GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Teideal an tionscnaimh

Treoirphlean le haghaidh céim Eorpach chomhpháirteach amach anseo, lena ngabhfaidh moltaí maidir le dearbhú cáilíochta agus maidir le gairmeacha acadúla tarraingteacha san ardoideachas.

Príomh-AS – an taonad atá freagrach

An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, an tAonad Ardoideachais (EAC B.1)

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, lena ngabhfaidh dhá thogra le haghaidh moltaí ón gComhairle.

Amchlár táscach

R1 2024

Faisnéis bhreise

Tionscnaimh ardoideachais |Limistéar Eorpach Oideachais (europa.eu)

Is ar mhaithe le faisnéis a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Ina litir intinne ar Staid an Aontais 2023, chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht an chéim Eorpach chomhpháirteach mar phríomhthosaíocht do 2024. Áirítear an chéim sin freisin i gClár Oibre an Choimisiúin do 2024.

Rannchuideoidh an tionscnamh seo le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach. Is príomhthionscnamh suaitheanta é den straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna agus den Mholadh ón gComhairle maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas, ar straitéis agus Moladh iad a glacadh in 2022.

Glacfaidh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le treoirphlean le haghaidh Céim Eorpach chomhpháirteach ina gcuirfear i láthair na cuspóirí agus na bealaí féideartha chun céim Eorpach chomhpháirteach a bhunú. Beidh dhá phríomhbhloc tógála ag gabháil leis, togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le Córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas san ardoideachas agus togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas. Tugtar aghaidh sa ghlao seo ar fhianaise ar na trí thionscnamh sin.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Is é is aidhm don tionscnamh dul i ngleic leis an easpa creat coiteann ar an leibhéal Eorpach chun cláir um chéimeanna comhpháirteacha a dhearadh, a chur ar fáil agus a bhronnadh. Cé go bhfuil níos mó agus níos mó cláir chomhpháirteacha á bhforbairt ag ollscoileanna chun láidreachtaí comhlántacha nach bhfuil ar fáil in aon institiúid amháin a chomhcheangal, ní fhaightear céim chomhpháirteach ach ó mhionlach díobh. Léirítear sa staidéar Implementing joint degrees in the Erasmus Mundus action of the Erasmus+ programme (2020) nach n‑éiríonn ach le trian de chláir chomhpháirteacha Mháistreachta Erasmus Mundus céimeanna comhpháirteacha a sholáthar. Baineann sé sin leis na deacrachtaí agus an riarachán ollmhór a bhaineann leis, go háirithe mar gheall ar an easpa comhleanúnachais idir reachtaíochtaí náisiúnta. Dá mhéad tíortha atá páirteach, is amhlaidh is casta a bhíonn an próiseas. I measc na chéad 40 comhghuaillíocht d’Ollscoileanna Eorpacha a fuair tacaíocht ó chlár Erasmus+, forbraíodh thart ar 160 clár nua um chéimeanna comhpháirteacha ar leibhéal Baitsiléara agus Máistreachta sa chéad chéim phíolótach. Mar sin féin, ní féidir le gach comhalta de chomhghuaillíochtaí páirt a ghlacadh mar gheall ar rialacha nó reachtaíocht riaracháin náisiúnta neamh-chomhoiriúnach (bíodh sé nasctha leis an líon ECTS is féidir a bhronnadh, teorainneacha maidir le hilteangachas, foghlaim ar líne, cur chuige idirdhisciplíneach, nó ceanglais éagsúla chreidiúnaithe). Ar an meán, i gcomhghuaillíocht de 9 gcomhpháirtí, ní féidir le 5 cinn páirt a ghlacadh sa chlár comhpháirteach agus, dá bhrí sin, ní féidir leo céim chomhpháirteach a sholáthar ach oiread, mar gheall ar na teorainneacha thuas.

D’fhéadfaí fadhbanna den sórt sin a shárú trí shraith choiteann de chritéir Eorpacha chomhchruthaithe a bhunú lena gcuimsítear gnéithe trasnáisiúnta agus nuálacha de na cláir um chéimeanna comhpháirteacha. Bheadh an deis ag na Ballstáit agus ag a n‑institiúidí ardoideachais céim Eorpach chomhpháirteach den sórt sin a bhronnadh, ar bhonn deonach, bunaithe ar na critéir Eorpacha sin, in éineacht lena gcéimeanna náisiúnta. Chomh maith leis an rómhaorlathas a laghdú, d’fhéadfaí an próiseas chun creat den sórt sin a chomhchruthú a úsáid mar mheán chun iarracht a dhéanamh an nuálaíocht a bhaint amach, rud atá ina ghné ríthábhachtach chun an t‑ardoideachas agus an Limistéar Eorpach Oideachais a nuachóiriú.

Ní hamháin go bhfreagraíonn an tionscnamh do ghlao ó institiúidí ardoideachais, ach freagraíonn sé freisin do ghlao ó mhic léinn agus ó fhostóirí chun níos mó infheictheachta a thabhairt do na scileanna agus do na hinniúlachtaí ardleibhéil a shealbhaítear trí chláir ardcháilíochta um chéimeanna comhpháirteacha agus chun aitheantas a thabhairt do na scileanna agus do na hinniúlachtaí sin, chomh maith le soghluaisteacht níos éasca a chumasú chun críoch foghlama agus gairmiúil.

Tá an obair ar an gcéim Eorpach chomhpháirteach nasctha le dhá cheist shonracha i réimse an dearbhaithe cáilíochta agus i leith tharraingteacht na ngairmeacha acadúla:

Cuireann an bealach a rialaítear dearbhú cáilíochta i roinnt mhaith Ballstát bac ar chomhar trasnáisiúnta domhain chun cláir um chéimeanna comhpháirteacha agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha oideachais eile a fhorbairt. Ina theannta sin, ceann de na príomhchúiseanna nach n‑aithníonn institiúidí ardoideachais tréimhsí cáilíochta agus foghlama thar lear go huathoibríoch is ea an easpa muiníne i bpróisis dearbhaithe cáilíochta institiúidí eile, mar a cuireadh i láthair i dTuarascáil 2023 maidir le huathaitheantas a chur chun feidhme.

Tá foireann acadúil ar ardchaighdeán fíor-riachtanach d’institiúidí ardoideachais Eorpacha rathúla agus do chomhar trasnáisiúnta níos doimhne. Chun tairiscintí oideachais comhpháirteacha amhail cláir um chéimeanna comhpháirteacha nó modhanna nuálacha teagaisc agus foghlama a thógáil, tá gá le go leor iarrachtaí agus dúthrachta ó acadóirí. Mar sin féin, níl luacháil cheart déanta ar na hiarrachtaí sin go fóill agus ní aithnítear iad i bhforbairt gairme ná in ardú céime na n‑acadóirí. Níl paireacht an mheasa don teagasc agus do ghníomhaíochtaí eile amhail rannpháirtíocht shibhialta i bhfeidhm go fóill i gcomparáid le gníomhaíochtaí taighde. Is bacainn thábhachtach é sin ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha oideachais nuálaíochta a fhorbairt, lena n‑áirítear cláir um an gcéim Eorpach chomhpháirteach.

Mura ndéanfaidh an tAontas aon ghníomhaíocht nua, leanfaidh comhar domhain ardoideachais de bheith teoranta, rud a chuirfidh bac ar Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach agus ar rath tionscnamh amhail comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha. Laghdóidh sé sin iomaíochas agus tarraingteacht earnáil ardoideachais an Aontais ar fud an domhain.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Leis an tionscnamh seo, spreagfar gníomhaíochtaí na mBallstát, tacófar leo agus comhlánófar iad trí chomhar trasnáisiúnta a chothú agus a éascú i réimse an ardoideachais, agus freagracht fhoriomlán na mBallstát as a gcórais oideachais á hurramú an tráth céanna. Tá sé sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus le ról an Aontais sa bheartas oideachais faoin gConradh. Tá dúshláin choiteanna roimh na Ballstáit maidir le cláir oideachais thrasnáisiúnta chomhpháirteacha, próisis dearbhaithe cáilíochta agus próisis aitheantais a bhunú agus conairí gairme tarraingteacha solúbtha a chruthú san ardoideachas. Ós rud é go mbaineann sé sin le comhar trasnáisiúnta, tá gá le gníomhaíocht an Aontais agus ní féidir leis na Ballstáit é a réiteach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Baineann breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais leis an gcumas comhar trasnáisiúnta níos doimhne a spreagadh idir institiúidí ardoideachais ar fud an Aontais.

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í

Is é is aidhm don phacáiste maidir leis an gcéim Eorpach chomhpháirteach é a dhéanamh níos éasca d’institiúidí ardoideachais tairiscintí oideachais trasnáisiúnta comhpháirteacha ar cháilíocht fheabhsaithe, amhail céimeanna comhpháirteacha, a dhearadh agus a sholáthar le chéile. Leis na tograí sin, féachfar le tairbhe a dhéanamh do na hinstitiúidí ardoideachais atá an-éagsúil ar fud an Aontais chun páirt níos mó a ghlacadh sa chomhar trasnáisiúnta, agus go háirithe na hinstitiúidí ardoideachais sin ar mian leo a bpróifíl idirnáisiúnta a ardú ar an leibhéal domhanda. Is é an aidhm atá ann tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun iad féin a oiriúnú do dhálaí athraitheacha, chun go mbeidh rath orthu agus chun eolas agus scileanna a sheasfaidh an aimsir a thabhairt don chéad ghlúin eile d’Eorpaigh trí chomhar trasnáisiúnta níos doimhne.

Ní hamháin go gcuirfeadh céim Eorpach chomhpháirteach deiseanna soghluaisteachta leabaithe gan uaim ar fáil ach dhéanfadh sé mic léinn a chumhachtú freisin chun ábhar staidéir agus an áit ina ndéanfaidh siad staidéar a roghnú, rud a fhreagraíonn do riachtanais mhargadh an tsaothair agus a chuireann cúrsaíocht daoine oilte chun cinn ar fud na hEorpa. Ardóidh sé próifíl na gcóras oideachais Eorpach uile freisin chun daoine tréitheacha a mhealladh ó thríú tíortha.

Le Córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas atá oiriúnach don fheidhm, d’fhéadfaí forálacha foghlama ardcháilíochta agus measúnuithe foghlama iontaofa agus trédhearcacha a sholáthar níos tapúla, tairiscintí oideolaíocha nuálacha a chumasú agus a luacháil agus comhar trasnáisiúnta níos doimhne a éascú. Tá sé d’aidhm aige a áirithiú gur féidir le hinstitiúidí ardoideachais a bheith in ann freagairt níos tapúla do riachtanais mhargadh an tsaothair agus na sochaí, trí ghníomhaíochtaí oideachais trasnáisiúnta a oiriúnú nó a chruthú, ag a bhfuil dearbhú cáilíochta agus a aithnítear go huathoibríoch ar fud an Aontais. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, trí aistriú i dtreo dearbhú cáilíochta seachtrach ilinstitiúideach a chumasú agus trí naisc fheabhsaithe idir aitheantas agus dearbhú cáilíochta.

Le luacháil agus aitheantas níos fearr maidir le forbairt gairme agus ardú céime na foirne acadúla atá i mbun dlúthchomhar oideachais trasnáisiúnta, neartófar gné Eorpach an ardoideachais agus tabharfar an comhar trasnáisiúnta go dtí an chéad leibhéal eile, mar shampla trí chláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha a chruthú a mbeidh céim Eorpach chomhpháirteach mar thoradh orthu - lena n‑áirítear i gcomhthéacs comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha. Tá an tionscnamh comhlántach leis an gcreat gairmeacha taighde chun tacú leis an bhfoireann acadúil, agus chun gairmeacha éagsúla, tarraingteacha agus inbhuanaithe a chur chun cinn.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Tacóidh an tionscnamh le hinstitiúidí ardoideachais iad féin a oiriúnú do dhálaí athraitheacha, a bheith rathúil agus eolas agus scileanna a sheasfaidh an aimsir a thabhairt don chéad ghlúin eile d’Eorpaigh trí chomhar trasnáisiúnta níos doimhne. Trí oibriú i dtreo céim Eorpach chomhpháirteach, éascófar cur chun feidhme cineálacha cur chuige atá nuálach, dírithe ar mhic léinn agus bunaithe ar dhúshláin agus an nasc leis an margadh saothair, agus ullmhófar mic léinn don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Meastar go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar mhic léinn, céimithe, fostóirí, institiúidí ardoideachais agus córais náisiúnta/réigiúnacha ar fud na hEorpa. Trí oideolaíochtaí nuálacha a fhorbairt agus trí chomhoibriú láidir leis an tionscal agus leis an tsochaí shibhialta, cuideoidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe leis an Aontas lucht saothair ardoilte atá dírithe ar an saol idirnáisiúnta a thógáil trí oideachas trasnáisiúnta lena gcumasaítear fás, nuálaíocht agus fiontraíocht agus muintearas láidir Eorpach á chothú an tráth céanna.

Le comhar trasnáisiúnta domhain, tá gá le córais um dhearbhú cáilíochta atá solúbtha agus comhoiriúnach lena gceadaítear d’institiúidí ardoideachais ó roinnt Ballstát teacht le chéile. Timpeallacht chumasúcháin ina mbeidh socruithe solúbtha dearbhaithe cáilíochta agus aitheantais ag cur le huirlisí phróiseas Bologna, beidh sí ina príomhionstraim ag ollscoileanna chun a bpróifíl idirnáisiúnta a ardú agus chun úsáid a bhaint as idirnáisiúnú mar cheann dá mbuntáistí straitéiseacha ar an ardán domhanda.

Cuirfidh an obair i dtreo gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas le hinstitiúidí ardoideachais Eorpacha rathúla. Beidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar chumhachtú na foirne acadúla chun páirt a ghlacadh i gcomhar oideachais trasnáisiúnta níos doimhne agus an tsaoirse acadúil agus bunluachanna acadúla á gcosaint an tráth céanna.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Leis an gcomhar a dhéanfar amach anseo leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara faoi chuimsiú Chreat Straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais, tabharfar an deis an dul chun cinn a rianú a thuilleadh, lena n‑áirítear trí thuairisciú a dhéanamh amach anseo ar an Limistéar Eorpach Oideachais.

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Is éard atá sa phacáiste seo Teachtaireacht ón gCoimisiún agus dhá thogra ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle. Ós rud é nach tograí reachtacha iad sin, rud a thugann neamhspleáchas agus solúbthacht do na Ballstáit maidir le haon obair leantach, ní dhéanfar aon mheasúnú tionchair.

An straitéis chomhairliúcháin

Iarrann an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an Teachtaireacht agus na moltaí atá le teacht tríd an nglao seo ar fhianaise. Is é an aidhm atá ann fianaise ábhartha a bhailiú maidir leis an mbealach chun cinn i dtreo céim Eorpach chomhpháirteach, córais um dhearbhú cáilíochta agus um aitheantas a bheidh oiriúnach don fheidhm agus gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas, agus an fhianaise sin a bhailiú ó na páirtithe leasmhara uile, idir an earnáil ardoideachais agus a gcomhpháirtithe éiceachórais, ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí, gnólachtaí, agus FBManna, eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta, an tsochaí shibhialta, saoránaigh, agus na Ballstáit (údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta).

Beidh an tionscnamh bunaithe freisin ar an iliomad comhairliúcháin spriocdhírithe a rinneadh le bliain anuas leis na Ballstáit, ollscoileanna agus comhlachais mac léinn, comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha agus eagraíochtaí páirtithe leasmhara eile san ardoideachas, agus beidh sé bunaithe freisin ar na torthaí atá ar fáil ó na tástálacha beartais maidir le lipéad céime Eorpaí comhpháirtí agus stádas dlíthiúil le haghaidh comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin uile san áireamh sa Doiciméad Inmheánach Oibre a bheidh ag gabháil leis an bpacáiste ardoideachais.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is aidhm don chomhairliúchán faisnéis, saineolas agus tuairimí a bhailiú ó na páirtithe leasmhara uile chun bonn fianaise láidir a fháil chun na trí thionscnamh a fhorbairt. Tuairimí, seasaimh agus smaointe na bpáirtithe leasmhara maidir leis an mbealach chun cinn i dtreo céim Eorpach chomhpháirteach, gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas, agus Córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas, déanfaidh an Coimisiún anailís orthu agus cuirfidh sé leo.

An spriocphobal

Is é an aidhm atá ann aiseolas ábhartha a bhailiú ó na páirtithe leasmhara uile, idir an earnáil ardoideachais leathan, lena n‑áirítear acadóirí agus mic léinn, agus a gcomhpháirtithe, ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí, gnólachtaí agus FBManna, eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta, an tsochaí shibhialta, saoránaigh agus na Ballstáit (údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta).