GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR

Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a d’fhéadfadh a bheith acu a thabhairt don Choimisiún, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh.

Teideal an tionscnaimh

An Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch – borradh a chur faoin dícharbónú

Príomh-AS (an taonad atá freagrach)

AS GROW – Aonad I1

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Rialachán

Amchlár táscach

R4 2025

Faisnéis bhreise

An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Tá bonn tionsclaíoch na hEorpa lárnach dár bhféiniúlacht agus riachtanach dár n‑iomaíochas agus dár n‑athléimneacht.. Is é an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 1  straitéis nua fáis na hEorpa chun dlús a chur leis an dícharbónú agus leis an iomaíochas ar son thionscal na hEorpa. Is é is aidhm dó táirgeadh tionsclaíoch inbhuanaithe athléimneach san Eoraip a mhéadú, agus infheistíocht a dhéanamh sa dícharbónú ag an am céanna. Tá gá le dícharbónú a dhéanamh ar thionscail dianfhuinnimh chun an aeráidneodracht a bhaint amach. Ní éireoidh leis sin, áfach, gan iomaíochas na dtionscal dianfhuinnimh a chosaint. Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis na tionscail sin d’athléimneacht, slándáil agus rathúnas eacnamaíoch an Aontais. Is iad sin an príomhphointe tosaigh le haghaidh go leor slabhraí luacha, lena gcuirtear amhábhair, ábhair phróiseáilte agus idirmheánacha ar fáil d’earnálacha iartheachtacha amhail earnálacha na ngluaisteán, na tógála, na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, na dtáirgí innealtóireachta, an cosanta agus an aeraspáis, agus is iad is bonn leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Ar na cúiseanna sin, tá gá ag tionscail dianfhuinnimh le tacaíocht phráinneach chun dícharbónú, leictriú agus dul i ngleic le costais arda fuinnimh, iomaíocht dhomhanda éagórach agus rialacháin chasta a chuireann a gcás gnó i mbaol, a dhéanann dochar dá n‑iomaíochas agus a lagaíonn athléimneacht na hEorpa.

Fógraítear Gníomh um Dhlús a chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill um cheadú a bhaineann le dícharbónú tionsclaíoch agus rochtain ar fhuinneamh agus chun tacú le margaí tosaigh a chruthú chun teicneolaíochtaí agus táirgí tionsclaíocha atá glan agus athléimneach a fhorbairt san Eoraip.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Is iad na tionscail dianfhuinnimh is cúis le 19 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais, fostaítear 7,8 milliún duine iontu agus cuireann siad breisluach EUR 549 mbilliún ar fáil.

Tá roinnt tosca ann a bhaineann an bonn d’iomaíochas na n‑earnálacha sin: costais fuinnimh níos airde ná mar atá i dtíortha nach bhfuil san Aontas, an t‑éileamh ar mhoilliú i roinnt de na príomhearnálacha iartheachtacha (e.g. mótarfheithiclí, foirgníocht), agus ró-acmhainneachtaí neamh-mhargaidh arna spreagadh ag straitéisí fáis faoi stiúir onnmhairí agus táirgeadh arna fhóirdheonú ag an stát i dtíortha nach bhfuil san Aontas 2 . Is é an toradh atá air sin go mbíonn brú níos airde o thaobh praghsanna de trí allmhairí saora agus an baol go gcruthófar spleáchais in earnálacha straitéiseacha.

Chun é sin a shárú agus chun tógáil ar thionscnaimh eile atá ann cheana nó atá ar siúl faoi láthair, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sonracha seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, is ábhar imní do thionscail dianfhuinnimh ar mian leo dícharbónú a dhéanamh iad nósanna imeachta fada um dheonú ceadanna 3 le haghaidh tionscadail dícharbónaithe (a bhaineann uaireanta le rochtain ar bhonneagar fuinnimh). Ar an dara dul síos, is minic nach mbíonn na teicneolaíochtaí chun tionscail dianfhuinnimh a dhícharbónú iomaíoch ó thaobh costais de go fóill mar gheall ar chostais arda chaipitil agus oibriúcháin, amanna aisíoca an-fhada agus is minic nach n‑úsáidtear ar mhórscála iad go fóill. Ar an tríú dul síos, tá easpa éilimh ar tháirgí tionsclaíocha glana ar phraghsanna reatha i gcomparáid lena ngnáthroghanna malartacha.

Cuireann na tosca sin go léir le meath ar an táirgeadh tionsclaíoch agus le timpeallacht ghnó dhúshlánach le haghaidh infheistíochtaí dícharbónaithe 4 . Le neartú Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA), cuirfear feabhas ar an gcás gnó le himeacht ama, ach tá praghsanna carbóin fós thar a bheith éiginnte. Sa lá atá inniu ann, is rómhinic a bhíonn laghduithe ar astaíochtaí mar thoradh ar aschur táirgthe laghdaithe seachas éifeachtúlacht mhéadaithe, comhtháthú córas fuinnimh agus próisis mhonaraíochta dhícharbónaithe, go háirithe sna hearnálacha is déine ar fhuinneamh (e.g. laíon agus páipéar, miotail bhunúsacha, mianraí agus ceimiceáin 5 ). Níl infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana ag teacht chun cinn tapa go leor chun conairí gnó inmharthana a thairiscint chun tionscail dianfhuinnimh a dhícharbónú agus chun cuspóir aeráidneodrachta na hEorpa a bhaint amach 6 . 

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Soláthraítear le hAirteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí iomchuí toisc go gcuireann sé ar chumas an Aontais bearta a ghlacadh lena neartaítear comhchuibhiú, lena n‑áirithítear cothrom iomaíochta laistigh den mhargadh aonair chun táirgeadh tionsclaíoch a chothabháil agus a mhéadú trí thacú le hinfheistíochtaí dícharbónaithe. D’fhéadfadh Airteagal 173(3) CFAE maidir le beartas tionsclaíoch bunús dlí ábhartha a sholáthar freisin chun cabhrú leis na Ballstáit na dálaí is gá don iomaíochas tionsclaíoch a bhaint amach.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Leis an gcomhthéacs atá ann faoi láthair, tá na dálaí ann le haghaidh idirghabháil an Aontais chun tacú le cás gnó tionsclaíoch na hEorpa. Ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb ach i bpáirt mar gheall ar chineál comhtháite an mhargaidh do tháirgí tionsclaíocha dianfhuinnimh agus na margaí fuinnimh. Ní mór dúinn cothrom iomaíochta a chaomhnú sa mhargadh aonair. In éagmais gníomhaíocht bhreise ón Aontas, choinneofaí an status quo ar bun, rud a mhéadódh an baol go gcaillfí tionscail straitéiseacha Eorpacha agus go mbeadh sé ag brath an iomarca ar thíortha nach bhfuil san Aontas chun cuspóirí glasa, digiteacha, cosanta agus slándála eacnamaíche an Aontais a bhaint amach. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, sholáthrófaí breisluach maidir leis an ualach rialála agus an cleachtas riaracháin a shimpliú, creat níos tapúla agus níos comhordaithe a chruthú chun infheistíochtaí dícharbónaithe a éascú agus athléimneacht na hEorpa a neartú. Le cur chuige comhordaithe AE, mhéadófaí éifeachtúlacht infheistíochta agus thacófaí le forbairt mhargaí luaidhe ísealcharbóin na hEorpa, agus dhéanfaí ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a chosc ag an am céanna.

B. Cuspóirí agus roghanna beartais

Is é cuspóir ginearálta an Ghnímh um Dhlús a chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch táirgeadh tionsclaíoch inbhuanaithe athléimneach a mhéadú in earnálacha tionsclaíocha dianfhuinnimh san Aontas trí thacú le hinfheistíochtaí dícharbónaithe. Chomh maith leis an gcás bunlíne (status quo), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar roghanna atá dírithe ar bhearta reachtacha agus neamhreachtacha. Déanfar trí chuspóir shonracha a mheas leis an nGníomh: 1. Dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh dícharbónú tionsclaíoch; 2. Tionscadail agus braislí dícharbónaithe tionsclaíocha tosaíochta a shainaithint agus a chur chun cinn; 3. Margaí tosaigh Eorpacha le haghaidh táirgí ísealcharbóin Eorpacha a chruthú agus a chosaint. Féachfaidh sé freisin le rannchuidiú leis an séú réimse tosaíochta den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, i.e. scileanna, cáilíocht na bpost agus aistrithe córa a áirithiú tríd an ngné sin a bhunú thar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí uile.

Díreofar sa tionscnamh ar thionscail dianfhuinnimh (i.e. ceimiceáin, cruach, laíon agus páipéar, scaglanna, stroighin, miotail neamhfheiriúla, gloine agus ceirmeacht) agus, i gcás inarb ábhartha, tionscail iartheachtacha ghaolmhara a mheas laistigh de loighic slabhra luacha. Sa mheasúnú tionchair, déanfar measúnú ar raon feidhme na n‑earnálacha ábhartha agus é a shainiú, agus breithneofar bearta atá ailínithe leis na sonraithe:

  

1.Dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh rochtain thionsclaíoch ar fhuinneamh agus dícharbónú tionsclaíoch, agus ardchaighdeáin chomhshaoil á n‑áirithiú ag an am céanna: Déanfar bearta éagsúla a mheas sa mheasúnú tionchair, lena n‑áirítear bearta chun feabhas a chur ar an rochtain ar fhuinneamh (leictreachas go príomha ach hidrigin freisin) agus ar an rochtain ar bhonneagar gabhála, úsáide agus stórála carbóin. Cuirfidh na bearta sin leis an taithí a fuarthas tríd an Rialachán éigeandála maidir le ceadú 7 , an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite 8 , Rialachán GTE-F 9 , an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla 10 agus an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta 11 , agus leas a bhaint as an digitiú ag an am céanna.

2.Tionscadail agus braislí tosaíochta a shainaithint agus a chur chun cinn: Tá na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí i dtionscadail dícharbónaithe ard, dá bhrí sin, is minic a bhíonn idirghabháil phoiblí ríthábhachtach chun cuidiú leis an infheistíocht i dteicneolaíochtaí glana a dhí-rioscú. Déanfar measúnú sa mheasúnú tionchair ar chritéir ábhartha chun tionscadail nó braislí dícharbónaithe tionsclaíocha tosaíochta a shainaithint freisin agus déanfar measúnú ar bhearta beartais chun tacú leo agus iad a chur chun cinn, lena náirítear trí rochtain ar chistiú a éascú. Breithneofar sna roghanna beartais freisin conas tacú leis na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin iomchuí do bhraislí tionsclaíocha a phleanáil agus a chur chun feidhme.

3.Margaí tosaigh Eorpacha le haghaidh táirgí ísealcharbóin a chruthú agus a chosaint: Breithneofar sa mheasúnú tionchair bearta chun tacú le margaí tosaigh, lena náirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Ceanglais inbhuanaitheachta agus athléimneachta, agus ceanglas maidir le cion íosta ón Aontas a chur i bhfeidhm maidir le soláthar poiblí (agus soláthar príobháideach, in imthosca áirithe) in earnálacha straitéiseacha, a thabhairt isteach. Is é is aidhm dó sin margaí tosaigh a chruthú do tháirgí tionsclaíocha ísealcharbóin, agus ag an am céanna ailíniú a dhéanamh le tionscnaimh reachtacha eile agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais.

·Táirgí tionsclaíocha a bhfuil déine ísealcharbóin acu a chur chun cinn, lena náirítear roghanna le haghaidh lipéad AE. Forbróidh sé lipéad deonach le haghaidh cruach bunaithe ar shonraí an chórais trádála astaíochtaí agus ag tógáil ar mhodheolaíocht an Aontais faoin Sásra um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha. Breithneofar sa mheasúnú tionchair freisin dreasachtaí chun úsáid bunábhair carbóin ghlain a mhéadú, lena náirítear gabháil agus úsáid carbóin, bithmhais inbhuanaithe agus dramhaíl athchúrsáilte.

·Margaí tosaigh na hEorpa a chosaint. Leis na roghanna beartais, breathnófar ar bhearta chun borradh a chur faoi thairbhí an mhargaidh aonair a bhaineann le hinfheistíocht (díreach eachtrach) i dteicneolaíochtaí nuálacha agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thionsclaíocha, lena gcomhlánófar, i gcás inarb ábhartha, ionstraimí beartais trádála atá ann cheana.

Tá an tionscnamh comhsheasmhach leis an mbeartas náisiúnta agus beartas an Aontais atá ann cheana agus beidh sé i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Cuirtear cinntí beartais a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan chun feidhme leis agus comhlánaíonn sé reachtaíocht atá ann cheana amhail an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, Sásra an Aontais um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha, rialacha maidir leis na margaí fuinnimh agus ionstraimí cosanta trádála.

C. Na tionchair is dócha a bheidh ann

Ó thaobh an tionchair eacnamaíoch de, déanfar measúnú sa mheasúnú tionchair ar roghanna maidir lena gcumas dlús a chur le dícharbónú tionsclaíoch, lena n‑áirítear trí thacú le hinfheistíochtaí, agus áiritheofar ag an am céanna go gcoinneoidh an Eoraip a tionscail straitéiseacha agus a n‑iomaíochas ar bun. Chuideodh na bearta le deireadh a chur le bacainní rialála agus le scrogaill ar thionscadail infheistíochta dícharbónaithe nua agus cinn atá ann cheana trí nósanna imeachta a shimpliú agus tríd an éileamh ar tháirgí athléimneacha ísealcharbóin a spreagadh. Dá réir sin, táthar ag súil go gcuirfidh siad feabhas ar iomaíochas agus athléimneacht an Aontais, rud a choinneoidh breisluach na gcuideachtaí monaraíochta agus poist ardcháilíochta ar bun. Ag an am céanna, d’fhéadfadh roinnt tionchair dhiúltacha a bheith ag bearta a chuideoidh le margaí tosaigh a chruthú do tháirgí ísealcharbóin nó a thacóidh le tionscail ar chúiseanna straitéiseacha nó slándála ó thaobh an costas ar tháirgí iartheachtacha agus/nó ar thomhaltóirí deiridh a mhéadú. Déanfar measúnú cúramach ar na tionchair sin. Déanfar costais agus tairbhí na roghanna éagsúla a fhiosrú agus a chainníochtú nuair is féidir. I bhfianaise ghné an tsimplithe den tionscnamh seo, díreoidh sé ar laghdú ualaí a shainaithint. Ina theannta sin, tabharfar aird ar leith freisin ar anailís a dhéanamh ar ghné na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBM) agus ar ghné iomaíochais na roghanna éagsúla.

Ó thaobh an tionchair shóisialta de, thacódh na bearta le tionscadail dícharbónaithe thionsclaíocha san Aontas, rud a chuirfeadh deiseanna ar fáil don fhorbairt réigiúnach, a chaomhnódh an leibhéal fostaíochta atá ann faoi láthair i dtionscail dianfhuinnimh agus a d’fhéadfadh é a mhéadú, lena n‑áirítear trí iarrachtaí uas-scilithe nó athscilithe.

Ó thaobh an tionchair ar an gcomhshaol de, chuideodh na bearta le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnálacha tionsclaíocha agus i réigiúin thionsclaíocha, agus san am céanna thacódh siad le glacadh teicneolaíochtaí níos glaine i gcomhréir le huaillmhian aeráide an Aontais.

D. Ionstraimí maidir le rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair chun measúnú a dhéanamh ar roghanna beartais éagsúla agus ar an tionchar is dócha a bheidh acu. Tacófar leis an anailís le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte, leis an gcomhairliúchán spriocdhírithe atá beartaithe freisin, le hanailís inmheánach agus le staidéir sheachtracha agus cuideoidh siad le hullmhú an togra ón gCoimisiún 12 .

An straitéis chomhairliúcháin

Is é is cuspóir don chomhairliúchán fianaise agus tuairimí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara agus ó shaoránaigh, lena n‑áirítear iad siúd a ndéanfaidh an tionscnamh seo difear díreach dóibh. Tabharfaidh sé sin deis dóibh faisnéis ábhartha a chur ar fáil maidir leis na fadhbanna agus na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann.

Áireofar ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin i) an glao ar fhianaise seo, a bheidh oscailte le haghaidh aiseolais ar feadh tréimhse 12 seachtaine, tríd an tairseach Cloisimis Uait; ii) comhairliúcháin spriocdhírithe le Ballstáit, le comhpháirtithe sóisialta, le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe de réir mar is gá. Sna gníomhaíochtaí sin, tabharfar aird ar leith ar FBManna, infheisteoirí, saoránaigh agus tomhaltóirí. Eagrófar ceardlanna le páirtithe leasmhara chun fianaise bhreise a bhailiú.

Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí, foilseofar achoimre fhíorasach. Foilseofar tuarascáil achoimre ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile mar Iarscríbhinn a ghabhann leis an measúnú tionchair.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is aidhm don chomhairliúchán a áirithiú gur féidir leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile a dtuairimí, a bhfianaise agus a dtaithí a chur ar fáil. Cuirfidh sé sin feabhas freisin ar an mbonn fianaise atá mar bhonn leis an tionscnamh agus cuirfidh sé ar chumas an Choimisiúin faisnéis agus tuairimí maidir leis na fadhbanna agus na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh.

An spriocphobal

Is féidir le gach saoránach agus gach páirtí leasmhar freagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán seo. Tá aighneachtaí á lorg go háirithe ón lucht riaracháin náisiúnta agus fhonáisiúnta san Aontas, ó ghnólachtaí, lena n‑áirítear FBManna, ó chomhlachais trádála Eorpacha agus náisiúnta, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó chomhpháirtithe sóisialta, ó mheithleacha machnaimh, ó chomhlachais tomhaltóirí, ó institiúidí taighde agus ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

(1)

 COM(2025) 85 final – An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: : Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú.

(2)   https://one.oecd.org/document/DSTI/SC(2023)3/FINAL/en/pdf .
(3)  Féach, mar shampla, tuarascáil chríochnaitheach Business Europe, Ceadúnas chun claochlú a dhéanamh – Anailís SWOT ar cheadú tionsclaíoch san Eoraip, Feabhra 2024.
(4)  Féach sampla na dtionscadal cruach ísealcharbóin — LeadIT Green Steel Tracker, a léiríonn moilliú i bhfógraí tionscadail nua san Eoraip in 2024, i gcoinne leathnú níos leithne infheistíochtaí ar fud an domhain.
(5)   https://climate.ec.europa.eu/document/download/7bd19c68-b179-4f3f-af75-4e309ec0646f_en?filename=CAPR-report2024-web.pdf .
(6)  Bhí sé sin ar cheann de phríomhthorthaí thuarascáil Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa.
(7)  Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle.
(8)  Treoir (AE) 2023/2413.
(9)  Rialachán (AE) 2022/869.
(10)  Rialachán (AE) 2024/1252.
(11)  Rialachán (AE) 2024/1735.
(12)   Tuarascáil Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa ; SWD(2025) 12 final – An dara tuarascáil bhliantúil ar na príomhthorthaí ó Fhaireachlann Eorpach na nÉiceachóras Tionsclaíoch (EMI). .