|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Athléimneacht shochaíoch — rioscaí aeráide an Aontais a bhainistiú |
|
Príomh-AS – an taonad atá freagrach |
Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, Aonad E1 maidir le hoiriúnú don aeráid agus athléimneacht |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Teachtaireacht ón gCoimisiún |
|
Amchlár táscach |
R1 2024 |
|
Faisnéis bhreise |
https://climate-adapt.eea.europa.eu/en/eu-adaptation-policy/key-eu-actions/climate_risk_assessment/index_html/ |
|
Is ar mhaithe le faisnéis a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Eascraíonn an Teachtaireacht seo ón gCoimisiún as an ngealltanas a leagadh amach i straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide 2021 measúnú riosca aeráide a tharraingt suas ar fud an Aontais. Is rannchuidiú é freisin maidir le cuspóir an Dlí Aeráide Eorpaigh (Airteagal 5) dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht faoi leith don athrú aeráide a laghdú. Mar a luaitear sa Séú Tuarascáil Mheasúnachta le déanaí (AR6) ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), tá an t‑athrú aeráide ina chúis le méaduithe dosheachanta ar thionchair fhisiceacha. Leis an bhfianaise mhéadaitheach sin ar theacht chun cinn luath adhaimsire agus iarmhairtí eile an athraithe aeráide, tá sé d’aidhm ag an Teachtaireacht an tAontas a ullmhú níos fearr do na rioscaí don tsochaí a bhaineann le guaiseacha aeráide atá ag dul i méid. Beidh sé bunaithe ar an Tuarascáil eolaíoch neamhspléach Eorpach ar an measúnú riosca aeráide atá le foilsiú in earrach 2024 agus a chomhlánóidh an measúnú ar dhul chun cinn an oiriúnaithe ar an leibhéal náisiúnta. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Tá an Eoraip ag téamh a dhá oiread níos tapúla ná an meán domhanda, arb é 1.1 °C an teocht a sroicheadh in 2020. Ní leor na gealltanais dhomhanda faoi láthair chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh ach ina ionad sin tugtar le fios conair 2.4-2.6C faoi dheireadh an chéid. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá beart maolúcháin uaillmhianach á dhéanamh ag an Aontas, agus tá sé ag moladh go ndéanfaí gníomhaíocht mhaolúcháin níos láidre ar an leibhéal domhanda. Ag an am céanna, ní féidir méadú ar ghuaiseacha fisiceacha a sheachaint sa ghearrthéarma, gan beann ar chás na n‑astaíochtaí, as a n‑eascraíonn tionchair aeráide níos airde, rud a fheictear i minicíocht mhéadaitheach na n‑eachtraí adhaimsire san Aontas agus ar fud an domhain. Chomh maith leis sin, ní mór don Aontas a bheith ullamh más neamhleor an ghníomhaíocht dhomhanda, agus/nó má thagann tionchair níos measa fós níos luaithe as íogaireacht an chórais aeráide. Chun an tionchar a bheidh ag rioscaí aeráide méadaitheacha ar an Aontas a laghdú agus chun a sheachaint go méadóidh cinntí beartais an lae inniu na rioscaí sin do na glúine atá le teacht, ní mór iad a bhainistiú go práinneach agus go réamhghníomhach. Chuige sin, ní mór do lucht ceaptha beartas an Aontais cinntí eolasacha a dhéanamh faoi na leibhéil inghlactha rioscaí. D’uireasa athbhreithniú den sórt sin ar na rioscaí aeráide, d’fhágfadh an tAontas na Ballstáit leochaileach i leith suaití agus éagobhsaíochta inseachanta. Is féidir le rioscaí aeráide cur le cúiseanna riosca eile, lena n‑áirítear tosca sóisialta (stádas socheacnamaíoch, inscne, seanaois, riochtaí sláinte agus cúlra eitneach), tosca comhshaoil agus eacnamaíocha. Maidir le roinnt réimsí beartais, amhail cúram sláinte agus sóisialta, an margadh saothair, fuinneamh, bia, foirgnimh, nó beartas uirbeach, ós rud é go bhfuil siad neamhchosanta ar an don athrú aeráide, agus ós rud é go bhfuil leochaileacht faoi leith acu dó, mura ndéantar rioscaí aeráide a bhainistiú, d’fhéadfaí tionchar diúltach suntasach a imirt ar mhuintir na hEorpa agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar an muinín atá acu as an Aontas. Dá bhrí sin, sainaithneofar sa Teachtaireacht réimsí ina ndéanfar tuilleadh oibre chun na rioscaí gaolmhara san Aontas a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Is é an aidhm atá ann a áirithiú gur féidir le lucht ceaptha beartas cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le hinghlacthacht rioscaí agus maidir leis na comhbhabhtálacha a bhaineann leis na rioscaí sin a mhaolú. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Is fadhb thrasteorann (ar tír agus ar muir araon) é an t‑athrú aeráide agus bíonn tionchar aige ar na Ballstáit uile, chomh maith le caidreamh an Aontais le tíortha nach bhfuil san Aontas. D’fhéadfadh sé sin an gá atá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a spreagadh chun gníomhaíocht náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a fhorlíonadh agus a neartú. Is féidir le rioscaí aeráide tionchar suntasach a imirt ar chur chun feidhme bheartais an Aontais freisin. Dá réir sin, is modh iomchuí í an Teachtaireacht chun tosú ar na húinéirí riosca éagsúla agus na dálaí ina n‑aistrítear na rioscaí idir na leibhéil éagsúla rialachais a shainaithint. |
|
Bunús dlí |
|
Tá an Teachtaireacht seo bunaithe ar Airteagal 191 (beartais chomhshaoil) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais (CFAE). |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Is iomchuí gníomhaíocht AE i bhfianaise na n‑aistrithe riosca a d’fhéadfadh a bheith ann idir na leibhéil éagsúla rialachais agus na réimsí beartais éagsúla ina bhfuil leibhéil éagsúla inniúlachta ag an Aontas. Is bunús í an Teachtaireacht freisin chun a áirithiú nach méadófar na rioscaí le beartais agus le cláir an Aontais, ach go ndéanfar iad a laghdú. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag na moltaí maidir le bainistiú riosca aeráide ar raon beartas de chuid an Aontais. Samplaí de réimsí ba cheart a mheas is ea na tionchair ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, ar an bhfostaíocht, ar an margadh aonair, ar an gcomhtháthú críochach, ar an gcomhshaol, ar an bhfuinneamh, ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil bia, ar impleachtaí dáileacháin agus ar an trádáil. Agus tograí á ndéanamh le haghaidh na chéad chéimeanna eile, breithneofar sa Teachtaireacht cén áit a mbeadh cur chuige comhordaithe de chuid an Aontais níos tairbhiúla i gcomparáid le roghanna eile, agus inniúlachtaí agus réimsí idirghabhála an Aontais á gcur san áireamh. Tacóidh an Teachtaireacht le hullmhacht agus le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise chun rioscaí aeráide a mhaolú. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine eachtraí adhaimsire amhail tuilte, triomaigh, agus tonnta teasa, agus ar bhonn measúnú eolaíoch, cuirfidh an Coimisiún dlús lena chuid oibre chun feabhas a chur ar ullmhacht le haghaidh rioscaí a bhaineann leis an aeráid san Aontas. Is é is aidhm don Teachtaireacht a áirithiú gur féidir le beartais an Aontais amach anseo leibhéil inghlactha na rioscaí aeráide a mheas agus a breith a thabhairt orthu go sainráite. Le straitéis an Aontais um an Oiriúnú, cuirtear an creat foriomlán ar fáil chun athléimneacht an Aontais in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú. Agus gnéithe eile den straitéis á gcomhlánú, sainaithneofar sa Tuarascáil Eorpach ar an Measúnú Riosca Aeráide conas a dháiltear rioscaí aeráide go geografach agus go sealadach; conas a d’fhéadfaidis sin éirí níos measa; cad iad na bealaí tarchurtha chuig córais shochaíocha; agus cé na beartais nó na húdaráis atá neamhchosanta nó atá in ann aghaidh a thabhairt orthu sin. Ba cheart go soiléireofaí leis an mapáil sin dáileadh na húinéireachta riosca idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit. Gníomhóidh an Teachtaireacht maidir leis an bhfianaise agus cuirfear i láthair inti céimeanna chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chur chun cinn sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon. D’fhéadfaí a áireamh ann gníomhaíochtaí chun beartais agus cláir earnála a cheapadh, úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí agus cuir chuige atá ann cheana agus uirlisí agus cuir chuige nua a fhorbairt i leith ghníomhaíocht AE, ag brath ar an bhfianaise a chuirtear ar aghaidh sa tuarascáil eolaíoch Eorpach ar an measúnú riosca aeráide, trí phróisis chomhairliúcháin agus trí bhealaí eile. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Sainaithneofar sa Teachtaireacht réimsí atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí aeráide i gcláir oibre bliantúla an Choimisiúin amach anseo, i gclársceidealú ilbhliantúil agus i dtograí beartais an Choimisiúin. Cuirfidh sé bonn eolais ar fáil freisin do lucht déanta beartas agus do lucht cinnteoireachta ar leibhéil éagsúla chun roghanna réasúnaithe atá bunaithe ar fhianaise a éascú maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú sna blianta amach romhainn. Cé nach bhfuil coinne go mbeidh tionchair dhíreacha shuntasacha eacnamaíocha, shóisialta ná tionchair chomhshaoil ag an Teachtaireacht, tá coinne go gcuideoidh sí le rioscaí aeráide a laghdú agus go dtacóidh sí leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Déantar faireachán ar dhul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí oiriúnaithe a chur chun feidhme faoi cheanglais an Dlí Aeráide agus faoi chreataí tuairiscithe eile a leagtar amach chun na críche sin. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Ní dhéanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair ar an tionscnamh neamhreachtach seo. Is é is cúis leis sin go mbeidh an Teachtaireacht bunaithe ar fhianaise agus ar thorthaí tuarascála eolaíche neamhspleáiche arna foilsiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. Tá coinne go leagfaidh an tuarascáil béim ar réimsí inar cheart rioscaí aeráide a chur san áireamh sna tionscnaimh a bheidh le teacht. Mar sin féin, beidh athruithe leantacha sonracha ar bheartais earnála agus ar chláir an Aontais faoi réir ceanglais maidir le rialáil níos fearr, lena n‑áirítear measúnú tionchair. Mar sin féin, cé go bhfuil coinne go gcuideoidh an Teachtaireacht le rioscaí aeráide a laghdú, níl coinne go mbeidh tionchair shuntasacha dhíreacha aici, aisti féin, ar an ngeilleagar, ar an tsochaí ná ar an gcomhshaol. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Leis an nglao ar fhianaise, lorgaítear fianaise bhreise ó raon leathan páirtithe leasmhara maidir leis an ngá agus leis na cineálacha gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun na rioscaí a bhaineann le guaiseacha aeráide a bhainistiú, rud a chomhlánóidh an fhianaise a bhaileofar trí na próisis chomhairliúcháin a bheidh mar bhonn eolais don tuarascáil eolaíoch Eorpach ar an measúnú riosca aeráide agus trí na próisis chomhairliúcháin beartais earnála ag ranna éagsúla an Choimisiúin. |