|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a d’fhéadfadh a bheith acu a thabhairt dúinn.
|
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Píoráideacht ar líne ar ábhar beo a chomhrac |
|
Príomh-AS – an t-aonad atá freagrach |
AS CONNECT – Aonad I.2 |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Moladh ón gCoimisiún |
|
Amchlár táscach |
R2 2023 |
|
Faisnéis bhreise |
- |
|
Is ar mhaithe le faisnéis amháin atá an doiciméad seo. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t-amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Mar a fógraíodh i gclár oibre 2023 an Choimisiúin, glacfaidh an Coimisiún Moladh maidir le píoráideacht ar ábhar bheo lena gcuirfear bosca uirlisí ar fáil chun sruthú neamhdhleathach imeachtaí beo a chomhrac, go háirithe imeachtaí spóirt. Áireofar sa tionscnamh neamhreachtach seo moltaí maidir le hábhar beo i gcomhréir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, lena bhforáiltear do bhearta ginearálta chun cur i gcoinne ábhar neamhdhleathach ar líne. Déantar obair leantach sa Mholadh ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le dúshláin eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach, a glacadh an 19 Bealtaine 2021. Sheol an Coimisiún obair ullmhúcháin tar éis an dearbhaithe a eisíodh le linn chaibidlíocht Threoir 2019/790/AE maidir le cóipcheart sa mhargadh aonair digiteach, agus dúirt sé ‘go ndéanfaidh sé measúnú ar dhúshláin eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach, go háirithe saincheisteanna a bhaineann le tarchur neamhdhleathach craoltaí spóirt ar líne’. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún de chúram ar an bhFaireachlann Eorpach Closamhairc staidéar mapála a dhéanamh ar na leigheasanna atá ann cheana i gcoinne píoráideacht ar líne ar ábhar spóirt, a foilsíodh i mí na Nollag 2021. Sa phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil agus sa phlean gníomhaíochta meán agus closamharc, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá le dlús a chur leis na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an bpíoráideacht. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Is é is aidhm don tionscnamh na modhanna is fearr dá bhfuil ar fáil i ndlí an Aontais a shainaithint ar modhanna iad chun cabhrú le craoltóirí agus le heagraithe imeachtaí beo, lena n-áirítear eagraithe imeachtaí spóirt, píoráideacht ar líne, i.e. atarchuir neamhúdaraithe craoltaí imeachtaí beo, a chosc. Is iondúil go mbíonn atarchuir neamhúdaraithe den sórt sin bunaithe ar ghabháil aindleathach an chomhartha chraolta. Is féidir leo dochar suntasach eacnamaíoch a dhéanamh d’eagraíochtaí craoltóireachta agus, ag brath ar chineál an imeachta bheo, d’earnálacha na cruthaitheachta agus an spóirt, agus caillteanais shuntasacha ioncaim mar thoradh air sin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás tarchuir bheo atá íogair ó thaobh ama de (e.g. cluichí sacair), a chailleann an chuid is mó dá luach nuair a chríochnaíonn an t-imeacht. Tá an bonneagar a úsáidtear le haghaidh atarchuir neamhúdaraithe imeachtaí beo ag síorathrú agus tá sé ag éirí níos sofaisticiúla, bunaithe ar shuíomhanna gréasáin a scaipeann sruthanna nó ar réitigh IPTV. Ar leibhéal an Aontais, tá 3.6 % den daonra i mbun tomhaltas neamhúdaraithe IPTV, rud a ghineann beagnach EUR 1 bhilliún d’ioncam neamhdhleathach a fhabhraítear ag soláthraithe IPTV neamhdhleathach 1 . Is gá réitigh éifeachtacha a shainaithint, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun rochtain ar atarchuir neamhúdaraithe a bhaint nó a bhlocáil go pras, agus aird chuí á tabhairt ar chineál an ábhair. Ní aithnítear eagraí na n-imeachtaí (e.g. eagraíocht spóirt) mar shealbhóir cirt faoi dhlí cóipchirt an Aontais. Mar sin féin, mar eagraí na n-imeachtaí sin ar a áitreabh féin, tá sé de cheart aige ligean dá scannánú, dá gcraoladh nó dá dtarchur ar líne. Féadfar an ceart sin a dheonú go heisiach d’eagraíocht chraoltóireachta ar leith 2 . Ag brath ar chineál an ábhair, d’fhéadfadh tarchur na n-imeachtaí beo sin sárú a dhéanamh freisin ar na cearta a dheonaítear faoi dhlí an Aontais d’eagraíochtaí craoltóireachta, do léiritheoirí scannán, do thaibheoirí agus d’údair (e.g. i gcás ceoil nó saothar ealaíne a áirítear i gcraoladh). Deonaítear cosaint shonrach d’eagraithe imeachtaí spóirt faoin dlí náisiúnta freisin i mBallstáit áirithe 3 . Tá foráil déanta cheana féin i reachtaíocht an Aontais maidir le leigheasanna éagsúla i gcoinne atarchuir neamhúdaraithe ábhair. Go háirithe, is creat láidir ginearálta é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a glacadh le déanaí chun cur i gcoinne ábhar neamhdhleathach ar líne. Leis sin, comhchuibhítear na rialacha maidir le sásraí fógra agus gníomhaíochta, agus déanfar cuíchóiriú ar phróiseáil na bhfógraí a sheoltar chuig soláthraithe seirbhísí óstála chun atarchuir neamhúdaraithe imeachtaí beo a bhaint. Thairis sin, le Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (Treoir Infosoc) agus Treoir 2004/48/CE maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IPRED), déantar comhchuibhiú ar urghairí ar féidir le sealbhóirí cirt a iarraidh ar sháraitheoirí nó ar idirghabhálaithe a mbaineann tríú páirtí úsáid as a gcuid seirbhísí chun ábhar neamhúdaraithe a shruthú. Úsáidtear urghairí a dhíríonn ar imeachtaí beo, lena n-áirítear imeachtaí spóirt, i mBallstáit áirithe. Molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit agus do ghníomhaithe margaidh an úsáid is fearr a bhaint as na huirlisí sin atá ann cheana le haghaidh cás sonrach atarchur neamhúdaraithe imeachtaí beo. Beidh sé d’aidhm aige freisin comhar a chur chun cinn idir gníomhaithe margaidh agus idir na húdaráis riaracháin ábhartha atá bunaithe i mBallstáit áirithe. Agus an moladh á ullmhú, cuirfear san áireamh staidéir agus tuarascálacha arna dtarraingt suas ag institiúidí éagsúla, lena n-áirítear Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (Staidéar ar urghairí blocála dinimiciúla san Aontas Eorpach, 2021; Staidéar ar bhearta reachtacha a bhaineann le sáruithe ar CMI ar líne, 2018) agus Parlaimint na hEorpa (Dúshláin roimh eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach.Measúnú breisluacha Eorpaigh, 2020; Forfheidhmiú Trasteorann ar Chearta Maoine Intleachtúla san Aontas Eorpach, 2021). |
|
An bunús atá le gníomhaíocht an Aontais (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Le hAirteagal 292 CFAE tugtar de chumhacht don Choimisiún moltaí a ghlacadh. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht an Aontais |
|
I ngeall ar an ngné thrasteorann de tharchur ar líne, a éascaítear ag cineál gan teorainn an Idirlín trínar féidir leis an lucht féachana san Aontas Eorpach rochtain a fháil ar ábhar a shruthaítear ó dhlínsí éagsúla, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais freisin chun comhar a chothú idir na húdaráis náisiúnta. Tá an moladh bunaithe ar ionstraimí dlí de chuid an Aontais atá ann cheana. Breathnófar leis ar an gcaoi a bhféadfaí úsáid níos éifeachtúla a bhaint as sásraí an Aontais atá ann cheana chun déileáil le cineáil dinimiciúil agus gan teorainn an tsruthaithe neamhúdaraithe ar líne d’imeachtaí beo. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Is é cuspóir an Mholta seo gníomhaíochtaí a leagan amach a moltar do na Ballstáit agus do ghníomhaithe margaidh iad a dhéanamh chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtúla le hatarchur neamhúdaraithe ar líne d’imeachtaí beo, ag díriú ar thrí phríomhréimse. Ar an gcéad dul síos, tabharfar aghaidh leis ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbainfear go pras ábhar a sainaithníodh mar atarchur neamhúdaraithe imeachta bheo. Ar an dara dul síos, breithneofar sa mholadh conas is féidir na leigheasanna dlíthiúla dá bhforáiltear i dTreoir IPRED a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar atarchur neamhúdaraithe imeachtaí beo, agus aird á tabhairt ar threoraíocht an Choimisiúin maidir le gnéithe áirithe de Threoir 2004/48/CE agus ar an taithí atá ag Ballstáit áirithe le hurghairí blocála dinimiciúla agus le hurghairí blocála beo. I ndáil leis sin, tabharfar aird ar leith sa mholadh ar an ngá atá le cearta bunúsacha a urramú. Ar deireadh, beidh sé d’aidhm ag an moladh comhar a fheabhsú i measc na n-údarás náisiúnta ábhartha agus idir sealbhóirí cirt agus idirghabhálaithe. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Meastar go gcuirfidh an moladh chun cinn cur i bhfeidhm na leigheasanna éifeachtúla atá ann cheana faoi dhlí an Aontais (sásraí fógra agus gníomhaíochta agus urghairí blocála) chun srian a chur le píoráideacht ar ábhar beo, agus na coimircí is gá chun cearta bunúsacha a chosaint á n-áirithiú an tráth céanna. Meastar freisin go méadóidh an moladh an comhar trasteorann idir na húdaráis náisiúnta. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Bunóidh an Coimisiún córas faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an mholta maidir le héifeachtacht na leigheasanna dlíthiúla, bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh go háirithe ó na Ballstáit, ó Fhaireachlann EUIPO um sháruithe ar chearta maoine intleachtúla, ó shealbhóirí cirt agus ó idirghabhálaithe. Áiritheofar leis sin go ndéanfar obair leantach iomchuí, lena n-áirítear trí reachtaíocht a mholadh mura mbainfear amach na torthaí inmhianaithe. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Níl measúnú tionchair á dhéanamh, ós rud é nár cheart go mbeadh tionchair nua shuntasacha ar ghníomhaithe margaidh ag baint leis an moladh ós rud é go mbeidh sé d’aidhm aige go príomha a áirithiú go gcuirfear rialacha an Aontais atá ann cheana i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtúla. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Is é is aidhm don Ghlao ar Fhianaise taithí agus fianaise a bhailiú ó na páirtithe leasmhara ábhartha uile maidir le píoráideacht ar líne ar imeachtaí beo agus maidir le feidhmiú rialacha ábhartha an Aontais agus na rialacha náisiúnta, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: 1)méid na n-atarchur neamhúdaraithe ar líne d’imeachtaí beo; 2)próiseáil fógraí ag idirghabhálaithe ar líne i gcás imeachtaí beo; 3)éifeachtúlacht urghairí blocála dinimiciúla agus urghairí blocála beo, agus na coimircí nós imeachta a ghabhann leo lena n-áirithítear cearta bunúsacha; 4)na cleachtais agus na dúshláin a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar atarchur neamhúdaraithe imeachtaí beo a dhéanann difear do roinnt Ballstát; 5)ról na n-údarás inniúil náisiúnta, go háirithe maidir le hurghairí blocála dinimiciúla agus urghairí blocála beo a úsáid, agus taithí comhair trasteorann nó deiseanna le haghaidh comhar trasteorann. Bhí an chéad phlé ag an gCoimisiún cheana féin leis na saineolaithe náisiúnta sa Choiste Teagmhála Cóipchirt 4 agus chuaigh sé i dteagmháil le páirtithe leasmhara chun na dúshláin shonracha atá rompu a thuiscint. Eagróidh an Coimisiún cruinnithe spriocdhírithe agus struchtúrtha freisin le páirtithe leasmhara (e.g. ardáin agus idirghabhálaithe ar líne, sealbhóirí cirt, comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí) agus leis na Ballstáit. |
|
An spriocphobal |
|
Áirítear go háirithe ar na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo sealbhóirí ceart maidir le tarchur imeachtaí beo agus craoltaí gaolmhara, amhail craoltóirí, eagraithe imeachtaí spóirt, eagraithe imeachtaí cultúrtha beo, tionscnóirí agus ionaid, ardáin agus idirghabhálaithe ar líne (soláthraithe seirbhíse idirlín, seirbhísí óstála gréasáin, néalseirbhísí, líonraí seachadta ábhair, seirbhísí ais-seachfhreastalaithe), údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, eagraíochtaí tomhaltóirí agus úsáideoirí, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. |