GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHTA / SEICEÁIL OIRIÚNACHTA

Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin.

Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a d’fhéadfadh a bheith acu a roinnt.

Teideal na meastóireachta

An clár um chearta, comhionannas, saoránacht agus luachanna (CCS, ESS agus CERV) – tuarascáil mheastóireachta

Príomh-AS – an t-aonad atá freagrach

An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí (AS JUST), Aonad H3

Amchlár táscach

(an dáta tosaigh atá beartaithe agus an dáta críochnaithe atá beartaithe)

An dáta tosaigh atá beartaithe: R3 2023

An dáta críochnaithe atá beartaithe: R2 2025

Faisnéis bhreise

An Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht

An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach

An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna

A. Comhthéacs polaitiúil, cuspóir agus raon feidhme na meastóireachta

An comhthéacs polaitiúil

Le dhá ghlúin i ndiaidh a chéile de chláir de chuid an Aontais rinneadh an sprioc a shaothrú maidir leis na cearta agus na luachanna atá cumhdaithe i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn: ‘an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht’ agus ‘an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach’ don tréimhse 2014-2020, agus ‘an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna’ don tréimhse 2021-2027. Mar comharba an dá chlár a bhí ann roimhe, tá ‘an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna’ ag tógáil ar na torthaí a bhain a da chlár sin amach.

Ba é b’aidhm don Chlár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar réimse ina ndéantar comhionannas agus cearta daoine, mar a chumhdaítear iad i gConradh an Aontais Eorpaigh, sa Chairt agus i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, a chur chun cinn agus a chosaint.

Ag an am céanna, thacaigh an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach le tionscnaimh chun cuimhneachán ar stair na hEorpa le déanaí a neartú agus chun rannpháirtíocht shibhialta a fheabhsú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Ó 2021 i leith, d’fhéach an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le tacú le sochaithe oscailte daonlathacha comhionanna cuimsitheacha, sochaithe atá bunaithe ar chearta agus ar an smacht reachta, agus forbairt a dhéanamh orthu. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar agus chumhachtaithe a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus a chothaíonn éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa, sochaí atá bunaithe ar na luachanna, ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn.

Sa chomhthéacs sin, agus de réir mar a cheanglaítear leis an dlí 1 , déanfaidh an Coimisiún Eorpach meastóireacht i dtrí chuid:

(1)meastóireacht ex post ar an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht don tréimhse 2014-2020, lena ndéanfar measúnú ar a thionchar fadtéarmach agus ar a éifeachtaí inbhuanaitheachta, beidh an mheastóireacht sin bunaithe ar thorthaí na chéad choda den mheastóireacht ex-post a tugadh i gcrích in 2022;

(2)meastóireacht ex post ar an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach don tréimhse 2014-2020, lena ndéanfar measúnú ar na torthaí a baineadh amach, agus ar a thionchar fadtéarmach agus ar a éifeachtaí inbhuanaitheachta;

(3)meastóireacht eatramhach ar an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna don tréimhse 2021-2027, lena ndéanfar measúnú ar na héachtaí tosaigh a baineadh amach.

Leis an gcomh-mheastóireacht ex post/eatramhach ar na trí chlár sainaithneofar an bealach a rinne an clár reatha (an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna) na ceachtanna a foghlaimíodh faoina cláir a bhí ann roimhe a chur san áireamh, agus an bealach is féidir torthaí a úsáid chun tuilleadh feabhais a chur ar na cláir sa chéad timthriall cistiúcháin eile agus iad a chur san áireamh.

Cuspóir agus raon feidhme

Leis an meastóireacht ex post ar an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach, cuirfear measúnú neamhspleách ar fheidhmíocht fhoriomlán an dá ionstraim sin ar fáil.

Próiseas dhá chéim is ea an mheastóireacht ar an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht. Sa chéad chuid, a tugadh i gcrích i mí an Mhárta 2022, déantar measúnú ar an gcur chun feidhme agus ar a bhfuil bainte amach mar a cheanglaítear leis an Rialachán lenar bunaíodh an clár. Sa dara céim, atá ar siúl faoi láthair, díreofar ar mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar fadtéarmach agus ar na héifeachtaí inbhuanaitheachta.

Leis an meastóireacht eatramhach ar an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna cuirfear measúnú neamhspleách ar fheidhmíocht fhoriomlán an ionstraim sin ar fáil.

Sa mheastóireacht déanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach agus scrúdófar cé chomh maith agus a cuireadh na ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh sa chlár chomh maith leis na moltaí a d’eascair as cur chun feidhme na gclár a bhí ann roimh an gceann sin. Cuideoidh an mheastóireacht freisin le tuilleadh deiseanna a shainaithint maidir le simpliú agus laghdú ualaigh agus le machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna tosaigh a foghlaimíodh bunaithe ar an taithí a fuarthas.

Sa mheastóireacht ex post agus sa mheastóireacht eatramhach araon tabharfar aghaidh go sonrach ar na gnéithe seo a leanas:

·ábharthacht leanúnach na gcuspóirí;

·éifeachtacht;

·éifeachtúlacht agus scóip maidir le simpliú agus laghdú ualaigh;

·éifeachtaí luatha ar spriocghrúpaí;

·breisluach AE;

·comhleanúnachas inmheánach agus seachtrach, lena n-áirítear comhlántacht agus sineirgí.

Ina theannta sin, beidh torthaí na meastóireachtaí úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar shineirgí idir na trí chlár agus ar bhreisluach ailtireacht an chláir nua, agus chun moltaí a tharraingt suas le haghaidh an chláir reatha agus le haghaidh timthriallta cistiúcháin amach anseo.

Sna meastóireachtaí ex post déanfar measúnú ar éifeachtaí an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, agus sa mheastóireacht eatramhach déanfar measúnú ar éifeachtaí an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023. Sna meastóireachtaí breithneofar na gníomhaíochtaí uile a rinneadh sna tíortha rannpháirteacha uile agus in aon tír chomhlachaithe nach bhfuil san Aontas.

Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta a fhoilsiú agus a roinnt.

B. Rialáil níos fearr

Straitéis chomhairliúcháin

Díreoidh an comhairliúchán ar na daoine aonair, ar na heagraíochtaí agus ar na líonraí a bhféadfadh tionchar a bheith ag na cláir orthu, go díreach nó go hindíreach. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, saoránaigh agus spriocghrúpaí gníomhaíochtaí cistithe, eagraíochtaí a bhain tairbhe as cistí na gclár, agus ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais.

Seo a leanas na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a bheartaítear:

·an glao ar fhianaise seo, a bheidh ar oscailt le haghaidh aiseolais ar feadh 4 seachtaine;

·comhairliúchán poiblí ar líne, a bheidh ar oscailt ar feadh 12 sheachtain ar a laghad (ar fáil trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin Cloisimis uait i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus an deis ann freagra a thabhairt agus aighneachtaí a dhéanamh in aon cheann de na 24 theanga);

·sraith comhairliúchán spriocdhírithe bunaithe ar cheistneoirí agus ar agallaimh.

Beidh na gníomhaíochtaí sin ar siúl idir an ceathrú ráithe de 2023 agus an tríú ráithe de 2024 agus cuirfear chun cinn iad trí bhealaí ábhartha a úsáid.

Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ar leathanach an chomhairliúcháin laistigh de 8 seachtaine tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin phoiblí. Cuirfear tuarascáil achoimre ina mbeidh achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin uile i gceangal leis an doiciméad inmheánach oibre um meastóireacht, doiciméad atá le foilsiú sa dara ráithe de 2025.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? 

Is é is cuspóir don chomhairliúchán an bonn fianaise don mheastóireacht a neartú trí thuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile a bhailiú le haghaidh an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht, an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach agus an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.

An spriocphobal

Ar na príomhpháirtithe leasmhara a rachfar i gcomhairle leo le linn na meastóireachta, áirítear na páirtithe seo a leanas:

·spriocghrúpaí gníomhaíochtaí cistithe: an pobal, rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí cistithe;

·iarratasóirí agus tairbhithe na gclár cistiúcháin: líonraí, ardáin agus comhlachais ghairmiúla an Aontais Eorpaigh (lena n-áirítear Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais); eagraíochtaí na sochaí sibhialta; fondúireachtaí; údaráis phoiblí; ollscoileanna príobháideacha agus poiblí agus eagraíochtaí taighde eile atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis na cláir; cuideachtaí phríobháideacha; eagraíochtaí idirnáisiúnta; agus

·gníomhaithe eile a bhfuil tionchar acu: Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de na Coistí Cláir ábhartha freisin; grúpaí saineolaithe a thugann cúnamh d’Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí an Choimisiúin Eorpaigh; gníomhaireachtaí (e.g. an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha); Ranna an Aontais Eorpaigh agus sásraí ábhartha eile atá freagrach as na hionstraimí comhlántacha; pointí teagmhála náisiúnta an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.

Bailiú sonraí agus modheolaíocht

Sa mheastóireacht breithneofar céim chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a chistítear faoi na trí chlár. Tacófar leis sin le staidéar seachtrach. Baileofar sonraí trí mheascán modhanna:

·doiciméadacht ghinearálta a bhailiú agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi, le tacaíocht ó mhaitrís meastóireachta atá bunaithe ar líon teoranta ceisteanna meastóireachta a threoróidh bailiú sonraí agus anailís ar shonraí;

·doiciméadacht maidir le cás-staidéir a bhailiú agus a athbhreithniú;

·mapáil chuimsitheach, ina mbeidh anailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla ar phunann na gclár;

·agallaimh leathstruchtúrtha agus plé i ngrúpaí fócais le príomhpháirtithe leasmhara;

·ceistneoirí ar líne.

Déanfar anailís ar na sonraí ag céimeanna éagsúla den mheastóireacht, agus úsáid á baint as an meascán modhanna seo a leanas:

·an teoiric um athrú agus anailísí um rannchuidiú;

·anailís sonraí agus triantánú;

·mapáil agus léirshamhlú próisis/torthaí.

Baileofar sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla trí na córais atá ar fáil agus trí uirlisí tiomnaithe. Próiseas idirghníomhach a bheidh i mbailiú sonraí. Tabharfar aird ar shonraí imdhealaithe a bhailiú chun a áirithiú go ndéanfar sainiúlachtaí na ngrúpaí tairbhíocha uile a mheas. Is éard a bheidh sna hancairí suntasacha meastóireacht mheántéarmach an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach, meastóireacht a rinneadh in 2017, an measúnú tionchair a rinneadh in 2018 roimh fhoirmliú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, an chéad chuid den mheastóireacht ex post an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht a rinneadh in 2022, chomh maith leis na doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh na dtrí chlár.

Déanfar measúnú ar fhianaise freisin trí athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid bheartais ábhartha, ar dhoiciméid straitéise, ar staidéir théamacha, ar litríocht thánaisteach, ar shuirbhéanna agus ar chás-staidéir. Rachfar i gcomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara a shainaithnítear sa straitéis chomhairliúcháin.

(1) Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 an 17 Nollaig 2013, Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 an 14 Aibreán 2014, agus Rialachán (AE) Uimh. 2021/692 an 28 Aibreán 2021.