GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHT AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR A REACHTÁLFAR GO COMHTHREOMHAR

Teideal an tionscnaimh

Meastóireacht Eatramhach ar Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021-2025

Síneadh a chur le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom don tréimhse 2026-2027

PRÍOMH-AS – AN tAONAD ATÁ FREAGRACH

AS an Taighde agus na Nuálaíochta, Aonad C.4 – Taighde Euratom

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an Meastóireacht eatramhach ar Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021-2025

Togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2026-2027

Pleanáil Tháscach

R3 2024 – R1 2025

Faisnéis bhreise

https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/euratom-research-and-training-programme_en

A. An comhthéacs polaitiúil, meastóireacht, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Is é Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021–2025 (an ‘Clár’) príomhchlár cistiúcháin an Aontais le haghaidh taighde núicléach agus tá buiséad beagnach EUR 1,4 billiún aige. Tá an Clár dírithe ar na caighdeáin sábháilteachta núicléiche is airde agus scileanna na hEorpa sa réimse núicléach a chothabháil. Leis an gClár tugtar cistiú freisin chun an fuinneamh comhleá a fhorbairt, rogha fhadtéarma ar tháirgeadh leictreachais ar mhórscála ísealcharbóin, rud a d’fhéadfadh cuidiú le haghaidh a thabhairt ar an éileamh fuinnimh amach anseo.

Tá borradh faoin iomaíochas idirnáisiúnta san earnáil chomhleá agus tá earnáil phríobháideach bheoga ag teacht chun cinn ar fud an domhain. Ní beag an chontúirt go gcaillfí fios gnó agus acmhainneacht thionsclaíoch an Aontais i leith an chomhleá mura n‑úsáidfear poitéinseal nuálaíoch earnáil phríobháideach an Aontais chun dlús a chur le forbairt teicneolaíochta. Cuireadh in iúl i dTeachtaireacht (COM(2024)63) ón gCoimisiún maidir le sprioc 2040 an Aontais go bhfuil gá le gach réiteach fuinnimh ísealcharbóin agus saor ó charbón, lena n‑áirítear an fuinneamh núicléach, chun an córas fuinnimh a dhícharbónú faoi 2040. Is é is aidhm do Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch na nImoibreoirí Modúlacha Beaga (SMRanna), a seoladh in 2024, tacú le dícharbónú de réir na gcaighdeán sábháilteachta núicléiche is airde agus ba cheart riachtanais taighde na todhchaí a shainaithint. Tá sé ríthábhachtach freisin mórthábhacht an taighde núicléach i réimsí eile nach mbaineann leis an bhfuinneamh a admháil, mar atá feidhmeanna leighis nó feidhmeanna spáis, mar aon leis an éileamh mór ar ghairmithe núicléacha oilte. 

Cé go gcumhdaítear an tréimhse 2021-2027 le CAI, níl ach tréimhse 5 bliana (2021-2025) ag an gClár mar gheall ar an teorainn a leagtar síos in Airteagal 7 de Chonradh Euratom. Chun leanúint de thacaíocht a thabhairt don taighde núicléach don dá bhliain atá fágtha (2026-2027), ní mór don Choimisiún togra nua a thíolacadh (an ‘síneadh’).

Meastóireacht

Sa mheastóireacht eatramhach, déanfar anailís ar dhearadh agus ar chur chun feidhme an Chláir agus ar na chéad torthaí a baineadh amach le linn 2021-2023. Tabharfar aghaidh léi ar ábharthacht, comhleanúnachas, éifeachtúlacht, éifeachtacht agus breisluach AE an Chláir. Comhlíontar léi oibleagáid dhlíthiúil an Choimisiúin in Airteagal 14 den Rialachán lena mbunaítear an Clár. Mar Chlár gaolmhar, cuirfidh sí fianaise ar fáil freisin atá ag teastáil chun measúnú ex-ante a dhéanamh ar an síneadh.

Óna taobh féin de, sainaithneofar agus déanfar anailís sa mheastóireacht ex-ante ar na saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu, ar an mbreisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais, ar chuspóirí, ar na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag roghanna éagsúla agus ar fhaireachán agus ar mheastóireacht.

An fhadhb is aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Tá ról tábhachtach ag teicneolaíochtaí núicléacha i mbeartais fuinnimh agus aeráide an Aontais. I gcás Ballstáit nach n‑úsáideann an chumhacht núicléach, fós féin tá tábhacht ag roinnt leis an eolaíocht núicléach i réimsí amhail an leigheas, an tionsclaíocht, an talmhaíocht, an comhshaol agus an spás.

Is rud fíorthábhachtach i gcónaí é úsáid dhaingean agus shábháilte na dteicneolaíochtaí sin: ó shábháilteacht gléasraí cumhachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo go cosaint ar radaíocht ianúcháin, ó bhainistiú sábháilte dramhaíola radaighníomhaí go díchoimisiúnú. Is mór an ról atá ag taighde poiblí agus príobháideach chomh fada agus a bhaineann sé leis an iarracht sin.

Tá baol ann san Eoraip freisin go gcaillfidh sí a fios gnó agus a scileanna sa réimse sin. Cuireadh daoine óga de staidéar a dhéanamh chun gairmeacha a shaothrú i ndáil leis an eamhnú. I gcás an chomhleá, mar gheall ar an spéis agus an infheistíocht mhéadaithe lasmuigh den Aontas, tá an baol ann go meallfar daoine tréitheacha ón Aontas agus go gcaillfidh an tAontas a sheasamh ceannaireachta.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Luaitear i gConradh Euratom gurb é an Coimisiún atá freagrach as taighde núicléach a chur chun cinn agus a éascú sna Ballstáit agus as an taighde sin a chomhlánú trí chlár taighde agus oiliúna de chuid an Chomhphobail a dhéanamh (Airt. 4). Glacfaidh an Chomhairle an clár sin, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún (Airt. 7).

Ní haon chosaint iad teorainneacha ar shaincheisteanna sábháilteachta agus slándála núicléiche agus chun an fuinneamh comhleá a fhorbairt is gá iarrachtaí taighde ar scála an‑mhór. Is ceist leasa é ní hamháin do na Ballstáit a bhfuil stáisiúin núicléacha á n‑oibriú acu (thart ar leath de Bhallstáit an Aontais) ach dóibh siúd a oibríonn imoibreoirí taighde freisin (le haghaidh táirgeadh raidiseatóp freisin). Ar deireadh, úsáideann na Ballstáit uile radaíocht chun críocha neamhchumhachta, go háirithe chun críocha leighis.

Maidir le hinfheistíocht taighde a dhéanann Ballstáit aonair, go háirithe na Ballstáit sin lena mbaineann déine taighde níos ísle, ní móide go mbainfidh siad amach an mhais chriticiúil is gá i bhfianaise an leibhéil infheistíochta a bheadh ag teastáil. Tá rioscaí ann freisin maidir le dúbailt agus ilroinnt taighde agus maidir le bearnaí taighde nach dtugtar aghaidh orthu. Ar an gcúis sin, tá gá le Clár ar leibhéal an Aontais.

An bunús dlí

Airteagal 7 de Chonradh Euratom

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Tacaíonn taighde arna chistiú ag Euratom le hiarrachtaí na mBallstát, na n‑údarás sábháilteachta agus an tionscail chun a áirithiú go ndéanfar suiteálacha núicléacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a dhearadh, a thógáil, a oibriú agus a dhíchoimisiúnú de réir na gcaighdeán is airde ó thaobh sábháilteachta, slándála, bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus neamhleata de. Ní bheadh an Clár ná a leathnú in ann, ar bhealach ar bith, tacú le mórobair a dhéanamh ná le córais nua nó taispeántóirí teicneolaíochta a fhorbairt. Maidir le fuinneamh comhleá a fhorbairt, maoiníonn Clár Euratom cur chun feidhme an treochláir comhleá lena dtacaítear le saothrú an Imoibreora Thrialaigh Theirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER) agus le dearadh agus teicneolaíochtaí le haghaidh an chéad ghléasra cumhachta comhleá.

B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais

Bheadh cuspóirí ginearálta agus sonracha shíneadh 2026-2027 comhchosúil leis na cinn a ghabhann le Clár 2021-2025, ach cuirfear tuilleadh béime ar rannpháirtíocht na hearnála príobháidí chun dlús a chur le forbairt an fhuinnimh chomhleá.

Ag an gcéim mhachnaimh seo, tá roinnt bearta beartais éagsúla á meas ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le taighde Euratom chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí nua sa réimse núicléach:

·tacú le nuálaíocht an Aontais maidir le heochairtheicneolaíocht chumasúcháin le haghaidh an fhuinnimh chomhleá agus sprioc ann rannchuidiú leis an gcéad stáisiún núicléach a dhearadh agus a fhorbairt, fios gnó agus iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a chothabháil, agus chun leas a bhaint as ceannaireacht eolaíoch an Aontais agus tionscadal ITER.

·tosaíochtaí cistiúcháin agus treonna taighde a chur in oiriúint maidir le sábháilteacht na stáisiún núicléach atá ann cheana agus teicneolaíochtaí amach anseo (lena n‑áirítear Imoibreoirí Modúlacha Beaga) d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is ábhartha agus is práinní.

·rannchuidiú le hathléimneacht an Aontais in aghaidh géarchéimeanna agus bagairtí domhanda trí choimircí núicléacha a chur chun feidhme agus trí thacú le taighde ar shlándáil núicléach agus le fothú acmhainneachta.

·tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do na Comhpháirtíochtaí Eorpacha leanúnacha a fhaigheann comhchistiú ó Euratom maidir le cosaint ar radaíocht, bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus fuinneamh comhleá, agus trí chur in oiriúint comhpháirtíochtaí do dhúshláin a bhíonn ag athrú de shíor a áirithiú, riachtanais úsáideoirí deiridh agus cuimsitheacht do na Ballstáit ar fad.

Déanfar roghanna beartais a fhoirmliú agus déanfar anailís orthu sa mheasúnú tionchair, bunaithe ar anailís bhreise agus ar ionchur ó pháirtithe leasmhara maidir leis na bearta sin.

C. Na tionchair is dócha a bheidh ann

Leis an taighde a mhaoinítear tríd an síneadh, cuideofar leis an méid seo a leanas:

·sábháilteacht a fheabhsú le haghaidh Oibriú Fadtéarmach NPPanna san Eoraip,

·na huirlisí a thabhairt d’údaráis rialála chun measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, bídís ina ndearadh Eorpach nó ina dteicneolaíochtaí a allmhairítear ó thríú tíortha.

·an bonn eolaíoch a chur ar fáil le haghaidh fheidhmeanna feabhsaithe leighis agus spáis na heolaíochta núicléiche agus na teicneolaíochta núicléiche

·réitigh a sholáthar chun dramhaíl radaighníomhach a stóráil go fadtéarmach agus go sábháilte

·slándáil núicléach, coimircí agus neamhiomadú a neartú

·aghaidh a thabhairt ar scrogaill i bpróiseas dearaidh an chéad stáisiúin núicléach chomhleá agus iomaíoch earnáil tionsclaíochta an Aontais a chothú

·feabhas a chur ar na coinníollacha rochtana do thaighdeoirí Eorpacha ar shaoráidí comhroinnte uathúla agus ag an am céanna feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht ar fud an Aontais

D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr

Measúnú tionchair agus meastóireacht

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin meastóireacht eatramhach ar an gClár de réir mar a cheanglaítear leis an Rialachán lena mbunaítear an Clár. Fónfaidh tátail na tuarascála meastóireachta mar ionchur, in éineacht le tátail an mheasúnaithe tionchair ex ante, do thogra le haghaidh Rialachán lena mbunófar an síneadh a ghlacfaidh an Coimisiún i R1.2025.

An straitéis chomhairliúcháin

Ós rud é go bhfuil siad le bheith ar siúl thart ar an am céanna agus go dtéann siad i dteagmháil leis an bpobal taighde beag céanna, déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí aonair mar chuid den mheastóireacht eatramhach ar an gClár agus den mheasúnú ex-ante ar an síneadh araon. Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú maidir le príomhghnéithe d’ullmhú, de chur chun feidhme agus d’fhorbairt an Chláir amach anseo, chun go mbeidh seirbhísí an Choimisiúin in ann meastóireacht eatramhach agus measúnú tionchair a dhéanamh. I measc na bpríomhpháirtithe leasmhara a sainaithníodh tá taighdeoirí sa réimse núicléach, gnólachtaí, an lucht acadúil, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus údaráis phoiblí agus brat-chónaidhmeanna uile-Aontais na n‑eagraíochtaí sin.

Comhairliúcháin atá beartaithe:

ØFoilseofar comhairliúchán poiblí 12 sheachtain i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar an suíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’ (https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say_ga) sa chéad ráithe de 2024. Is féidir freagraí a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Cuirfear na torthaí i láthair i dtuarascáil achoimre a bheidh i gceangal le tuarascáil mheastóireacht eatramhach an Choimisiúin.

ØDéanfar comhairliúcháin spriocdhírithe (e.g. agallaimh) le rannpháirtithe an Chláir mar chuid de na staidéir mheastóireachta sheachtracha a thacaíonn leis an meastóireacht eatramhach.

ØIna theannta sin, óstálfaidh an Coimisinéir Ivanova Cruinniú Comhchéime Ardleibhéil Eorpach maidir le nuálaíocht chomhleá in 2024 agus áireofar leis páirtithe leasmhara ardleibhéil ó na pobail taighde agus tionsclaíochta. Tabharfaidh sé sin léargas ar bhearta féideartha amach anseo maidir le nuálaíocht chomhleá agus taighde comhleá.

I gcomhréir le beartas an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr chun tionscnaimh a fhorbairt atá bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil, iarraimid freisin ar thaighdeoirí eolaíocha, eagraíochtaí acadúla, cumainn léinn agus comhlachais eolaíocha a bhfuil saineolas acu ó thaobh taighde núicléach de taighde eolaíoch, anailísí agus sonraí, bídís foilsithe nó réamhchlóite, a thíolacadh. Tá suim ar leith againn in aighneachtaí ina ndéantar staid reatha an eolais i réimsí ábhartha a shintéisiú.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Tá an Coimisiún ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara maidir le hullmhú agus cur chun feidhme an Chláir agus maidir lena fhorbairt amach anseo, rud a chuirfidh ar chumas sheirbhísí an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh ar an gClár agus an togra le haghaidh an tsínidh a ullmhú.

An spriocphobal

Tá an comhairliúchán seo dírithe go príomha ar thaighdeoirí a bhfuil baint acu le taighde núicléach (idir eamhnú agus chomhleá), cosaint ar radaíocht agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, gnólachtaí, lucht acadúil, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus údaráis phoiblí agus brat-chónaidhmeanna uile-Aontais na n‑eintiteas sin.