|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Treoirlínte maidir le Fóirdheontais Eachtracha. |
|
Ard-Stiúrthóireachtaí – na haonaid atá freagrach |
AS COMP – Stiúrthóireacht K Fordheontaís Eachtracha AS GROW – C.2 Soláthar Poiblí |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Teachtaireacht ón gCoimisiún |
|
Amchlár táscach |
R1-2026 |
|
Eolas breise |
Beartas iomaíochta – Fordheontais eachtracha: https://competition-policy.ec.europa.eu/foreign-subsidies-regulation_ga Soláthar poiblí – Fordheontais eachtracha: https://single-market-economy.ec.europa.eu/single-market/public-procurement/foreign-subsidies-regulation_ga |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Tháinig an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha (‘an Rialachán’) i bhfeidhm an 13 Iúil 2023. Cuireann an Rialachán sin ar a chumas don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shaobhadh sa mhargadh inmheánach a bhíonn ann mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha. Cuireann sé ar a chumas don Aontas cothrom iomaíochta a chinntiú le haghaidh gach cuideachta, agus fanacht oscailte don trádáil agus don infheistíocht san am céanna. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag fordheontais eachtracha ar an margadh inmheánach nuair a ghlactar páirt in aon ghníomhaíocht eacnamaíoch agus in aon earnáil, mar shampla in éadálacha rialaithe, rannpháirtíocht i soláthairtí poiblí agus i bhfoirmeacha eile infheistíochta dírí. De réir Airteagal 46 den Rialachán, ní mór don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt (‘na Treoirlínte’) faoin 13 Eanáir 2026 ar a dhéanaí. Ba cheart na coincheapa teicniúla seo a leanas a shoiléiriú sna Treoirlínte sin: I)cur i bhfeidhm na gcritéar chun a chinneadh an ann do shaobhadh de réir Airteagal 4(1) den Rialachán; II)cur i bhfeidhm na tástála cothromúcháin i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán; III)cur i bhfeidhm chumhacht an Choimisiúin réamhfhógra a iarraidh maidir le haon chomhchruinniú de réir Airteagal 21(5) den Rialachán nó ranníocaíochtaí airgeadais eachtracha a fhaigheann oibreoir eacnamaíoch i nós imeachta soláthair phoiblí i gcomhréir le hAirteagal 29(8) den Rialachán; agus IV)measúnú ar shaobhadh i nós imeachta soláthair phoiblí i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán. I gcomhréir le haithris (73) den Rialachán agus leis an Ráiteas ón gCoimisiún maidir le soiléirithe i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin, i mí Iúil 2024 foilsíodh soiléirithe tosaigh maidir leis na coincheapa teicniúla a bheidh le cur i bhfeidhm nuair a fhorfheidhmeofar an Rialachán 1 ionas go mbeadh sé níos éasca an Rialachán a chur chun feidhme sa chleachtas. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Soláthraítear sa Rialachán coincheapa teicniúla nuálacha chun measúnú a dhéanamh ar an dtionchar a bhíonn ag fordheontais eachtracha ar chomhchruinnithe, ar an rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus ar aon ghníomhaíocht eacnamaíoch eile sa mhargadh inmheánach, gan an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm a shonrú. I gcomhréir le haithris (9) den Rialachán, ba cheart na coincheapa teicniúla sin a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú i bhfianaise reachtaíocht ábhartha an Aontais, an reachtaíocht a bhaineann le Státchabhair, cumaisc agus an soláthar poiblí san áireamh. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé go dtarraingeodh cur chun feidhme na gcoincheap teicniúil sin ceisteanna anuas le haghaidh cuideachtaí a bheadh ag oibriú sa mhargadh inmheánach, a bheadh ag beartú cuideachtaí eile a fháil nó a bheadh ag glacadh páirt i nósanna imeachta soláthair phoiblí. I gcomhréir le haithris (73) den Rialachán, tá gá leis na Treoirlínte chun intuarthacht an Rialacháin a chothú. Ar leibhéal níos ginearálta, chothófaí trédhearcacht fhoriomlán ghníomhaíocht an Choimisiúin dá nglacfaí Treoirlínte. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Is é Airteagal 46 den Rialachán bunús dlí sonrach an tionscnaimh seo. Cuireann an tAirteagal sin d’oibleagáid ar an gCoimisiún na Treoirlínte a eisiúint faoin 13 Eanáir 2026 ar a dhéanaí, agus dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit sula n‑eisíonn sé iad. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Tá sé d’aidhm ag na Treoirlínte intuarthacht a chothú agus trédhearcacht a chinntiú maidir le coincheapa ríthábhachtacha áirithe chun go mbeidh sé níos éasca an Rialachán a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Go sonrach, beartaítear leis na Treoirlínte treoir a thabhairt maidir leis na saincheisteanna seo a leanas ar a laghad a bhaineann leis na coincheapa teicniúla: I)Maidir leis na critéir chun a chinneadh an bhfuil saobhadh ann, sonrófar sna Treoirlínte cé hiad na critéir agus na táscairí a d’fhéadfaí a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh i dtaobh an dócha go gcuirfeadh fordheontas eachtrach feabhas ar staid iomaíochta ghnóthais sa mhargadh inmheánach agus an bhfuil tionchar diúltach ag an bhfordheontas sin ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach anois nó an bhfuil baol ann go mbeadh amach anseo. Tabharfaidh na Treoirlínte léargas freisin maidir le conas a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an saobhadh a d’fhéadfadh fordheontais eachtracha a dhéanamh ar an iomaíocht. II)Déanfar soiléiriú freisin sna Treoirlínte ar úsáid na tástála cothromúcháin, lena ndéantar measúnú an bhféadfadh na héifeachtaí deimhneacha a eascraíonn ó na fordheontais eachtracha na héifeachtaí diúltacha saobhacha a chúiteamh. Tabharfaidh na Treoirlínte treoir maidir leis na héifeachtaí deimhneacha is féidir a chur san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe sin, agus an cur chuige atá le glacadh ag an gCoimisiún nuair a dhéantar an tástáil chothromúcháin sin. III)Mar chuid de na Treoirlínte, soiléireoidh an Coimisiún na critéir a chuirfear san áireamh agus na cineálacha nósanna imeachta a chuirfear chun feidhme agus é ag cur a chumhacht i bhfeidhm chun réamhfhógra a iarraidh maidir le comhchruinnithe nó maidir le ranníocaíochtaí airgeadais eachtracha a fhaigheann oibreoir eacnamaíoch i nós imeachta soláthair phoiblí, ar ranníocaíochtaí iad atá faoi bhun na dtairseach fógartha faoin Rialachán. Sa treoir déanfar idirdhealú idir na réamhfhógraí maidir le comhchruinnithe agus na réamhfhógraí maidir le ranníocaíochtaí airgeadais eachtracha i nósanna imeachta soláthair phoiblí. IV)Ar deireadh, tabharfaidh na Treoirlínte soiléiriú maidir le conas a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar shaobhadh i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí. Ar leibhéal níos praiticiúla, tabharfaidh na Treoirlínte tásca maidir leis an dá choinníoll nach mór a chomhlíonadh go carnach: 1) ní mór an tairiscint a mheas mar thairiscint ‘a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi’ i ndáil leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann, agus 2) ní mór nasc a bheith idir an fordheontas eachtrach agus an tairiscint. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Meastar gurb iad trédhearcacht mhéadaithe agus intuarthacht mhéadaithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin ag an gCoimisiún na tionchair dheimhneacha a bhaineann leis an tionscnamh seo. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar na Treoirlínte, ós rud é go n‑úsáidfear torthaí a gcur chun feidhme chun iad a thabhairt cothrom le dáta amach anseo. Iarrtar in Airteagal 46 den Rialachán na Treoirlínte a thabhairt cothrom le dáta go rialta i ndiaidh a gcéad fhoilsithe, rud a dhéanfar faoin 13 Eanáir 2026 ar a dhéanaí. I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Rialachán, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm na Treoirlínte mar chuid dá thuairisc bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar chur chun feidhme an Rialacháin, ó dheireadh 2026 ar aghaidh. D’fhéadfadh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme na dTreoirlínte. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh le haghaidh an tionscnaimh seo. Is le hAirteagal 46 den Rialachán a shainordaítear na Treoirlínte go sonrach, agus is san Airteagal sin a liostaítear na coincheapa teicniúla is gá a shoiléiriú tríd an tionscnamh seo. Rinneadh breithniú ar roghanna beartais ghaolmhara mar chuid den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Rialachán, agus dá bhrí sin tugtar soiléirithe teicniúla maidir leis na coincheapa sin sna Treoirlínte atá ann faoi láthair. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Tá sé d’aidhm ag an gcomhairliúchán fianaise agus tuairimí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara maidir le coincheapa teicniúla áirithe den Rialachán. Cuimseofar an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin: -Comhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara roghnaithe, ar bhonn ceistneoir tiomnaithe. Roghnóidh an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar bhonn na bainte atá acu le forfheidhmiú an Rialacháin go dtí seo. Beidh na páirtithe leasmhara rannpháirteacha ina n‑ionadaithe ar earnálacha éagsúla san Aontas, agus ina measc beidh gnólachtaí dlí a bhfuil baint acu le forfheidhmiú, údaráis seachas na Ballstáit, acadóirí, agus comhlachais cleachtóirí agus tomhaltóirí. Ina theannta sin, ar bhonn an aiseolais a gheofar ar an nglao seo ar fhianaise, d’fhéadfadh sé go gcinnfeadh an Coimisiún iarraidh ar pháirtithe leasmhara breise páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin spriocdhírithe. -Comhairliúchán 8-seachtaine maidir leis na Dréacht-Treoirlínte atá le seoladh in R3-2025, a fhoilseofar ar leathanaigh chomhairliúcháin na hArdstiúrthóireachta um Iomaíocht agus na hArdstiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide chun barúlacha a fháil ó aon pháirtí leasmhar. Beidh an comhairliúchán dírithe go háirithe ar Bhallstáit an Aontais agus ar pháirtithe leasmhara a ndéanann forfheidhmiú an Rialacháin ag an gCoimisiún difear dóibh nó a bhfuil saineolas ábhartha acu i bhfordheontais eachtracha. I gcomhréir le beartas an Choimisiún maidir le rialáil níos fearr chun tionscnaimh eolasacha a fhorbairt, mar chuid den ghlao seo ar fhianaise iarrfaidh an Coimisiún ar thaighdeoirí, ar eagraíochtaí acadúla, cumainn léannta, agus comhlachais a bhfuil saineolas acu i réimse na bhfordheontas eachtrach taighde foilsithe agus taighde nár cuireadh i gcló fós, anailísí agus sonraí ábhartha a chur isteach. Tá suim faoi leith ag an gCoimisiún in aighneachtaí ina ndéantar staid reatha an eolais ar fhóirdheontais eachtracha a tharraingt le chéile. Cuirfidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí comhairliúcháin chun cinn trína bhealaí cumarsáide oifigiúla (ina measc sin na meáin shóisialta) agus ag imeachtaí roghnaithe. Cuirfear achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin beartaithe ar fáil i dtuarascáil achoimre a chuirfear i gceangal leis an doiciméad inmheánach oibre a thacaíonn leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún atá le foilsiú faoin 13 Eanáir 2026 ar a dhéanaí. |