GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
Teideal an tionscnaimh |
An Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach 2025-2030 |
Príomh-AS – an t-aonad atá freagrach |
AS um Cheartas agus Tomhaltóirí; Aonad A1 – An tAistriú Digiteach agus Oiliúint Bhreithiúnach |
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún |
Amchlár táscach |
R4 2025 |
Eolas breise |
1.Suíomh gréasáin Europa: Oiliúint gairmithe ceartais — An Coimisiún Eorpach 2.An Tairseach don r-Cheartas: Beartas an Aontais maidir le hoiliúint bhreithiúnach |An Tairseach Eorpach don r-Cheartas 3.Eolas faoin Ardán |An tArdán Oiliúna Eorpach |
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t-amchlár san áireamh. |
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
An comhthéacs polaitiúil |
Cuireadh de chúram ar an gCoimisinéir McGrath ina litir mhisin straitéis maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt (an intleacht shaorga san áireamh), chun córais ceartais choiriúil agus shibhialta de chuid an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla, níos athléimní agus níos sláine. Tá sé sin i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin chun an tAontas Eorpach a dhéanamh níos iomaíche, níos dírithe ar an bhfás agus níos digití. Glacfar an Straitéis nua um Oiliúint Bhreithiúnach 2025-2030 mar phacáiste in éineacht leis an Straitéis maidir le Digiteáil an Cheartais 1 chun a chinntiú go bhfaighidh gairmithe ceartais na scileanna digiteacha agus an t-eolas digiteach chun coinneáil suas leis na forbairtí sin. Le Rialachán 2023/2844 maidir le Digitiú, ceanglaítear ar na Ballstáit an oiliúint is gá a thairiscint do ghairmithe breithiúnacha agus cuirtear d’oibleagáid ar an gCoimisiún a chinntiú go bhfuil an oiliúint sin ar cheann de na tosaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ó chláir airgeadais ábhartha an Aontais. Chuir an Chomhairle i bhfios go láidir le déanaí a thábhachtaí atá oiliúint bhreithiúnach maidir le huirlisí digiteacha agus IS i réimse an cheartais. Thacaigh sí le hoiliúint cleachtóirí ceartais mar bhealach chun cur i bhfeidhm éifeachtach reachtaíocht an Aontais a chinntiú i réimsí an cheartais shibhialta agus choiriúil agus na gceart bunúsach. |
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
Cuireann córais cheartais éifeachtacha leis an bhfás trí iomaíochas gheilleagar an Aontais a fheabhsú. Is mó seans go ndéanfaidh gnólachtaí agus tionscail infheistíocht i dtíortha ina bhfuil córais cheartais éifeachtacha. Léirigh géarchéim COVID-19 go bhfuil sé ríthábhachtach córais cheartais dhigitithe a dhéanamh níos athléimní ar fud an Aontais agus dlús a chur le hathchóirithe náisiúnta chun malartú faisnéise a dhigitiú agus chun leanúint de rochtain éasca ar cheartas do chách. Léirítear i Scórchlár Ceartais AE 2024, cé go n-úsáideann na Ballstáit réitigh dhigiteacha cheana féin i gcomhthéacsanna éagsúla agus ar leibhéil éagsúla, go bhféadfaí feabhas suntasach a chur ar chúrsaí fós. An tráth céanna, níl an oiliúint bhreithiúnach maidir leis an digitiú ag coinneáil suas leis an aistriú luathaithe chuig digitiú an cheartais. Fuarthas amach i dTuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir le hOiliúint Bhreithiúnach nach raibh ach 2.5% de na gníomhaíochtaí oiliúna leanúnaí dírithe ar an digitiú in 2023. Sainaithníonn gairmithe breithiúnacha oiliúint maidir leis an digitiú ar cheann de na riachtanais oiliúna is práinní atá acu. Cuireann go leor acu i dtábhacht an gá atá le bunoiliúint TF mar réamhriachtanas chun uirlisí digiteacha sonracha a úsáid go héifeachtach. Leis an spéis mhór a bhaineann le feidhmeanna IS i gcomhthéacsanna dlíthiúla, cuirtear i bhfios go láidir an gá atá le hoiliúint spriocdhírithe sa réimse sin atá ag athrú. Ina theannta sin, tá dúshláin éagsúla ag baint le físchomhdháil agus éisteachtaí ar líne, idir dheacrachtaí teicniúla agus chearta nós imeachta agus bunúsacha a chosaint i dtimpeallachtaí digiteacha, agus stiúradh éifeachtach imeachtaí ar líne. Tugtar le fios i réamhthorthaí an mheasúnaithe ar oiliúint bhreithiúnach le 4 bliana anuas go bhféadfaí na cistí agus an buiséad atá ar fáil d’oiliúint bhreithiúnach a chomhordú ar bhealach níos fearr chun éifeachtaí a uasmhéadú. Ba cheart úsáid níos fearr a bhaint as sineirgí idir cistí éagsúla de chuid an Aontais agus buiséid náisiúnta éagsúla, agus ábhar na hoiliúna a ailíniú ar bhealach níos fearr. Is gá modhanna oiliúna agus meastóireachta a oiriúnú freisin chun tionchair fhadtéarmacha na hoiliúna breithiúnaí a mhaoiníonn an tAontas a chinntiú. Chomh maith leis an digitiú, cuireann oiliúint bhreithiúnach le cur chun feidhme tosaíochtaí straitéiseacha eile de chuid an Aontais. Tá ról lárnach aici in oiliúint breithiúna agus ionchúisitheoirí, foirne cúirte agus ionchúisimh, báillí, nótairí, foirne príosúin agus promhaidh, agus dlíodóirí. |
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
Bunús dlí |
Is inniúlacht náisiúnta í an oiliúint bhreithiúnach, ach tacaíonn an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí in ábhair shibhialta agus choiriúla chun críoch comhair bhreithiúnaigh san Aontas (Airteagal 81(2)(h) agus Airteagal 82(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)). |
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
Is í an Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach an uirlis is fearr chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus cruinn acquis an Aontais a chinntiú, an chuid de a chlúdaíonn reachtaíocht an Aontais i réimse an dlí shibhialta, an dlí choiriúil agus dhlí na gcuideachtaí agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais á gcur san áireamh. Ceapfar an Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach freisin chun iarrachtaí oiliúna breithiúnaí náisiúnta agus iarrachtaí oiliúna breithiúnaí an Aontais a ailíniú agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna tosaíochta choiteanna a shainaithin gairmithe ceartais ar fud na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí. Faoi láthair, maoinítear 80% d’oiliúint dhlí an Aontais go náisiúnta ach tá sí ilroinnte i gcónaí, rud a fhágann go gcailltear deiseanna le haghaidh sineirgí. Chuirfeadh comhordú níos fearr leis an Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach ar a gcumas do na Ballstáit tionchar na hoiliúna a uasmhéadú agus a dhoimhniú, buiséid náisiúnta a bharrfheabhsú trí leas a bhaint as cláir a mhaoiníonn an tAontas agus comhar breithiúnach digiteach agus trasteorann a fheabhsú. Go háirithe, le hoiliúint níos comhordaithe chun dlíthe an Aontais maidir leis an digitiú agus an ceartas digiteach a chur chun feidhme, chumhachtófaí gairmithe ceartais agus rannchuideofaí le limistéar Eorpach ceartais níos aontaithe, níos cáilithe agus níos éifeachtúla, a rachadh chun tairbhe do dhaoine aonair, do ghnólachtaí agus don fhás eacnamaíoch. |
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
Is dócha go ndéanfaidh an Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach na rudaí seo a leanas: (i) díriú ar dhigitiú an cheartais chun cuidiú Rialachán 2023/2844 maidir le Digitiú a chur chun feidhme; (ii) timpeallacht thacúil a chur ar fáil chun an straitéis ceartais a dhigitiú; agus (iii) an acmhainneacht is gá a thabhairt do ghairmithe ceartais chun máistreacht a fháil ar chlaochlú digiteach na gcóras ceartais agus an gheilleagair agus na sochaí. Ina theannta sin, leanfar de thacaíocht a thabhairt d’oiliúint ar acquis an Aontais atá ann cheana i gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais. Ba cheart don Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach díriú ar thrí sprioc. 1Na scileanna is gá a thabhairt do ghairmithe ceartais chun uirlisí agus bonneagair dhigiteacha (teicneolaíocht IS san áireamh) a úsáid go héifeachtach in imeachtaí breithiúnacha. 2An t-eolas agus na scileanna is gá a thabhairt do ghairmithe ceartais chun dlíthe an Aontais lena rialaítear gnéithe éagsúla den gheilleagar digiteach agus den tsochaí dhigiteach a chur i bhfeidhm i gceart. Ba cheart béim a leagan san oiliúint freisin ar choimircí rialála sonracha (e.g. ceanglais cosanta sonraí, cearta bunúsacha agus cearta nós imeachta) atá nasctha le húsáid uirlisí digiteacha agus intleachta saorga (a n-úsáid in imeachtaí breithiúnacha san áireamh). 3Feasacht gairmithe ceartais a ardú maidir leis na buntáistí agus na teorainneacha a bhaineann leis an digitiú agus le teicneolaíocht IS in imeachtaí breithiúnacha (an fhéidearthacht cineálacha nua imeachtaí, éilimh ollmhóra, cuir i gcás, a éascú san áireamh). Ba cheart modhanna oiliúna a dhearadh chun tionchar fadtéarmach na hoiliúna a chuirtear ar fáil a chinntiú. Tá éileamh ar mhodheolaíochtaí praiticiúla nithiúla oiliúna (bréagthrialacha san áireamh) chun cuidiú le gairmithe iad féin a chur in oiriúint do shreafaí oibre digiteacha agus cleachtais nua a inmheánú. Ní mór difríochtaí i leibhéal scileanna digiteacha agus eolais dhigitigh na ngairmithe ceartais a chur san áireamh sna tairiscintí oiliúna freisin. Is gá comhordú níos fearr a dhéanamh ar chúrsaí oiliúna atá ar fáil agus a mhaoinítear ó fhoinsí éagsúla chun éifeachtaí na mbuiséad atá ar fáil a uasmhéadú agus chun sineirgí a chruthú. Chuige sin, bheadh gá le comhar idir na Ballstáit agus acadaimh agus eagraíochtaí oiliúna náisiúnta toisc go maoinítear thart ar 80% den oiliúint faoi dhlí an Aontais ó bhuiséid oiliúna náisiúnta. D’fhéadfaí bealaí agus líonraí atá ann cheana (e.g. an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach) a úsáid chun torthaí a bharrfheabhsú. |
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
Trí acmhainneacht dhigiteach gairmithe ceartais a fhorbairt, d’fhéadfaí an t-ualach riaracháin in imeachtaí cúirte a laghdú go tapa, rud a shábhálfadh costais agus am agus a chuirfeadh ar a gcumas do ghairmithe ceartais díriú níos mó ar a bpríomhfhreagrachtaí. Sa chleachtas, d’fhéadfaí cásanna a phróiseáil, monatóireacht a dhéanamh orthu, tuilleadh a dhéanamh leo agus iad a chur i gcrích níos tapúla. Is féidir gnáthchúraimí a tharmligean chuig an intleacht shaorga a mhéid atá sé sin comhoiriúnach le cearta an duine lena mbaineann. D’fhéadfadh físchomhdháil (seachas éisteachtaí cúirte i bpearsa) a bheith ina rogha faoi choinníollacha áirithe agus rochtain ar cheartas a éascú agus costais agus ualaí eile a bhaineann le taisteal a laghdú (go háirithe i gcásanna trasteorann). Ní féidir ach le gairmithe ceartais dea-oilte úsáid iomlán agus inniúil a bhaint as uirlisí digiteacha chun na buntáistí sin a bhaint amach i bhfoirm cinnteoireacht níos éifeachtúla agus níos dírithe ar cháilíocht. Dá bhrí sin, cuireann oiliúint bhreithiúnach maidir le scileanna digiteacha agus eolas digiteach le réimse eacnamaíoch a mheallann infheistíochtaí, nuálaíocht, gnólachtaí iomaíocha agus fás, agus cearta an duine aonair agus daoine leochaileacha á gcosaint an tráth céanna. Tríd is tríd, cuirfidh oiliúint bhreithiúnach le heolas gairmithe ceartais ar dhlí an Aontais agus cinnteoidh sí go gcuirfear i bhfeidhm i gceart agus go haonfhoirmeach é ar fud an Aontais. |
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
Déantar monatóireacht ar thionscadail oiliúna a mhaoinítear trí dheontais ghníomhaíochta (i) trí mheastóireachtaí an Choimisiúin ar na táirgí insoláthartha deiridh agus tuarascálacha deiridh; (ii) trí mheasúnuithe ar thionchar gearrthéarmach go fadtéarmach tionscadal. Ceanglaítear ar thairbhithe deontais meastóireacht chórasach a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí oiliúna. Déanann an Coimisiún meastóireacht bhliantúil ar fheidhmíocht thairbhithe na ndeontas oibriúcháin (i.e. an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach – GEOB) i gcomparáid le ceanglais na gcomhaontuithe deontais is bunús dóibh. Ceanglaíonn na comhaontuithe deontais ar GEOB meastóireacht a dhéanamh ar gach gníomhaíocht oiliúna. Eagraíonn an Coimisiún suirbhéanna ar líne freisin, ina n-iarrtar ar rannpháirtithe in oiliúint a mhaoiníonn an tAontas meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus ábharthacht na hoiliúna ar fhreastail siad uirthi. Foilseofar torthaí agus sonraí staidrimh ar an Deais um Oiliúint Bhreithiúnach ar an Tairseach don r-Cheartas. |
C. Rialáil níos fearr |
Measúnú tionchair |
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh i bhfianaise chineál straitéiseach leathan an tionscnaimh. |
An straitéis chomhairliúcháin |
I measc na ngrúpaí páirtithe leasmhara lena mbaineann a ndeachthas i gcomhairle leo tá breithiúna, ionchúisitheoirí, dlíodóirí, foireann cúirte agus ionchúisimh, nótairí, báillí agus a n-eagraíochtaí gairmiúla, soláthraithe oiliúna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, comhlachtaí oiliúna breithiúnaí na mBallstát a bhfuil ionadaíocht acu in GEOB, agus an pobal i gcoitinne (lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta). Rinneadh athbhreithniú ar thorthaí na hoiliúna breithiúnaí 2021-2024 in 2024. Ní hamháin gur dhírigh sé ar easnaimh a shainaithint, ach dhírigh sé ar riachtanais digitithe a bheidh ann amach anseo freisin. Beidh na torthaí mar bhonn eolais don Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach agus foilseofar iad in éineacht leis an Straitéis. Scrúdaíodh riachtanais oiliúna breithiúnaí (riachtanais maidir le digitiú agus modheolaíocht) (i) sa Ghrúpa Saineolaithe um Oiliúint Bhreithiúnach Eorpach in 2023; (ii) ag comhdhálacha bliantúla an Aontais maidir le riachtanais oiliúna le páirtithe leasmhara in 2023 agus 2024; (iii) trí ghníomhaíochtaí for-rochtana déthaobhacha le comhlachais páirtithe leasmhara; (iv) trí ghlao ar fhianaise maidir le torthaí na hoiliúna breithiúnaí in 2021-2024; agus (v) trí chomhdháil mhí na Samhna 2024 a d’eagraigh Uachtaránacht na hUngáire agus an Coimisiún maidir leis an intleacht shaorga agus ardteicneolaíochtaí eile ar mhaithe le ceartas níos fearr. Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe arís i mí Aibreáin 2025. |
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
Is é is aidhm don ghlao seo ar fhianaise riachtanais oiliúna gairmithe ceartais a fhiosrú, go háirithe maidir le digitiú an cheartais. Bheadh sé tábhachtach riachtanais oiliúna a shainaithint i dtíortha aonair nó i ngrúpaí gairmiúla, nó i ndáil le hábhair shonracha eile a mheasann gairmithe ceartais a bheith ríthábhachtach. Ina theannta sin, bheadh suim ag an gCoimisiún aon bharúil phraiticiúil nó nithiúil eile a fháil (e.g. maidir le taithí ar chlaochlú digiteach breithiúnach; tionchar na hoiliúna ar chur i bhfeidhm an acquis atá ann cheana i réimse an chomhair bhreithiúnaigh; cur chun feidhme éifeachtach thosaíochtaí oiliúna an Aontais sna Ballstáit; saincheisteanna buiséadacha; dea‑chleachtas; modhanna agus formáidí oiliúna éifeachtacha; agus moltaí le haghaidh feabhsúchán). Cuideoidh na torthaí le Straitéis nua an Choimisiúin um Oiliúint Bhreithiúnach 2025-2030 a mhúnlú. |
An spriocphobal |
Is é an spriocphobal an pobal i gcoitinne; daoine aonair; eagraíochtaí sochaí sibhialta; gnólachtaí agus tionscail; gairmithe ceartais (e.g. breithiúna, ionchúisitheoirí, dlíodóirí, foireann cúirte agus ionchúisimh, nótairí, báillí, foireann príosúin agus promhaidh) agus a líonraí gairmiúla; soláthraithe oiliúna breithiúnaí agus líonraí oiliúna breithiúnaí; údaráis náisiúnta um oiliúint bhreithiúnach; agus na Ballstáit, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, agus a n-údaráis inniúla agus a n-ionadaithe. |