|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Gníomhaíochtaí spáis atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe - Dlí Spáis an Aontais |
|
Príomh-AS (an t-aonad atá freagrach) |
AS DEFIS, Aonad B1 agus Aonad B2 |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Reachtach |
|
Amchlár táscach |
R1 2024 |
|
Eolas breise |
An Tionscal Cosanta agus an Spás (europa.eu) |
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Cuireann an tionscnamh atá beartaithe le Clár Spáis an Aontais le haghaidh 2021, arb é is aidhm dó, i measc a chuspóirí ginearálta, sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí spáis uile a mhéadú. Fógraíodh an plean gníomhaíochta 2021 maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus an tionscal spáis, agus iarradh arís agus arís eile i roinnt conclúidí ón gComhairle go ndéanfadh an tAontas gníomhaíocht maidir le bainistiú spástráchta. Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach 2022 Cur chuige ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú spástráchta, cuireadh bearta chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú an spástráchta mar dhúshlán beartais phoiblí dhomhanda, lena n‑áirítear gnéithe reachtacha agus caighdeánaithe a chur chun cinn trí ghníomhaíocht rialála neamhcheangailteach agus trí ghníomhaíocht rialála cheangailteach, chun cur le sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí spáis. Le Straitéis Spáis an Aontais don tSlándáil agus don Chosaint 2023, athdhearbhaíodh an tábhacht a bhaineann le córais spáis agus le seirbhísí spásbhunaithe agus tugadh le fios na tairbhí a bhaineann le creat uile-Aontais a bhunú chun athléimneacht na gcóras spáis a mhéadú ar bhonn comhchoiteann. Aithnítear an tionscnamh mar phríomhthosaíocht le haghaidh 2024 sa Litir Intinne a ghabhann leis an óráid ar Staid an Aontais Eorpaigh in 2023 ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Bíonn tionchar ag dúshláin éagsúla ar oibríochtaí spáis agus ar an gcumas oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe. Spás plódaithe: méadú ar thrácht spáis agus fás smionagair ·Tá méadú ag teacht ar an riosca imbhuailte i bhfithis idir satailítí, a bhfuil a líon ag fás go heaspónantúil 1 , agus idir satailítí agus smionagar spáis, a mheastar cheana féin a bheith os cionn 1 mhilliún píosa atá níos mó ná 1 cm. Le himeacht ama, d’fhéadfadh srianta a bheith mar thoradh air sin in (a) rochtain ar an spás agus (b) úsáid sonraí/seirbhísí spásbhunaithe, agus iarmhairtí don gheilleagar i gcoitinne, don tslándáil agus don tionscal spáis féin. Leibhéal bagartha méadaithe agus easnamh bonnlíne chomhsheasmhach athléimneachta/slándála ·De dheasca teannas geopholaitiúil, tá méadú tagtha ar bhagairtí ar bhonneagar spáis (cibear-ionsaithe agus tástálacha frith-satailíte ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad), agus mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta, tá siad níos sofaisticiúla anois ná riamh. ·In éagmais creat comhsheasmhach tuairiscithe teagmhas le haghaidh bhonneagar/cláir spáis an Aontais, ní bheidh ach feasacht agus comhordú teoranta ann idir tíortha an Aontais maidir le teagmhais (cibirtheagmhais agus teagmhais fhisiciúla).
·Beidh feidhm ag córas déach maidir leis an gcibearshlándáil go luath:
Creat in easnamh chun faireachán sistéamach a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí spáis ar an gcomhshaol agus chun an tionchar sin a thomhas ·Níl modhanna loirg comhshaoil in ann saolré iomlán na ngníomhaíochtaí spáis a thomhas. ·Ní ann do shonraí ná do mhodhanna ríofa a chuirfeadh ar ár gcumas an tionchar ar an gcomhshaol a bhíonn ag gníomhaíochtaí spáis ar an Domhan agus sa spás a bheith ar eolas againn agus tionchar na ngníomhaíochtaí sin a chur i gcomparáid. ·Cuireann sé sin cosc ar chuideachtaí thionscal spáis an Aontais ceanglais reachtaíocht inbhuanaitheachta an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán, e.g. faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus faoin Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht. Ilroinnt an mhargaidh aonair ·Ní mór d’oibreoirí spáis agus do mhonaróirí spáis ceanglais éagsúla náisiúnta a chomhlíonadh, ceanglais a bhíonn ag méadú i gcomhréir le líon méadaithe na ndlíthe náisiúnta spáis san Aontas. Cruthaíonn sé sin míshocracht sa mhargadh, cuireann sé teorainn le saorghluaiseacht seirbhísí/earraí agus baineann sé an bonn d’iomaíochas thaighde spáis an Aontais agus thionscal spáis an Aontais (lena n‑áirítear ar an leibhéal domhanda). |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (chun na coinníollacha maidir le bunú agus feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú)
|
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
In éagmais creat dlíthiúil ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le húsáid shábháilte, shlán agus inbhuanaithe a bhaint as an spás, tá roinnt Ballstát tar éis tús a chur le reachtaíocht a achtú sa réimse sin le blianta beaga anuas. Is féidir le difríochtaí i raon feidhme, i ndoimhneacht agus i gcur chun feidhme na reachtaíochta náisiúnta sin na dálaí le haghaidh iomaíocht chóir a laghdú agus an bonn a bhaint d’iomaíochas oibreoirí spáis an Aontais nuair a bhíonn gníomhaíochtaí spáis á bpleanáil, á ndearadh agus á n‑oibriú san Aontas, agus nuair a bhíonn siad in iomaíocht le hoibreoirí spáis neamh-AE. Ós rud é nach dócha go dtiocfaidh creat dlíthiúil ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cinn go luath amach anseo, tá gá le gníomhaíocht AE chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a bhaineann le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta. Trí rialacha comhchoiteanna íosta a shainiú i dtrí phríomhréimse, is féidir ilroinnt sa mhargadh aonair le haghaidh seirbhísí spáis agus le haghaidh táirgí spáis a sheachaint san Aontas agus cothrom iomaíochta a áirithiú d’oibreoirí AE agus d’oibreoirí neamh-AE. Ina theannta sin, cuireann méid an mhargaidh aonair mais chriticiúil ar fáil a chuireann ar chumas an Aontais inbhuanaitheacht táirgí a chur chun cinn agus tionchar a imirt ar dhearadh agus ar oibríochtaí spásárthaí ar fud an domhain. |
|
B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais |
|
Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh atá beartaithe úsáid shábháilte, shlán agus inbhuanaithe an spáis a áirithiú agus cosaint agus athléimneacht na gcóras, na seirbhísí agus na n‑oibríochtaí spáis uile san Aontas a mhéadú. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: ·Teorainn a chur leis an riosca imbhuailtí agus trasnaíocht idir réada spáis agus a dtimpeallacht; ·Leibhéal comhchoiteann athléimneacht chórais spáis an Aontais agus na gcóras náisiúnta spáis agus seirbhísí spásbhunaithe a mhéadú; ·Gníomhaíochtaí spáis aeráidneodracha a chur chun cinn agus úsáid chothrom agus chomhionann an spáis a áirithiú; ·Ceanglais chomhsheasmhacha a chur ar fáil maidir le sábháilteacht spáis, athléimneacht, slándáil agus inbhuanaitheacht ar fud an Aontais, agus a áirithiú go bhfuil tionscal agus taighde an Aontais iomaíoch. Na roghanna beartais a breithníodh: ·Bonnlíne (‘gnó mar is gnách’): Tá feidhm ag treoirlínte neamhcheangailteacha atá ann cheana maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht spáis, chomh maith le modh ginearálta le haghaidh measúnú saolré. Is féidir teacht ar rialacha ceangailteacha ar leibhéil éagsúla i ndlíthe náisiúnta spáis agus trí Threoir NIS 2 agus Treoir CER a chur chun feidhme amach anseo agus trí infheidhmeacht an Ghnímh um Chibear-athléimneacht (nár ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh ná Parlaimint na hEorpa go fóill). ·Rogha beartais 1 (cloí le bearta neamhcheangailteacha a chur chun cinn): Bhunódh an tAontas sásra le go dtabharfaí cúiteamh as cloí leis na caighdeáin, an dea-chleachtas agus na treoirlínte is ábhartha (atá ann cheana agus atá le forbairt) a bhaineann le sábháilteacht, athléimneacht/slándáil agus inbhuanaitheacht. ·Rogha beartais 2 (creat ceangailteach AE): D’achtódh an tAontas togra reachtach chun rialacha a bhunú maidir le sábháilteacht agus athléimneacht/slándáil agus moltaí neamhcheangailteacha maidir le hinbhuanaitheacht, chun cur chuige comhsheasmhach a bhunú lena seachnófaí ilroinnt mhíchuí sa mhargadh aonair le haghaidh seirbhísí, táirgí agus gníomhaíochtaí spáis. ·Rogha beartais 3 (comhaontuithe déthaobhacha a ghlacadh): Dhéanfadh an tAontas comhaontuithe déthaobhacha le tíortha lasmuigh den Aontas, lena gcumhdófaí sábháilteacht spáis, athléimneacht/slándáil agus inbhuanaitheacht. |
|
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Eacnamaíoch ·Deimhin a dhéanamh de go bhfuil seirbhísí criticiúla atá mar bhonn agus mar thaca ag an ngeilleagar (e.g. loingseoireacht, aeriompar, teileachumarsáid, próiseáil íocaíochtaí agus baincéireacht) ar fáil agus go bhfuil siad slán i gcónaí. ·Costais mhéadaithe dearaidh agus oibriúcháin, mar gheall ar chomhlíonadh na gceanglas breise. ·Creat coiteann cobhsaí intuartha a chur ar fáil chun leathnú breise agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach gníomhaíochtaí gníomhaithe nua tráchtála spáis a spreagadh, agus chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh. Sóisialta ·Trí úsáid fhadtéarmach an spáis a chinntiú, cosnaítear poist in earnáil an spáis agus in earnálacha eile a úsáideann sonraí spáis. ·Seirbhísí spásbhunaithe a chosaint chun críocha slándála sibhialta (e.g. cumarsáid satailíte a úsáidtear le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus freagróirí éigeandála ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais). Comhshaol ·Rioscaí comhshaoil agus sláinte a laghdú ó smionagar spáis i bhfithis agus ó athiontráil neamhrialaithe. ·Feidhmeanna spáis a thacaíonn le fiontair chomhshaoil a chosaint. ·Tacú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 9 na Náisiún Aontaithe arb é is aidhm di bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus nuálaíocht a chur chun cinn. ·Úsáid ábhar agus próiseas spáis inbhuanaithe a chumasú, trí thuiscint a fháil ar an méid a thacaíonn le gníomhaíocht spáis inbhuanaithe. Cearta bunúsacha ·Cuidiú le rochtain fhadtéarmach ar an spás a chinntiú, lena n‑áirítear i gcás tíortha nach ndéanann eachtrú spáis go fóill. |
|
·D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Is é seo an chéad uair a bhfuil an Coimisiún ag smaoineamh ar thionscnamh a chur chun cinn sa réimse seo. Leagfaí amach sa tionscnamh príomhcheanglais sábháilteachta, athléimneachta/slándála agus inbhuanaitheachta le haghaidh oibríochtaí spáis. Agus an méid sin á dhéanamh, sainítear sa tionscnamh bonnlíne choiteann le haghaidh na bpríomhghnéithe sin, ós rud é gur léir mar gheall ar fhorbairtí go bhfuil cuir chuige éagsúla glactha maidir le sábháilteacht, athléimneacht/slándáil agus dálaí inbhuanaitheachta ar an leibhéal náisiúnta. Níl aon chóras dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm go fóill maidir leis na hábhair sin. Déanfar measúnú tionchair chun tacú le hullmhú an tionscnaimh seo. Cuirfidh sé leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis an raon feidhme agus an fhormáid a ghlacfaidh an tionscnamh. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Is éard a bheidh sa straitéis chomhairliúcháin don tionscnamh seo meascán de cheistneoirí comhairliúcháin phoiblí, comhairliúcháin/cruinnithe spriocdhírithe, chomh maith le ceardlanna a reáchtáiltear le rialtais an Aontais agus le lucht tionscail, chun tuairimí a bhailiú maidir le príomhghnéithe an tionscnaimh agus chun ionchur a fháil don mheasúnú tionchair. Cumhdófar leis an straitéis chomhairliúcháin catagóirí geallsealbhóirí ábhartha éagsúla, amhail údaráis náisiúnta, cuideachtaí ón earnáil réamhtheachtach (oibriú spáis agus monaróirí spásárthaí, soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí), lena n‑áirítear gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus ‘cuideachtaí nua spáis’ 2 , chomh maith le húdaráis náisiúnta um cheadúnú spáis agus saineolaithe agus acadóirí. Rachfar i gcomhairle freisin le tionscail a imrítear tionchar orthu amhail aerlínte agus soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. Tá na comhairliúcháin seo a leanas ar oscailt: ·comhairliúchán spriocdhírithe le haghaidh geallsealbhóirí: Comhairliúchán spriocdhírithe maidir le Dlí Spáis an Aontais (europa.eu) go dtí an 1 Samhain 2023 ·comhairliúchán poiblí ginearálta (le cur ar fáil ó mhí Dheireadh Fómhair 2023) ag EUSurvey - Fáilte (europa.eu)
|
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Is é seo an chéad uair a bhfuil an Coimisiún ag smaoineamh ar thionscnamh a chur chun cinn sa réimse seo. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, dul i gcomhairle go cuimsitheach leis na geallsealbhóirí uile. Beidh torthaí an chomhairliúcháin mar bhonn fianaise don mheasúnú tionchair. |
|
An spriocphobal |
|
Grúpaí geallsealbhóirí sainaitheanta: oibreoirí satailíte, seirbhísí rianaithe satailíte, monaróirí satailíte, soláthraithe seirbhíse lainseála, réalteolaithe. |