GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin.

Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn.

 Ba cheart duit an doiciméad seo a thabhairt chun críche ag na céimeanna is luaithe den phróiseas ullmhúcháin, chun gur féidir an úsáid is fearr a bhaint as aiseolas ó pháirtithe leasmhara.

Teideal an tionscnaimh

Straitéis Eorpach um Bonneagair Thaighde agus Theicneolaíochta

Príomh-AS – an taonad atá freagrach

RTD.A.4, RTD.E.1

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Teachtaireacht ón gCoimisiún

Amchlár táscach

R2/R3 2025

Eolas breise

Bonneagair Thaighde, Bonneagair Theicneolaíochta 

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Le bonneagair thaighde soláthraítear saoráidí, seirbhísí agus acmhainní do thaighdeoirí agus do nuálaithe chun taighde ceannródaíoch a dhéanamh, teicneolaíocht nuálach a fhorbairt agus an nuálaíocht a chothú. Le bonneagair theicneolaíochta soláthraítear na saoráidí, na cumais agus na hacmhainní is gá chun an teicneolaíocht a fhorbairt, a thástáil, a uas-scálú agus a bhailíochtú, rud a chuirfidh dlús leis an nuálaíocht i dtreo glacadh sóisialta agus glacadh sa mhargadh. Is sócmhainn straitéiseach mhór é éiceachóras bonneagar taighde agus bonneagar teicneolaíochta na hEorpa den chéad scoth atá mar bhonn taca leis an mbarr feabhais eolaíochta agus teicneolaíochta agus leis an iomaíochas tionsclaíoch.

Cuireadh tábhacht na mbonneagar sin i dtábhacht arís agus arís eile i ndoiciméid straitéiseacha amhail tuarascáil Draghi (‘tá gá le cistiú méadaithe agus le comhordú níos láidre chun bonneagair thaighde agus theicneolaíochta cheannródaíocha a fhorbairt’), tuarascáil Letta (‘is príomhcholún den chúigiú saoirse é cumhachtú ár mbonneagar taighde’) agus tuarascáil Heitor (‘Ba cheart tús áite a thabhairt do bhonneagair Thaighde agus Theicneolaíochta ar fud na hEorpa d’fhonn éiceachóras taighde, forbartha agus nuálaíochta na hEorpa a chothú, taighdeoirí a mhealladh agus a choinneáil’).

Mar sin féin, chun an seasamh láidir sin a choinneáil ar bun, ní mór don Eoraip dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as timpeallacht idirnáisiúnta atá ag éirí níos iomaíche agus ní mór dó gníomhú do tapa chun na deiseanna a chuirtear ar fáil le dul chun cinn teicneolaíochta a thapú. Tráth nach mór don Eoraip a sócmhainní T&N uile a úsáid ar mhaithe lena neamhspleáchas agus lena iomaíochas, ní mór an deis a thapú le héiceachóras na mbonneagar taighde agus teicneolaíochta.

Na bonneagair agus na saotharlanna nuálacha atá ag teastáil ó thaighdeoirí chun smaointí a thástáil agus a fhorbairt, cuirtear i dtábhacht i dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen nach mór dúinn iad a sholáthar chun bheith ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht. Mar chuid dá misean, iarradh ar Choimisinéir Zaharieva tús áite a thabhairt do na bunchlocha lena gcothaítear an t‑eolas agus an nuálaíocht, trí straitéis fhadtéarmach a bhfuil sé d’aidhm aici éiceachóras bonneagar uile-Eorpach a chruthú.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Baineann an Limistéar Eorpach Taighde (LET) tairbhe as tírdhreach saibhir bonneagar taighde uile-Eorpach mar a dtugtar tús áite dó leis an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde (ESFRI). Mar sin féin, d’ainneoin na n‑iarrachtaí tosaíochta comhordúcháin sin ó bhí tús na 2000í ann, is dúshlán fós é inbhuanaitheacht na mbonneagar sin mar aon le bheith i gcónaí ar thús cadhnaíochta a mhéid a bhaineann le hiomaitheoirí na hEorpa.

Tosaíodh ag tabhairt aird ar bhonneagair theicneolaíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le déanaí. Is éard a bhí i gceist leis an aird sin páipéar ón gCoimisiún in 2019, tuarascáil grúpa saineolaithe 2024-2025 agus staidéar ina ndéantar mapáil ar thírdhreach na mbeartas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta. Leis na tuarascálacha sin, léirítear go bhfuil gá le sásra rialachais chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí agus chun iad a chomhordú i réimsí fócais straitéiseacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus chun tacaíocht agus treoir a sholáthar maidir le rochtain.

Le Teorainneacha buiséid, cuirtear bac ar chruthú, oibriú agus uasghráduithe bonneagar le haghaidh an taighde agus na nuálaíochta agus cuirtear teorann ar rochtain ar shaoráidí agus seirbhísí na mbonneagar sin. Maoinítear oibriú an tírdhreach reatha trí mheascán ionstraimí cistiúcháin atá náisiúnta agus réigiúnach go príomha agus nach n‑ailíníonn go hiomlán lena chéile ná le cuspóirí leathana an Aontais, rud a fhágann go gcailltear deiseanna sineirge.

Leanann comhar idir bonneagair de bheith teoranta laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit araon, rud a fhágann go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí ann agus nach bhfuil siad chomh inrochtana céanna. Go sonrach, tá éagothromaíochtaí móra in infhaighteacht agus cáilíocht na mbonneagar teicneolaíochta ar fud réigiúin éagsúla. Leis sin, cuirtear bac ar chumas an Aontais leas a bhaint as a lánacmhainneacht T&N agus laghdaítear a bhuntáiste iomaíoch mar aon lena shlándáil eacnamaíoch. Tá comhar teoranta freisin ar fud réimsí agus earnálacha,

Tá digitiú agus ardteicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga ag spreagadh éabhlóid thírdhreach na mbonneagar taighde agus teicneolaíochta trí leas iomlán a bhaint as fionnachtana eolaíocha ceannródaíocha agus trí dhlús a chur leis an nuálaíocht. Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga maidir le héiceachóras an bhonneagair, tá gá le cur chuige straitéiseach. Thairis sin, tá gá le pleanáil agus cur chun feidhme níos comhtháite agus níos fadtéarmaí maidir le forbairtí comhpháirteacha teicneolaíochta bonneagair lena gcuirtear a n‑athléimneacht mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna san áireamh.

Mar thoradh ar an staid gheopholaitiúil, tá dúshláin mhóra roimh an éiceachóras maidir le hinbhuanaitheacht fuinnimh, slándáil taighde agus neamhspleáchas i slabhra soláthair na n‑ábhar criticiúil. Tá treo straitéiseach ag teastáil ó na dúshláin sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh má táthar chun aghaidh a thabhairt orthu i gceart. An tráth céanna, is gá leanúint de bheith ag cur bonneagair thaighde chun cinn mar mhoil le haghaidh comhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda go héifeachtach.

Ar deireadh, i gcomhar leis an straitéis um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú atá ar na bacáin, tá sé ríthábhachtach go neartófar le cur chuige Eorpach na naisc idir bonneagair theicneolaíochta agus thaighde agus an tionscal sibhialta agus cosanta araon, chun cnámh droma iomaíochas na hEorpa atá dírithe ar an nuálaíocht mar aon lena shlándáil eacnamaíoch a neartú.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Tagann an tionscnamh faoi réimse beartais – taighde agus forbairt theicneolaíoch – ina gcomhroinneann an tAontas agus a Bhallstáit cumhachtaí (i.e. ina bhfuil ‘inniúlacht roinnte’ acu). Go háirithe, leis an tionscnamh rannchuideofar le bonn eolaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa a neartú, lenar féidir Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach ina iomláine inar féidir le taighdeoirí, le heolas eolaíoch agus leis an teicneolaíocht gluaiseacht faoi shaoirse. Leis an tionscnamh, tá an aidhm ann freisin iomaíochas an Aontais a neartú, lena n‑áirítear in earnáil na tionsclaíochta, agus gach gníomhaíocht taighde a mheastar a bheith riachtanach de bhua caibidlí eile sna Conarthaí, i gcomhréir le hAirteagal 179 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á cur chun cinn an tráth céanna.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Baineann cineál trasnáisiúnta leis na dúshláin atá roimh bhonneagair thaighde agus theicneolaíochta agus leis sin spreagtar an gá praiticiúil atá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Tá sé ag éirí níos deacra na bonneagair sin a bhunú agus a oibriú, agus ní féidir le tíortha aonair atá ag gníomhú ina n‑aonar aghaidh a thabhairt orthu go leordhóthanach.

Ina ionad sin, tá cur chuige comhordaithe fíor-riachtanach chun acmhainní a chomhthiomsú agus chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí, chun iomarcaíochtaí a laghdú agus chun caighdeáin choiteanna agus treoirlínte a chur i bhfeidhm lena n‑éascaítear comhar agus comhtháthú trasteorann.

Tá gníomhaíocht AE ríthábhachtach chun timpeallacht thacúil don taighde agus don nuálaíocht a chruthú, ina bhfuil rochtain ag na taighdeoirí, na nuálaithe agus na hearnálacha tionsclaíochta is fearr san Eoraip, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá ag méadú, ar shaoráidí agus seirbhísí ceannródaíocha lena dtacaítear le barr feabhais eolaíochta agus teicneolaíochta, leis an iomaíochas tionsclaíoch agus leis an tslándáil eacnamaíoch.

Trí rochtain a éascú agus trí chomhar a chothú, is féidir leis an Aontas dlús a chur le fionnachtana eolaíocha agus le forbairt teicneolaíochtaí nua, agus feabhas á chur ar a sheasamh domhanda dá bharr sin.

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í

Is é cuspóir na straitéise a áirithiú go bhfuil rochtain ag taighdeoirí, ag nuálaithe agus ag earnáil na tionsclaíochta san Eoraip ar réimse cuimsitheach saoráidí den chéad scoth agus ar sheirbhísí saincheaptha chun tacú le barr feabhais eolaíochta agus teicneolaíochta agus leis an iomaíochas tionsclaíoch. Chuige sin, ní mór éiceachóras Eorpach na mbonneagar taighde agus na mbonneagar teicneolaíochta a neartú.

Beidh an cur chuige atá á mheas ag brath ar dhá cholún lena rachfar i ngleic le saincheisteanna a bhaineann go sonrach le bonneagair thaighde agus le bonneagair theicneolaíochta faoi seach. An tráth céanna, leis sin áiritheofar cur chuige comhleanúnach maidir le héiceachóras éifeachtach Eorpach um bonneagar taighde agus bonneagar teicneolaíochta a fhorbairt trí ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an dá chineál bonneagair a shaothrú.

Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe thabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna amhail:

-riachtanais agus bearnaí a shainaithint, riachtanais úsáideoirí a mheaitseáil, agus infhaighteacht saoráidí agus seirbhísí;

-scéimeanna rochtana bonneagar taighde agus teicneolaíochta atá comhtháite agus inbhuanaithe, lena méadaítear infheictheacht na seirbhísí atá ar fáil;

-digitiú bonneagar a bheidh cumasaithe ag an intleacht shaorga, mar aon le creataí maidir le forbairtí comhpháirteacha teicneolaíochta bonneagair idir cineálacha éagsúla bonneagar.

-infheistíochtaí a shlógadh agus a chomhthiomsú agus tús áite a thabhairt dóibh, agus leas a bhaint as sineirgí agus as infheistíochtaí comhpháirteacha idir sruthanna cistiúcháin institiúideacha, réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus domhanda;

-samhlacha maoiniúcháin nua a fhiosrú, comhar a chur chun cinn, costais agus rioscaí infheistíochtaí a laghdú;

-bonneagair a chur chun cinn mar bhealaí chun tallann a mhealladh agus a fhás, laistigh de na bonneagair agus lasmuigh dóibh, agus mar mhoil le haghaidh comhar idirnáisiúnta agus na nuálaíochta domhainteicneolaíochta

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Mar thoradh ar an straitéis, tá coinne leis go mbeidh acmhainneacht fheabhsaithe san Eoraip le haghaidh fionnachtain eolaíoch agus forbairt teicneolaíochta, na nuálaíochta agus cruthú margaí.

Go sonrach, ba cheart an méid seo a leanas a bheith mar thoradh air:

-acmhainneachtaí bonneagar taighde agus teicneolaíochta feabhsaithe san Eoraip;

-riachtanais úsáideoirí a mheaitseáil ar bhealach níos fearr le hinfhaighteacht saoráidí agus seirbhísí agus le rochtain orthu;

-infheistíochtaí a shlógadh agus a chomhthiomsú ar bhealach níos fearr agus tús áite a thabhairt dóibh ar bhealach níos fearr; agus

-comhar, leanúnachas agus comhlántacht mhéadaithe i measc bonneagar lena dtacaítear leis an taighde agus leis an nuálaíocht.

Trí thús áite a thabhairt d’infheistíochtaí agus trí shineirgí a chothú i measc foinsí cistiúcháin, ba cheart inbhuanaitheacht éiceachóras an bhonneagair taighde agus an bhonneagair teicneolaíochta a neartú. Dá réir sin, le héiceachóras bríomhar neartaítear iomaíochas na hEorpa.

Tacú le digitiú bonneagar, cur i bhfeidhm pleanáil níos comhtháite agus níos fadtéarmaí agus cur chun feidhme forbairtí comhpháirteacha teicneolaíochta bonneagair, leis sin ba cheart cabhrú le hacmhainneacht fheidhmiúil bonneagar agus a n‑athléimneacht in aghaidh suaitheadh sa slabhra soláthair criticiúil a áirithiú.

Bonneagair thaighde a chur chun cinn mar mhoil le haghaidh comhar idirnáisiúnta, leis sin ba cheart feabhas a chur ar ról na hEorpa i líonraí eolaíocha domhanda agus ar an gcumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda go héifeachtach agus na bearta is gá a chomhordú chun an tslándáil taighde agus an athléimneacht ghéarchéime a áirithiú.

Le creat rialachais feabhsaithe éascófar comhthiomsú cistiúcháin agus saineolais i gcás tosaíochtaí arna gcomhaontú go comhpháirteach. Leis sin neartófar freisin comhar idir an tAontas, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara i dtreo cuspóirí coiteanna agus méadófar éifeachtacht agus tionchar an chistiúcháin phoiblí, agus déanfar foireann T&N ardoilte a mhealladh agus a choinneáil.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin staid reatha maidir le cur chun feidhme na straitéise. Gníomhaíochtaí sa straitéis a bhaineann le cur chun feidhme Chlár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh, déanfar obair leantach orthu mar chuid de chreat faireacháin LET (mar a leagtar síos sa Chomhshocrú um Thaighde agus Nuálaíocht san Eoraip) agus mar chuid de chur chun feidhme Chlár Oibre Beartais LET é féin. San fhaireachán ar dhul chun cinn i gcur chun feidhme na straitéise sin bainfear leas as an bhfaireachán tráthrialta a dhéanann an Fóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde agus as an gcreat rialachais arna chur i bhfeidhm le haghaidh bonneagair theicneolaíochta.

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Sa Teachtaireacht leagfar amach creat beartais ginearálta agus línte gníomhaíochta straitéiseacha. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ina leith. I gcás inarb iomchuí, beidh measúnuithe tionchair ag ghabháil le roinnt de na roghanna beartais maidir le gníomhú arna bhfógairt sa Teachtaireacht.

An straitéis chomhairliúcháin

Is é is aidhm don chomhairliúchán níos mó eolais a bhailiú maidir le feidhmiú agus inbhuanaitheacht thírdhreach bonneagar taighde agus teicneolaíochta na hEorpa. Cuimsítear leis sin na saincheisteanna agus na dúshláin a bhaineann le héiceachóras na mbonneagar sin a neartú, mar aon le réitigh fhéideartha.

Cuirfidh na comhairliúcháin le heolas agus fianaise fhairsing a bailíodh cheana i gcomhthéacs an Fhóraim Straitéisigh Eorpaigh um Bonneagair Thaighde, na gCuibhreannas bonneagair taighde Eorpacha, an ghrúpa saineolaithe maidir le bonneagair theicneolaíochta, agus i gcomhthéacs gníomhaíochtaí Chlár Oibre Beartais LET, agus é sin leis an mBallstáit agus tíortha comhlachaithe, leis na mbonneagair iad féin nó le páirtithe leasmhara eile.

Go sonrach, iarrtar ar pháirtithe leasmhara na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.

1.An aontaíonn tú leis na príomhfhadhbanna agus príomhriachtanais a sainaithníodh?

2.An bhfuil aon dúshlán breise roimh bhonneagair thaighde agus roimh bhonneagair theicneolaíochta ar cheart do straitéis Eorpach aghaidh a thabhairt air, go háirithe maidir le príomhiomaitheoirí na hEorpa?

3.Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, an dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar na saincheisteanna sin? An mbeadh gá le gníomhaíochtaí eile ar leibhéal an Aontais?