GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin.

Teideal an tionscnaimh

Straitéis um Aontas Sonraí Eorpach

Príomh-AS – an taonad atá freagrach

AS CNECT, Aonad G1

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Teachtaireacht ón gCoimisiún

Amchlár táscach

R3-2025

Eolas breise

-

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Tagann an tionscnamh seo sna sála ar na gníomhaíochtaí a leagtar síos i Straitéis Sonraí 2020, arb é is aidhm di margadh inmheánach a bhunú inar féidir le sonraí sreabhadh gan bhac. Ó shin i leith, tá gá le cur chuige nuashonraithe de bharr forbairtí teicneolaíocha agus geopholaitiúla. Luadh i dtuarascáil Draghi nach bhfuil tacair mhóra sonraí ag an Aontas agus nach mór dó comhordú trastionscail agus comhroinnt sonraí trastionscail a chur chun cinn chun dlús a chur le comhtháthú na hintleachta saorga, go háirithe an intleacht shaorga ghiniúnach, sa tionscal Eorpach. Cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil Letta ó mhí Aibreáin 2024 gur gá níos mó a dhéanamh chun fíormhargadh inmheánach le haghaidh sonraí a bhaint amach. Leagtar béim sa phlean gníomhaíochta um mór-roinn na hintleachta saorga ar an Straitéis um Aontas Sonraí mar phríomhghníomhaíocht chun leas a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga.

Sna Treoirlínte Polaitiúla do shainordú 2024-2029 ón gCoimisiún Eorpach, leagtar béim bhreise ar an ngá láidir atá le ‘acmhainneacht neamhshaothraithe na sonraí a shaothrú’. Ar deireadh, luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ a foilsíodh i mí Eanáir 2025 go molfar Straitéis um Aontas Sonraí chun comhroinnt shlán sonraí príobháideacha agus poiblí a fheabhsú agus a éascú trí phróisis thrédhearcacha, an córas rialála agus a chur i bhfeidhm a shimpliú, agus dlús a chur le forbairt córas nó feidhmchlár nua agus cearta bunúsacha á n‑urramú san am céanna.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Tá roinnt torthaí bainte amach ag straitéis sonraí 2020 an Aontais: spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú mar chreataí díláraithe le haghaidh comhroinnt agus comhthiomsú ceannasach sonraí ag cuideachtaí, e.g. le cuidiú ó sheirbhísí idirghabhála sonraí a rialaítear faoin nGníomh um Rialachas Sonraí; cearta nua rochtana ar shonraí tionsclaíocha agus iad a chomhroinnt faoin nGníomh um Shonraí; agus sonraí sláinte faoin Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte. Mar sin féin, de réir mar a chuirtear dlús le réabhlóid na hintleachta saorga, ní mór níos mó a dhéanamh chun sonraí tionsclaíocha mar aon le sonraí ó theangacha atá faoi ghannionadaíocht a scaoileadh.

Tá dúshláin roimh gheilleagar an Aontais maidir le próiseas an digitithe, arb é is príomhthréith don gheilleagar cuideachtaí láidre in earnálacha traidisiúnta agus gan ach líon beag gníomhaithe móra in earnáil na teicneolaíochta. San am céanna, tá sé d’aidhm ag gníomhaithe móra teicneolaíochta neamh-AE dul isteach in earnálacha traidisiúnta an tionscail, agus iad ag déanamh iad féin a thairiscint mar chomhpháirtí sa digitiú. Tá roghanna malartacha ar thionscadail digitithe in easnamh sa tionscal Eorpach, lena n‑áirítear an intleacht shaorga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ach gan bheith teoranta don mhéid sin.

Murab ionann agus an geilleagar sonraí pearsanta, tá sonraí tionsclaíocha sonrach ó thaobh réimse de agus tá siad i seilbh go leor gníomhaithe éagsúla a bhfuil dúshláin rialála rompu maidir le sonraí a chomhroinnt agus a chomhthiomsú. Is sonraí teanga-shonracha iad sonraí áirithe agus ní fhéadfadh ach líon beag sonraí a bheith ann. Mar thoradh air sin, ní féidir le cuideachtaí nuálacha oiliúint a chur ar bhunsamhlacha ná feabhas leanúnach a chur orthu le haghaidh réimsí éagsúla tionscail nó teangacha Eorpacha.

Chomh maith le rochtain ar shonraí, is dúshlán fós í rochtain ar thallann, ar shaoráidí ríomhaireachta agus ar chaipiteal. Tá meascán casta de dhlíthe ginearálta agus earnáilsonracha i gceist leis an timpeallacht rialála maidir le húsáid sonraí san Aontas, agus is minic a bhíonn an t‑idirghníomhú sin deacair a thuiscint le haghaidh gnólacht agus iad á bhforfheidhmiú ag comhlachtaí nó údaráis éagsúla, rud a chruthaíonn neamhéifeachtúlachtaí agus éiginnteachtaí do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí. D’ainneoin iarrachtaí chun rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a chomhchuibhiú, is féidir leis na Ballstáit claonadh uathu bunaithe ar chlásail oscailte nó ar chearta sonracha um rogha gan bheith páirteach. Tá méadú ag teacht ar an líon ceanglas tuairiscithe agus fógra i ngach cineál reachtaíochta a dhéanann difear don iomaíochas.

Cé go bhfuil sreafaí idirnáisiúnta sonraí ag éirí níos tábhachtaí ar fud an gheilleagair, tá dúshláin ann freisin. Is minic a bhíonn éiginnteachtaí ag cuideachtaí Eorpacha agus iad ag aistriú sonraí ó thíortha nach bhfuil san Aontas ar ais isteach san Aontas. Ní dhéantar catagóirí áirithe sonraí de chuid an Aontais a chosaint go leordhóthanach ar ghníomhaithe urchóideacha. Leis an teannas geopholaitiúil a bhí ann le déanaí, ardaítear ceisteanna maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais i gcás spleáchais iomarcacha ar thíortha eile, e.g. spleáchas ar shonraí ábhartha le haghaidh réimsí áirithe den intleacht shaorga ghiniúnach a chuireann bac ar chumas an Aontais a iomaíochas fadtéarmach a áirithiú.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

D’fhéadfadh an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta sa gheilleagar sonraí, trí shonraí a úsáid ar bhealach sábháilte chun intleacht shaorga iontaofa neamh-idirdhealaitheach a chumhachtú agus chun iomaíochas ar an margadh domhanda a fheabhsú - ar choinníoll go mbreithnítear tuilleadh gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh straitéis cuidiú le cuideachtaí agus saoránaigh Eorpacha tairbhe níos éifeachtaí a bhaint as na sonraí a ghintear ar fud na mór-roinne, agus éiginnteachtaí dlíthiúla á n‑íoslaghdú san am céanna.

Bunús dlí

Tá an Teachtaireacht bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá coinne leis go bhfógrófar raon tionscnamh agus gníomhaíochtaí ag a mbeidh bunúis dlí éagsúla sa Teachtaireacht. Ag brath ar ábhar agus raon feidhme na hionstraime/na n‑ionstraimí reachtacha agus neamhreachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann a fógraíodh, liostófar na bunúis dlí is iomchuí do na hionstraimí dlí sin de réir mar is iomchuí nuair a dhréachtófar iad.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Cruthaíonn cineál trasteorann na margaí sonraí dúshláin do Bhallstáit aonair, toisc go bhfuil an baol ann go gcruthófar ilroinnt rialála agus margaidh le gníomhaíochtaí neamhspleácha. Chun é sin a chosc, tá méadú ag teacht ar an ngá atá le cur chuige comhordaithe lena gcuirtear margadh inmheánach iomlán an Aontais san áireamh. Le cur chuige den sórt sin, bheifí in ann barainneachtaí scála a bhaint amach, éiceachóras uirlisí iontaofa de chuid an Aontais a chruthú, cuideachtaí Eorpacha a chumhachtú agus margadh Eorpach sonraí agus intleachta saorga a bheadh níos comhtháite, níos iomaíche, níos neamh-idirdhealaitheacha agus níos iontaofa a chothú. Is gné thábhachtach d’iomaíochas chuideachtaí an Aontais iad sreafaí sonraí idirnáisiúnta agus tugtar aghaidh orthu go héifeachtach ar leibhéal an Aontais, mar a gcuireann cur chuige aontaithe le cumhacht chaibidlíochta na hEorpa, lena n‑áirithítear comhsheasmhacht rialála i rannpháirtíochtaí domhanda, agus lena gcoisctear ilroinnt i measc na mBallstát. Cé go n‑eascraíonn ualaí riaracháin as reachtaíocht náisiúnta freisin, is é creat reachtach an Aontais is cúis leis na hualaí sin go rialta freisin. Dá laghdófaí an t‑ualach sin, thacófaí le cuspóirí iomaíochais níos leithne na hEorpa.

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í

Is é an chéad chuspóir infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí sonraí a spreagadh agus sócmhainní sonraí áirithe a chur ar fáil trí bhearta deonacha nó trí chistiú, chun úsáid agus infhaighteacht mhéadaithe sonraí a chumasú, i.e. chun an intleacht shaorga ghiniúnach a fhorbairt. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bearta chun feabhas a chur ar rochtain ar shonraí do ghnólachtaí nuathionscanta, amhail ionad ilfhreastail le haghaidh rochtain ar éileamh ar fhoinsí sonraí breise agus bearta breise chun comhroinnt dheonach sonraí a éascú.

Is é simpliú an dara cuspóir. Ba cheart é sin a dhéanamh trí (1) na rialacha atá ann cheana a chuíchóiriú, agus (2) uirlisí sonraí a fhorbairt chun an t‑ualach riaracháin a laghdú. Chun an creat atá ann cheana a chomhdhlúthú, déanfar meastóireacht air agus molfar coigeartuithe spriocdhírithe i gcás inar gá chun go n‑oibreoidh na hionstraimí le chéile ar an mbealach is fearr chun geilleagar sonraí éifeachtach a bhaint amach, lena n‑áirítear sásraí éifeachtacha rialachais. Ba cheart bonneagair dhigiteacha a fhorbairt agus a chur in úsáid chun comhlíonadh uathoibríoch na n‑oibleagáidí tuairiscithe a chumasú. D’fhéadfaí é sin a leathnú chun breithniú a dhéanamh ar thuairisciú digiteach éigeantach a chur chun feidhme i dtionscnaimh reachtacha amach anseo agus chun tuairisciú digiteach sa reachtaíocht atá ann cheana a éascú. 

Is é an tríú cuspóir ‘Straitéis Idirnáisiúnta Sonraí’ a fhorbairt, ar cheart a áireamh inti gníomhaíochtaí chun onnmhairiú shonraí an Aontais a chosaint, chomh maith le gníomhaíochtaí chun allmhairiú sonraí isteach san Aontas a spreagadh. Chuige sin, tá gá le cur chuige lárnach lena gcuirtear san áireamh, i measc nithe eile, acquis sonraí inmheánacha an Aontais chomh maith le beartas seachtrach trádála digití an Aontais. Thairis sin, leis an straitéis idirnáisiúnta maidir le sonraí, ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar rochtain ar spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus gníomhaíochtaí a shainaithint le haghaidh rannpháirtíocht tosaíochta ar an leibhéal déthaobhach agus ar an leibhéal iltaobhach chomh maith le rialacha idirnáisiúnta a fhorbairt atá fabhrach do chomhroinnt sonraí ar bhonn conarthach.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Meastar go dtiocfaidh tionchar eacnamaíoch an bhirt chun cinn i níos mó sonraí, an intleacht shaorga, seirbhísí agus táirgí den chuid is mó, a cheapfar de réir riachtanais na n‑úsáideoirí. Mar thoradh ar an straitéis, déanfar geilleagar sonraí iontaofa rathúil a fhorbairt a thuilleadh, rud is dócha a mhéadóidh luach na sonraí i gcomhréir le caighdeáin cosanta sonraí agus caighdeáin chibearshlándála. Le margadh aonair a bheidh comhtháite agus cumhachtaithe go digiteach, beidh gnólachtaí an Aontais - lena n‑áirítear FBManna - in ann uas-scálú agus an leas is fearr is féidir a bhaint as an margadh, faoi mar a dhéanfaidh an tseirbhís phoiblí freisin chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha ábhartha i ngach réimse.

Má dhéantar an creat reachtach a shimpliú, laghdófar an t‑ualach rialála atá ar ghnólachtaí. Beidh tionchar dearfach ag laghdú an ualaigh riaracháin ar an ngeilleagar ina iomláine, go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil níos lú acmhainneachtaí acu le haghaidh cúraimí comhlíontachta agus ar minic gurb é an t‑ualach riaracháin an dúshlán is mó don infheistíocht.

Dá dtabharfaí aghaidh ar shreafaí sonraí neamhphearsanta idirnáisiúnta ar leibhéal an Aontais, neartófaí ról Aontais mar cheannaire digiteach domhanda, chuirfí feabhas ar chomhleanúnachas rialála, meallfaí sreafaí sonraí chuig an Aontas, agus d’áiritheofaí coimircí níos láidre chun sonraí an Aontais a mhalartú ar bhealach slán agus iomaíoch le tríú tíortha.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

I bhfianaise chineál an tionscnaimh – teachtaireacht leathan beartais – déanfar faireachán ar an tionscnamh ag céim níos déanaí nuair a chuirfear na gníomhaíochtaí éagsúla chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthúil ar an straitéis ar an gcéad dul síos tríd an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí agus tríd an ngrúpa saineolaithe maidir le hábhair sonraí agus trína ghrúpa páirtithe leasmhara éagsúla, mar shásra faireacháin, agus tuairisceoidh sé go tráthrialta do Mheitheal ábhartha na Comhairle agus do na coistí parlaiminteacha ábhartha. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar chur chun feidhme na straitéise trí na gníomhaíochtaí éagsúla a eascróidh aisti. Beidh measúnú críochnúil agus sásraí meastóireachta iomchuí ag gabháil le haon bheart reachtach.

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Ós rud é go bhfuil straitéis agus forléargas á leagan amach sa Teachtaireacht, don chineál seo gníomhaíochta, níl aon ghá le measúnuithe tionchair a priori. Tograí reachtacha, gníomhaíochtaí féideartha nó tograí agus tionscnaimh eile ar dócha go mbeidh tionchar nach beag acu mar aon le roghanna beartais a fhógraítear sa Straitéis, ba cheart measúnuithe tionchair a bheith ag ghabháil leo i gcás inarb iomchuí. Is é is aidhm don straitéis um Aontas Sonraí cur chuige ginearálta a leagan amach do na cásanna sin lena mbaineann easpa tionchair inaitheanta ina leith.

An straitéis chomhairliúcháin

Áireofar ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin:

Comhairliúchán poiblí (féach an t‑eolas thíos; ceistneoirí spriocdhírithe ar na Ballstáit agus ar shaineolaithe roghnaithe; comhairliúcháin spriocdhírithe, maidir le FBManna freisin; ceardlanna earnála; agallaimh le saineolaithe; imeachtaí ardleibhéil agus cuairteanna tíre

Díreofar ar an bpobal FBManna go díreach, ar an gcéad dul síos, sula ndíreofar ar an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí agus ar a ionadaithe FBManna, agus ar an Líonra Fiontar FBManna.

I gcomhréir le beartas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr chun tionscnaimh a fhorbairt atá bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil, iarraimid freisin ar thaighdeoirí eolaíocha, mar aon le heagraíochtaí acadúla, sochaithe foghlama agus comhlachais eolaíocha a bhfuil saineolas acu i ndáil le beartas sonraí, intleacht shaorga, nó/agus laghdú an ualaigh riaracháin taighde, anailísí agus sonraí eolaíocha ábhartha idir a bhfuil foilsithe agus réamhchlóite a chur isteach.

Mar chuid den ghlao seo ar fhianaise, tá comhairliúchán poiblí á sheoladh againn ar Cloisimis uait, comhairliúchán atá oscailte do chách le haghaidh freagra. Is féidir teacht air anseo: leathanach na gcomhairliúchán poiblí. Beidh an ceistneoir ar fáil i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis ach beifear in ann freagraí a thabhairt in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ceistneoir atá sa chomhairliúchán poiblí agus beidh an deis ann freisin doiciméad ar leith a chur i gceangal leis. Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go ceann 8 seachtaine. Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ar an leathanach comhairliúcháin laistigh de 8 seachtaine tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin. Ullmhóidh an Coimisiún freisin, in am trátha, agus tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin, tuarascáil achoimre ina ndéanfar achoimre ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is cuspóir don phróiseas comhairliúcháin deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl agus cuidiú leis an gclár oibre beartais a bheidh ann amach anseo maidir le geilleagar sonraí an Aontais a mhúnlú. Cuirfidh sé freisin le tionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ag an gCoimisiún amach anseo sa réimse beartais seo agus san am céanna éistfear le hionchur na bpáirtithe leasmhara uile ar bhealach comhoibríoch cuimsitheach.

An spriocphobal

Grúpálfar na páirtithe leasmhara mar a leanas:

·Saoránaigh/an pobal i gcoitinne:

·Soláthraithe sonraí earnála poiblí

·Soláthraithe teicneolaíochta agus úsáideoirí gnó

·Údaráis náisiúnta inniúla

·Soláthraithe próiseála sonraí

·Soláthraithe idirghabhála sonraí

·Soláthraithe sonraí

·Tionscal, FBManna agus gnólachtaí a bhaineann le soláthar, úsáid agus láimhseáil sonraí. Áirítear leis sin freisin comhlachais tionscail, eagraíochtaí idirnáisiúnta a oibríonn sa réimse spéise, soláthraithe giniúnacha cuideachtaí intleachta saorga agus díoltóirí réiteach sintéisithe

·Comhlachais trádála

·Taighdeoirí agus lucht léinn

·Ionadaithe na n‑ardán

·Eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhlachais tomhaltóirí

·Saineolaithe agus meithleacha machnaimh: áirítear leis sin taighdeoirí agus speisialtóirí atá ag obair ar ábhair éagsúla spéise, institiúidí taighde