhairleacha, a leanann de bheith ann nuair a dhéanann scairshealbhóirí iarracht a gcearta a fheidhmiú i suíomhanna trasteorann. Ina theannta sin, d’fhéadfaí bearta a dhéanamh chun a áirithiú go nglacfar le cruthúnas ar theidlíocht agus cruthúnas ar chumhachtaí aturnae thar theorainneacha i bhformáid leictreonach. Ba cheart a chur san áireamh sna bearta sin forbairt thapa na dteicneolaíochta lenar féidir deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus, ag an am céanna, an costas agus an t-ualach riaracháin a laghdú trí úsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe. Beidh na roghanna beartais sonracha ag brath ar thoradh na meastóireachta agus an mheasúnaithe tionchair, agus critéir na héifeachtachta, na héifeachtúlachta agus an chomhleanúnachais á gcur san áireamh. I gcás gach ceann de na fadhbanna a sainaithníodh, is féidir a áireamh ar roghanna beartais an Aontais gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh, an creat dlíthiúil atá ann cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, réiteach spriocdhírithe ar an bhfadhb shonrach a mholadh laistigh den chreat atá ann faoi láthair (e.g. deireadh a chur le débhríochtaí sna sainmhínithe ar phríomhghníomhaithe), nó athruithe níos forleithne a mholadh chun infheistíocht a shlógadh a thuilleadh. |
||
|
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
||
|
Meastar go mbeidh tionchair eacnamaíocha dearfacha ag an tionscnamh. Meastar go laghdóidh sé ualaí ar pháirtithe leasmhara, go laghdóidh sé costais chomhlíontachta agus go mbeidh gnóthachain éifeachtúlachta mar thoradh air. D’fhágfadh sé go mbeadh sé níos éasca agus níos saoire d’eisitheoirí, d’infheisteoirí agus d’idirghabhálaithe oibriú ar fud na mBallstát. Ar an gcaoi sin, chuideodh sé le hinfheistíocht phríobháideach a shlógadh i ngnólachtaí atá liostaithe san Aontas, le hinfheistíocht trasteorann a mhéadú, le margadh caipitil an Aontais atá níos doimhne agus níos leachtaí a chruthú, le hiomaíochas a mhéadú agus le fás eacnamaíoch an Aontais a chur chun cinn. I ndeireadh na dála, chuirfeadh sé borradh faoi mhuinín infheisteoirí i margadh caipitil an Aontais agus d’fhágfadh sé go mbeadh an tAontas ina cheann scríbe infheistíochta níos tarraingtí, d’infheisteoirí scaireanna an Aontais agus d’infheisteoirí scaireanna neamh-AE araon. D’fhéadfadh an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí spriocanna eacnamaíocha agus sóisialta níos leithne a chur chun cinn trí fhás a chothú agus neamhionannais a laghdú. Bheadh na tionchair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann indíreach, ag eascairt as dálaí eacnamaíocha feabhsaithe. |
||
|
D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr |
||
|
Measúnú tionchair agus meastóireacht |
||
|
I gcomhréir leis an gcreat um Rialáil Níos Fearr, déanfaimid meastóireacht ar dtús ar an treoir atá ann faoi láthair maidir lena héifeachtacht, a hábharthacht, a héifeachtúlacht, a breisluach AE agus a comhleanúnachas. Déanfar an mheastóireacht sin i ndiaidh measúnú tionchair, a bheidh ina dtreoir do chinntí beartais an Choimisiúin. Cuirfidh an measúnú tionchair le torthaí na meastóireachta agus beidh sé mar bhonn do chinneadh ar cheart an creat maidir le cearta scairshealbhóirí a athbhreithniú d’fhonn borradh a chur faoi iomaíochas agus fás an Aontais. A mhéid a bhaineann le simpliú, digitiú agus dul i ngleic le hilroinnt, déanfar measúnú sa mheasúnú tionchair ar éifeachtacht, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht na roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ann i roinnt réimsí. Áireofar ar na réimsí sin, ach ní bheidh siad teoranta dóibh, scairshealbhóirí a shainaithint, eolas a tharchur, cearta scairshealbhóirí a fheidhmiú, trédhearcacht infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní agus comhairleoirí seachvótála, agus formáid na gcruinnithe ginearálta agus na cearta a fheidhmíonn scairshealbhóirí i ndáil leis na cruinnithe sin. |
||
|
An straitéis chomhairliúcháin |
||
|
Tá an glao seo ar fhianaise ar oscailt le haghaidh aiseolais go ceann 12 seachtaine. Is féidir aighneachtaí a chur isteach i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla den Aontas ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, ‘Cloisimis uait’. Cuirfidh an Coimisiún rannchuidithe na bpáirtithe leasmhara leis an nglao seo ar fhianaise san áireamh agus togra á ullmhú aige le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí. Ag an am céanna, beidh comhairliúchán poiblí ar siúl ar feadh 12 sheachtain ar an suíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’. Mar chuid den mheasúnú tionchair, tarraingeofar suas achoimre fhíorasach ar thorthaí an ghlao ar fhianaise agus an chomhairliúcháin phoiblí agus cuirfear torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin uile i láthair i dtuarascáil achoimre. Áiritheofar le rannpháirtíocht leanúnach le príomhionadaithe páirtithe leasmhara trí agallaimh agus suirbhéanna struchtúrtha, ceardlanna agus cruinnithe déthaobhacha, agus trí phléití sainghrúpaí go mbeidh na páirtithe leasmhara uile rannpháirteach go cuí sa phróiseas comhairliúcháin. Leis an rannpháirtíocht sin, cumhdófar saincheisteanna bunúsacha agus saincheisteanna teicniúla sonracha araon. |
||
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
||
|
Táimid ag lorg thuairimí agus thaithí na bpáirtithe leasmhara chun cur leis an meastóireacht agus leis an measúnú tionchair le haghaidh athbhreithniú féideartha ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí. Tá suim ar leith againn sna nithe seo a leanas: ·dúshláin agus easnaimh na Treorach atá ann faoi láthair maidir le Cearta Scairshealbhóirí; ·na bacainní atá ann ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh lena gcuirtear bac ar infheistíocht laistigh den Aontas, bacainní a eascraíonn as cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Cearta Scairshealbhóirí ina measc; ·réitigh agus athruithe féideartha ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí a chuideodh le hinfheistíocht a scaoileadh, iomaíochas na hEorpa a mhéadú, próisis a chuíchóiriú agus a dhigitiú, rialacha a shimpliú agus ualaí riaracháin agus airgeadais a laghdú. |
||
|
An spriocphobal |
||
|
Tá sé mar aidhm againn eolas a bhailiú ó eisitheoirí (gnólachtaí liostaithe), infheisteoirí i scaireanna (infheisteoirí miondíola ina measc), idirghabhálaithe airgeadais, gníomhaithe eile sa mhargadh airgeadais, údaráis na mBallstát, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an pobal i gcoitinne. |
||