|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
An Rialachán maidir le Caighdeánú – athbhreithniú |
|
Príomh-AS (an taonad atá freagrach) |
AS um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (GROW) - Aonad H.3 (Beartas maidir le Caighdeáin) |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Togra le haghaidh Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Caighdeánú |
|
Amchlár táscach |
R2 2026 |
|
Eolas breise |
Féach an beartas um Chaighdeánú |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
D’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Caighdeánú i gCompás Iomaíochais an Aontais Eorpaigh 2025, agus é mar aidhm aige próisis socraithe caighdeán a dhéanamh ‘níos tapúla agus níos inrochtana, go háirithe le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta’. Mar a aithnítear i Straitéis an Aontais um Chaighdeánú 2022, bíonn iomaíochas, ceannasacht theicneolaíoch agus cumas an Aontais a luachanna agus leasanna a chosaint ag brath níos mó ar a ról mar cheannródaí domhanda maidir le caighdeáin a leagan síos. Aidhmeanna an Aontais maidir le geilleagar athléimneach, glas, digiteach a bhaint amach, cuir i gcás na spriocanna a leagtar síos faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 2025, ní féidir na haidhmeanna sin a chomhlíonadh gan caighdeáin Eorpacha. Tá gealltanas tugtha ag an Aontas an Eoraip a dhéanamh níos simplí agus níos tapúla tríd an ualach riaracháin a laghdú agus próisis sa mhargadh aonair a shimpliú. Chuige sin, tá gá le creat dlíthiúil a sheasfaidh an aimsir agus a fhreastalóidh ar riachtanais an mhargaidh agus ar riachtanais bheartais, rud a fhágfaidh go mbeifear ina ann caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt go tapa, agus cuimsitheacht agus rannpháirtíocht chothrom gach páirtí leasmhar an Aontais á gcinntiú an tráth céanna. Tá gá le réitigh freisin chun an trédhearcacht agus rochtain ar chaighdeáin a chinntiú, mar a cuireadh i dtábhacht i mbreithiúnais a rinne an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach le déanaí. Déanfar athbhreithniú ar an Rialachán i gcomhar leis an athbhreithniú ar an gCreat Reachtach Nua, ina mbítear ag brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a chur chun feidhme le haghaidh táirgí curtha ar mhargadh aonair na hEorpa. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Forbraíonn Eagraíochtaí Eorpacha príobháideacha um Chaighdeánú agus páirtithe leasmhara caighdeáin chomhchuibhithe arna iarraidh sin don Choimisiún Eorpach. Cuidíonn siad le gnólachtaí reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh agus tá siad an-tábhachtach dá n‑iomaíochas idirnáisiúnta. Cinntítear idir-inoibritheacht, soláthraítear barainneachtaí scála agus cothaítear an nuálaíocht leis na caighdeáin choiteanna. Mar a léiríodh sa mheasúnú, cuireadh feabhas ar fhorbairt agus ar sheachadadh caighdeán comhchuibhithe le Rialachán (AE) 1025/2012, ó glacadh in 2012 é. Mar sin féin, tá dúshláin mhóra ann fós agus tá sé deacair ag an gcreat freastal ar riachtanais an mhargaidh agus ar riachtanais bheartais atá ag forbairt. Thar aon ní eile, i bhfianaise luas na dtimthriallta teicneolaíochta agus nuálaíochta, mhéadú an iomaíochais dhomhanda agus réimse reachtaíochta an Aontais atá ag éirí níos leithne de réir a chéile agus ag brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe, is minic a bhíonn próisis socraithe caighdeán fada agus casta, go háirithe caighdeáin le haghaidh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Níl dóthain digitithe déanta ar na próisis socraithe caighdeán, rud a chuireann srian ar an gcumas dlús a chur le dréachtú, athbhreithniú agus foilsiú na gcaighdeán. Toisc nach bhfuil na dréacht-chaighdeáin chomhchuibhithe ailínithe a dhóthain leis na ceanglais dhlíthiúla, bíonn moilleanna ann go minic. Cuireann sé sin baic ar chur chun feidhme tráthúil cheanglais dhlíthiúla an Aontais a bhíonn ag brath ar na caighdeáin. Nuair nach mbíonn caighdeáin chomhchuibhithe ar fáil in am, tabhaíonn gnólachtaí costais bhreise. I gcásanna den sórt sin, níl an creat atá i bhfeidhm faoi láthair sách solúbtha chun bealaí eile a úsáid chun caighdeáin nó sonraíochtaí a fháil. Ceadaítear leis an Rialachán iarrataí ar chaighdeánú a sheoladh chuig na trí Eagraíocht Eorpacha um Chaighdeánú, agus chucu sin amháin (agus ní cheadaítear don Choimisiún iarrataí a sheoladh chuig eagraíochtaí eile a d’fhéadfadh iad a sheachadadh níos tapúla). Dúshlán eile is ea rannpháirtíocht chothrom na bpáirtithe leasmhara a chinntiú. D’ainneoin roinnt feabhsúchán, tá baic ar an rannpháirtíocht ann go fóill, mar aon le heaspa acmhainní agus dreasachtaí le haghaidh FBManna an Aontais, gnólachtaí nuathionscanta, na sochaí sibhialta agus an tsaoil acadúil páirt a ghlacadh ann. Is minic nach mbíonn an fheasacht, na scileanna agus an inniúlacht ag eagraíochtaí atá faoi ghannionadaíocht páirt a ghlacadh go héifeachtúil, sna hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú agus sna comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú araon. Tá sé sin an-ghéar i bhfearainn theicniúla chasta, mar shampla, an rialachas sonraí nó an lipéadú comhshaoil, ina bhfuil gá le saineolas chun bheith ag obair le caighdeáin. Deimhnítear leis an gcásdlí go bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe mar chuid de dhlí an Aontais, agus go mbaineann prionsabail na trédhearcachta agus na hinrochtaineachta leo. Ní leor na ceanglais sa chreat atá i bhfeidhm faoi láthair chun rochtain ar chaighdeáin a spreagadh agus a éascú. Dá bhrí sin, is ceist na comhlíontachta dlí agus na hiomaíochta córa í an infhaighteacht agus an inrochtaineacht a chinntiú – go háirithe le haghaidh údaráis phoiblí agus FBManna. Ina theannta sin, cé go mbíodh lorg láidir ag an Aontas go stairiúil ar ghníomhaíochtaí socraithe caighdeán idirnáisiúnta, tá tíortha agus réigiúin eile ag éirí níos ceannasaí de réir a chéile agus tá siad ag baint úsáid as caighdeáin chun buntáiste iomaíoch a thabhairt dá dtionscail. Chun cumas an Aontais a choinneáil ar bun maidir lena luachanna, spéiseanna agus iomaíochas a chosaint, caithfidh sé a ról mar cheannródaí domhanda maidir le caighdeáin a leagan síos a threisiú. Chuige sin, tá gá le creat Aontais a sheasfaidh an aimsir le haghaidh caighdeán, arb é sin is aidhm don tionscnamh seo. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Baineann an tionscnamh seo le réimse beartais ina bhfuil inniúlacht roinnte ag an Aontas leis na Ballstáit. Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le gníomh a dhéanamh. Tá ról an-tábhachtach ag caighdeáin choiteanna Eorpacha, go háirithe caighdeáin chomhchuibhithe, i bhfeidhmiú an mhargaidh aonair. Cuirtear caighdeáin Eorpacha in ionad caighdeáin náisiúnta, ar féidir leo teacht salach ar a chéile agus baic theicniúla a chur ar an margadh aonair. Simplítear trádáil earraí agus seirbhísí sa mhargadh aonair le caighdeáin Eorpacha agus tacaítear le hiomaíochas an Aontais ar scála domhanda. Mar gheall ar na costais agus an chastacht a bhaineann le caighdeáin a bheith chomhchuibhithe ag gach Ballstát ar bhonn aonair, tá údar leis an ngá praiticiúil atá le gníomhaíocht chomhordaithe ón Aontas. |
|
B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais |
|
Is iad cuspóirí ginearálta an tionscnaimh seo: (i) iomaíochas ghnó an Aontais Eorpaigh a chothú; (ii) fás agus nuálaíocht a spreagadh; (iii) an margadh aonair a neartú; agus (iv) borradh a chur faoi cheannasacht theicneolaíoch na hEorpa. Is éard is aidhm do na cuspóirí sonracha : (i) dlús a chur le forbairt caighdeán agus í a shimpliú; (ii) feabhas a chur ar an gcuimsitheacht agus ar ionadaíocht chothrom páirtithe leasmhara; (iii) feabhas a chur ar rochtain ar chaighdeáin; agus (iv) ról agus tionchar an Aontais ar chaighdeánú idirnáisiúnta a neartú. An cás bunlíne is ea an creat atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar bun, i bhfianaise na hoibre leanúnaí atá á déanamh ag an gCoimisiún agus ag Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú chun feabhas a chur ar phróisis chaighdeánaithe. Déantar leasuithe a mheas sa Rialachán chun dul i ngleic leis na cuspóirí maidir le dlús a chur le forbairt caighdeán agus feabhas a chur ar an gcuimsitheacht, mar shampla, trí phróisis chaighdeánaithe a shimpliú, spriocdhátaí soiléire a leagan síos le haghaidh céimeanna gnásúla, feabhas a chur ar fhaireachán agus PTFanna, tacú le rannpháirtíocht éagsúil na bpáirtithe leasmhara (go háirithe le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, na sochaí sibhialta agus an tsaoil acadúil), bearta a dhéanamh ar son an digitithe agus feabhas a chur ar phleanáil agus ar fhadbhreathnaitheacht le haghaidh riachtanais chaighdeánaithe (go luath sa tsaolré theicneolaíoch), chomh maith le (gnáth)athbhreithniú ar an liosta Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán. Fiosrófar tuilleadh roghanna chun níos mó solúbthachta a thabhairt isteach chun caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí a fháil, mar shampla trí sholáthar na gcaighdeán, caighdeáin agus sonraíochtaí atá ann faoi láthair a roghnú (ag cur leis an deis atá ann faoi láthair sonraíochtaí teicniúla a shainaithint lasmuigh den soláthar poiblí agus lasmuigh den réimse TFC) nó forbairt inmheánach. Measfar réitigh chur chun feidhme ó fhoinse oscailte freisin. Is féidir leis na roghanna sin na socrúcháin atá ann faoi láthair a chomhlánú nó iad a ionadú, chun caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí teicniúla a fháil. Chun a chinntiú gur féidir é sin a chur chun feidhme go héifeachtach, measfar na riachtanais rialála agus mhaoirseachta sa phróiseas athbhreithnithe. An tráth céanna, chun dul i ngleic leis an gcuspóir feabhas a chur ar rochtain, measfar roghanna lena chinntiú go bhfuil rochtain gan srian ar ábhar dlí cuí maidir le caighdeáin chomhchuibhithe. I ngach rogha, tabharfar tús áite do dheiseanna an t‑ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú. Leagfar béim freisin ar a chinntiú go mbeidh rochtain ar an gcaighdeánú ag FBManna an Aontais, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, go gcuirfear a gcuid riachtanas in iúl, go gcuirfear borradh faoina n‑iomaíochas agus go gcuirfear ar a gcumas dóibh páirt éifeachtach a ghlacadh sa chinnteoireacht. |
|
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Déanfar mionmheasúnú ar thionchar an tionscnaimh seo le linn an mheasúnaithe tionchair agus déanfar é a chur i gcomparáid leis an mbunlíne. Leis na leasuithe ar an Rialachán, meastar go simpleofar agus go gcuirfear dlús leis na próisis, go gcuirfear feabhas ar úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha sa phróiseas forbartha caighdeán, go mbainfear baic ar rannpháirtíocht chothrom gach grúpa páirtithe leasmhara (go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, an tsochaí shibhialta agus an lucht acadúil) agus go gcuirfear feabhas ar rochtain ar ábhar dlí cuí maidir le caighdeáin chomhchuibhithe. Cuirfear ar a chumas don Choimisiún, le tuilleadh solúbthachta chun caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí a fháil, an chonair forbartha caighdeán is fearr a roghnú ó thaobh luais agus cuimsitheachta de, ag brath ar an gcineál teicneolaíochta agus ar riachtanais an mhargaidh agus riachtanais bheartais. Meastar go gcuideoidh sé sin le cásanna a sheachaint ina dtabhaíonn gnólachtaí costais mar gheall ar infhaighteacht dheireanach caighdeán comhchuibhithe. Ina theannta sin, leis an rialachas neartaithe, meastar go gcuirfear feabhas ar ról an Aontais mar cheannródaí domhanda maidir le caighdeáin a leagan síos. Trí phróisis socraithe caighdeán níos tapúla agus níos cuimsithí a bhaint amach, beidh an creat níos freagrúla don nuálaíocht agus do riachtanais páirtithe leasmhara agus soláthrófar caighdeáin chomhchuibhithe, a bheidh mar bhonn faoi thosaíochtaí beartais agus reachtacha an Aontais go tráthúil. Cuirfidh sé sin feabhas freisin ar thionchar an Aontais ar an gcaighdeánú idirnáisiúnta agus dá réir sin, tacófar le hiomaíochas domhanda ghnólachtaí an Aontais, cuir i gcás gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga. Lena chois sin, neartófar an margadh aonair agus tabharfar deimhneacht dhlíthiúil níos fearr do ghnólachtaí le hinfhaighteacht thráthúil na gcaighdeán comhchuibhithe. Déanfar costais agus tairbhí na roghanna éagsúla a fhiosrú agus a chainníochtú nuair is féidir. I bhfianaise raon feidhme simplithe an tionscnaimh seo, leagfar béim mhór ar bhealaí a shainaithint chun an t‑ualach a laghdú. Ina theannta sin, leagfar béim ar anailís a dhéanamh ar ghnéithe FBM agus iomaíochais gach rogha chun cuidiú leis na dúshláin atá roimh FBManna faoi láthair a shárú, ó thaobh costais agus deacrachtaí páirt a ghlacadh i bpróisis chaighdeánaithe de. Beidh tionchar sóisialta ag an tionscnamh seo freisin, trí fheabhas a chur ar phróisis agus ar thorthaí caighdeánaithe atá mar bhonn faoin bpríomhreachtaíocht maidir le táirgí lena gcinntítear sábháilteacht táirgí sa mhargadh aonair. Breathnófar sa mheasúnú tionchair ar conas is féidir tacaíocht a thabhairt, leis an athbhreithniú atá beartaithe, do chuspóirí an Aontais aistriú glas, digiteach, athléimneach a bhaint amach. Is é is dóichí go rannchuideofar leis an tionscnamh seo le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 9 de chuid na Náisiún Aontaithe (Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar) agus le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16 de chuid na Náisiún Aontaithe (Síocháin, Ceartas agus Institiúidí Láidre) trí thionchar a imirt ar an bhforbairt eacnamaíoch agus ar an gcuimsitheacht bheartais. |
|
D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Tá measúnú tionchair á dhéanamh chun bonn a chur faoi ullmhú an tionscnaimh seo agus faoin gcinneadh ón gCoimisiún i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Caighdeánú. Seolfar staidéar chun tacú leis an obair ar an measúnú tionchair agus tógfaidh sé ar an meastóireacht a rinneadh le gairid ar an Rialachán. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Is é is aidhm don phróiseas comhairliúcháin an fhianaise agus an saineolas ábhartha uile a bhailiú i dtaca leis na príomhdhúshláin agus deiseanna maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Caighdeánú, agus i dtaca leis na roghanna beartais atá á mbreithniú agus a dtionchair freisin. Seolfar comhairliúchán poiblí ar leithligh ón nglao seo ar fhianaise in R3 2025, agus beidh sé ar fáil ar an tairseach ‘Cloisimis uait'. Aistreofar an ceistneoir go gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus is féidir freagraí a thabhairt in aon cheann de na teangacha sin. Foilseofar achoimre 8 seachtaine i ndiaidh dhúnadh an chomhairliúcháin phoiblí. Tá comhairliúchán spriocdhírithe i bhfoirm suirbhé, agallamh agus ceardlann beartaithe freisin. Rachfar i gcomhairle le grúpaí saineolaithe gaolmhara freisin, mar shampla, an Fóram Ardleibhéil um Chaighdeánú Eorpach agus an tArdán Ilpháirtithe Leasmhara maidir le Caighdeánú TFC, chun ionchur a fháil ó pháirtithe leasmhara. Déanfar ‘seiceáil réaltachta’ chun ionchur a lorg ó chleachtóirí maidir le bealaí chun próisis socraithe caighdeán a shimpliú agus feabhas a chur orthu. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Is é is aidhm don chomhairliúchán fianaise agus saineolas ábhartha a bhailiú i dtaca leis na príomhdhúshláin agus deiseanna maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Caighdeánú, agus i dtaca leis na roghanna beartais atá á mbreithniú agus a dtionchair. |
|
An spriocphobal |
|
I measc na bpríomhpháirtithe leasmhara a rachfar i gcomhairle leo, tá; gnólachtaí (mar shampla FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus gnólachtaí nuathionscanta), an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna comhshaoil, tomhaltóra agus oibrí, an saol acadúil, údaráis phoiblí, na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú, Comhlachtaí Náisiúnta um Chaighdeánú agus an pobal saineolaithe i gcoitinne. Leagfar béim ar leith ar eagraíochtaí atá faoi ghannionadaíocht sna próisis socraithe caighdeán, mar shampla, gnólachtaí nuathionscanta. |