GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHTA

Teideal na meastóireachta

Rialacha maidir le státchabhair chun measúnú a dhéanamh ar ráthaíochtaí stáit ar iasachtaí – meastóireacht

Príomh-AS – an t-aonad atá freagrach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta – Aonaid D3-D4

Amchlár táscach

(an dáta tosaigh atá beartaithe agus an dáta críochnaithe atá beartaithe)

Dáta tosaigh: Q3-2022

An dáta críochnaithe atá beartaithe: Ráithe 1-2024

Faisnéis bhreise

Na hionstraimí cabhrach sonracha — Ráthaíochtaí Stáit: https://ec.europa.eu/competition-policy/state-aid/legislation/specific-aid-instruments_en

Is ar mhaithe le faisnéis amháin atá an doiciméad seo. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad, an t-amchlár san áireamh.

A. Comhthéacs polaitiúil, cuspóir agus raon feidhme na meastóireachta

An comhthéacs polaitiúil

Tá cur síos san Fhógra Ráthaíochta ar an gcaoi a ndéanann an Coimisiún measúnú ar ráthaíochtaí stáit maidir le dliteanais chuideachta – ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh a bheith ina státchabhair – i bhfoirm ráthaíochtaí aonair agus scéimeanna ráthaíochta araon.

Go háirithe, leagtar amach san Fhógra critéir cháilíochtúla agus tagairtí do thagarmharcanna margaidh le haghaidh ráthaíochtaí aonair, préimheanna ráthaíochta tearmainn le haghaidh ráthaíochtaí stáit atá saor ó chabhair, má dheonaítear iad d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus treoir maidir le scéimeanna ráthaíochta saor ó chabhair a dhearadh le haghaidh gach cineáil gnólachta, ar rudaí iad is féidir a úsáid freisin chun an ghné chabhrach a dhéanamh amach i ráthaíochtaí a bhaineann le cabhair.

De réir na reachtaíochta maidir le státchabhair, agus go háirithe an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine (GBER) agus an Rialacháin de minimis, ní mór an chabhair a bheith trédhearcach. Ciallaíonn sé sin nach mór a bheith in ann coibhéis deontais chomhláin na cabhrach ex ante a ríomh go beacht, gan aon ghá measúnú riosca a dhéanamh. Trí threoir a thabhairt do na Ballstáit chun cuidiú leo préimheanna ráthaíochta a bhunú atá i gcomhréir leis an margadh agus chun cuidiú leo méid na cabhrach a chinneadh (mar an difríocht idir na préimheanna muirearaithe agus préimheanna an mhargaidh), cuireann an Fógra Ráthaíochta le creat soiléir intuartha le haghaidh deonú iasachtaí ráthaíochta stáit.

Rinneadh athbhreithniú ar an bhFógra Ráthaíochta den uair dheireanach in 2008. Níl aon chlásal maidir le hathbhreithniú seasta ná aon dáta éaga ann agus ní dhearnadh meastóireacht air in aon ‘seiceáil oiriúnachta’ ó rinneadh an t-athbhreithniú deireanach air. Dá bhrí sin, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an bhFógra Ráthaíochta ar na cúiseanna seo a leanas:

I.Tá athrú suntasach tagtha ar dhálaí an mhargaidh ó 2008. Tá na rátaí úis íseal trí chéile mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda, ag an am céanna tá méadú ann faoi láthair ar an mbrú boilscitheach de dheasc phaindéim COVID agus ionradh na Rúise ar an Úcráin; 

II.Méadaíodh na ceanglais chaipitil de thoradh na géarchéime airgeadais domhanda. Thairis sin, tá forbairt tagtha ar chleachtais bainistithe riosca na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais le deich mbliana anuas; agus,

III.Chuir rialtais an Aontais líon mór modheolaíochtaí ráthaíochta in iúl don Choimisiún ón uair a rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an bhFógra Ráthaíochta in 2008.

Dá bhrí sin, tá fianaise nach beag ar fáil a léiríonn gur gá measúnú an bhfuil an Fógra Ráthaíochta oiriúnach dá chuspóir i gcónaí.

Cuspóir agus raon feidhme

Cuspóir

Is é príomhchuspóir na meastóireachta a sheiceáil an bhfuil an Fógra Ráthaíochta oiriúnach dá chuspóir i gcónaí. Fágann sin nach mór dúinn a mheas ar éirigh go maith leis an bhFógra, ar éascaigh sé an rochtain ar mhaoiniú ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, do ghnólachtaí beaga/meánmhéide agus do chuideachtaí móra araon, agus an raibh deacrachtaí ag tíortha an Aontais é a thuiscint nó scéimeanna a bhí i gcomhréir leis a chur chun feidhme.

I ndáil leis sin, déanfar anailís sa mheastóireacht ar an gcaoi ar oibrigh an Fógra le himeacht ama agus ar a mhéid a bhain sé amach na cuspóirí seo a leanas:

I)treoir a thabhairt maidir le préimheanna ráthaíochta atá i gcomhréir leis an margadh chun a chinntiú nach raibh státchabhair i gceist agus chun saobhadh iomaíochta a chosc;

II)an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do gheallsealbhóirí agus an trédhearcacht maidir le beartas an Choimisiúin a mhéadú, ionas go mbeidh a chinntí intuartha agus go n-áiritheofar cóir chomhionann; 

III)rialacha atá éasca le cur i bhfeidhm a thabhairt isteach le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú.

Raon feidhme

Ní chlúdóidh an mheastóireacht ach an Fógra Ráthaíochta agus cur chun feidhme na modheolaíochtaí ráthaíochta arna bhformheas ag an gCoimisiún. Ní chlúdóidh sí aon reachtaíocht thánaisteach eile maidir le státchabhair.

Creat ama agus ábhar

Clúdaíonn an mheastóireacht an tréimhse ó tháinig an Fógra Ráthaíochta i bhfeidhm in 2008 anall go dtí an lá inniu.

Déanfar measúnú ann ar gach cineál ráthaíochta stáit a chlúdaítear leis an bhFógra Ráthaíochta, amhail ráthaíochtaí aonair do gach cineál cuideachta, scéimeanna ráthaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus scéimeanna ráthaíochta do gach cineál cuideachta. Clúdóidh an measúnú bearta ráthaíochta a bhfuil gné den chabhair i gceist leo chomh maith leo siúd nach bhfuil aon chabhair i gceist leo.

Critéir na meastóireachta

Déanfar measúnú sa mheastóireacht ar na cúig chritéar seo a leanas:

Éifeachtacht 

·Cá mhéad a rannchuidigh an Fógra Ráthaíochta le préimheanna ráthaíochta atá i gcomhréir leis an margadh a chinneadh? 

·Cé chomh héifeachtach is a bhí na bearta ráthaíochta a bhain úsáid as an bhFógra Ráthaíochta chun saobhadh iomaíochta i margaí na dtáirgí a theorannú?

·Cé chomh héifeachtach is a bhí na bearta ráthaíochta a bhain úsáid as an bhFógra Ráthaíochta chun saobhadh iomaíochta idir idirghabhálaithe airgeadais a theorannú mar aon le saobhadh praghsanna sna margaí creidmheasa?

Éifeachtúlacht

·Cá mhéad a bhí ceanglais an Fhógra Ráthaíochta comhréireach leis an gcostas a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta a chur chun feidhme? 

·Ar chuidigh na bearta ráthaíochta a úsáideann an Fógra Ráthaíochta le cur chun feidhme scéimeanna a shimpliú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide?

Ábharthacht

·Cá mhéad atá an Fógra Ráthaíochta fós ábhartha le himeacht ama a mhéid a bhaineann le forbairtí maicreacnamaíocha, cobhsaíochta airgeadais agus rialála ó 2008 i leith?

Comhleanúnachas

·Cá mhéad atá an Fógra Ráthaíochta comhleanúnach go hinmheánach (i.e. cá mhéad a chomhlánaíonn na rialacha san Fhógra Ráthaíochta a chéile) agus atá sé comhleanúnach go seachtrach (i.e. cé chomh comhsheasmhach is atá an Fógra le reachtaíocht eile de chuid an Aontais Eorpaigh)?

Breisluach AE

·Ar soláthraíodh breisluach leis an bhFógra Ráthaíochta i gcomparáid le staid gan treoir den sórt sin?

B. Rialáil níos fearr

Straitéis chomhairliúcháin

Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí comhairliúcháin fianaise a bhailiú chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhFógra Ráthaíochta, i bhfianaise athruithe suntasacha ar dhálaí an mhargaidh, agus an riosca a eascraíonn as sin nach mbeidh bealaí áirithe a dhéanfaidh Ballstáit an Fógra a chur i bhfeidhm ailínithe leis na tagarmharcanna margaidh atá ann faoi láthair.

Ag an am céanna, ní mór dúinn a fháil amach a mhéid a d’éascaigh an Fógra rochtain ar mhaoiniú ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Seo gníomhaíochtaí comhairliúcháin a bheidh ann:

·Comhairliúchán poiblí 12 sheachtain ar líne dírithe ar an bpobal i gcoitinne (a seolfar mar chuid den ghlao seo ar fhianaise), le ceisteanna ardleibhéil i 24 theanga oifigiúla an Aontais, inar féidir le freagróirí freagra a thabhairt i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. 

Beidh rochtain ar an gcomhairliúchán poiblí trí thairseach gréasáin an Choimisiúin ‘Cloisimis uait’ agus cuirfear chun cinn é trí chainéil chumarsáide oifigiúla an Choimisiúin (na meáin shóisialta san áireamh) agus ag imeachtaí áirithe agus in óráidí.

Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar fáil don phobal i dtuarascáil achomair fhíorasach a fhoilseofar ar an suíomh Cloisimis Uait.

·Comhairliúcháin sainiúla i bhfoirm iarratais ar fhaisnéis chuig rialtais an Aontais agus ceistneoir spriocdhírithe. 

§Cruinneofar san iarratas ar fhaisnéis na sonraí comhdhlúite is gá maidir le ráthaíochtaí stáit agus seiceálfar comhréireacht mhargaidh na n-idirbheart is mó. Cuirfear faoi bhráid thíortha an Aontais é trína mBuanionadaíochtaí chuig an Aontas, agus beidh siad in ann freagra a thabhairt i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. 

§Tá an ceistneoir sainiúil dírithe ar pháirtithe leasmhara áirithe a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar ráthaíochtaí stáit nó a bhfuil saineolas ábhartha acu i réimse an riosca creidmheasa nó a ndéanann an soláthar sin difear dóibh. Beidh ceisteanna sonracha de chineál níos teicniúla sa cheistneoir seo, agus is i mBéarla amháin a bheidh sé ar fáil. Mar sin féin, beidh freagróirí in ann freagraí a chur isteach i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir teacht ar an gcomhairliúchán sin ar leathanach gréasáin comhairliúcháin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Léireofar achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin atá beartaithe i dtuarascáil achomair a chuirfear i gceangal leis an Doiciméad Inmheánach Oibre a chumhdaíonn an mheastóireacht.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? 

Ní dhearnadh athbhreithniú ar an bhFógra Ráthaíochta ó rinneadh an t-athbhreithniú agus an foilsiú is déanaí air in 2008. Dá bhrí sin, is mian leis an gCoimisiún a fháil amach ar éascaigh leis an bhFógra an rochtain ar mhaoiniú ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide agus do chuideachtaí móra araon, agus an raibh aon deacracht ag tíortha an Aontais é a thuiscint agus ar chuir siad chun feidhme scéimeanna a bhí i gcomhréir leis.

Cruinneoidh an mheastóireacht fianaise maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an Fhógra Ráthaíochta. Déanfar measúnú inti freisin ar ábharthacht an Fhógra, go háirithe toisc go bhféadfadh cuid de na sonraí margaidh tagartha (préimheanna tearmainn) a bheith imithe i léig i bhfianaise athruithe ar dhálaí an mhargaidh.

D’fhéadfadh sé go raibh iarmhairtí neamhbheartaithe ann mar thoradh ar an bhFógra Ráthaíochta, amhail buntáistí roghnaíocha d’idirghabhálaithe airgeadais, saobhadh iomaíochta idir cuideachtaí i dtíortha éagsúla den Aontas, nó infheisteoirí príobháideacha a bhrú amach.

Le linn na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin don mheastóireacht cruinneofar tuairimí agus taithí ó na páirtithe leasmhara uile.

An spriocphobal

Is iad na húdaráis bhainistíochta agus cur chun feidhme i dtíortha an Aontais príomh-spriocphobal na meastóireachta. Mar sin féin, rachaidh an mheastóireacht i dteagmháil freisin le hinstitiúidí ráthaíochta agus idirghabhálaithe airgeadais a chuireann ráthaíochtaí agus cineálacha eile cosanta creidmheasa ar fáil. Áireofar ann freisin comhlachais de chuid thionscal an airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh ó mhargaí an chreidmheasa agus na ndíorthach creidmheasa.

Measann an Coimisiún freisin go bhfuil sé an-tábhachtach tuairimí agus taithí cuideachtaí de gach méid agus comhlachais ghnó a dhéanann ionadaíocht orthu a chloisteáil.

Ar deireadh, is mian linn go dtógfadh an mheastóireacht ar aiseolas ó thaighdeoirí agus ón saol acadúil.

Bailiú sonraí agus modheolaíocht

Níl a dhóthain sonraí nithiúla ar fáil ag an gCoimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhFógra Ráthaíochta. Is amhlaidh atá toisc nach mbaineann cinntí an Choimisiúin faoi roinn 3.4 den Fhógra Ráthaíochta ach leis na modheolaíochtaí agus ní leis na modheolaíochtaí sin a chur chun feidhme ina dhiaidh sin.

Dá réir sin, níl aon fhaisnéis iomlán ag an gCoimisiún faoi na scéimeanna ráthaíochta iarbhír a chuireann na modheolaíochtaí sin i bhfeidhm le himeacht ama ná faoi aon sonraí mionsonraithe faoi na hidirbhearta a rinneadh faoi na scéimeanna sin. Ar an gcúis sin, seolfaidh an Coimisiún iarratas ar fhaisnéis chuig na Ballstáit, rud a bhfuil cur síos air thuas.

Ina theannta sin, seolfaidh an Coimisiún tairiscint le haghaidh tuarascáil shonrach ar an bhFógra Ráthaíochta. Cuirfidh conraitheoir seachtrach an tuarascáil i dtoll a chéile ó Ráithe 4 de 2022 ar aghaidh agus déanfar measúnú inti ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

·tionchar an Fhógra ar na margaí creidmheasa, ar bhealach níos nithiúla, a éifeachtaí agus a éifeachtúla a bhí cur i bhfeidhm an Fhógra maidir leis an gcuspóir ginearálta a bhaint amach, is é sin margadh aonair comhtháite agus éifeachtúil a áirithiú, lena n-áirítear iomaíocht shaor agus chóir idir idirghabhálaithe airgeadais agus idir cuideachtaí ar mhargaí táirgí;

·conas a d’oibrigh na córais praghsála a chuirtear i bhfeidhm, i gcomparáid leis na córais praghsála optamacha le haghaidh ráthaíochtaí stáit, atá comhsheasmhach le himeacht ama, a bhfuil paraiméadair tagartha (margaí) oibiachtúla agus inbhraite mar ionchur acu, agus an fhéidearthacht go dtabharfaí buntáistí roghnaitheacha aonair do thairbhí na ráthaíochta a íoslaghdú;

·ar baineadh amach an chothromaíocht cheart idir simplíocht agus cruinneas leis an réiteach simplithe do bhearta atá dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide; 

·comhleanúnachas inmheánach na rialacha san Fhógra Ráthaíochta agus comhsheasmhacht an Fhógra le reachtaíocht agus treoir eile de chuid an Aontais maidir le státchabhair. 

Cuirfear an tuarascáil i gceangal leis an meastóireacht.

Déanfar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin agus an staidéar a chomhlánú leis an méid seo a leanas:

·Na sonraí staidrimh atá ar fáil; 

·Taithí an Choimisiúin i gcásanna sonracha roimhe seo.