GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR

Teideal an tionscnaimh

Éicidhearthóireacht - athfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí gan dlúthaire a comhtháthaíodh i dtáirgí (athbhreithniú ar na ceanglais)

Príomh-AS (an t‑aonad atá freagrach)

AS ENER – B3 – Foirgnimh agus Táirgí

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún (Éicidhearthóireacht)

Pleanáil tháscach

Meastar go nglacfar an Rialachán faoin tríú ráithe de 2026

Eolas breise

https://energy-efficient-products.ec.europa.eu/product-list/circulators_ga 

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt a sholáthraítear an measúnú ar thionchar tionscanta, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa mheasúnú ar thionchar tionscanta, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Rannchuidíonn an éicidhearthóireacht leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 1 agus leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne 2 a bhaint amach. Is fada an éicidhearthóireacht ag tacú le geilleagar ciorclach agus ag neartú mhargadh aonair an Aontais i gcás táirgí a bhaineann le fuinneamh. A bhuí lena cur chun feidhme, tá laghdú nach beag tagtha ar bhillí fuinnimh tomhaltóirí agus tá slándáil fuinnimh an Aontais feabhsaithe go mór ós rud é gur laghdaíodh an tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus an spleáchas ar allmhairí. Chuidigh sí freisin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, rud a mhaolaíonn an t‑athrú aeráide ar bhealach costéifeachtach ós rud é gur mó na costais fuinnimh a seachnaíodh ná na hinfheistíochtaí is gá.

Ní mór na bearta atá ann cheana a athbhreithniú go tráthrialta chun a áirithiú go bhfuil siad fós ábhartha, éifeachtúil agus éifeachtach i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus margaidh agus i bhfianaise an tsimplithe freisin. Leis an bPlean Oibre Éicidhearthóireachta 3 is déanaí ón gCoimisiún, cuimsítear athbhreithniú ar an mbeart éicidhearthóireachta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hathfhillteoirí gan dlúthaire (Rialachán (AE) Uimh. 641/2009). Mar mholadh ginearálta, cuirtear i dtábhacht sa phlean oibre freisin gur cheart leis an éicidhearthóireacht agus leis an lipéadú fuinnimh rannchuidiú níos mó leis an ngeilleagar ciorclach, mar shampla trí dhul i ngleic ar bhealach níos córasaí le saincheisteanna a bhaineann le héifeachtúlacht ábhair, amhail an mharthanacht, an indeisitheacht agus an in-athchúrsáilteacht.

Meastóireacht

Mar chuid den athbhreithniú ar an mbeart éicidhearthóireachta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hathfhillteoirí, déanfar measúnú sa mheastóireacht ar cé chomh rathúil a bhí sé maidir lena chuspóirí a bhaint amach nó maidir le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na gcuspóirí céanna. Leagfar an bhéim ar thrí chritéar meastóireachta mar a bheartaítear leis na treoirlínte maidir le ‘Rialáil Níos Fearr’, i.e. cé acu a bhí na bearta éifeachtach, éifeachtúil agus ábhartha nó nach raibh. Déanfar imscrúdú freisin ar an ngaol idir na hacmhainní a úsáidtear agus tionchair an Rialacháin, imscrúdú lena mbreathnófar ar an gcostas agus ar na tairbhí araon do na páirtithe leasmhara éagsúla. Ní bhreathnófar go mion ar Choimhdeacht ná ar Bhreisluach AE: ós rud é gur reachtaíocht thánaisteach atá sna bearta a bhfuil meastóireacht á déanamh orthu, meastar gur tugadh aghaidh ar na gnéithe sin agus an príomhghníomh á ullmhú.

Beidh raon feidhme uile-Aontais ag an meastóireacht agus beidh sí ar siúl ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin go dtí an staid reatha.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

In 2009 ghlac an tAontas beart éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí, ar beart é lenar leagadh síos diancheanglais éifeachtúlachta fuinnimh maidir le hathfhillteoirí a cuireadh ar mhargadh an Aontais. Mar thoradh air sin, tháinig claochlú ar an margadh a d’fhág go rabhthas in ann coigilteas suntasach fuinnimh a dhéanamh: in 2020 d’ídigh athfhillteoirí nua thart ar 50 % níos lú fuinnimh ná a réamhtheachtaithe neamhéifeachtúla, rud a d’fhág go raibh coigilteas leictreachais bliantúil timpeall 23 TWh ann, coigilteas is fiú 11 Mt CO2-eq in aghaidh na bliana é. Tionscnaíodh staidéar athbhreithniúcháin in 2016, ar staidéar é inar sainaithníodh deiseanna chun na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a neartú a thuilleadh (i.e. laghdú ar theorainnluach na treoiruimhreach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de chuid an athfhillteora — TÉF) agus as a n‑eascródh coigilteas breise measartha féideartha thart ar 3 TWh/y faoi 2030 sa chás is fearr, agus coigilteas airgeadais i gcás úsáideoirí deiridh a chomhfhreagródh do 0 % go 5 % de chostas saolré an táirge 4 . Cuireadh torthaí an staidéir i láthair ag an bhFóram Comhairliúcháin Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh i mí an Mheithimh 2019. In ainneoin an choigiltis breise mheasta mheasartha, mheas roinnt páirtithe leasmhara nár cheart faillí a dhéanamh san acmhainneacht sin. Ar an taobh eile, chuir na páirtithe leasmhara tionscail ábhair imní in iúl, e.g. maidir leis an tionchar ar athfhillteoirí a comhtháthaíodh i dtáirgí, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le táirgí a athdhearadh (fearais téimh) i gcásanna áirithe. Chuir roinnt comhaltaí den fhóram comhairliúcháin i dtábhacht freisin an gá atá le haon dul timpeall a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha a laghdú, amhail an lúb ar lár a bhaineann le díolúine a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás athfhillteoirí a sholáthraítear mar pháirteanna spártha. Leagadh béim freisin ar an ngá atá le feabhas a chur ar cheanglais maidir le faisnéis, chun níos mó trédhearcachta a sholáthar maidir le paraiméadair a mbíonn tionchar acu ar éifeachtúlacht fuinnimh na n‑athfhillteoirí, amhail an ceann, an sreabhadh, an chumhacht hiodrálach agus an chumhacht leictreach ar lánlód agus ar páirtlód.

Tionscnaíodh an Measúnú Tionchair tar éis an Fhóraim Comhairliúcháin chun tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na roghanna sin. Mar sin féin, tháinig moill ar an dul chun cinn in 2019 mar gheall ar thosaíochtaí éagsúla eile (agus chuir paindéim COVID-19 moill bhreise air). In ainneoin na ndúshlán sin, coinníodh idirphlé leanúnach ar bun leis na páirtithe leasmhara le linn an phróisis. Rinneadh breithnithe breise a chomhtháthú freisin sa dréacht-Mheasúnú Tionchair bunaithe ar ionchur ón tionscal agus ó ionadaithe na mBallstát, lena n‑áirítear:

-Ceanglais a leagan síos maidir leis an ngeilleagar ciorclach, thar an mbeart teoranta a mholtar sa staidéar athbhreithniúcháin (i.e. infhaighteacht páirteanna spártha nó ceanglais maidir le faisnéis chun aisghabháil amhábhar criticiúil a éascú, e.g. dúile tearc-chré i mótair buanmhaighnéid).

-An raon feidhme a leathnú chun athfhillteoirí uisce óil a chumhdach (athfhillteoirí a úsáidtear le haghaidh uisce te tí/sláintíochta, agus timpeall 10 % den mhargadh díolacháin athfhillteoirí i gceist leo), rud lena ngabhfadh ceanglais thiomnaithe éifeachtúlachta fuinnimh.

An bunús atá le hidirghabháil AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

An bunús dlí

Maidir leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht (Treoir 2009/125/CE), is treoir í atá bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is é sin an bunús dlí le bearta maidir le feidhmiú an mhargaidh aonair. Faoin Treoir Éicidhearthóireachta, thug Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle sainordú reachtach don Choimisiún chun rialáil a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí a bhaineann le fuinneamh agus go háirithe a n‑éifeachtúlacht fuinnimh.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Le reachtaíocht an Aontais maidir leis na táirgí seo éilítear go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíochta. Ní féidir gníomhaíocht a dhéanamh chun na rialacha seo a thabhairt cothrom le dáta ach amháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfadh gnéithe a bheith ann nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair agus d’fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit beart a dhéanamh ina leith. Mura ndéanfadh an tAontas beart sna réimsí sin, d’fhéadfadh na Ballstáit a rialacha féin a leagan síos le haghaidh gnéithe agus táirgí neamhrialaithe, ar rialacha iad a bheadh éagsúil mar gheall ar chastacht na ngnéithe teicniúla. Chuirfeadh sin isteach ar fheidhmiú an mhargaidh aonair.

B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais

Is é an príomhchuspóir atá ann rannchuidiú níos mó le héifeachtúlacht fuinnimh agus le laghdú astaíochtaí CO2, chomh maith le cosaint ardleibhéil don chomhshaol agus do thomhaltóirí a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach.

Go sonrach, leis an measúnú tionchair breathnófar ar ábharthacht agus ar fhéidearthacht na roghanna seo a leanas:

·ceanglais níos déine maidir le hathfhillteoirí faoi raon feidhme reatha an Rialacháin chun coigilteas breise fuinnimh agus airgeadais a spreagadh d’úsáideoirí deiridh (e.g. TÉF ≤ 2,0s);

·an raon feidhme a leathnú trí cheanglais éicidhearthóireachta a bhunú maidir le hathfhillteoirí uisce óil (e.g. TÉF(DW) ≤ 1,10);

·ceanglais maidir le faisnéis a leathnú (lena n‑áirítear ceann, sreabhadh, cumhacht hiodrálach agus cumhacht leictreach ar lánlód agus ar páirtlód);

·bearta breise chun rannchuidiú le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh, lena n‑áirítear rannchuidiú leo trí cheanglais maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha a chuimsiú;

·lúba ar lár a laghdú, amhail an lúb ar lár a bhaineann le díolúine shealadach fhéideartha i gcás athfhillteoirí páirteanna spártha (e.g. trí shainmhíniú níos fearr ar athfhillteoirí páirteanna spártha, agus trí fhad iomchuí a leagan síos).

C. Na tionchair is dócha a bheidh ann

Dá leagfaí síos ceanglais éicidhearthóireachta is déine, d’fhéadfadh costais táirgí mhéadaithe, praghsanna níos airde agus láimhdeachas méadaithe do mhonaróirí, mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí a bheith mar thoradh orthu. Is dócha go dtiocfaidh athruithe inchomparáide ar an bhfostaíocht as na hathruithe sin ar ghníomhaíocht eacnamaíoch.

Eascraíonn príomhthionchair chomhshaoil an táirge sin as tomhaltas fuinnimh le linn na céime úsáide. Le húsáid fuinnimh níos ísle, laghdófar na tionchair chomhshaoil ghaolmhara, na costais do thomhaltóirí agus an láimhdeachas i dtionscal an tsoláthair fuinnimh. Beidh sé d’aidhm ag na ceanglais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an leibhéal costais saolré is ísle don tomhaltóir a bhaint amach, agus mar sin is iondúil go ndéanfar na méaduithe ar phraghsanna táirgí a fhritháireamh le coigilteas costais.

D’fhéadfadh ceanglais chomhshaoil eile costais tosaigh a mhéadú. Beidh tionchair eacnamaíocha na gceanglas a dhéanann difear do shaolré an táirge ag brath ar thomhaltóirí a shocraíonn fad a chur le saolré táirgí, mar shampla trí dheisiú, agus an costas a bhaineann leis sin. Trí shíneadh a chur le saolréanna, beidh díolacháin agus láimhdeachas táirgí níos ísle ann.

Meastar nach ndéanfar difear don iomaíochas i gcás monaróirí atá san aon deighleog den mhargadh agus atá ar an bpointe praghais amháin. Is amhlaidh atá ós rud é go mbeidh feidhm ag na ceanglais maidir leis na táirgí coibhéiseacha uile. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ann dá mbeadh speisialtóireacht ag monaróir i ndeighleog tháirge shonrach nó ag pointe praghais sonrach. Níl coinne leis go n‑athróidh na hathruithe láimhdeachais brabúsacht gnólachtaí.

D. Ionstraimí maidir le rialáil níos fearr

Measúnú tionchair agus meastóireacht

Déanfar meastóireacht agus measúnú tionchair i ndiaidh a chéile i gcás an tionscnaimh seo, agus cuirfear san áireamh iad sa chinneadh ón gCoimisiún. Cuirfidh siad leis an staidéar athbhreithniúcháin forleathan a rinneadh cheana féin. Meastar go ndéanfaidh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar an meastóireacht agus ar an measúnú tionchair sa tríú ráithe de 2025.

An straitéis chomhairliúcháin

Is é is aidhm don Chomhairliúchán an pobal agus na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas agus aiseolas a iarraidh faoin tionscnamh atá beartaithe.

Sa staidéar athbhreithniúcháin chuathas i gcomhairle go forleathan leis na páirtithe leasmhara agus le saineolaithe (údaráis náisiúnta, grúpaí tomhaltóirí, monaróirí, eagraíochtaí um chaighdeánú agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil).

Cuireadh an staidéar athbhreithniúcháin i láthair agus pléadh é leis an bhFóram Comhairliúcháin maidir le hÉicidhearthóireacht agus Lipéadú Fuinnimh i mí an Mheithimh 2019, agus ghlac Ballstáit an Aontais, comhlachais tionscail agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta páirt ann. Cuireadh na doiciméid ábhartha uile ar fáil ar líne, lena n‑áirítear miontuairiscí, cuir i láthair agus ionchur ó na páirtithe leasmhara i gcruinnithe, chomh maith leis an tuarascáil chríochnaitheach.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Chun deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara an méid seo a leanas a dhéanamh:

·trácht ar a dtaithí ar chur chun feidhme na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hathfhillteoirí gan dlúthaire,

·barúil nó moltaí nithiúla a thabhairt maidir leis na príomhroghanna arna sainaithint le haghaidh an mheasúnaithe tionchair; agus

·ionchur breise a sholáthar maidir le haon fhorbairt margaidh nó theicneolaíoch ó rinneadh an anailís roimhe seo.

An spriocphobal

Saineolaithe agus ionadaithe ó aon pháirtí leasmhar ábhartha, ina measc monaróirí, eagraíochtaí tomhaltóirí nó comhshaoil, gnólachtaí miondíola nó deisiúcháin, údaráis náisiúnta agus daoine aonair príobháideacha (ach gan a bheith teoranta do na dreamanna sin).

(1) COM(2025) 85 final
(2) COM(2025) 79 final
(3)   https://energy.ec.europa.eu/ecodesign-and-energy-labelling-working-plan-2022-2024_ga
(4) Staidéar athbhreithniúcháin ar Athfhillteoirí, tuarascáil chríochnaitheach, Aibreán 2018, le fáil anseo https://www.ecocirculatorsreview.eu/documents.htm