GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH SEICEÁIL OIRIÚNACHTA

Teideal an tionscnaimh

Seiceáil oiriúnachta chun meastóireacht a dhéanamh ar ollstruchtúr slándála fuinnimh an Aontais

Príomh-AS – an t‑aonad atá freagrach

Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Aonad B4 - Slándáil agus sábháilteacht fuinnimh

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Seiceáil Oiriúnachta

Amchlár táscach

R1 2025

Eolas breise

https://energy.ec.europa.eu/topics/energy-security/security-electricity-supply_en?prefLang=ga

https://energy.ec.europa.eu/topics/energy-security/security-gas-supply_en?prefLang=ga

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Is é is aidhm don bheartas fuinnimh Eorpach fuinneamh inacmhainne slán inmharthana a sholáthar le haghaidh gach Eorpach. Dá bhrí sin, tá an tslándáil fuinnimh ar cheann de na trí chuspóir den bheartas fuinnimh, mar aon leis an inacmhainneacht agus an inbhuanaitheacht comhshaoil, agus tá sé ar cheann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh. Chuir roinnt imeachtaí ábhartha an tslándáil fuinnimh ar bharr an chláir oibre pholaitiúil athuair. Ar an gcéad dul síos, géarchéim fuinnimh 2022/2023 a bhí ann mar thoradh ar  ionradh míleata gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin. Ar an dara dul síos, an plean chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh ón Rúis agus ar an tríú dul síos, an timpeallacht gheopholaitiúil (e.g. coinbhleacht agus sáruithe ar chearta an duine sa Mheánoirthear), an aeráid (e.g. teagmhais adhaimsire a tharlaíonn níos minice) agus an timpeallacht eacnamaíoch (iomaíocht eacnamaíoch le bloic mhóra eile) ar timpeallachtaí iad atá ag athrú go tapa, chuir na nithe sin uile an tslándáil fuinnimh ar bharr an chláir oibre pholaitiúil arís, rud ar eascair roinnt iarrataí polaitiúla ar ghníomhaíocht as:

·Le linn na caibidlíochta le haghaidh an Phacáiste maidir leis an Hidrigin agus an Gás Dícharbónaithe, d’iarr an Pharlaimint agus an Chomhairle go ndéanfaí athbhreithniú níos doimhne ar an Rialachán maidir le slándáil an tsoláthair gáis.

·An 22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht an géarghá le hullmhacht fheabhsaithe chomhordaithe mhíleata agus sibhialtach agus d’iarr sí ar an gCoimisiún ‘gníomhaíochtaí a mholadh chun an ullmhacht agus an fhreagairt ar ghéarchéimeanna a neartú ar leibhéal an Aontais’( 1 ) .

·Sna Conclúidí ón gComhairle an 30 Bealtaine maidir le Bonneagar Eangaí Leictreachais, iarradh ar an gCoimisiún athbhreithniú reachtach spriocdhírithe a dhéanamh chun slándáil ollstruchtúr sholáthar leictreachais an Aontais a threisiú san fhadtéarma ( 2 ).

Thairis sin, ina thuarascáil i mí Aibreáin 2024, d’iarr Enrico Letta go ndéanfaí athbhreithniú córasach ar chreat shlándáil an tsoláthair gáis( 3 ) .

Trí athbhreithniú a dhéanamh ar chreat slándála fuinnimh an Aontais, rannchuideofar le baint amach na dtosaíochtaí a shonraítear sna Treoirlínte Polaitiúla le haghaidh an chéad Choimisiúin Eorpaigh eile 2024-2029, mar shampla, Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus Aontas na hUllmhachta.

An cuspóir agus an raon feidhme

Tá ollstruchtúr slándála fuinnimh cuimsitheach ag an Aontas cheana, cé go bhfuil sé roinnte de réir earnálacha. Is príomhcholúin iad an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis (AE) 2017/1938 agus an Rialachán maidir le Riosca-ullmhacht in Earnáil an Leictreachais (AE) 2019/941 go háirithe d’ullmhacht an Aontais, do shlándáil fuinnimh an Aontais agus d’athléimneacht an Aontais in aghaidh géarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tugadh aghaidh ar easnaimh áirithe sa chreat trí bhíthin an Phlean REPowerEU agus na rialachán sealadach éigeandála a bunaíodh ar Airteagal 122(1)CFAE le linn na géarchéime fuinnimh.

Tá an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis agus an Rialachán maidir le Riosca-ullmhacht in Earnáil an Leictreachais i bhfeidhm ó bhí 2017 agus 2019 ann faoi seach, rud a chiallaíonn gur caitheadh go leor ama anois chun seiceáil oiriúnachta a dhéanamh chun sineirgí laistigh den chreat reachtach a shainaithint, ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, chun ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 agus ó ghéarchéimeanna fuinnimh, agus an timpeallacht athraitheach atá ann mar thoradh ar an aistriú fuinnimh a inmheánú sa struchtúr.

Is é is cuspóir don tseiceáil oiriúnachta seo go háirithe meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht agus breisluach Eorpach na Rialachán a luadh thuas. Leis an tseiceáil oiriúnachta, cuirfear ar a chumas don Choimisiún go háirithe measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht ollstruchtúr slándála fuinnimh an Aontais le linn na géarchéime fuinnimh agus tacú leis an aistriú chuig fuinneamh glan, agus easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, mar aon le sineirgí agus gnóthachain éifeachtúlachta laistigh den chreat reachtach a shainaithint. D’fhéadfadh sé sin dul chun tairbhe don chomhtháthú earnálacha leanúnach agus an t‑ualach riaracháin a laghdú freisin. Leis an measúnú freisin, breathnófar ar an gcaoi ar éirigh leis an gcomhar le comharsana, go háirithe le páirtithe conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh.

I dteannta le meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar fheidhmigh ollstruchtúr slándála fuinnimh an Aontais san am a chuaigh thart, breathnófar leis an tseiceáil oiriúnachta ar a ábharthacht leanúnach trí athruithe dinimiciúla leanúnacha i gcóras fuinnimh an Aontais a bhreithniú. Mar shampla, d’fhéadfadh idir dheiseanna nua agus dúshláin nua a bheith ag baint le dícharbónú agus le leictriú an chórais fuinnimh: táirgeadh fuinnimh níos leithne agus níos díláraithe, an ghiniúint fuinnimh a bheith bunaithe níos mó ar fhuinneamh in-athnuaite inathraitheach, agus leochaileacht bonneagair chriticiúil fuinnimh i dtaobh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine. D’fhéadfadh dúshláin agus rioscaí nua a bheith ag baint leis an gcomhtháthú méadaithe tras-earnála agus trasteorann (dóchúlacht níos mó i dtaobh clistí cascáideacha) chomh maith le tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil fuinnimh.

B. Rialáil níos fearr

An straitéis chomhairliúcháin

Tá comhairliúchán poiblí a mhairfidh 12 seachtaine agus a reáchtálfar i dteangacha oifigiúla uile an Aontais beartaithe le haghaidh na tréimhse ó mhí Lúnasa go mí na Samhna 2024. Forlíonfar an comhairliúchán poiblí trí chruinnithe a eagrú le páirtithe leasmhara trí bhíthin fóraim thiomnaithe chun fianaise a bhailiú ar bhealach spriocdhírithe, mar shampla trí ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin (an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus an Grúpa Comhordaithe Gáis).

Chun líon leordhóthanach freagairtí ar an gceistneoir atá mar chuid den chomhairliúchán poiblí a áirithiú, tá réimse leathan gníomhaíochtaí for-rochtana beartaithe (e.g. for-rochtain le haghaidh grúpaí saineolaithe, preaseisiúintí, úsáid na meán sóisialta, etc.). Cé gur féidir coinne a bheith le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara is mó suim i mbeartas slándála fuinnimh an Aontais, dírítear leis an gcumarsáid ar rannpháirtíocht a áirithiú i gcás páirtithe leasmhara a ndéantar tearc-ionadaíocht orthu agus nach ndéantar difear díreach dóibh nó is lú suim go traidisiúnta, amhail saoránaigh den Aontas Eorpach agus ENRanna.

I gcomhréir le beartas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr chun measúnú a dhéanamh ar bheartais bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil, iarraimid freisin ar thaighdeoirí eolaíocha agus ar eagraíochtaí acadúla, meithle machnaimh, comhlachais foghlama agus comhlachais eolaíocha a bhfuil saineolas acu ar réimse na slándála fuinnimh, taighde eolaíoch, anailísí agus sonraí ábhartha, bídís foilsithe nó réamhchlóite, a chur isteach. Tá suim ar leith againn in aighneachtaí ina ndéantar staid reatha an eolais i réimsí ábhartha a shintéisiú.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

I gcomhréir le beartas fianaise-bhunaithe an Choimisiúin, is é is aidhm don ghlao seo ar fhianaise deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara agus do shaoránaigh aiseolas a thabhairt maidir le hollstruchtúr slándála fuinnimh an Aontais atá ann faoi láthair agus maidir leis na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann, chomh maith le haiseolas a thabhairt faoi fheabhsuithe a d’fhéadfaí a chur air nó breiseáin a d’fhéadfaí a chur leis. Chomh maith leis sin, tá ceistneoir struchtúrtha i gceist leis, a n‑iarrtar ar shaoránaigh agus ar pháirtithe leasmhara araon é a fhreagairt le linn tréimhse 14 seachtaine, lena n‑áirítear roinnt ceisteanna dúnta agus roinnt ceisteanna oscailte chun go mbeidh páirtithe leasmhara agus saoránaigh in ann a dtuairimí a chur in iúl gan srian.

An spriocphobal

Leis an nglao seo ar fhianaise, féachtar le tuairimí a fháil ó réimse leathan páirtithe leasmhara, idir thuairimí páirtithe leasmhara atá gníomhach i réimse an fhuinnimh/na slándála fuinnimh/na cosanta agus na slándála agus tuairimí uathu siúd nach n‑oibríonn sna réimsí sin ar bhonn laethúil.

Bailiú sonraí agus modheolaíocht

Is den suntas é go n‑úsáidfear sa tseiceáil oiriúnachta an fhaisnéis agus na sonraí ón Measúnú Tionchair a rinneadh in 2016 agus a ghabhann leis an togra le haghaidh an Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis (SWD(2016) 25 final), ón Measúnú Tionchair a rinneadh in 2016 agus a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Riosca-ullmhacht (SWD(2016) 410 final), agus ó thuarascálacha an Choimisiúin lena n‑athbhreithnítear cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis (COM(2023) 572 final), maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le stóráil gáis (COM(2024) 89 final), ar fheidhmiú an laghdaithe comhordaithe ar éileamh ar ghás (COM(2024) 88 final) agus ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Dlúthpháirtíocht (COM(2023) 547 final).

An nuashonrú atá ar na bacáin ar an ionsamhlú uile-Aontais maidir le slándáil an tsoláthair gáis a dhéanfaidh ENTSOG faoi dheireadh na bliana 2024, de réir Airteagal 7 den Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, beidh an nuashonrú sin ina bhonn eolais leis an tseiceáil oiriúnachta (is féidir an leagan deireanach den ionsamhlú a fháil anseo). D’fhéadfaí ionchais shéasúracha agus measúnuithe Eorpacha ar leormhaitheas acmhainní ENTSO-E, mar aon leis na cásanna PFG10B is deireanaí a chur san áireamh sa tseiceáil oiriúnachta. D’fhéadfaí na tuarascálacha bliantúla ó ACER maidir le faireachán ar shlándáil sholáthar leictreachais an Aontais, dá bhforáiltear le hAirteagal 15 de Rialachán ACER 4 a úsáid freisin mar fhoinse faisnéise cainníochtúla agus cáilíochtúla.

Más ábhartha, féadfaidh gníomhaíochtaí inmheánacha samhaltaithe, lena mbaineann saineolaithe ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus ó ranna eile an Choimisiúin, cur leis an measúnú cainníochtúil. Ar deireadh, déanfaidh ranna an Choimisiúin, go háirithe le tacaíocht ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, gníomhaíochtaí taighde deisce chun sonraí agus faisnéis a bhailiú ó fhoilseacháin acadúla, ó thuarascálacha poiblí ó eintitis aitheanta agus ó bhunachair sonraí speisialaithe freisin.

Ba cheart an glao seo ar fhianaise a bheith ina rannchuidiú le tuilleadh faisnéise agus eolais a bhailiú i dtaobh chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Riosca-ullmhacht in Earnáil an Leictreachais, agus i dtaobh a idirghníomhuithe leis an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis go háirithe.

(1) ()     https://www.consilium.europa.eu/media/70895/euco-conclusions-2122032024-ga.pdf
(2) ()    Is den suntas gur iarr sí ar an gCoimisiún díriú ar ‘riosca-ullmhacht, agus forbairtí a tharla le déanaí a chur san áireamh mar aon le ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim fuinnimh, ó chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, rioscaí aeráide agus cásanna éagsúla eile nach dócha go dtarlóidh siad ach ag a mbeadh tionchar mór dá dtarlódh’.
(3) ()     https://www.consilium.europa.eu/media/ny3j24sm/much-more-than-a-market-report-by-enrico-letta.pdf . Is den suntas é gur moladh réaltachtaí nua sa mhargadh GNL a chur san áireamh agus an dlúthpháirtíocht níos mó a chur chun cinn i gcás géarchéime. Ní mór ról gás nua a bheidh ann amach anseo, mar shampla hidrigin, a chur san áireamh san athbhreithniú freisin.
(4)  Rialachán (AE) 2019/942