|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
An Tionscnamh maidir le hAthléimneacht Sláinte ar an Leibhéal Domhanda |
|
Príomh-AS – an taonad atá freagrach |
INTPA G.4. – Cuimsiú agus Cosaint Shóisialta, Sláinte agus Déimeagrafaíocht |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle |
|
Amchlár táscach |
R2-2026 |
|
Eolas breise |
– |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Le linn a haithisc ar Staid an Aontais 2025, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go seolfaí Tionscnamh nua maidir le hAthléimneacht Sláinte ar an Leibhéal Domhanda. Tá an tionscnamh san áireamh i gclár oibre 2026 an Choimisiúin. Le 25 bliana anuas, tá feabhas mór tagtha ar thorthaí sláinte i bhformhór na dtíortha. Is iad an nuálaíocht, an chobhsaíocht, an fás eacnamaíoch agus cistiú tiomnaithe, chomh maith le ceannaireacht pholaitiúil agus teacht chun cinn na n‑institiúidí sláinte domhanda a bhfuil tionchar acu, a spreag an fhorbairt sin. An tráth céanna, tá brú á chur ar athléimneacht sláinte dhomhanda mar gheall ar mhéadú ar ghalair chasta, athruithe geopholaitiúla, laghdú ar thiomantas deontóirí agus fadhbanna struchtúracha amhail coinbhleachtaí, éagobhsaíocht atá ag dul i méid, ilroinnt, beagán úinéireachta náisiúnta agus tearcinfheistíocht. Tá meath ag teacht ar mhaoiniú sláinte domhanda, rud a léiríonn easnaimh (1) i gcórais sláinte atá ag brath den chuid is mó ar chabhair, go háirithe i dtíortha ísealioncaim áirithe agus i gcomhthéacsanna leochaileacha 1 , agus (2) in obair eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaithe sláinte domhanda áirithe. Ina theannta sin, tá an tsláinte dhomhanda á hionstraimiú chun spriocanna geo-eacnamaíocha agus geopholaitiúla a bhaint amach. Tá sé sin, mar aon leis an méadú atá ag teacht ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis a théann in aghaidh fianaise eolaíoch, ag cur brú ar athléimneacht córas sláinte go leor tíortha. Thairis sin, mar gheall ar mhinicíocht agus déine mhéadaitheach ráigeanna galair, mar aon le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, brúnna déimeagrafacha agus an t‑athrú aeráide, tá baol ann go gcuirfear an iomarca brú ar chórais sláinte san Eoraip agus ar fud an domhain. Tá athléimneacht sláinte dhomhanda ríthábhachtach chun soláthar seirbhísí sláinte fíor-riachtanacha a chinntiú agus chun pobail ar fud an domhain a chosaint ar dhúshláin sláinte poiblí agus ar bhagairtí sláinte trasteorann, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19. D’fhreagair an tAontas tríd an Aontas Sláinte Eorpach a bhunú in 2020 agus trí Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais a ghlacadh in 2022, agus trí ghníomhaíocht rialála ina dhiaidh sin chun géarchéimeanna sláinte amach anseo a chosc nó aghaidh a thabhairt orthu agus chun córais sláinte an Aontais a dhéanamh níos athléimní. Chun an méid sin a bhaint amach, tá uathriail straitéiseach agus earnáil sláinte bhríomhar iomaíoch ríthábhachtach, mar aon le cur chuige uile-ghuaise, uile-rialtais agus uile-shochaí maidir le cosc agus ullmhacht. Príomhghné den Tionscnamh maidir le hAthléimneacht Sláinte ar an Leibhéal Domhanda is ea ár dtairiscint maidir le réitigh sláinte de chuid an Aontais a chur i láthair. Aithnítear níos mó agus níos mó an gá atá le hollstruchtúr domhanda sláinte níos éifeachtúla, lena ngabhann níos mó úinéireachta agus ceannaireachta náisiúnta, agus iarrtar é laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. I gClár Oibre Lusaka 2023, iarradh borradh a chur faoin maoiniú sláinte intíre chun ceannasacht sláinte a bhaint amach, ar mhaithe le comhleanúnachas níos fearr agus comhordú níos fearr idir gníomhaithe sláinte domhanda. I mbliana, ag an 158ú seisiún a bhí ag Bord Feidhmiúcháin na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), chomhaontaigh sé go ndéanfaidh EDS próiseas a dhearadh agus a óstáil lena dtabharfar le chéile agus lena gcomhlánófar an t‑ollstruchtúr domhanda sláinte atá ann faoi láthair agus plé NA80 chun cóineasú agus forbairt comhdhearcaidh a éascú agus chun tacú le claochlú an ollstruchtúir dhomhanda sláinte atá ann faoi láthair. Cuirfidh an Tionscnamh maidir le hAthléimneacht Sláinte ar an Leibhéal Domhanda le Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais (2022), leis an straitéis Global Gateway (2021) agus leis an tacar leathan tionscnamh lena dtógtar an tAontas Sláinte Eorpach 2 . Is é an aidhm fhoriomlán feabhas a chur ar an athléimneacht sláinte dhomhanda i gcomhthéacs domhanda atá ag athrú. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Is éard atá i gceist le hathléimneacht an chórais sláinte, mar atá sainithe ag EDS, a chinntiú go mbeidh córais, pobail agus institiúidí in ann raon leathan suaití agus strusairí a chosc, ullmhú dóibh, iad a ionsú agus oiriúnú dóibh agus, an tráth céanna, leanúint de sheirbhísí riachtanacha sláinte ar ardchaighdeán a sholáthar. Léiríodh i mear-stocmheasúnú a rinne EDS i mí Aibreáin 2025 gur cuireadh isteach ar an gcóras sláinte in 70 % de na tíortha a ndearnadh suirbhé orthu, chomh maith le ganntanais cógas agus táirgí sláinte in aon trian de na tíortha agus gur cuireadh isteach ar bhrath ráigeanna agus ar fhreagairt dóibh. Léiríonn sé sin go bhfuil bearnaí contúirteacha ag teacht chun cinn san athléimneacht sláinte ar fud an domhain. Ós rud é nach mbaineann teorainneacha náisiúnta le géarchéimeanna sláinte, cuireann na bearnaí sin folláine agus beatha daoine ar fud an domhain i mbaol, lena n‑áirítear saoránaigh an Aontais, rud a dhéanann difear ar deireadh don fhorbairt inbhuanaithe, do rathúnas ár sochaithe agus do leasanna na nglúnta atá le teacht. Baineann tosca iomadúla an bonn ón athléimneacht sláinte dhomhanda: ·An riosca méadaitheach go mbeidh bearnaí i gcórais sláinte náisiúnta atá srianta cheana féin nach bhfuil rialáil éifeachtach acu agus nach bhfuil an acmhainneacht acu cúram sláinte príomhúil a sholáthar agus cumhdach sláinte uilíoch seirbhísí fíor-riachtanacha a chinntiú. Is é an toradh a bhíonn air sin galracht agus mortlaíocht inchoiscthe i réimsí amhail sláinte máithreacha agus naíonán, galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, míchothú agus galair ghnéas-tarchurtha, agus mar gheall ar ualach méadaitheach na ngalar neamhtheagmhálach freisin. Tá na dúshláin sin thar a bheith géar i gcomhthéacsanna leochaileacha. ·Easpa creat láidir slándála sláinte atá comhtháite i gcórais sláinte. Bíonn tionchar aige sin ar chosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí mar gheall ar bhearnaí i gcórais faireachais agus acmhainneachtaí saotharlainne neamhleora, infhaighteacht neamhleor frithbheart leighis agus ullmhacht éigeandála neamhleor an luchta saothair sláinte. An tráth céanna, tá an domhan ag tabhairt aghaidh ar mhórbhagairtí sláinte domhanda agus ar scaipeadh galar tógálach amhail an bhruitíneach, póilió, VEID/SEIF, calar, maláire agus fiabhras deinge, scaipeadh a éilíonn gníomhaíocht chomhordaithe dhomhanda. ·Le spleáchas thíortha comhpháirtíochta an Aontais ar chistiú seachtrach agus le húinéireacht náisiúnta theoranta, baintear an bonn ó chumas tíortha aonair torthaí sláinte a ráthú agus aistriú chuig ceannasacht sláinte, go háirithe i gcomhthéacs cúnamh oifigiúil forbraíochta le haghaidh na sláinte a bheith ag laghdú. Tá gá le bainistíocht airgeadais phoiblí atá éifeachtach agus dea-chomhordaithe, le beartais eacnamaíocha a thacaíonn le fás fadtéarmach agus le hinstitiúidí intíre láidre chun torthaí sláinte a fheabhsú agus chun maoiniú sláinte fadtéarmach inbhuanaithe a chinntiú. Tá cuntasacht agus úinéireacht náisiúnta ina spreagadh tábhachtach do straitéisí sláinte agus do mhaoiniú na dtíortha, a chomhlánaítear le hiarrachtaí idirnáisiúnta nuair is gá agus nuair is indéanta. ·Easnaimh san ollstruchtúr domhanda sláinte agus ilroinnt córais, agus easpa béime ar phríomhshainorduithe i gcásanna áirithe, forluí agus comhordú fo-optamach i measc comhpháirtithe sláinte, idir réigiúin agus laistigh díobh araon. Ar an gcaoi chéanna, ní i gcónaí a chuireann bearta áitiúla, náisiúnta agus réigiúnacha le hobair iltaobhach EDS, agus ní i gcónaí a thacaíonn siad léi sin, i réimsí ina bhfuil comhar domhanda fíor-riachtanach chun sláinte gach duine a chosaint. Chomh maith leis sin, uaireanta cuireann ilroinnt a bhaineann go sonrach le galar bac ar neartú agus ar chomhtháthú na gcóras sláinte náisiúnta. ·Déanann bearnaí acmhainneachta agus suaití i slabhraí soláthair domhanda difear d’uathriail straitéiseach an Aontais agus d’uathriail straitéiseach ár gcomhpháirtithe araon. Le suaití sa slabhra soláthair agus acmhainneacht mhonaraíochta dhomhanda nach bhfuil éagsúlaithe go leordhóthanach, cuirtear le leochaileacht leanúnach i leith suaití domhanda. Mar shampla, iompórtálann an Afraic 99 % dá vacsaíní agus 70-90 % dá cógais. ·Laghdaíonn mífhaisnéis sláinte agus bréagaisnéis sláinte muinín in institiúidí agus údaráis sláinte agus san eolaíocht agus sa leigheas. Leis sin, baintear an bonn ó éifeachtacht na mbeart sláinte poiblí agus lagaítear an cumas éigeandálaí sláinte a chosc, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh. Na réitigh inmheánacha ar na fadhbanna sin a chuireann an tAontas chun cinn trí raon leathan beartas inmheánach atá fairsing agus ag leathnú, ba cheart iad a léiriú go hiomlán ina shamhail um chomhar seachtrach. Dá réir sin, ba cheart a ghníomhaíocht sheachtrach a leanúint de bheith comhsheasmhach lena bheartais inmheánacha, agus tosaíochtaí an Aontais amhail uathriail straitéiseach agus iomaíochas á gcur san áireamh go hiomlán. Thairis sin, cé gur feabhsaíodh ailíniú faoi Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais, éilíonn an comhthéacs reatha comhordú níos láidre maidir le slógadh acmhainní chomh maith le gníomhaíocht i réimse na sláinte domhanda i measc Bhallstáit an Aontais agus institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Leagtar amach in Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús le haghaidh gníomhaíocht ón Aontas i réimse na sláinte poiblí, agus leagtar amach in Airteagal 208 CFAE an bunús atá leis an gcomhar um fhorbairt. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Leagfar amach sa tionscnamh – i bhfoirm teachtaireacht bheartais – straitéis de chuid an Aontais um athléimneacht sláinte dhomhanda. Tá sé comhsheasmhach leis na prionsabail agus na rialacha lena rialaítear tionscnaimh bheartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais, lena n‑áirítear an choimhdeacht. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Is é is aidhm don tionscnamh straitéis an Aontais Eorpaigh a chur i láthair chun borradh a chur faoin athléimneacht sláinte ar an leibhéal domhanda, réigiúnach agus náisiúnta, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar phobail ar fud an domhain. Baineann an breisluach atá againn lenár samhail cúraim sláinte phoiblí atá cuimsitheach, atá bunaithe ar riachtanais agus ar chearta agus atá costéifeachtach, samhail lena soláthraítear nach amháin cumhdach sláinte uilíoch agus taighde agus nuálaíocht den chéad scoth, lena n‑áirítear taighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí digiteacha agus intleachta saorga, ach a sheasann amach freisin i ndáil le barr feabhais rialála agus comhar trasteorann. Sócmhainn mhór eile is ea neart ár dtionscail agus ár gcuideachtaí. Chun athléimneacht sláinte a fheabhsú, molfar roinnt réimsí tosaíochta. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas: ·Rannchuidiú le hollstruchtúr domhanda sláinte atá cuíchóirithe agus nach bhfuil chomh hilroinnte céanna agus atá cuntasach, éifeachtach, cothrom agus dírithe ar thuilleadh úinéireachta náisiúnta. Thabharfadh sé sin le tuiscint go mbeadh gníomhaithe éagsúla ag obair i gcomhpháirtíocht, agus go mbeidís ag gníomhú ar bhealach comhordaithe ach ag díriú ar a bpríomhshainorduithe féin chun dúbláil a sheachaint. Thacódh an t‑ollstruchtúr athchóirithe sin leis an iltaobhachas, agus a phríomh-shainordú á chomhlíonadh ag EDS agus ról na n‑institiúidí réigiúnacha á chur chun cinn an tráth céanna de réir mar is iomchuí. ·Cuidiú le córais sláinte athléimneacha atá faoi stiúir tíortha a fhorbairt a bheidh in ann seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar, trí dhíriú ar na comhpháirtithe sin is mó a bhfuil gá acu leo agus ar na háiteanna inar féidir tionchair a bhaint amach chun bearnaí atá ag teacht chun cinn i gcórais sláinte a dhúnadh. Ba cheart go gcuideodh na nithe sin le galracht agus mortlaíocht inchoiscthe a laghdú (e.g. sláinte máithreacha agus naíonán, galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú amhail an bhruitíneach agus póilió, míchothú agus galair ghnéas-tarchurtha), agus aird ar leith á tabhairt ar na tíortha is leochailí agus ar shuíomhanna daonnúla. Is féidir le córais sláinte úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha agus intleachta saorga chun éifeachtúlacht a fheabhsú, costais a laghdú i suíomhanna atá srianta ó thaobh acmhainní de agus rochtain ar chúram ardcháilíochta a leathnú i bpobail nach ndéantar freastal ceart orthu, agus aire á tabhairt chun príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta a chinntiú. Ní mór dár gcomhpháirtithe a bheith ullamh freisin chun dul i ngleic leis an mborradh a mheastar a thiocfaidh ar ghalair neamhtheagmhálacha agus le dúshláin eile dá gcórais sláinte. Is é an cuspóir foriomlán atá leis sin cabhrú le comhpháirtithe aistriú i dtreo ceannasacht sláinte. ·Feabhas a chur ar an tslándáil sláinte ar an leibhéal domhanda, réigiúnach agus náisiúnta chun an tsláinte phoiblí a chosaint san Aontas agus ar fud an domhain. D’fhéadfaí a áireamh leis sin cumas coisc, ullmhachta agus freagartha ar leibhéal na tíre a neartú, lena n‑áirítear déanamh amhlaidh trí bhorradh a chur faoi acmhainneacht saotharlainne, rochtain ar dhiagnóisic, córais faireachais, an lucht saothair cúraim sláinte agus táirgeadh agus stoc-charnadh áitiúil agus réigiúnach frithbheart leighis. Leis an tionscnamh, threiseofaí líonraí domhanda agus comhordú iltaobhach freisin, rudaí atá i gcroílár na slándála sláinte domhanda, agus thacófaí le líonraí réigiúnacha an tráth céanna de réir mar is iomchuí. Ní mór líonraí náisiúnta agus domhanda a chomhtháthú, gan iad a bheith ag feidhmiú i gcomhthráth lena chéile. ·Slabhraí soláthair domhanda a éagsúlú agus tacú le monarú áitiúil táirgí sláinte inár dtíortha comhpháirtíochta, ar bhonn leasanna frithpháirteacha, agus comhpháirtíochtaí a chomhdhlúthú chun leochaileachtaí criticiúla a laghdú agus slabhraí soláthair comhpháirteacha a chur chun cinn. ·An mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac trí mhuinín san eolaíocht a chothú agus trí chumarsáid sláinte poiblí a fheabhsú trí chomhar níos láidre le tíortha comhpháirtíochta agus le comhpháirtithe áitiúla iontaofa. Leis na tosaíochtaí a sainaithníodh, léirítear réimsí inar féidir leis an Aontas breisluach a chur ar fáil don athléimneacht sláinte dhomhanda, agus infheictheacht a ghníomhaíochtaí agus a thionchair a mhéadú, agus leas comhroinnte lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta á shaothrú an tráth céanna. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, féachfaidh an tionscnamh le gníomhaíochtaí leanúnacha an Aontais a uasmhéadú agus le comhar a neartú a thuilleadh trí líonraí idirnáisiúnta agus trí rannpháirtíocht réigiúnach agus dhéthaobhach spriocdhírithe. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Meastar go gcuideoidh an tionscnamh le hathléimneacht sláinte dhomhanda a fheabhsú a bhuí le breisluach shamhail an Aontais, go rannchuideoidh sé le sláinte phoiblí an Aontais a chosaint agus, ar an leibhéal domhanda, go gcuideoidh sé le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3 (sláinte mhaith agus dea-bhail) a bhaint amach. Tionchair dhomhanda, réigiúnacha agus náisiúnta is dócha a bheidh ann: ·Tionchair dhomhanda: ollstruchtúr domhanda sláinte níos cuíchóirithe a bheidh in ann dul i ngleic le saincheisteanna sláinte ar bhealach níos éifeachtúla agus níos cothroime; comhordú iltaobhach feabhsaithe agus freagairt iltaobhach fheabhsaithe. ·Tionchair réigiúnacha: slándáil agus ullmhacht sláinte níos fearr sa réigiún Eorpach agus comhpháirtíochtaí feabhsaithe le réigiúin eile, as a dtiocfaidh comhordú agus comhroinnt saineolais níos fearr. ·Tionchair náisiúnta: córais sláinte níos láidre agus níos athléimní atá in ann seirbhísí fíor-riachtanacha ar a laghad a sholáthar agus éigeandálaí sláinte a chosc, a bhrath agus a shrianadh. Cinnteoidh sé sin sláinte níos fearr do dhaonraí ar fud an domhain agus beidh tionchar dearfach aige ar fhorbairt dhaonna agus eacnamaíoch. I gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú, déanfaidh an tionscnamh leasanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn freisin, tacóidh sé le huathriail straitéiseach agus iomaíochas an Aontais i gcomhréir le Compás Iomaíochais an Aontais agus leis an straitéis Global Gateway agus cuirfidh sé deiseanna ar fáil don earnáil phríobháideach agus do pháirtithe leasmhara san Aontas agus ina thíortha comhpháirtíochta araon. Ina theannta sin, trí chomhpháirtíochtaí sláinte an Aontais le príomhthíortha agus le príomhréigiúin a neartú agus tríd an gcomhar iltaobhach a threisiú, cuirfidh an tionscnamh feabhas ar infheictheacht agus ar thionchar an Aontais. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Cinnteofar faireachán ar chur chun feidhme den chuid is mó trí shásraí agus fóraim atá ann cheana (amhail Fóram an Aontais um Beartas Sláinte Domhanda) i gcomhréir le Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Is i bhfoirm teachtaireachta a bheidh an straitéis. Leagfar amach ann cur chuige ginearálta beartais agus tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí comhfhreagracha, nach gá aon mheasúnú tionchair a dhéanamh ina leith. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le measúnú tionchair le haghaidh aon tionscnamh de chuid an Choimisiúin amach anseo a eascróidh as an teachtaireacht. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Is éard a bheidh sa chomhairliúchán glao ar fhianaise agus comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara de réir mar is iomchuí. Breithneofar an t‑ionchur ábhartha uile chun bonn láidir fianaisebhunaithe a chinntiú don chumarsáid. I bhfianaise an phríomhróil atá ag daoine óga i gcur chuige uile-shochaí i leith na hathléimneachta sláinte domhanda agus i bhfianaise an réimse tosaíochta a bhaineann leis an mífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac, rachfar i gcomhairle le daoine óga mar chuid de sheiceáil óige de chuid an Choimisiúin. Áireofar sa chomhairliúchán spriocdhírithe ionadaithe ó údaráis phoiblí náisiúnta (san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta), eagraíochtaí neamhrialtasacha, an saol acadúil, an tionscal, comhlachais ghairmiúla a bhaineann leis an tsláinte, comhlachais othar, eagraíochtaí idirnáisiúnta (e.g. EDS, UNFPA, CICD, IFRC) agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, lena n‑áirítear daoine óga agus sochaí shibhialta na hóige. Déanfar na comhairliúcháin trí fhóraim théamacha, meithleacha nó ardáin ardleibhéil atá ann cheana, lena gcuimseofar an pobal comhpháirtíochta idirnáisiúnta agus an pobal sláinte araon. Le torthaí an ghlao ar fhianaise agus an chomhairliúcháin, comhlánófar fianaise a fhaightear ó fhoinsí iontaofa eile. Áirítear orthu sin torthaí na sraitheanna oibre seo a leanas lena bhféadfaí léargais úsáideacha a thabhairt, cé gur torthaí páirteacha iad: ·Próiseas machnaimh neamhfhoirmiúil an Aontais agus na ndeontóirí atá ar aon intinn leis maidir leis an ollstruchtúr domhanda sláinte a athchóiriú i gcomhthéacs an chomhair um fhorbairt, ar próiseas é a dhéanann sainchomhairleoirí seachtracha le haghaidh AS INTPA. ·Comhairliúcháin thráthrialta maidir leis an tsláinte dhomhanda faoi Thionscnamh Fhoireann na hEorpa atá ar siúl faoi láthair agus faoi Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát, chomh maith le comhairliúcháin le húdaráis cosanta sibhialta faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus rescEU. ·Comhairliúcháin le Ballstáit an Aontais i gcomhthéacs obair na Náisiún Aontaithe, EDS, G7, G20 nó ECFE a bhaineann leis an tsláinte. ·Comhairliúcháin le Ballstáit an Aontais i gcomhthéacs tionscnaimh um beartas sláinte inmheánaí. ·Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara an Aontais i bhFóram Eorpach Sláinte Gastein. ·Fóraim dhéthaobhacha maidir le beartas sláinte ar an leibhéal polaitiúil. ·Comhairliúcháin thráthrialta leis na Ballstáit maidir le hullmhacht agus freagairt i gcás paindéime tríd an gCoiste Slándála Sláinte agus trí Bhord HERA, i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach. ·Rannpháirtíocht leanúnach, trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, le réigiúin chomhpháirtíochta an Aontais chun réimsí leasa frithpháirteacha a mhapáil. Áirítear ar na cruinnithe ardleibhéil a bhí ann le déanaí Cruinniú Stiúrtha Ardleibhéil na Comhpháirtíochta Sláinte idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach an 5 Samhain 2025, an seachtú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach, as ar eascair dearbhú comhpháirteach an 25 Samhain 2025, agus Cruinniú Mullaigh 2025 idir Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh agus an tAontas Eorpach an 9 Samhain 2025. ·Roinnt imeachtaí a reáchtáladh in 2025 chun tuairimí na sochaí sibhialta a bhailiú maidir le gnéithe áirithe den ról atá ag an Aontas i réimse na sláinte domhanda i dtimpeallacht atá ag athrú. Áiríodh orthu sin Fóram an Aontais um Beartas Sláinte Domhanda an 15 Bealtaine 2025, agus ‘tumadh domhain’ ina dhiaidh sin maidir le todhchaí an ollstruchtúir dhomhanda sláinte an 8 Nollaig 2025. Beidh tuilleadh rannpháirtíochta ann trí Fhóram na Sochaí Sibhialta, tríd an Ardán um Idirphlé Óige (comhaltaí agus alumni) agus trí na Boinn Braite Óige. ·Rannpháirtíocht leanúnach leis an tionscal, mar shampla trí fhóraim ghnó chomhpháirteacha idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta ina bhfuil an tsláinte ar cheann de na fo-earnálacha a chumhdaítear, fóraim ghnó réigiún-sonracha (an Fóram Gnó idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach, Fóram Gnó MLC-AE) nó Grúpa Comhairleach Gnó Global Gateway, a bhfuil foghrúpa sonrach aige maidir leis an tsláinte. Rachfar i gcomhairle freisin leis an bhFóram Comhpháirteach um Chomhoibriú Tionsclaíoch. Is féidir freagraí ar an nglao seo ar fhianaise a chur isteach in aon cheann de na 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais. |