GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR

Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh.

Teideal an tionscnaimh

An Gníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga

Príomh-AS (an t‑aonad atá freagrach)

Ard-Stiúrthóireacht‑ um Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíocht – Aonad E2 - an Néalríomhaireacht agus Bogearraí

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Togra reachtach

Amchlár táscach

R4 2025 / R1 2026

Eolas breise

Néalríomhaireacht | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil (10 líne ar a mhéad)

Léirítear in meastacháin agus réamh-mheastacháin atá ann faoi láthair a rinneadh ar bhonneagar ríomhaireachta na hEorpa go bhfuil bearna idir an acmhainneacht atá ar fáil agus na riachtanais atá ann, go háirithe chun freastal ar éilimh a eascraíonn as intleacht shaorga. Le Tuarascáil Draghi 2024 aithnítear an tábhacht a bhaineann le hacmhainneacht ríomhaireachtúil san Aontas a mhéadú mar ghné ríthábhachtach de gheilleagar sonraí aibí, atá mar bhonn agus mar thaca ag go leor cásanna úsáide digiteacha seanbhunaithe agus nua, go háirithe maidir le forbairt na hIntleachta Saorga. Sa chomhthéacs sin, tá an Gníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga ar cheann de na príomhbheartais dhigiteacha a leagtar amach i gCompás Iomaíochais 2025 agus a liostaítear sa Litir Mhisin chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Henna Virkkunen mar aon le beartas néalríomhaireachta uile-Aontais le haghaidh riaracháin phoiblí agus soláthar poiblí. Tá an tionscnamh seo mar chuid de na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Phlean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi (20 líne ar a mhéad)

Bíonn acmhainní ríomhaireachtúla ollmhóra ag teastáil chun samhlacha intleachta saorga a oiliúint, a mhionchoigeartú agus a rith. Cé go mbíonn gá le hacmhainneacht ríomhaireachtúil mór lárnach don oiliúint, tá an néalríomhaireacht agus an imeall-ríomhaireacht, atá níos díláraithe, ina bpríomhchumasóirí d’oibríochtaí mhionchoigeartaithe níos lú agus d’infeireas. Bíonn ról lárnach ag lárionaid sonraí maidir leis na gairis agus an trealamh a bhfuil gá leo a fheireadh agus a rith. Tá an tAontas chun deiridh ar na Stáit Aontaithe agus ar an tSín faoi láthair maidir le hacmhainneacht lárionad sonraí atá ar fáil. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh dul i ngleic leis na dálaí neamhfhabhracha atá ann faoi láthair don earnáil phríobháideach chun an bearna acmhainneachta sin a dhúnadh ar bhealach a thugann tús áite do réitigh atá an-inbhuanaithe.

Chuige sin, leis an tionscnamh táthar ag iarraidh aghaidh a tabhairt ar na fadhbanna atá ag cur bac ar leathnú acmhainneacht lárionad sonraí an Aontais. Áirítear ar an fadhbanna sin deacrachtaí rochtain a fháil ar acmhainní nádúrtha (fuinneamh, uisce, talamh), mar aon le próisis cheadúcháin atá casta agus mall, agus bíonn cur chuige difriúil ag na Ballstáit uile. Tá an próiseas tógála an-dian ar chaipiteal, rud a chruthaíonn bacainní iontrála le haghaidh gníomhaithe nua, agus d’fhéadfadh deacrachtaí a bhaineann le comhpháirteanna teicneolaíochta agus caipiteal a fháil tionchar diúltach a imirt air. Tá méadú ag teacht ar thomhaltas uisce agus fuinnimh na lárionad sonraí agus d’fhéadfadh leathnú acmhainneachta brú breise a chur ar na hacmhainní sin, go háirithe i bhfianaise chomhchruinniú geografach láidir na lárionad sonraí in Iarthuaisceart an Aontais faoi láthair. Bheadh coigilteas suntasach acmhainní i gceist le nuálaíocht teicneolaíochta i dtrealamh agus in oibríochtaí lárionad sonraí, ach níl leas leormhaith á bhaint aisti go fóill. An tráth céanna, imríonn praghsanna fuinnimh arda tionchar diúltach ar iomaíochas na hearnála san Aontas.

Fadhb eile a bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh dul i ngleic léi is ea an easpa tairisceana iomaíoch seirbhísí néalríomhaireachta atá bunaithe san Aontas ar scála leordhóthanach chun freastal ar chásanna úsáide ríthábhachtacha a bhfuil riachtanais slándála an-ard acu, mar a fheictear in earnálacha eacnamaíocha éagsúla agus san earnáil phoiblí.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Beidh an idirghabháil seo bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é is cuspóir dó an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú trí fheabhas a chur ar bhearta chun rialacha náisiúnta a chomhfhogasú. Leis an idirghabháil, thabharfaí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh chun cinn trína áirithiú gur féidir le gnólachtaí agus riaracháin phoiblí an Aontais tairbhiú de rochtain, atá cothrom ó thaobh geografaíochta de, ar sheirbhísí néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta, lena n‑áirítear seirbhísí le haghaidh fhorbairt agus ghlacadh na hintleachta saorga.

Leis an idirghabháil, áiritheofar freisin na dálaí is gá le haghaidh iomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta an Aontais agus dá bhrí sin, beidh sé bunaithe ar Airteagal 173(3) de CFAE freisin. Go sonrach, chuirfí borradh leis an idirghabháil faoi infhaighteacht na hacmhainneachta ríomhaireachtúla, chun tairbhe úsáideoirí san earnáil phríobháideach agus phoiblí; éascófaí leis forbairt agus glacadh réiteach ríomhaireachta nuálacha san Aontas, lena n‑áirítear chun tairbhe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna; agus spreagfaí leis infheistíocht nua spriocdhírithe i mbonneagar digiteach agus seirbhísí digiteacha an Aontais.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Cé go bhféadfadh na Ballstáit, i bprionsabal, bearta iomchuí a achtú ar an leibhéal náisiúnta, tá na bunchúiseanna céanna ar fud an Aontais leis na fadhbanna a sainaithníodh agus, dá bhrí sin, tá gá le cur chuige comhordaithe agus comhchuibhithe, go háirithe i bhfianaise an chuspóra go mbeadh an tAontas ina Mhór-Roinn Intleachta Saorga agus chun spriocanna 2030 an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach.

Ós rud é go sreabhann sonraí gan bhac san Aontas, níorbh úsáid éifeachtúil acmhainní airgeadais é cur chuige a bheadh go hiomlán náisiúnta maidir le hinfheistiú sa bhonneagar a sholáthraíonn cumhacht do stóráil agus próiseáil sonraí. Le cineálacha cur chuige náisiúnta, d’fhéadfaí comhchruinniú geografach na lárionad sonraí a threisiú a thuilleadh agus bheadh an baol ann nach mbainfí leas as na buntáistí a bhainfeadh le dáileadh éifeachtúil an bhonneagair sin ar fud chríoch an Aontais. Le cineálacha cur chuige náisiúnta maidir le dul i ngleic le scrogaill amhail rochtain ar acmhainní nádúrtha nó ar chaipiteal, d’fhéadfadh comhchruinniú geografach breise agus ilroinnt bhreise na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil sin a bheith mar thoradh orthu.

B. Cuspóirí agus roghanna beartais (20 líne ar a mhéad)

Leis an tionscnamh, cruthófar na dálaí cearta don earnáil phríobháideach chun néalacmhainneacht agus imeallacmhainneacht inbhuanaithe a fhorbairt san Aontas agus tabharfar aghaidh ar an mbearna acmhainneachta lárionad sonraí atá ann faoi láthair agus é mar bhunchuspóir aige iomaíochas agus ceannasacht an Aontais a neartú. Tagann cuspóirí an tionscnaimh faoi thrí phríomhchatagóir.

·An taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn chun go mbeidh an tAontas ina cheannaire i mbonneagair, bogearraí agus seirbhísí próiseála sonraí atá tíosach ar acmhainní trí inbhuanaitheacht phróiseáil sonraí IS thar an contanam ríomhaireachta a chur chun cinn agus, ar an leibhéal lárionad sonraí, trí fheabhas a chur ar bhainistíocht fuinnimh, fuarú, oibríochtaí ginearálta agus comhtháthú i gcórais fuinnimh agus uisce.

·Acmhainneacht lárionad sonraí an Aontais a mhéadú faoi thrí laistigh de na céad 5-7 mbliana atá le teacht trí na dálaí cearta a chur chun cinn agus a chruthú chun infheistíocht in lárionaid sonraí inbhuanaithe ar fud an Aontais a mhealladh agus chun tacú leis an infheistíocht sin, go háirithe trí dhul i ngleic le bacainní amhail amanna ceadaithe fada agus deacrachtaí rochtain a fháil ar fhuinneamh, uisce, talamh agus caipiteal, agus trí thacaíocht airgeadais fhéideartha a thairiscint i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an státchabhair a bhaineann le lárionaid sonraí a rannchuidíonn go mór ó thaobh cúrsaí nuálaíochta agus inbhuanaitheachta de.

·A áirithiú gur féidir sraith cásanna úsáide ríthábhachtacha atá sainithe go cúng a oibriú agus néalacmhainneacht ar ardchaighdeán slándála atá bunaithe san Aontas á húsáid, agus na dálaí á gcruthú chun go bhforbróidh earnáil néalríomhaireachta an Aontais cumais próiseála slána chun freastal ar riachtanais na cásanna úsáide an-chriticiúla sin.

Ag an gcéim mhachnaimh seo, tá an réamhshraith de roghanna beartais seo a leanas á meas ag an gCoimisiún:

Is í Rogha 0 an cás bunlíne, agus cuirfear na roghanna beartais breise i gcomparáid leis sin. Cuirtear san áireamh léi beartais náisiúnta agus beartais an Aontais atá ann cheana agus forbairtí teicneolaíocha nó sóisialta tábhachtacha.

Is í Rogha 1 an rogha neamhreachtach. Dhéanfaí foráil leis an rogha sin go nglacfaí bearta neamhcheangailteacha amhail líonra Ballstát a bhunú a mbeadh sé de chúram acu faireachán a dhéanamh ar a straitéisí chun na spriocanna don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach nó Treoirlínte do na Ballstáit chun a straitéisí néalríomhaireachta, a n‑infheistíochtaí agus a n‑ainmniú suíomhanna oiriúnacha le haghaidh lárionaid sonraí nua a chomhordú.

Is í Rogha 2 an cur chuige rialála bog. Faoin rogha sin, d’fhéadfadh an Coimisiún bearta ceangailteacha a ghlacadh trí Threoir, rud a d’fhágfadh go mbeadh an rogha ag na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar a n‑easnamh acmhainneachta ríomhaireachta.

Is í Rogha 3 an cur chuige rialála. Faoin rogha sin, d’fhéadfaí bearta ceangailteacha a shainiú i bhfoirm Rialacháin. Sainaithneofaí leis an rogha sin sraith beart a bheadh le cur i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile chun bearta néalríomhaireachta a chomhchuibhiú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an easnamh acmhainneachta ríomhaireachtúla agus d’fhonn comhordú a dhéanamh ar an tacaíocht do theacht chun cinn éiceachórais bonneagair iontaofa de chuid an Aontais.

Is í Rogha 4 an cur chuige rialála cuimsitheach, lena ndíreofaí ar bhearta ceangailteacha chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh acmhainneachta ríomhaireachtúla san Aontas agus chomhlánófaí iad sin le cruthú gníomhaireachta neamhspleáiche ar leith chun forfheidhmiú comhsheasmhach a áirithiú agus chun infheistíocht chomhpháirteach na mBallstát a bhainistiú chun éiceachóras bonneagair néalríomhaireachta iontaofa de chuid an Aontais a fhorbairt agus chun go mbeadh sé sin faoi úinéireacht an Aontais.

C. Na tionchair is dócha a bheidh ann (10 líne ar a mhéad)

Tá coinne leis go mbeidh na tionchair seo a leanas ag an tionscnamh seo:

·Tionchar eacnamaíoch trí thaighde agus forbairt mar aon le hinfheistíocht a spreagadh; borradh a chur faoin athléimneacht agus faoin gceannasacht theicneolaíoch, slándáil an tsoláthair san acmhainneacht ríomhaireachtúil agus i néalseirbhísí a neartú; agus an líon réiteach agus cáilíocht na réiteach atá ar fáil do ghnólachtaí agus tomhaltóirí a mhéadú.

·Tionchar sóisialta trí bhorradh a chur faoi sheirbhísí poiblí digiteacha, agus trí éifeachtaí seach-iarmharta ar fhostaíocht agus trí rannchuidiú leis an mbearna dhigiteach a shárú.

·Tionchar ar an gcomhshaol agus tionchar inbhuanaitheachta trí bhorradh a chur faoi leathadh amach bonneagar inbhuanaithe agus trí fheabhas a chur ar úsáid acmhainní (e.g. talamh, uisce agus fuinneamh).

Tá sé d’aidhm freisin ag an tionscnamh seo feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó do chuideachtaí atá ag oibriú san Aontas, lena n‑áirítear FBManna, trí shimpliú na timpeallachta infheistíochta agus trína spreagadh ar bhonn níos leithne.

D. Ionstraimí maidir le rialáil níos fearr (10 líne ar a mhéad)

Measúnú tionchair

Déanfar measúnú tionchair, a bhfuil bailiú fianaise agus comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara mar thaca leis, in 2025 agus úsáidfear é mar bhonn eolais do thogra an Choimisiúin. Ullmhófar agus déanfar é i gcomhréir leis na treoirlínte agus leis an mbosca uirlisí maidir le Rialáil Níos Fearr. Bainfidh an measúnú tionchair tairbhe freisin as torthaí staidéir a choimisiúnaigh an Coimisiún chun fianaise ar ardchaighdeán a bhailiú. Rachaidh an conraitheoir a dhéanfaidh an staidéar sin i dteagmháil freisin le páirtithe leasmhara trí shuirbhéanna agus ceardlanna breise sa chéad leath de 2025.

An straitéis chomhairliúcháin

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go forleathan chun faisnéis bhunriachtanach a bhailiú agus chun a chinntiú go léireofar i gceart leas an phobail i ndearadh idirghabhála féideartha maidir le forbairt na néalríomhaireachta agus na hintleachta saorga san Eoraip.

I gcomhthráth le foilsiú an Ghlao ar Fhianaise seo chun aiseolas a bhailiú faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb, ar na réitigh fhéideartha agus ar aon eolas ábhartha maidir le tionchar na roghanna éagsúla arna meas, seolfar comhairliúchán poiblí chun tuairimí sonracha a bhailiú maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann leis an tionscnamh seo. Foilseofar é ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’ agus beidh sé i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis. Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin phoiblí.

Ina theannta sin, déanfaidh conraitheoir seachtrach comhairliúcháin spriocdhírithe le saineolaithe a chumhdóidh réimsí éagsúla trí staidéar a thacaíonn leis an measúnú tionchair. I dteannta comhairliúchán spriocdhírithe, cuimseofar leis an staidéar freisin ceardlann níos leithne le páirtithe leasmhara. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin i dtuarascáil achoimre a bheidh i gceangal leis an measúnú tionchair.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Tríd an gcomhairliúchán seo, ba mhian leis an gCoimisiún na nithe seo a leanas a bhailiú:

·tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na fadhbanna atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a bhaineann le bearna acmhainneachta ríomhaireachtúla an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar an néalríomhaireacht agus ar an imeall-ríomhaireacht agus a dteicneolaíochtaí cumasúcháin;

·tuairimí páirtithe leasmhara maidir leis na cineálacha cur chuige féideartha chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, leis na roghanna atá ar fáil agus leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu; agus

·fianaise agus sonraí atá mar bhonn taca leis na tuairimí sin.

An spriocphobal

Tá sé d’aidhm ag an gcomhairliúchán seo tuairimí páirtithe leasmhara éagsúla a bhailiú. Áirítear orthu sin na nithe seo a leanas:

·Údaráis phoiblí: comhlachtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus AE 

·Soláthraithe néalríomhaireachta, imeall-ríomhaireachta agus teileachumarsáide

·Oibreoirí na lárionad sonraí

·forbróirí agus soláthraithe IS

·Úsáideoirí néalríomhaireachta, imeall-ríomhaireachta, teileachumarsáide agus IS

·Institiúidí airgeadais, infheisteoirí, cistí bonneagair dhigitigh  

·Eagraíochtaí eile seachas na cinn thuasluaite, is iad sin, institiúidí acadúla agus taighde, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachais ghnó

·Saoránaigh  

Iarrtar ar gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh ann.