|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHTA |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a roinnt. |
|
|
Teideal na meastóireachta |
Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA) – meastóireacht |
|
An Phríomh-Ard-Stiúrthóireacht – an t-aonad atá freagrach |
AS TRADE.D1 |
|
Amchlár táscach (an dáta tosaigh atá beartaithe agus an dáta críochnaithe atá beartaithe) |
Dáta tosaigh: R4-2023 Dáta críochnaithe: R2-2025 |
|
Eolas breise |
Trádáil le Ceanada: An Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA) (europa.eu) |
|
A. Comhthéacs polaitiúil, cuspóir agus raon feidhme na meastóireachta |
|
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
|
Sa Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA), tugtar an creat le haghaidh caidreamh trádála agus eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus réamhbhreathnaitheach, comhpháirtíocht a théann chun tairbhe don Aontas Eorpach agus do Cheanada. Shínigh an tAontas Eorpach agus Ceanada CETA an 30 Deireadh Fómhair 2016 agus tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 21 Meán Fómhair 2017, tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a dhaingniú. Go dtí seo, tá an Comhaontú daingnithe ag 17 mBallstát (amhail ó mhí na Samhna 2023). Áirítear na cuspóirí seo a leanas ar chuspóirí CETA: (i) dlúthchaidreamh eacnamaíoch na bpáirtithe a neartú a thuilleadh; (ii) margadh leathnaithe agus slán a chruthú d’earraí agus seirbhísí na bpáirtithe trí bhacainní ar thrádáil agus infheistíocht a laghdú agus a dhíothú; (iii) rialacha a bhunú atá soiléir, trédhearcach, intuartha agus comhthairbheach chun caidreamh trádála agus infheistíochta idir na páirtithe a rialú; (iv) forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus a áirithiú go gcuireann an trádáil idirnáisiúnta le cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil; agus (v) a chinntiú go n-urramaíonn an Comhaontú caighdeáin idirnáisiúnta saothair. Geallann CETA go ndíothóidh sé taraifí ar thrádáil earraí agus go laghdóidh sé bacainní neamhtharaife. I measc na ngealltanas eile tá comhar rialála agus réiteach díospóidí, comhar ar bhearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, seirbhísí agus infheistíocht (rochtain ar an margadh agus cosaint an mhargaidh), fóirdheontais, iomaíochas, forálacha trádála agus forbartha inbhuanaithe, soláthar poiblí agus cosaint ceart maoine intleachtúla, agus rialacha tionscnaimh forleathana. Sna chéad 5 bliana de CETA, tháinig méadú 66 % ar an trádáil marsantachta dhéthaobhach go dtí EUR 77 mbilliún, sin méadú ó EUR 46.3 billiún in 2016. Maidir le seirbhísí, bhí luach EUR 13.6 billiún ag allmhairí agus bhí luach EUR 17.4 billiún ag onnmhairí in 2021. |
|
|
Cuspóir agus raon feidhme |
|
|
D’fhoilsigh an Coimisiún glao ar thairiscintí le haghaidh staidéir chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar fheidhmigh CETA i gcleachtas. Cuirfidh toradh an staidéir sin leis an meastóireacht ar CETA, a bheidh i bhfoirm doiciméid inmheánaigh oibre a ullmhóidh an Coimisiún tar éis dheireadh an tionscadail. Déanfaidh an mheastóireacht sin na nithe seo a leanas a scrúdú, go háirithe: (a)éifeachtacht agus éifeachtúlacht CETA maidir lena chuspóirí beartais a bhaint amach; (b)ábharthacht CETA maidir leis na riachtanais trádála agus eacnamaíocha atá ann faoi láthair, agus leis na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach agus roimh Cheanada; (c)tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá ag CETA (tionchar ar an aeráid, go háirithe) mar aon lena éifeachtaí i réimsí áirithe/ar pháirtithe leasmhara áirithe: FBManna, tomhaltóirí, príomhearraí/earraí íogaire, ráta úsáide tosaíochta, earnálacha eacnamaíocha sonracha agus a rannchuidiú le cuspóirí foriomlána bheartas trádála agus infheistíochta an Aontais i dtéarmaí oscailteachta, inbhuanaitheachta agus teanntáis, mar atá luaite san Athbhreithniú ar Bheartas Trádála an Aontais. Maidir le raon feidhme geografach, cumhdóidh an mheastóireacht an tAontas Eorpach agus Ceanada ar fad. Ina theannta sin cumhdófar tionchair ábhartha ar thíortha eile, go háirithe ar thíortha lagfhorbartha. Ó thaobh téama de, cumhdóidh an mheastóireacht gach réimse den Chomhaontú, seachas na réimsí sin nach bhfuil curtha i bhfeidhm go fóill (go dtí go ndaingneoidh na Ballstáit uile iad). |
|
|
B. Rialáil níos fearr |
|
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
|
Is é is cuspóir foriomlán don chomhairliúchán le páirtithe leasmhara deimhin a dhéanamh de go mbeidh deis ag na páirtithe ábhartha uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na nithe seo a leanas: ·éifeachtacht an Chomhaontaithe maidir le trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe ( agus gnéithe eacnamaíocha, gnéithe sóisialta, gnéithe de chearta an duine, agus gnéithe comhshaoil san áireamh freisin); ·a éifeachtúlacht maidir leis na hacmhainní a úsáidtear (agus, chomh maith leis sin, cé acu atá costais neamhriachtanacha agus castachtaí dlíthiúla ann a bhaineann le baint amach na gcuspóirí, nó nach bhfuil); ·a ábharthacht maidir le riachtanais trádála agus eacnamaíocha atá ann faoi láthair, agus leis na dúshláin atá roimh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus roimh Cheanada; agus ·a chomhleanúnachas maidir le cuspóirí bheartas trádála an Aontais agus bheartais sheachtracha eile an Aontais. Ní dhéantar measúnú ar na critéir maidir le breisluach toisc gur inniúlacht eiseach de chuid an Aontais é Trádáil. Go háirithe, leis an bpróiseas comhairliúcháin féachfar le samplaí, eolas agus eispéiris nithiúla a bhailiú chun an anailís chainníochtúil a chomhlánú, chomh maith le heolas eile chun na deiseanna agus na dúshláin a eascraíonn as an gComhaontú a léiriú. Is deis a bheidh sna comhairliúcháin éisteacht leis na páirtithe leasmhara uile a mbaineann EPA leo faoi na réimsí ar cheart ár n-aird a dhíriú orthu agus na réimsí ina bhfuil níos mó fianaise agus taighde ag teastáil. Ullmhófar straitéis chomhairliúcháin mhionsonraithe go han-luath sa chleachtadh meastóireachta. Is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí comhairliúcháin: ·Idirphlé leis an tsochaí shibhialta in 2024 agus in 2025. ·Comhairliúchán poiblí 12 sheachtain ar líne a bheidh oscailte do pháirtithe leasmhara san Aontas agus i gCeanada. Tá an méid sin beartaithe do R2 agus R3-2024 agus beidh sé ar fáil ar leathanach comhairliúchán poiblí lárnach an Choimisiúin. Is i mBéarla agus i bhFraincis a bheidh an ceistneoir, agus beifear in ann freagraí a thabhairt in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. ·Suirbhé spriocdhírithe ar líne beartaithe d’úsáideoirí gnó/leasanna gnó, agus leasanna FBManna san Aontas agus i gCeanada á gcur san áireamh ann. Tá an suirbhé sin beartaithe do R2-2024 freisin. ·Agallaimh le páirtithe leasmhara, go háirithe FBManna (a d’fhéadfaí a reáchtáil in earnálacha gnó sonracha) i gCeanada agus san Aontas, chun tuiscint chruinn a fháil ar a dtaithí féin. A luaithe a bheidh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin ar fad dúnta, is ar shuíomh gréasáin an chomhairliúcháin a fhoilseofar an tuarascáil achoimre ina dtabharfar tuairisc ar thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. |
|
|
Cén fáth a bhfuilimid ag dul i gcomhairle leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara? |
|
|
Tugann an comhairliúchán an deis tuairimí réimse leathan de pháirtithe leasmhara a bhailiú chun deimhin a dhéanamh de ar bhealach trédhearcach agus rannpháirteach go mbainfidh an Coimisiún tairbhe as léargas cuimsitheach ar dhearcadh na bpáirtithe leasmhara. |
|
|
An spriocphobal |
|
|
Is iad seo a leanas na príomhpháirtithe leasmhara: ·ar thaobh an Aontais Eorpaigh: Comhlachas Tráchtála an Aontais Eorpaigh i gCeanada, gnólachtaí agus comhlachais ghnó, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an lucht acadúil agus an pobal i gcoitinne; ·ar thaobh Cheanada: údaráis phoiblí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, gníomhaireachtaí náisiúnta um an infheistíocht a chur chun cinn; gnólachtaí agus comhlachais ghnó, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an lucht acadúil agus an pobal i gcoitinne. |
|
|
Bailiú sonraí agus modheolaíocht |
|
|
Leis na sonraí agus an mhodheolaíocht a úsáidtear sa mheastóireacht, cuirfear leis na nithe seo a leanas: (i) an measúnú tionchair maidir le hinbhuanaitheacht trádála i dtaca le caibidlíocht maidir le comhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada - tuarascáil chríochnaitheach: Circabc (europa.eu), Meitheamh 2011; (ii) páipéar seasaimh an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca leis an measúnú tionchair maidir le hinbhuanaitheacht trádála ar CETA: relations-negotiations-and-agreements – Library (europa.eu), 4 Aibreán 2017; agus (iii) taighde agus tuarascálacha ábhartha atá foilsithe ag tríú páirtithe. Coimisiúnófar staidéar seachtrach chun eolas agus fianaise a bhailiú don mheastóireacht. Úsáidfidh an conraitheoir roghnaithe meascán de mhodhanna cainníochtúla agus cáilíochtúla. Cuirfear samhail chainníochtúil chuí i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch an Chomhaontaithe, trí úsáid a bhaint as sonraí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Tá an chuid is mó de na sonraí is gá don mheastóireacht le fáil ó Eurostat agus COMTRADE, chomh maith le bunachair sonraí eile. Baileofar sonraí cáilíochtúla 1 trí chomhairliúcháin, ceardlanna, suirbhéanna agus agallaimh. Leis an meastóireacht déanfar scrúdú ar cé acu a tháinig na tionchair a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht chun cinn nó nár tháinig, agus a mhéid a tháinig siad chun cinn. Cuideoidh na cás-staidéir le ciall a bhaint as torthaí na hanailíse cainníochtúla agus d’fhéadfaí iad a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sna sonraí eacnamaíocha. I ngeall ar na cás-staidéir le haghaidh earnálacha, táirgí, saincheisteanna trasearnálacha nó téamacha áirithe a roghnaíodh, tabharfar léargas domhain ar an tionchar atá ar chearta eacnamaíocha, sóisialta, agus ar an gcomhshaol agus cuideoidh siad le fachtóirí a shainaithint a chuidíonn le dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh cuspóirí CETA a bhaint amach, sin nó fachtóirí a d’fhéadfadh bac a chur ar an dul chun cinn sin. |
|