|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a sholáthar faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn, eolas ar thionchair na roghanna éagsúla san áireamh. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
An Garda Teorann agus Cósta Eorpach - nuashonrú ar rialacha an Aontais |
|
Príomh‑AS (an t‑aonad atá freagrach) |
Ard‑Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, Aonad B1 Schengen agus Teorainneacha Seachtracha |
|
An cineál tionscnaimh |
Togra le haghaidh rialacháin |
|
Amchlár táscach |
R3 2026 |
|
Eolas breise |
https://home-affairs.ec.europa.eu/agencies_en?prefLang=ga#frontex-the-european‑border-and‑coast‑guard‑agency |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe, bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag feidhmiú ón 1 Bealtaine 2005 i leith. Le Rialachán (AE) 2019/1896 (Rialachán EBCG) leagtar amach an creat dlíthiúil faoina dtacaíonn Frontex le Ballstáit an Aontais teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint agus oibríochtaí um fhilleadh a dhéanamh ó na Ballstáit chuig tríú tíortha. Is gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais é Frontex agus tá sé ina chuid den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, in éineacht le húdaráis náisiúnta thíortha an Aontais atá freagrach as bainistiú teorainneacha, agus san áireamh leis sin tá gardaí cósta, agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as filleadh. Leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach cruthaíodh freisin an buanchór, mar a thugtar air, arb é an chéad seirbhís faoi éide de chuid an Aontais é ina bhfuil gardaí teorann agus speisialtóirí fillte atá ar fáil chun tacú leis na húdaráis náisiúnta ina gcúraimí laethúla. Is réamhriachtanas é bainistiú chomhtháite ardcháilíochta ar theorainneacha seachtracha an Aontais le haghaidh saorghluaiseachta laistigh de limistéar Schengen. In 2024, arís eile bhí an limistéar Schengen ar an gceann scríbe ba mhó ar domhan ar tugadh cuairt air. Rinneadh an sreabhadh mór paisinéirí sin a bhainistiú a bhuí leis an obair laethúil a rinne níos mó ná 120 000 garda teorann agus cósta Eorpach. An tráth céanna, tá an brú imirce ag na teorainneacha seachtracha fós ard de dheasca coinbhleachtaí geopholaitiúla agus slándála, mar shampla bearta chun an imirce a ionstraimiú chun críoch polaitiúil. Tá teorainneacha seachtracha an Aontais neamhchosanta freisin ar bhagairtí slándála atá ag dul i méid agus atá ag éirí níos casta agus ar smuigleáil earraí aindleathacha freisin, amhail drugaí agus airm thine, smuigleáil a bhíonn nasctha go minic le coireacht eagraithe. Is dúshlán fós é freisin filleadh náisiúnach tríú tír nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas a chur chun feidhme go héifeachtach. Roimh phaindéim COVID‑19, ba é beagnach 33 % an meánráta fillte a bhí ann. Le blianta beaga anuas, áfach, níor cuireadh ar ais go héifeachtach ach duine as gach cúigear díobh siúd ar ordaíodh dóibh an tAontas a fhágáil. I mí Iúil 2024, ina treoirlínte polaitiúla gheall Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen Frontex a neartú tríd an mbuanchór a mhéadú faoi thrí go 30 000 ball agus trí theicneolaíocht úrscothach a chur ar fáil dó le haghaidh faireachais agus feasacht staide, mar aon lena threalamh agus a phearsanra féin chun a chinntiú gur féidir leis na teorainneacha a chosaint i ngach cás le rialachas láidir agus le lánurraim do chearta bunúsacha. Leis na treoirlínte polaitiúla, cuireadh mar thosaíocht ar an gclár oibre freisin feabhas ar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála sa Mheánmhuir agus cur chuige coiteann nua maidir le filleadh. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
In 2023, rinne an Coimisiún an mheastóireacht ar an reachtaíocht a bhí ann cheana agus chinn sé, go raibh Rialachán (AE) 2019/1896 oiriúnach dá fheidhm den chuid is mó, bíodh is go raibh roinnt bearnaí sa chreat dlíthiúil. Leag na Ballstáit sa Chomhairle béim freisin ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin agus d’iarr siad go ndéanfaí breithniú ar leasuithe spriocdhírithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán. Is iad seo a leanas na príomhréimsí nach mór dul i ngleic leo: 1.Easpa soiléireachta maidir le cuid de chúraimí Frontex: Is iomaí bealach go bhféadfadh Frontex tacú le húdaráis náisiúnta agus iad ag bainistiú teorainneacha. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas nach ndéantar rialáil leordhóthanach ar chuid de na cúraimí sin. Go háirithe, níl na rialacha lena rialaítear comhar Frontex le tríú tíortha oiriúnach d’éagsúlacht na dtríú tíortha a mbíonn air oibriú i gcomhar leo. Thairis sin, níl na rialacha sin sách solúbtha, rud a chuireann teorainn le cumas Frontex an tacaíocht oibríochtúil a thugann sé do riachtanais atá ag teacht chun cinn a choigeartú. Tá ról lárnach ag Frontex freisin maidir le feabhas a chur ar fheasacht an Aontais ar teagmhais atá ag tarlú ag na teorainneacha seachtracha. Mar sin féin, na rialacha maidir le próiseáil sonraí ábhartha, mar shampla sonraí pearsanta, tá siad casta, ach neamhiomlán freisin, agus cuireann siad bac ar obair Frontex maidir le feasacht staide, coireacht trasteorann a chosc agus gníomhaíochtaí fillte a dhéanamh. Ina theannta sin, ní shainítear go leormhaith sa Rialachán ról Frontex maidir le coireacht trasteorann a chomhrac agus ní fhoráiltear ann d’aon ról do Frontex maidir le tacú leis na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme bheartas víosaí an Aontais. 2.Éifeachtacht theoranta Frontex i réimse an fhillte: Tá ról Frontex ag éirí níos tábhachtaí maidir le tacú leis na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas a fhilleadh. Mar sin féin, tá an tacaíocht sin teoranta faoi láthair ag roinnt dúshlán, mar shampla ionadaíocht iomchuí na n‑údarás um fhilleadh ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, acmhainní daonna agus buiséadacha neamhleora agus oibríochtaí um fhilleadh nach bhfuil faoi réir measúnú leochaileachta. Thairis sin, níl sainordú ag Frontex tacú le hoibríochtaí um fhilleadh ó thríú tíortha chuig tríú tíortha eile, rud a chuireann teorainn lena chumas tacú go héifeachtach le bainistiú imirce an Aontais. 3.Comhchuibhiú neamhleor i gcur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip: chun teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú go héifeachtach, ní mór oiliúint a chur ar ghardaí teorann chun oibriú i gcomhréir le caighdeáin chomhchosúla ar fud na hEorpa. Faoi láthair, áfach, tá neamhréireachtaí móra in oiliúint oifigeach garda teorann agus cósta. Thairis sin, tá éagsúlachtaí móra idir nósanna imeachta agus caighdeáin oibríochtúla ar fud na mBallstát. Cuireann sé sin bac ar chomhar idir na Ballstáit agus le Frontex, laghdaíonn sé éifeachtacht an chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus cuireann sé bac ar chultúr bainistithe teorainneacha atá aontaithe agus ar ardchaighdeán a fhorbairt san Eoraip. 4.Tá bacainní roimh Frontex maidir le húsáid éifeachtach a fhoirne agus a threalaimh theicniúil: Le blianta beaga anuas tá méadú mór tagtha ar an tacaíocht a thugann Frontex do na Ballstáit. Mar sin féin, tá dúshláin struchtúracha agus phraiticiúla fós ann a chuireann bac ar éifeachtacht an bhuanchóir agus a bhaineann an bonn den úsáid is fearr is féidir a bhaint as sócmhainní teicniúla (e.g. gluaisteáin phatróil, soithí patróil). Ar na constaicí sin tá: (i) deacrachtaí maidir le pearsanra cáilithe a earcú agus a choinneáil; (ii) rialacha foirne atá infheidhme do ghardaí teorann ach nach bhfuil go hiomlán oiriúnach; agus (iii) dúshláin soláthair agus cur in úsáid a bhaineann le sócmhainní teicniúla. I dteannta a chéile, baineann na tosca sin an bonn d’ullmhacht Frontex agus cuireann siad bac ar a chumas aghaidh a thabhairt go tapa agus go héifeachtach ar dhinimic atá ag athrú ag na teorainneacha seachtracha. 5.Ní mór rialachas Frontex a chur in oiriúint do ról athraitheach na Gníomhaireachta chun comhleanúnachas agus úinéireacht straitéiseach a áirithiú ar fud an Aontais: faoi láthair, comhfhreagraíonn struchtúir rialachais agus mhaoirseachta Frontex do ghníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais. Más rud é go bhfuil níos mó cúraimí agus oibríochtaí le sannadh do Frontex, is gá measúnú i dtaobh an gá an struchtúr rialachais a neartú, a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán a dhéanann na Ballstáit agus institiúidí an Aontais agus go hinmheánach, laistigh de Frontex, le róil an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, an Oifigigh Cosanta Sonraí agus struchtúir rialaithe inmheánaigh eile san áireamh. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
An bunús dlí |
|
Is iad Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí Frontex. Baineann na forálacha sin le beartais maidir le seiceálacha teorann, le tearmann agus le hinimirce (Teideal V, Caibidil 2 CFAE). Tá Frontex á rialú faoi láthair ag Rialachán (AE) 2019/1896. |
|
|
|
Le cur chun feidhme éifeachtach an bhainistithe chomhtháite teorainneacha ar leibhéal an Aontais, tugtar aghaidh ar dhúshláin nach féidir leis na Ballstáit dul i ngleic leo go héifeachtach astu féin. Leis an meastóireacht ar Rialachán EBCG léirítear go soláthraíonn Frontex tacaíocht chriticiúil i réimsí amhail feasacht staide, fillteacha, oibríochtaí comhpháirteacha agus oiliúint – agus cuireann sé feabhas ar acmhainneacht, comhordú agus comhsheasmhacht ar fud an Aontais. Maidir lena ról in oibríochtaí um fhilleadh, in anailís riosca agus in imscaradh tapa, cuireann an ról sin le neart oibríochtúil i gcás ina bhfuil acmhainní náisiúnta teoranta. Is iomchuí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a bheith ann chun comhtháthú bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú. Áirithítear leis cosaint na gceart bunúsach agus éascaítear leis comhar le tríú tíortha, agus cuireann sé tairbhí straitéiseacha ar fáil a théann thar an méid is féidir le Ballstáit aonair a bhaint amach go neamhspleách. |
|
B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais |
|
Beidh dhá chuspóir ag aon tionscnamh atá le teacht: 1)aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh sa mheastóireacht ar Rialachán (AE) 2019/1896 agus Frontex a ullmhú agus a fheistiú dá ról méadaithe mar bhrainse oibríochtúil an Aontais i mbainistiú teorainneacha, lena n‑áiritheofar ardleibhéal slándála ag teorainneacha seachtracha an Aontais mar fhreagairt ar na dúshláin oibríochtúla nua; 2)cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud an Aontais. Is féidir aghaidh a thabhairt go pointe áirithe ar na bearnaí agus ar na dúshláin oibríochtúla nua a sainaithníodh trí dhlús a chur le hiarrachtaí Frontex agus na mBallstát comhoibriú ar bhealach níos fearr maidir le hoibríochtaí um fhilleadh agus imscaradh, cuir i gcás maidir le tosaíocht a thabhairt d’oibríochtaí i dtríú tíortha agus iad a leathnú agus maidir leis an gcoireacht trasteorann a chomhrac. D’fhéadfaí treoraíocht oibríochtúla breise a fhorbairt sna réimsí sin. D’fhéadfaí an comhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a fheabhsú freisin. D’fhéadfadh Frontex agus na Ballstáit bearta a dhéanamh freisin laistigh de theorainneacha an tsainordaithe reatha, chun feabhas a chur ar fheasacht staide an Aontais maidir le teagmhais ag na teorainneacha seachtracha. Ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, d’fhéadfadh Frontex dlús a chur lena thacaíocht do na Ballstáit maidir le fillteacha. D’fhéadfadh Frontex iarracht a dhéanamh na hacmhainní daonna agus buiséadacha atá aige cheana a ath‑leithdháileadh laistigh den chreat atá ann cheana chun freastal ar thosaíochtaí oibríochtúla comhthráthacha. D’fhéadfaí a áireamh ar réitigh níos uaillmhianaí bearta reachtacha a mholadh chun feabhas a chur ar na rialacha maidir leis an méid seo a leanas: (I)raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar i dtríú tíortha faoi chomhaontuithe stádais, socruithe oibre agus/nó gníomhaíochtaí ad hoc lasmuigh de raon feidhme na n‑ionstraimí sin, chun go mbeidh tairiscint comhair níos oiriúnaí ann; (II)Cúraimí Frontex maidir leis an gcoireacht trasteorann a chomhrac; (III)sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil i ndáil leis an gcoireacht a bhrath; (IV)comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha; (V)feasacht staide chun freagairt níos tapúla agus níos fearr ar bhagairtí hibrideacha a chumasú, i measc nithe eile. Thairis sin, d’fhéadfaí forálacha nua a mholadh chun ról a thabhairt do Frontex maidir le tacú leis na Ballstáit beartas víosaí an Aontais a chur chun feidhme agus oibríochtaí um fhilleadh idir tríú tíortha a dhéanamh. D’fhéadfaí bearta reachtacha a mheas freisin chun acmhainní daonna agus buiséadacha Frontex a fheabhsú, bunaithe ar riachtanais oibríochtúla, agus an tráth céanna feabhas á chur ar a chumas freastal ar thosaíochtaí oibríochtúla comhthráthacha. D’fhéadfaí feabhas a chur ar chur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip trí dhlús a chur leis na hiarrachtaí chun comhchuibhiú a dhéanamh ar threoirlínte oibríochtúla is infheidhme maidir le foireann bainistithe teorainneacha Frontex agus na mBallstát agus maidir le trealamh teicniúil (e.g. ladrainn, soithí patróil). Ina theannta sin, d’fhéadfaí na híoschaighdeáin choiteanna maidir le bainistiú teorainneacha a fhorbairt a thuilleadh chun neamhréireachtaí a laghdú agus chun comhar idir na Ballstáit agus Frontex a éascú. D’fhéadfaí na hiarrachtaí sin a chomhlánú le bearta arna ndéanamh go comhpháirteach ag Frontex agus ag na Ballstáit chun oiliúint gardaí teorann agus speisialtóirí fillte a fheabhsú agus a chomhchuibhiú. D’fhéadfadh Frontex agus na Ballstáit a bpleanáil maidir le hacmhainní daonna agus maidir le riachtanais trealaimh theicniúil, earcaíocht agus éadáil a chomhtháthú tuilleadh freisin. D’fhéadfadh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta feabhas a chur ar a róil rialachais agus mhaoirseachta, mar shampla trína chomhdhéanamh a éagsúlú, trí mhinicíocht a chruinnithe a mhéadú, nó trí níos mó grúpaí tacaíochta agus coistí a bhunú. De rogha air sin, d’fhéadfaí a áireamh ar réitigh níos uaillmhianaí athmhachnamh a dhéanamh ar an mbuanchór chun feabhas a chur ar an gcomhtháthú idir Frontex agus údaráis inniúla na mBallstát, rud a d’fhéadfadh méadú ar líon an bhuanchóir a bheith mar thoradh air. D’fhéadfadh an creat nua córas gairme de chuid an Aontais a chur chun cinn, é bunaithe ar oiliúint chomhchuibhithe, ar shoghluaisteacht foirne níos fearr idir údaráis náisiúnta agus Frontex, agus ar chaighdeáin choiteanna fheabhsaithe maidir le bainistiú teorainneacha ar fud an Aontais. Thairis sin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar phleanáil agus ar threalaimh a fháil, chun tuilleadh sineirgí a fhorbairt agus modhanna níos éifeachtaí a chur ar fáil do Frontex chun tacú leis na Ballstáit ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le fillteacha a dhéanamh. D’fhéadfaí ról an bhuanchóir agus ról Frontex maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a fheabhsú trína neamhspleáchas oibríochtúil a mhéadú agus trí fheabhas a chur ar na dálaí a bhaineann le bainistiú fadtéarmach an lucht saothair, in éineacht le rialachas níos láidre, móide sásraí maoirseachta inmheánacha agus seachtracha. |
|
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Le bainistiú níos éifeachtúla ar na teorainneacha seachtracha agus ar fhillteacha, agus le tuilleadh soiléireachta maidir le ról Frontex i dtaca le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála, an choireacht trasteorann a chomhrac san áireamh, táthar ag súil go mbeidh tionchair dhearfacha eacnamaíocha agus shóisialta ann trí dhálaí a chinntiú lena bhféadfar leanúint de limistéar Schengen, áit ar féidir le daoine aonair agus le gnólachtaí lántairbhe a bhaint as na saoirsí a thairgtear sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Le Frontex níos láidre, agus le cumais dhaonna agus theicneolaíocha níos fearr aige, ba cheart go mbeifí in ann úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní poiblí san Aontas ar mhaithe leis an imirce agus an tslándáil. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach le pleanáil, comhordú agus barainneachtaí scála níos fearr. Ba cheart tionchar dearfach a bheith ag úsáid níos aonfhoirmí na gcaighdeán sna réimsí a chumhdaítear le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip ó thaobh a bheith i gcomhréir le cearta bunúsacha. |
|
D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Déanfar measúnú tionchair a chuirfidh leis an togra ón gCoimisiún. Tabharfar aird ar leith sa mheasúnú tionchair ar thionscnaimh shimpliúcháin agus ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun an t‑ualach riaracháin a laghdú. Tá staidéar ullmhúcháin á dhéanamh ag conraitheoir seachtrach chun an fhianaise is gá a bhailiú le haghaidh mheasúnú tionchair an Choimisiúin. Táthar ag súil le torthaí an staidéir sa chéad ráithe de 2026. Rachaidh an conraitheoir i dteagmháil le páirtithe leasmhara freisin trí shuirbhéanna breise, agallaimh bhreise agus ceardlanna breise. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle ar bhealach chomh forleathan agus is féidir chun faisnéis bhunriachtanach a bhailiú agus chun a áirithiú go léireofar leas ginearálta an phobail sa mheasúnú tionchair. Chomh maith leis an nglao seo ar fhianaise, seolfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí a bheidh ar fáil ar líne ar an leathanach ‘Cloisimis Uait’ agus a bheidh ar oscailt ar feadh 12 sheachtain ar a laghad. Beidh ceistneoir an chomhairliúcháin phoiblí ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais; is féidir freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí a chur isteach in aon cheann de na teangacha sin. Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ina mbeidh na haighneachtaí ón gcomhairliúchán poiblí ar leathanach gréasáin an chomhairliúcháin 8 seachtaine tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin phoiblí. Tuarascáil achoimre ina ndéanfar achoimre ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile, cuirfear ar fáil í mar Iarscríbhinn a ghabhann leis an measúnú tionchair. Tá comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara beartaithe freisin don tionscnamh seo, go háirithe le Frontex, le hinstitiúidí an Aontais, leis na Ballstáit agus le príomhpháirtithe leasmhara eile. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Tríd an gcomhairliúchán seo, ba mhian leis an gCoimisiún na nithe seo a leanas a bhailiú: ·tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na fadhbanna agus na dúshláin atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn a bhaineann le cúraimí, gníomhaíochtaí, imscaradh, struchtúr agus rialachas Frontex; ·tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir le cineálacha cur chuige beartais a d’fhéadfadh a bheith ann agus roghanna chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus dúshláin den sórt sin, agus ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu; ·fianaise agus sonraí atá mar bhonn taca leis na tuairimí sin. |
|
An spriocphobal |
|
Cuimsítear sa spriocphobal, go háirithe: ·Ballstáit an Aontais, a n‑údaráis inniúla san áireamh; ·institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí an Aontais; ·údaráis um chearta bunúsacha agus chosaint sonraí; ·eagraíochtaí idirnáisiúnta; ·eagraíochtaí sochaí sibhialta; ·údaráis inniúla tríú tíortha; ·saineolaithe acadúla, meithleacha machnaimh agus institiúidí taighde; ·ionadaithe tionscail; ·an pobal i gcoitinne. |