GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Teideal an tionscnaimh

An Comhshocrú do réigiúin na teorann thoir

Príomh-AS – an taonad atá freagrach

AS REGIO / D4

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Teachtaireacht ón gCoimisiún

Amchlár táscach

R4 2025

Eolas breise

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Sa litir mhisin a chuir Uachtarán an Choimisiúin chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Fitto, leag sí amach an cuspóir ‘obair a dhéanamh ar thacaíocht a chur ar fáil do réigiúin na teorann thoir is mó atá thíos le fogha na Rúise chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá rompu agus chun tacú leo a ngeilleagar áitiúil a atreorú’.

Le héifeachtaí suaiteacha an chogaidh, cuireadh leis na leochaileachtaí a bhí ann cheana agus cruthaíodh dúshláin bhreise ar fud chríocha na teorann thoir. Tá dhá dhúshlán roimh na réigiúin sin, mar atá a slándáil a neartú agus a gcreatlach eacnamaíoch agus shóisialta a athbheochan.

I mí na Samhna 2024, chomhshínigh na Stáit Bhaltacha agus an Pholainn dearbhú comhpháirteach inar leagadh béim ar na dúshláin shonracha atá os comhair na réigiún sin agus ar an ngá atá le réitigh shaincheaptha faoin mbeartas comhtháthaithe chun na hearnálacha is mó ar cuireadh isteach orthu a neartú d’fhonn a ngeilleagair agus a bhforbairt a choinneáil ar an mbóthar ceart. An 12 Feabhra 2025, thionóil Parlaimint na hEorpa díospóireacht iomlánach dar theideal: ‘Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún - An gá atá le tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do réigiúin an Aontais atá ar theorainn na Rúise, na Bealarúise agus na hÚcráine’. An 25-26 Meitheamh 2025, tionóladh Comhdháil Ardleibhéil an Aontais maidir le Réigiúin na Teorann Thoir in Białowieża. Cuireadh i dtábhacht ag an gcomhdháil go bhfuil réigiúin na teorann thoir ag dul i ngleic le réimse dúshlán atá ag dul in olcas ó bhris cogadh gan chúis na Rúise ar an Úcráin amach. Áirítear orthu sin boilsciú ard, laghdú géar ar infheistíocht, ar shreafaí trádála, agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha (lena n‑áirítear an turasóireacht), dídhaonrú, insreabhadh dídeanaithe agus ábhair imní slándála atá ag dul i méid. Mar gheall ar éifeachtaí suaiteacha an chogaidh, tá méadú tagtha ar na leochaileachtaí a bhí ann cheana i roinnt mhaith de na réigiúin sin, amhail dídhaonrú tapa agus meath socheacnamaíoch, agus tá dúshláin nua á gcruthú an tráth céanna ar fud na gcríoch teorann sin.

Tá tionchar neamhshiméadrach na géarchéime níos measa mar gheall ar acmhainneacht institiúideach mhíchothrom ar leibhéal an rialachais i mBallstáit éagsúla, rud a chuireann teorainn lena gcumas freagairt go héifeachtach.

Tar éis thús an chogaidh, chuir an Coimisiún cláir um chomhar trasteorann leis na tíortha is ionsaitheoirí, an Rúis agus an Bhealarúis, ar fionraí láithreach agus d’ath-leithdháil sé EUR 150 milliún ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ar chláir um chomhar inmheánach. Rinneadh na cláir sin a choigeartú freisin chun deiseanna comhair a leathnú do réigiúin uile an Aontais atá ar theorainn na Rúise agus na Bealarúise.

An tráth céanna, rinneadh EUR 160 milliún ó ionstraim sheachtrach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) - a bhí beartaithe ar dtús le haghaidh cláir leis an Rúis agus leis an mBealarúis - a atreorú chun cláir trasteorann a threisiú feadh na dteorainneacha leis an Úcráin agus leis an Moldóiv.

Thairis sin, an 15 Iúil 2025, chomhaontaigh na comhreachtóirí athruithe reachtacha don athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe. Trí réamh-mhaoiniú breise agus rátaí cómhaoinithe níos airde a thabhairt isteach le haghaidh tosaíochtaí nua - an chosaint agus an tslándáil, aistriú fuinnimh, iomaíochas, athléimneacht uisce agus tithíocht - tugtar dreasacht níos mó do na Ballstáit torthaí nithiúla a bhaint amach do na réigiúin is mó atá thíos leis an gcogadh.

Ina theannta sin, sheol an Coimisiún roinnt tionscnamh um chúnamh teicniúil. Mar shampla, tá sé ag obair leis an mBanc Domhanda chun acmhainneacht na n‑údarás áitiúil agus na bpáirtithe leasmhara a neartú i réigiúin teorann na dtrí Stát Bhaltacha. Is é is aidhm don chomhar sin cabhrú leo tionscadail ardacmhainneachta atá saincheaptha dá riachtanais réigiúnacha a shainaithint agus a chur chun feidhme. Bailíodh fianaise láidir freisin le tacaíocht ón Líonra Breathnóireachta Eorpach um Fhorbairt Chríochach agus um Chomhtháthú Críochach (ESPON), ó ECFE agus ó thionscnamh Interreg na hEorpa – Regio-Silience. Mar sin féin, in ainneoin iarrachtaí móra na hacmhainní agus na beartais atá ann cheana a bharrfheabhsú mar fhreagairt ar riachtanais na réigiún sin, tá géarghá le cur chuige sistéamach tiomnaithe. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cur chuige den sórt sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla atá ag teacht chun cinn atá os comhair na réigiún sin trí chabhrú leo straitéisí áitbhunaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme lena gcothaítear athléimneacht, cuimsitheacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach;

·Gníomhaíochtaí cuimsitheacha a chur chun cinn chun slándáil agus athléimneacht a neartú, infheistíocht a dhí-rioscú, muinín ghnó a athbhunú, na réigiúin a athbhrandáil chun turasóireacht a mhealladh, agus tacú leis an meabhairshláinte agus le braistint fhoriomlán na sábháilteachta agus na folláine i measc na bpobal áitiúil.

Gan cur chuige comhordaithe cuimsitheach atá dírithe ar an tslándáil, d’fhéadfadh rioscaí slándála níos leithne don Aontas ina iomláine a bheith mar thoradh ar mheath leanúnach eacnamaíoch agus dídhaonrú – go háirithe i gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méid. Leagtar béim leis sin ar an ngéarghá atá ann go n‑éascóidh an tAontas iarracht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus í curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla shonracha réigiún na teorann thoir is mó a ndéantar difear dóibh.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Tá an tionscnamh bunaithe ar Airteagail 174-178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU). In Airteagal 174 foráiltear go bhfuil ar an Aontas, d’fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur chun cinn, a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus le cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú. Áirítear le forálacha Airteagail 175-178 na hionstraimí chun spriocanna Airteagal 174 a bhaint amach.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Tagann an tionscnamh faoi inniúlacht chomhroinnte agus tá gá leis ar roinnt príomhchúiseanna:

·Déanann na dúshláin difear don chobhsaíocht eacnamaíoch, don tslándáil agus don chomhtháthú sóisialta i réigiúin na teorann thoir ar fud an iliomad Ballstát atá mar theorainn sheachtrach thoir an Aontais. Tá impleachtaí trasteorann móra ag na dúshláin sin, ós rud é gur féidir le forbairtí i réigiún amháin, go háirithe ó thaobh an gheilleagair, na trádála agus na slándála de, tionchar díreach a imirt ar thíortha agus ar réigiúin chomharsanachta, rud a d’fhéadfadh leasanna níos leithne an Aontais a dhíchobhsú.

·Is léir go bhfuil breisluach le fáil ag an Aontas maidir leis an gcomhtháthú foriomlán a neartú laistigh de na Ballstáit a ndéantar difear dóibh agus maidir le cosc a chur ar fhorbairtí díobhálacha a d’fhéadfadh dul in olcas, go háirithe i gcomhthéacs na héagobhsaíochta geopholaitiúla leanúnaí agus iarmhairtí forleathana chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar na réigiúin sin.

·Leis an tionscnamh, tabharfar de chumhacht do na réigiúin sin rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí leis an iomaíochas náisiúnta agus an iomaíochas uile-Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh deiseanna fadtéarmacha ann le haghaidh fás cuimsitheach inbhuanaithe agus, ar an gcaoi sin, go bhfeabhsófar athléimneacht agus comhtháthú limistéar eacnamaíoch iomlán an Aontais.

·Tá ról ríthábhachtach ag na réigiúin sin i neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, go háirithe maidir le foinsí fuinnimh agus slándáil an tslabhra soláthair. Trí fheabhas a chur ar bhonneagar agus bainistiú acmhainní i réigiúin teorann, is féidir le gníomhaíochtaí an Aontais borradh a chur faoin athléimneacht i gcoinne brúnna seachtracha, rud a áiritheoidh rochtain chobhsaí shlán ar acmhainní ríthábhachtacha.

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í

Is é is aidhm don tionscnamh seo an méid seo a leanas a dhéanamh:

·réigiúin teorann thoir na hEorpa a athrú ó thúslínte leochaileacha ina gcríocha athléimneacha, iomaíocha agus slána a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le cobhsaíocht, slándáil agus bunluachanna an Aontais a chosaint.

·seasamh agus cur chuige an Choimisiúin a chur i láthair do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do na Ballstáit agus don phobal, mar aon le hiarraidh ar gach gníomhaí iarracht chomhbheartaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair réigiúin na teorann thoir - dúshláin ar freagracht chomhroinnte Eorpach iad.

·gníomhaíochtaí a chuimsiú atá dírithe ar an mbeartas comhtháthaithe, ach a d’fhéadfadh a bheith idirnasctha freisin le hionstraimí beartais eile i mbosca uirlisí an Aontais, i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais. Is é is aidhm dó creat beartais simplí comhleanúnach a chur ar fáil, lena ndíreofar ar réimsí inar féidir leis an Aontas breisluach soiléir a chur ar fáil agus lena gcuirfear le sineirgí leis na creataí beartais náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana. Leagfar amach ann raon tionscnamh beartais agus tionscnamh eile, garspriocanna agus moltaí. D’fhéadfadh bunúis dlí éagsúla a bheith acu.

·an chaoi a leagan amach lenar féidir acmhainneacht infheistíochta ionstraimí airgeadais an Aontais a shlógadh chun tacú leis na réigiúin sin sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ar fud réimsí tosaíochta éagsúla, chun a gcomhtháthú, a n‑athléimneacht, a slándáil agus a bhforbairt eacnamaíoch a neartú, lena n‑áirítear i bhfianaise phleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha 2028-2034 a mhol an Coimisiún ina thogra maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an 16 Iúil.

· béim a leagan ar thacaíocht do bhearta atá dírithe ar bhorradh a chur faoin infheistíocht réigiúnach, amhail sásraí dí-rioscaithe agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú, na réigiúin a athbhrandáil chun a mealltacht a fheabhsú agus acmhainneacht na ngnólachtaí áitiúla agus na sochaí sibhialta a fhorbairt.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Díríonn an tionscnamh go sonrach ar réigiúin teorann thoir an Aontais, agus é d’aidhm aige cabhrú leo bacainní ar a bhforbairt shocheacnamaíoch a shárú agus ullmhacht agus slándáil shibhialta a fheabhsú an tráth céanna. Mar a mhínítear thuas, is minic a bhíonn dúshláin uathúla roimh na réigiúin sin mar gheall ar a suíomh geografach. Trí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, féachann an tionscnamh le feabhas a chur ar an gcomhtháthú réigiúnach agus é a chur ar a gcumas do na limistéar sin rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí leis an bhfás ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud an Aontais.

Áirítear ar na tionchair is dócha a bheidh ag an tionscnamh seo spreagadh geilleagar áitiúil trí bhonneagar feabhsaithe agus nascacht fheabhsaithe, rud a éascóidh trádáil agus a mheallfaidh infheistíocht agus a choinneoidh agus a mheallfaidh daoine sna réigiúin sin. Trí fheabhas a chur ar an ullmhacht shibhialta, áiritheofar gur fearr a bheidh na réigiúin sin in ann dul i ngleic le héigeandálaí agus bagairtí slándála, rud a mhéadóidh braistint slándála na ndaoine atá ina gcónaí sna réigiúin sin chomh maith le cobhsaíocht agus athléimneacht fhoriomlán an Aontais. Le hinfheistíocht i réitigh dhúlrabhunaithe, cuirfear athléimneacht ar fáil i gcoinne bagairtí éagsúla. Thairis sin, feabhsófar cáilíocht saoil agus meallfar turasóireacht sna réigiúin sin. Trí dheiseanna a dhéanamh de na leochaileachtaí atá ann faoi láthair, is féidir leis an Aontas forbairt inbhuanaithe a áirithiú a rachaidh chun tairbhe do phobail áitiúla agus a neartóidh an tAontas ina iomláine. Beidh an tionchar foriomlán ag brath ar raon feidhme deiridh an chomhshocraithe, ar na tionscnaimh shonracha a bheidh ann, agus ar ghlacadh na dtionscnamh sin.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid i réigiúin na teorann thoir leis na huirlisí atá ar fáil dó, lena n‑áirítear trí choistí faireacháin um chistí an bheartais chomhtháthaithe agus trí chruinnithe bliantúla athbhreithnithe feidhmíochta le húdaráis na mBallstát.

C. Rialáil níos fearr

Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ar na cúiseanna seo a leanas:

·Leis an tionscnamh, ní thugtar isteach athrú beartais per se, ach cuirtear le cuspóirí, cineálacha cur chuige, agus ionstraimí agus beartais chistiúcháin ábhartha eile de chuid an Aontais atá ann cheana, agus cur i bhfeidhm na nithe sin á chur in oiriúint do chúinsí sonracha réigiúin na teorann thoir an tráth céanna.

·Tá sé beartaithe leis an gcomhshocrú atá beartaithe féachaint ar bhearta dlíthiúla nach bhfuil impleachtaí buiséadacha láithreacha acu, a fhónann go príomha chun treoir straitéiseach a thabhairt. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr. Déanfar measúnuithe ar leithligh ar aon tionscnamh amach anseo a eascróidh as an gcomhshocrú sin a bhféadfadh gá a bheith le gníomhaíochtaí rialála nó buiséadacha ina leith agus cloífidh na tionscnaimh sin lena bpróisis faoi seach maidir le Rialáil Níos Fearr.

An straitéis chomhairliúcháin

Is é is aidhm don chomhairliúchán ionchuir a bhailiú chun tuilleadh feabhais a chur ar an eolas faoi na dúshláin atá os comhair réigiúin na teorann thoir. Táimid ag tnúth le fianaise a fháil maidir leis na dúshláin atá roimh réigiúin na teorann thoir agus moltaí a fháil maidir le réitigh éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt orthu (lena n‑áirítear moltaí spriocdhírithe maidir le feabhsú agus gníomhaíochtaí earnáilsonracha). Cuideoidh na rannchuidithe le tionscnamh eolach a mhúnlú, lena dtacófar le forbairt agus athléimneacht na réigiún sin, rud a chuirfidh ar a chumas don Aontas gníomhaíocht níos saincheaptha agus níos éifeachtaí a dhéanamh.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is cuspóir don chomhairliúchán tuairimí a lorg ó pháirtithe leasmhara ábhartha ar fud an Aontais chun eolas níos doimhne a fháil ar na dúshláin atá os comhair réigiúin na teorann thoir, d’fhonn bearta spriocdhírithe a cheapadh agus a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

An spriocphobal

Údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, comhpháirtithe sóisialta, fiontair lena n‑áirítear FBManna agus na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an saol acadúil agus an pobal i gcoitinne – is féidir le gach duine a bhfuil taithí agus eolas ábhartha acu páirt a ghlacadh ann, agus go háirithe daoine agus páirtithe leasmhara a ndéantar difear díreach dóibh toisc go bhfuil cónaí orthu i réigiúin na teorann thoir.