|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
An Plean Gníomhaíochta nua chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme |
|
Príomh-AS – an t‑aonad atá freagrach |
AS EMPL |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta nua chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme |
|
Amchlár táscach |
R4-2025 |
|
Eolas breise |
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Is é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (‘Colún’) treoirphlean an Aontais um Eoraip Shóisialta níos cothroime agus níos cuimsithí ina gcosnaítear saoránaigh agus ina gcothaítear dálaí maireachtála agus oibre níos fearr. Le Plean Gníomhaíochta 2021, cuireadh 75 ghníomhaíocht chun cinn, gníomhaíochtaí ar gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé iad le linn an tsainordaithe dheireanaigh chun an Colún a chur chun feidhme, agus leagadh síos trí phríomhsprioc de chuid an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta. Is mór an t‑athrú atá tagtha ar thírdhreach na polaitíochta agus na mbeartas ó cuireadh tús leis an gcéad Phlean Gníomhaíochta 4 bliana ó shin. Ina treoirlínte polaitiúla do 2024-2029, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen Plean Gníomhaíochta nua um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun ugach nua a thabhairt i réimsí ina bhfuil gá le dul chun cinn agus chun iarrachtaí an Aontais a chuíchóiriú chun prionsabail an Cholúin a bhaint amach ar fud an Aontais. Cuirfidh an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Mînzatu an Plean Gníomhaíochta nua i láthair in 2025. Leis an bPlean Gníomhaíochta nua, tógfar ar Phlean Gníomhaíochta 2021 agus leagfar amach tionscnaimh a fhorbróidh an Coimisiún le linn an tsainordaithe seo chun cur chun feidhme an Cholúin a leabú a thuilleadh agus chun tacú leis na Ballstáit, agus meas á léiriú ar na múnlaí sóisialta náisiúnta, chun príomhspriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach. Léireofar leis an bPlean Gníomhaíochta nua na dúshláin is ábhartha atá romhainn agus na deiseanna is ábhartha atá againn de bharr chomhthéacs an mhargaidh saothair agus an chomhthéacs shocheacnamaíoch, dhéimeagrafaigh agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa, agus léireofar ann freisin na príomhthosaíochtaí polaitiúla maidir leis an iomaíochas, leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, agus leis an ullmhacht, rudaí a dhéanann difear do shaol na ndaoine. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Leis an bPlean Gníomhaíochta nua, cuirfear clár oibre dearfach i láthair, lena dtabharfar fuinneamh nua don Eoraip Shóisialta agus lena ndéanfar beartais shóisialta a phríomhshruthú i dtosaíochtaí uile an Aontais. Tá sé sin tábhachtach freisin chun na príomhspriocanna sóisialta do 2030 a bhaint amach. Cuireadh na tionscnaimh sa chéad Phlean Gníomhaíochta i gcrích mar a bhí beartaithe ach in go leor cásanna níltear ach tar éis tús a chur leis an gcur chun feidhme agus níl ach meastóireachtaí ex post teoranta ar fáil. Dá bhrí sin, sa reachtas nua seo, ba cheart díriú ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach na ngníomhaíochtaí atá ann cheana. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ós rud é gur freagracht chomhpháirteach é an Colún a chur chun feidhme, freagracht atá ar na hinstitiúidí den Aontas Eorpach, ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ar chomhpháirtithe sóisialta agus ar an tsochaí shibhialta. Sa bhreis ar an gcur chun feidhme, tá gá le tuilleadh tionscnamh beartais chun dul in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú go tapa agus do riachtanais mhargaí saothair agus chórais leasa shóisialta an Aontais. Maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na príomhspriocanna sóisialta do 2030 a bhaint amach, tá an tAontas gar don sprioc i dtaca le fostaíocht a bhaint amach (75,3 % in 2023 le hais sprioc 2030, is é sin 78 %), ach tá obair le déanamh aige fós maidir le spriocanna i dtaca le scileanna (39,5 % in 2022; is é 60 % an sprioc) agus laghdú na bochtaineachta (tá laghdú 1,6 milliún tagtha ar an líon daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta; is é laghdú 15 mhilliún an sprioc). Tá difríocht ann freisin idir an méid dul chun cinn atá déanta maidir leis na fospriocanna, mar atá: an bhearna fostaíochta idir na hinscní, soláthar oideachas agus chúram na luath-óige, laghdú ar ráta na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, bunscileanna digiteacha, luathfhágáil na scoile, agus bochtaineacht leanaí. I bhfianaise chomhthéacs an mhargaidh saothair agus an chomhthéacs shocheacnamaíoch, dhéimeagrafaigh agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa, léireofar sa Phlean Gníomhaíochta nua na dlúthnaisc idir an t‑iomaíochas, an ullmhacht, an daonlathas agus ardchaighdeáin shóisialta. Tá sé fíor-riachtanach coinneáil suas le luas an athraithe inár ngeilleagar agus inár margadh saothair ar mhaithe lenár rathúnas agus lenár dtáirgiúlacht, agus chun go n‑éireoidh leis an aistriú glas, leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú sóisialta. Leis an bPlean Gníomhaíochta nua, leagfar amach an obair sin, rud a áiritheoidh cothroime shóisialta agus meas á léiriú ar mhúnlaí sóisialta gach tíre an tráth céanna. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Ní bhaineann le hábhar |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Leis an bPlean Gníomhaíochta nua, tógfar ar an méid a baineadh amach le Plean Gníomhaíochta 2021, agus tabharfar aghaidh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus ar na heasnaimh atá le ceartú. Leis an bPlean Gníomhaíochta nua, neartófar comhordú agus cuirfear cur chuige níos comhtháite agus níos comhordaithe chun cinn maidir le beartais fostaíochta agus beartais shóisialta, agus ar an gcaoi sin, cuideofar lena áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit uile dul chun cinn i dtreo phríomhspriocanna an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Tá coinne leis go dtabharfar ugach nua leis an bPlean Gníomhaíochta nua sin chun feabhas a chur ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus chun tacú le príomhspriocanna sóisialta an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach faoi 2030. Léireofar sa Phlean Gníomhaíochta torthaí an athbhreithnithe ar an gcéad Phlean Gníomhaíochta, ina gcuirfear san áireamh an méid a baineadh amach, agus ina sainaithneofar easnaimh nach mór aghaidh a thabhairt orthu. An cineál ionstraime a roghnaítear don tionscnamh (Teachtaireacht ón gCoimisiún agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi), ní théann sí thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Tá coinne leis go mbeidh tionchair shóisialta dhearfacha ag an bPlean Gníomhaíochta nua ar sciar mór den daonra ós rud é go gcumhdaítear leis tionscnaimh atá ábhartha maidir le 20 prionsabal an Cholúin agus go rannchuidíonn sé leis na príomhspriocanna sóisialta do 2030 a bhaint amach. Is dócha go mbeidh tionchair eacnamaíocha dhearfacha ag an bPlean Gníomhaíochta nua freisin trí thionscnaimh a spreagann infheistíocht i scileanna agus a thugann aghaidh ar ghanntanais lucht saothair. Tríd is tríd, rannchuideoidh infheistíocht shóisialta le geilleagar níos iomaíche agus níos athléimní a bheidh in ann aistriú digiteach, aistriú glas agus aistriú déimeagrafach a bhaint amach go rathúil. Rannchuideoidh an Plean Gníomhaíochta nua le comhtháthú idir réigiúin agus le roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach: 1 (díothú na bochtaineachta), 3 (sláinte mhaith agus dea-bhail), 4 (oideachas ar ardchaighdeán), 5 (comhionannas inscne), 6 (uisce glan agus sláintíocht), 8 (obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch), 10 (neamhionannais laghdaithe) agus 17 (comhpháirtíochtaí). |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Déanfar an faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta nua i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus an Mhodha Oscailte Comhordúcháin maidir le Cosaint Shóisialta agus Cuimsiú Sóisialta agus maidir le Fostaíocht, de réir mar is infheidhme. Trí shásraí atá ann cheana a úsáid go príomha, ní bheidh aon ualach tuairiscithe breise ann. I gcás inarb ábhartha, déanfar faireachán agus meastóireacht ar leith ar na tionscnaimh aonair a bheidh ina gcuid den Phlean Gníomhaíochta nua. Thairis sin, is dócha go ndéanfar athbhreithniú mar chuid den togra ar an bPlean Gníomhaíochta nua agus é ag teacht chun deiridh. De bhonn na taithí a fuarthas ón gcéad Phlean Gníomhaíochta, is é an aidhm atá ann straitéis meastóireachta níos cuimsithí a áirithiú ón tús. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Níl gá le haon mheasúnú tionchair le haghaidh na Teachtaireachta. I gcás inarb iomchuí, déanfar measúnú tionchair ar na tionscnaimh shonracha a fhógrófar sa Teachtaireacht. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Is é is aidhm don chomhairliúchán le páirtithe leasmhara tacú leis an athbhreithniú ar an gcéad Phlean Gníomhaíochta agus deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara ionchur a sholáthar maidir leis na príomhthéamaí a dtabharfar aghaidh orthu sa Phlean Gníomhaíochta nua. Leis an tionscnamh, tógfar, freisin, ar thorthaí comhairliúchán spriocdhírithe ar thionscnaimh ábhartha eile, cuir i gcás, an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán agus an Straitéis i gcoinne na Bochtaineachta. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 12 sheachtain, is féidir freagraí a thabhairt in aon cheann de na 24 theanga oifigiúla, agus beidh sé ar fáil ar thairseach an Choimisiúin ‘Cloisimis uait’ i bhformáid inrochtana. Ina theannta sin, tá sé beartaithe comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara a dhéanamh (e.g. leis na Ballstáit, le comhpháirtithe sóisialta an Aontais, le heagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais, le Coiste um Chosaint Shóisialta agus Coiste Fostaíochta na Comhairle, le Coiste na Réigiún, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Parlaimint na hEorpa). Foilseofar an tuarascáil achomair fhíorasach 8 seachtaine tar éis tar éis deireadh teacht leis an gcomhairliúchán poiblí. Déanfar achoimre ar na torthaí i dtuarascáil achoimre agus cuirfear ar fáil go poiblí iad i bhformáid inrochtana ar shuíomh gréasáin comhairliúcháin an Choimisiúin. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Is é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (‘Colún’) treoirphlean an Aontais um Eoraip Shóisialta níos cothroime agus níos cuimsithí ina gcosnaítear saoránaigh agus ina gcothaítear dálaí maireachtála agus oibre níos fearr. Rannchuidigh a chéad Phlean Gníomhaíochta le gníomhaíochtaí coincréiteacha a dhéanamh de phrionsabail an Cholúin. agus tá saincheisteanna fostaíochta agus sóisialta daingnithe i gcroílár chlár oibre polaitiúil an Aontais dá bharr, agus an gealltanas láidir a thug ceannairí an Aontais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto i mí na Bealtaine 2021 an Colún a chur chun feidhme mar bhonn faoi, chomh maith le spriocanna sóisialta an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach. Leis an gcomhairliúchán seo, féachtar le tuairimí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear daoine aonair agus eagraíochtaí araon, maidir le cur chun feidhme agus tionchar an chéad Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus maidir le cuspóirí agus ábhar inmhianaithe an Phlean Gníomhaíochta nua. |
|
An spriocphobal |
|
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach, gach duine nach saoránach den Aontas Eorpach é agus páirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo. |