|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Leas ainmhithe áirithe ar an bhfeirm: reachtaíocht an Aontais a nuachóiriú |
|
Príomh-AS (an taonad atá freagrach) |
An Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia – Aonad G3 (‘Leas ainmhithe’) |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Togra reachtach |
|
Amchlár táscach |
R4-2026 |
|
Eolas breise |
https://food.ec.europa.eu/animals/animal-welfare/eu-animal-welfare-legislation/animal-welfare-farm_ga https://food.ec.europa.eu/animals/animal-welfare/evaluations-and-impact-assessment/revision-animal-welfare-legislation_ga |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
I Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia mhí Feabhra 2025, d’fhógair an Coimisiún go raibh rún aige plé dlúth a dhéanamh le feirmeoirí, leo siúd a bhfuil baint acu le slabhra an tsoláthair bia, agus leis an tsochaí shibhialta. Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe aige tograí reachtacha a chur i láthair maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le leas ainmhithe, lena n-áirítear a ghealltanas deireadh a chur le húsáid cásanna de réir a chéile. Maidir le tograí reachtacha amach anseo i ndáil le leas ainmhithe, leagtar amach san Fhís freisin go ndéanfaidh an Coimisiún cinnte go gcuirfear na caighdeáin chéanna i bhfeidhm maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas agus táirgí a allmhairítear ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Deis a bheidh san athbhreithniú spriocdhírithe ar an reachtaíocht maidir le leas ainmhithe an méid sin a chur i bhfeidhm ar bhealach a chomhlíonann rialacha na hEagraíocht Dhomhanda Trádála agus atá bunaithe ar mheasúnú tionchair. Thángthas ar an gconclúid i seiceáil oiriúnachta an Choimisiúin ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe in 2022 nach bhfuil sí oiriúnach dá feidhm a thuilleadh. Níl an reachtaíocht ag teacht a thuilleadh le hionchais shochaíocha agus eiticiúla, mar a léirítear go soiléir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, ar thacaigh rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 leis. 1 . In 2021, mar fhreagairt ar an tionscnamh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, d’fhógair an Coimisiún go raibh rún aige reachtaíocht a mholadh chun deireadh a chur le húsáid cásanna le haghaidh speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe (béaróga, muca, laonna, eireoga, póraitheoirí sicíní grísce, póraitheoirí béaróg, coiníní, lachain, géanna agus gearga) de réir a chéile. Tá ábhair imní eiticiúla ann freisin maidir le marú córasach sicíní lae fireanna, mar a léirítear sa phlé ar an tsaincheist sin a tionóladh ag díospóireacht na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an 17 Deireadh Fómhair 2022. Tá tionscal na n-uibheacha curtha faoi ghrinnscrúdú méadaitheach mar gheall ar an gcleachtas sin ina maraítear sicíní nuabheirthe. Tá spéis ar fud an tionscail beostoic freisin i nuachóiriú na reachtaíochta maidir le leas ainmhithe chun úsáid níos fearr a bhaint as táscairí leasa agus chun solúbthacht a chur ar fáil maidir le ceanglais struchtúracha. Simpleofaí an chomhlíontacht agus an bhforfheidhmiú leis an gcur chuige sin. Tá bearta tacaíochta iarrtha ag páirtithe leasmhara ainmhithe feirme freisin, lena n-áirítear maoiniú ón Aontas agus idirthréimhsí fadaithe, agus tá sé iarrtha acu go gcuirfí rialacha an Aontais maidir le leas ainmhithe i bhfeidhm maidir le hallmhairí i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta. Faoi láthair, ní cheanglaítear leis na cúig threoir ón Aontas Eorpach maidir le leas ainmhithe feirme go gcomhlíonfaidh táirgí allmhairithe de bhunadh ainmhíoch caighdeáin leasa ainmhithe an Aontais nó caighdeáin choibhéiseacha. Tá ábhair imní eiticiúla ann i measc na saoránach mar gheall air sin, agus tá agóid déanta ina choinne ag a lán páirtithe leasmhara. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Le rialacha an Aontais atá ann faoi láthair ceadaítear úsáid a bhaint as córais tithíochta teoranta le haghaidh béaróg, muc, laonna, eireog, póraitheoirí sicíní grísce, póraitheoirí béaróga, coiníní, lachain, géanna agus gearg). Sna córais sin cuirtear srian mór ar iompar nádúrtha agus ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin. Ceadaítear leis na rialacha freisin sicíní lae fireanna a mharú go córasach in earnáil na mbéaróg, rud ar cúis imní eiticiúil é. Ina theannta sin, le go leor de rialacha reachtacha an Aontais maidir le leas ainmhithe forchuirtear oibleagáidí doiléire. Is féidir na rialacha a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla dá dheasca sin, rud a fhágann go gcuirtear i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla iad sna Ballstáit. Mar thoradh air sin, tá éagsúlachtaí san fhorfheidhmiú ar fud an Aontais agus tá an margadh aonair ag feidhmiú go míchothrom. Thairis sin, níl aon táscaire láidir ann faoi láthair chun monatóireacht agus feabhsú a dhéanamh ar leas ainmhithe, agus níl scrúdú iomlán déanta ar na deiseanna atá ar fáil trí bhíthin uirlisí digiteacha. Déantar tionchar foriomlán rialacha an Aontais ar leas ainmhithe a lagú a thuilleadh toisc nach bhfuil feidhm acu maidir le hainmhithe nó bia de bhunadh ainmhíoch a allmhairítear isteach san Aontas ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Cuirtear cosc ar ainmhithe i gcásanna iompraíocht nádúrtha a thaispeáint, mar shampla sealgaireacht, sóisialú agus gluaiseacht gan bhac. Tá na córais tithíochta theoranta sin ina gcúis le strus ainsealach, drochshláinte agus fulaingt ghinearálta. Is ábhar mór imní eiticiúil é an droch-leas a eascraíonn as sin agus tá impleachtaí diúltacha eacnamaíocha ag baint leis tríd an dochar a dhéanann sé do mhuinín na dtomhaltóirí aige. Tá méadú ag teacht ar an éileamh ón bpobal ar chóireáil níos daonnúla d’ainmhithe, mar a fheictear i bhforbairt scéimeanna cáilíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear caighdeáin leasa ainmhithe níos airde, ar nós táirgeadh orgánach nó modhanna feirmeoireachta malartacha (e.g. córais sciobóil agus saor-raoin). Mar fhreagairt ar ionchais na saoránach, tá rialacha náisiúnta níos déine tugtha isteach ag roinnt Ballstát, rud lena léirítear bearnaí reachtacha an Aontais agus lena gcruthaítear éagothroime iomaíochta d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí bia ar fud an mhargaidh aonair. Fágann castacht agus forluiteacht na rialacha atá ann faoi láthair gur deacair iad a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Mar a leagtar amach i seiceáil oiriúnachta 2022, tá saobhadh suntasach sa mhargadh aonair agus drochleas ainmhithe feirme san Aontas mar thoradh ar an staid atá ann faoi láthair. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Trí na rialacha maidir le leas ainmhithe a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, cinntítear caighdeáin chomhsheasmhacha ar fud na mBallstát uile, rud lena gcuirtear cosc ar shaobhadh margaidh agus ar iomaíocht éagórach. Gan cur chuige comhchoiteann, bíonn na dlíthe náisiúnta fós ilroinnte, rud lena gcruthaítear dálaí éagothroma d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí bia. Éascaíonn caighdeáin chomhchuibhithe agus rialacha soiléire forfheidhmiú agus comhlíontacht. Feabhsaíonn creat uile-Aontais an chuntasacht agus cuidíonn sé leis na húdaráis an dul chun cinn a rianú. Trí tháscairí leasa ainmhithe agus uirlisí digiteacha a chomhtháthú, éiríonn an monatóireacht níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí freisin. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeidh na ceanglais maidir le táirgí allmhairithe agus táirgí an Aontais níos ailínithe chun muinín na dtomhaltóirí a chosaint, chun freagairt d’ionchais na saoránach agus chun inmharthanacht earnáil agraibhia an Aontais a chosaint. |
|
Bunús dlí |
|
Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Tá cur chuige comhchuibhithe ón Aontais ríthábhachtach ní hamháin chun dálaí leasa a chaighdeánú ar fud an mhargaidh aonair ach chun an forfheidhmiú a chuíchóiriú freisin, rud lena gcinnteofar go gcomhlíonfaidh na Ballstáit uile na hardchaighdeáin chéanna. Thairis sin, le creat monatóireachta uile-Aontais d’éascófaí úsáid táscairí leasa ainmhithe agus uirlisí digiteacha, rud a d’fhágfadh go mbeadh maoirseacht agus cuntasacht níos éifeachtúla ann, agus go dtabharfaí níos mó solúbthachta d’fheirmeoirí san am céanna. San am céanna, dá roghnófaí táscairí ábhartha, comhréireacha agus réalaíocha, d’fhéadfaí an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis inniúla a laghdú. I bhfianaise an éilimh mhóir shochaíoch ar leas ainmhithe feabhsaithe, le freagairt chomhordaithe ón Aontas seachnófaí tuilleadh illroinnt ar na rialacha náisiúnta. Bheadh tairbhe phraiticiúil ag baint leis an gcur chuige níos aontaithe sin: thacódh sé le hiomaíocht níos cothroime, laghdódh sé ualaí comhlíontachta agus shásódh sé ionchais na saoránach sna hearnálacha lena mbaineann. |
|
B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais |
|
Is iad príomhchuspóirí an athbhreithnithe reachtaigh seo dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú a mhéid a bhaineann le caighdeáin leasa ainmhithe, na rialacha atá ann cheana a nuachóiriú agus obair leantach a dhéanamh ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’. Is ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí a bheidh an t‑athbhreithniú sin bunaithe agus cuirfear san áireamh ann an tionchar socheacnamaíoch ar fheirmeoirí agus orthu siúd a bhfuil baint acu le slabhra an tsoláthair bia, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus tomhaltóirí san áireamh. Leis an athbhreithniú tabharfar tacaíocht freisin mar aon le hidirthréimhsí iomchuí le haghaidh gach speicis. Chun seasamh le luachanna morálta an Aontais mar fhreagairt ar éileamh na sochaí, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na caighdeáin choibhéiseacha táirgthe leasa ainmhithe a bhaineann le táirgí allmhairithe, i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún togra reachtach a chur i láthair maidir leis na chéad earnálacha in 2026. Cinnfidh sé cé na hearnálacha a chumhdófar tar éis raon leathan comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus staidéir indéantachta a dhéanfar in 2025. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe tionchair, leis an tionscnamh beifear in ann aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní eiticiúla a eascraíonn as marú córasach sicíní lae fireanna. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh freisin reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe ar an bhfeirm a nuachóiriú trí chur chuige atá bunaithe ar thorthaí leasa a thabhairt isteach. Mar chuid de sin déanfar táscairí soiléire leasa ainmhithe a chomhtháthú agus bainfear úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin déanfar simpliú agus laghdófar an t‑ualach riaracháin. Fiosrófar sa mheasúnú tionchair freisin conas a d’fhéadfadh creat simplithe a chruthú d’oibreoirí leis an nuachóiriú trí na caighdeáin leasa ainmhithe sin a bhfuil feidhm acu maidir leo a chuíchóiriú, rud a d’fhéadfadh an t‑ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú. Is é an sprioc fhoriomlán cosaint aonfhoirmeach ardleibhéil a chinntiú maidir le leas ainmhithe, iomaíocht chóir d’fheirmeoirí, ualach riaracháin laghdaithe agus ailíniú le hionchais eiticiúla agus le hábhair imní i dtaca le forfheidhmiú níos fearr. D’fhéadfaí na príomhroghanna seo a leanas a mheas ag céim an chomhairliúcháin agus an mheasúnaithe tionchair. ·Deireadh a chur le húsáid cásanna de réir a chéile. Idirthréimhsí iomchuí a leagan amach chun deireadh a chur le cásanna de réir a chéile agus ceanglais theicniúla a leagan amach le haghaidh córais saor ó chásanna. Ar na hearnálacha a d’fhéadfadh a bheith le cur san áireamh sna comhairliúcháin agus sa mheasúnú tionchair tá béaróga, muca, laonna, eireoga, póraitheoirí sicíní grísce, póraitheoirí béaróg, coiníní, lachain, géanna agus gearga. ·Táscairí agus digitiú. Na táscairí maidir le leas ainmhithe a bheidh le húsáid a roghnú agus cinneadh a dhéanamh maidir le conas iad a thomhas. Féachaint an bhféadfaí uirlisí digiteacha a chomhtháthú chun monatóireacht éifeachtach trédhearcach a dhéanamh agus chun ualach riaracháin níos lú a bheith ann. Is iad éanlaith chlóis, muca, eallaigh agus coiníní feola na hearnálacha a d’fhéadfaí a chur san áireamh sna comhairliúcháin agus sa mheasúnú tionchair. ·Ceanglais maidir le hallmhairiú. Cinneadh a dhéanamh ar cheart caighdeáin choibhéiseacha leasa ainmhithe a fhorchur ar allmhairí ainmhithe agus táirgí ainmhithe, agus a mhéid ba cheart na caighdeáin sin a fhorchur. Tá feidhm aige sin maidir le ceanglais an Aontais atá ann cheana i ndáil le leas ainmhithe agus maidir le haon cheanglas nua atá sa togra reachtach. Is iad éanlaith chlóis, muca, laonna agus coiníní na hearnálacha a d’fhéadfaí a chur san áireamh sna comhairliúcháin agus sa mheasúnú tionchair. ·Marú sicíní lae fireanna in earnáil na mbéaróg. Deireadh a chur leis an gcleachtas sin de réir a chéile, agus idirthréimhsí iomchuí agus maoluithe féideartha a leagan amach. |
|
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh caighdeáin leasa ainmhithe an Aontais a chomhchuibhiú chun ionchais eiticiúla méadaitheacha na saoránach a shásamh ar bhealach níos fearr. Má chuirtear deireadh le húsáid cásanna de réir a chéile d’fhéadfadh sé go mbeadh ar roinnt feirmeoirí infheistíocht a dhéanamh chun a bhfeirmeacha a nuachóiriú, nó go mbeadh orthu modhanna táirgthe nua a ghlacadh. Mar sin féin, dhéanfaí na tionchair sin a chothromú le rialacha níos soiléire agus le torthaí intuartha agus mhaolófaí iad trí thacaíocht airgeadais agus trí idirthréimhsí céimnithe. Leis na caighdeáin níos airde a d’eascródh as sin, chuirfí borradh faoi mhuinín na dtomhaltóirí agus chuirfí deiseanna nua margaidh ar fáil i dtíortha nach bhfuil san Aontas le haghaidh bia a tháirgtear go hinbhuanaithe. Dá ndéanfaí uirlisí monatóireachta agus digitithe den scoth a chomhtháthú sna hearnálacha lena mbaineann, dhéanfaí comhlíonadh agus forfheidhmiú a chuíchóiriú trí bhailiú agus anailís sonraí a chumasú, tríd an ualach riaracháin a laghdú, agus trí chinnteoireacht níos éifeachtúla agus sonraíbhunaithe a éascú. Bhainfeadh feirmeoirí tairbhe as tagarmharcanna níos soiléire, agus d’fhéadfadh próiseálaithe agus miondíoltóirí tairbhe a bhaint as trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe ó thaobh clú de. D’fhéadfadh na bearta sin cuidiú freisin le bainistiú acmhainní agus feidhmíocht chomhshaoil níos fearr, rud a chothódh earnáil agraibhia níos inbhuanaithe agus níos iomaíche. |
|
D. Ionstraimí maidir le rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Forbrófar an tionscnamh trí úsáid a bhaint as measúnuithe tionchair spriocdhírithe, comhairliúcháin struchtúrtha agus anailísí cuimsitheacha ilchritéar. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chórasach ar na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil is dócha a bheidh ag na hathruithe atá beartaithe trí shonraí cainníochtúla, léargais cháilíochtúla agus anailís sheachtrach neamhspleách a chomhtháthú. Déanfar measúnú i staidéar seachtrach ar na héifeachtaí ar fheirmeoirí, ar thomhaltóirí agus ar an gcomhshaol, agus cuirfear fianaise eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) san áireamh agus na roghanna beartais á bhforbairt. Ar bhonn na measúnuithe agus na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara a rinneadh roimhe seo, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin spriocdhírithe bhreise le feirmeoirí, leo siúd a bhfuil baint acu le slabhra an tsoláthair bia agus leis an tsochaí shibhialta. Leis na comhairliúcháin sin, sainaithneofar dúshláin phraiticiúla agus cuirfear le sonraíochtaí teicniúla, le hidirthréimhsí réalaíocha agus le bearta tacaíochta. Úsáidfear modheolaíocht thrédhearcach sa mheasúnú tionchair chun a chinntiú go ndéanfar ionchur ó pháirtithe leasmhara a ghabháil go córasach agus a chur san áireamh sa togra deiridh. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Tá an comhairliúchán á dhéanamh chun raon leathan tuairimí agus fianaise a bhailiú maidir leis an tionscnamh, chun a chinntiú go mbeidh an beartas deiridh éifeachtach agus go mbeidh sé ag teacht le riachtanais agus ionchais na bpáirtithe leasmhara uile. Trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas seo, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún borradh a chur faoin trédhearcacht, feabhas a chur ar an gcinnteoireacht agus a chinntiú go dtabharfar aghaidh leis an tionscnamh ar riachtanais na n-oibreoirí eacnamaíocha agus ar na hábhair imní shochaíocha agus eiticiúla faoi leas ainmhithe araon. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le grúpa éagsúil páirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí feirmeoirí an Aontais, comhlachais gorlann, agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as reachtaíocht maidir le leas ainmhithe a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, beidh gnólachtaí agus eagraíochtaí gnó atá gníomhach i slabhra an tsoláthair bia, grúpaí gairmiúla Eorpacha agus náisiúnta leasa ainmhithe, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, saineolaithe acadúla, agus ionadaithe ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad atá i mbun onnmhairiú na dtáirgí ainmhithe lena mbaineann rannpháirteach sa chomhairliúchán. Tabharfar cuireadh freisin d’eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i leas ainmhithe páirt a ghlacadh ann. Déanfar an próiseas comhairliúcháin thar thréimhse 4 seachtaine tríd an nglao seo ar fhianaise agus trí chomhairliúcháin spriocdhírithe bhreise, lena n-áirítear trí Ardán an Aontais um Leas Ainmhithe agus tríd an mBord Eorpach um an Talmhaíocht agus Bia. Déanfar rannpháirtíocht bhreise trí shuirbhéanna, agallaimh, grúpaí fócais agus ceardlanna mar chuid de staidéar seachtrach lena dtacófar leis an measúnú tionchair. Déanfar comhairliúchán poiblí freisin chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne ionchur a sholáthar. Cuireann an cur chuige ilghnéitheach sin le comhairliúcháin roimhe seo ó 2022 agus 2023, agus an t‑aiseolas uile á shintéisiú i dtuarascáil achoimre chuimsitheach a bheidh mar bhonn eolais don mheasúnú tionchair deiridh agus don togra ón gCoimisiún. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Leis an tionscnamh, féachfar ar roinnt roghanna chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe a sainaithníodh i seiceáil oiriúnachta 2022 ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe. Is é an aidhm atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin a mhéid a bhaineann le leas ar an bhfeirm, lena n‑áirítear deireadh a chur le húsáid cásanna de réir a chéile. |
|
An spriocphobal |
|
Aon ghrúpa a ndéanann an reachtaíocht difear díreach dó, mar shampla feirmeoirí agus oibreoirí gnó bia eile, agus an pobal, eagraíochtaí neamhrialtasacha leasa ainmhithe agus eagraíochtaí tomhaltóirí. |