|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a d’fhéadfadh a bheith acu a thabhairt dúinn, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Táirgí íocshláinte agus cosanta plandaí – nós imeachta aonair maidir le SPCanna a dheonú |
|
Príomh-AS (an t-aonad atá freagrach) |
GROW C4 – An geilleagar doláimhsithe |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Togra reachtach/tograí reachtacha |
|
Amchlár táscach |
Glacadh an togra/na dtograí ag an gCoimisiún faoi R4 2022 |
|
Faisnéis bhreise |
Suíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh-AS GROW maidir le SPCanna |
|
Is ar mhaithe le faisnéis amháin atá an doiciméad seo. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t-amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Faoi mar a cuireadh i dtábhacht i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin um maoin intleachtúil 1 (‘an plean gníomhaíochta maidir le maoin intleachtúil’), is bunchloch gheilleagar an lae inniu iad sócmhainní doláimhsithe. Ní mór do chreat éifeachtach maoine intleachtúla (‘IP’) cothromaíocht a bhaint amach idir nuálaíocht a chur chun cinn trí mhaoin intleachtúil a chosaint ar thaobh amháin agus gan bac a chur ar rochtain cuideachtaí ar IP agus ar an margadh aonair ar an taobh eile. I measc na gcineálacha IP, is iad na paitinní is mó tábhacht. Tá na paitinní rí-thábhachtach chun tacú leis an Aontas ina chuid oibre chun aontas sláinte na hEorpa a thógáil agus i dtionscnaimh ghaolmhara amhail an tÚdarás nua Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), agus an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip. Déanann paitinní difear do chinntí infheistíochta ar fud na n-éiceachóras tionsclaíoch uile, amhail cinntí maidir le teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha a leathadh amach. Tá siad ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí mar sin i sraith beartas tionsclaíoch an Aontais agus beidh ról rí-thábhactach acu freisin san Ionstraim Eorpach um Shliseanna. atá le teacht. D'ainneoin thábhacht straitéiseach na bpaitinní, tá dlí paitinne an Aontais teoranta agus ilroinnte go leor. Is gá dlí paitinne an Aontais a athchalabrú chun cur le hathléimneacht ár gcórais paitinne agus chun tacú le haistriú dúbailte an Aontais (digiteach agus glas). Le seoladh Chóras na bPaitinní Aonadacha go luath, is mithid freisin dlí paitinne an Aontais a fheabhsú agus rochtain ar theicneolaíochtaí criticiúla a éascú. Forbróidh an Coimisiún pacáiste comhleanúnach cothrom dá bhrí sin, ina mbeidh trí thogra a bhaineann le paitinní. Cumhdóidh na tograí sin, a fhógraítear sa phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil, deimhnithe forlíontacha cosanta, ceadúnú éigeantach agus bunphaitinní caighdeán (‘SEPanna’). Tá na cuspóirí coiteanna acu amhail: (i) deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a mhéadú; agus (ii) ilroinnt agus costais idirbheart a laghdú. Is ceart maoine intleachtúla sui generis iad na Deimhnithe Forlíontacha Cosanta (SPCanna) a chuireann síneadh suas le cúig bliana 2 le téarma paitinne. Tá feidhm ag SPCanna maidir le táirgí íocshláinte nuálacha agus táirgí cosanta plandaí nuálacha. Is é is aidhm do SPCanna caillteanas na cosanta paitinne éifeachtaí a fhritháireamh, ar caillteanas é a tharlaíonn mar gheall ar an tástáil fhada is gá a dhéanamh ar na táirgí sin roimh a n-údarú margaíochta rialála. Reachtaíocht ábhartha an Aontais is ea Rialacháin (CE) Uimh. 469/2009 agus (CE) Uimh. 1610/96 maidir le SPC lena gcumhdaítear táirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí faoi seach. San Aontas Eorpach, tá SPCanna ar fáil do phaitinní a rialaítear ar dhá leibhéal – agus go luath ar thrí leibhéal. 1.Reachtaíocht náisiúnta na 27 mBallstát maidir le paitinní náisiúnta – arna chomhdú agus ara ndeonú i ngach Ballstát ina n-iarrtar an chosaint – le forghníomhú ag cúirteanna náisiúnta. 2.An Coinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach, lena mbunaítear ionad ilfhreastail chun paitinní Eorpacha a chomhdú, a scrúdú agus a dheonú ag Oifig Eorpach na bPaitinní. A luaithe a dheonaítear í, ní mór paitinn Eorpach a bhailíochtú i ngach Ballstát den Aontas ina bhfuil cosaint á lorg. Tugann sí na cearta céanna dá húinéir agus a thugtar le paitinn náisiúnta agus tá sí le forfheidhmiú os comhair cúirteanna náisiúnta. 3.Pacáiste AE na bPaitinní Aonadacha 3 lena dtabharfar isteach go luath paitinn Eorpach le héifeacht aonadach (an phaitinn aonadach) agus dlínse aonair, eadhon Cúirt Aontaithe Paitinní (UPC), le haghaidh Bhallstáit rannpháirteacha an Aontais. A luaithe a thiocfaidh an córas sin i bhfeidhm, beifear in ann paitinní aonadacha, paitinní Eorpacha (faoi phointe 2 thuas) agus SPCanna atá bunaithe orthu sin a fhorfheidhmiú roimh UPC. Sa phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil cuirtear i dtábhacht an gá atá ann dul i ngleic leis an IP system atá fós ann i gcóras um maoin intleachtúil an Aontais. Ar dtús, is ar bhonn náisiúnta amháin atá SPCanna ar fáil. Sa straitéis chógaisíochta don Eoraip, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt chun cógais nuálacha a fhorbairt, agus an tráth céanna cuireadh béim go mbeidh dúbláil agus neamhéifeachtúlacht ina dtoradh ar na difríochtaí ar fud na mBallstát maidir le cearta maoine intleachtúla a chur chun feidhme – go háirithe SPCanna – lena gcosnaítear táirgí nuálacha den sórt sin. Déanann sé sin difear do’iomaíochas an tionscail cógaisíochta. Mar a fógraíodh sna straitéisí sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar bhearta chun córas SPC a bharrfheabhsú chun é a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla. Sna conclúidí ón gComhairle maidir le beartas maoine intleachtúla an 10 Samhain 2020, spreagadh an Coimisiún tionscnaimh a chur i láthair chun cosaint maoine intleachtúla a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n-áirítear córas SPC. Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil (2021/2007(INI)), iarrtar ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar ilroinnt SPC, agus iarrtar ar na Ballstáit tacú le teideal aonadach SPC a bhunú. Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún in 2020C ar reachtaíocht SP, deimhníodh éifeachtacht SPCanna mar dhreasachtaí chun táirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí a fhorbairt. Cuireadh i dtábhacht freisin roinnt fadhbanna (féach thíos). Ar deireadh, de thoradh phaindéim COVID-19, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé córas láidir cothrom maoine intleachtúla a bheith ann chun dreasachtaí a chur ar fáil chun cóireálacha agus vacsaíní nua a fhorbairt, agus ar an ngá atá le faisnéis thrédhearcach a bhfuil teacht éasca uirthi maidir le stádas chearta maoine intleachtúla lena gcosnaítear teicneolaíochtaí criticiúla, chun comhoibriú a éascú. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
I meastóireacht 2020 an Choimisiúin ar reachtaíocht SPC, thángthas ar an gconclúid gurb é an t-easnamh is mó atá ar an gcóras reatha gur ar bhonn náisiúnta a dheonaítear SPCanna agus a riartar iad. Faoi láthair, déantar iarratais SPC a chomhdú ag an oifig náisiúnta paitinne i ngach Ballstát de chuid an Aontais ina bhfuil cosaint á lorg agus inar deonaíodh paitinn bhunúsach, paitinn ar cheart síneadh a chur léi. Déanann sin dochar dá n-éifeachtacht agus dá n-éifeachtúlacht. Sainaithníodh na fadhbanna seo a leanas. 1. Torthaí éagsúla ar na nósanna imeachta um dheontais ar fud na mBallstát Leagtar amach critéir incháilitheachta aonfhoirmeacha sna Rialacháin maidir le SPC. Is minic a tharlaíonn sé 4 , áfach, gur dheonaigh roinnt Ballstát SPCanna ach gur dhiúltaigh Ballstáit eile d’iarratais chomhionanna, nó gur dheonaigh siad SPCanna lena mbaineann raon feidhme éagsúil. Cruthaíonn sé sin éiginnteacht dhlíthiúil agus bacainní míchuí ar iontráil táirgí cineálacha iomaíocha 5 . 2. Easpa cosanta aonadaí SPC don phaitinn aonadach amach anseo Faoin reachtaíocht reatha SPC, ní fhéadfaí síneadh a chur le paitinní aonadacha sa todhchaí ach amháin trí SPCanna náisiúnta. D’fhágfadh sé sin nach mbeadh cosaint aonadach ar fáil le linn thréimhse chosanta iomlán na dtáirgí íocshláinte nó na dtáirgí cosanta plandaí. 3. Trédhearcacht fho-optamach maidir le faisnéis a bhaineann le SPC Leagtar amach sna Rialacháin maidir le SPCanna rialacha faoi fhoilsiú sonraí clárúcháin. Mar sin féin, tá roinnt fadhbanna agus neamhréireachtaí náisiúnta ag baint le trédhearcacht na faisnéise a bhaineann le SPCanna tagtha chun cinn. Deimhníonn páirtithe leasmhara go bhfuil sé sin ina chúis le héiginnteacht dhlíthiúil, e.g. is minic a bhíonn deacrachtaí roimh mhonaróirí táirgí cineálacha measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an táirge a bhfuil sé mar aidhm acu dul in iomaíocht leis fós faoi chosaint SPC nó nach bhfuil i mBallstáit éagsúla. 4. Costas ard agus ualach riaracháin ard le haghaidh úsáideoirí SPC Déanann gach oifig náisiúnta paitinní scrúdú ar iarratais SPC. Féadfaidh sé a chinneadh ansin SPC a dheonú dá chríoch i gcomhréir le ceanglais atá sna Rialacháin maidir SPC. Deonaíodh breis agus 20 000 SPC ó bhí 1993 ann. Is é an toradh a bhíonn ar roinnt SPCanna náisiúnta éagsúla a bheith ann (féach roinn C thíos) ardchostais chlárúcháin agus chothabhála le haghaidh úsáideoirí SPCanna, chomh maith le hualach riaracháin trom, rud a dhéanann difear go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) nuálacha. Déanfar SPCanna a fhorfheidhmiú os comhair cúirteanna náisiúnta. Bíonn tionchar ag na fadhbanna seo ar na páirtithe leasmhara seo a leanas. -Na cuideachtaí sin a fhorbraíonn táirgí íocshláinte nuálacha agus táirgí cosanta plandaí nuálacha (tionscnóirí), lena n-áirítear FBManna, bíonn ualach breise riaracháin orthu mar aon leis na costais bhreise a eascraíonn as an gcóras SPC ilroinnte atá ann faoi láthair. Deimhníodh i gcomhairliúchán poiblí an Choimisiúin in 2018 go bhfuil an ilroinnt ina cúis le héiginnteacht dhlíthiúil toisc go bhféadfadh cinntí maidir le deonú SPCanna agus dlíthíocht a bhaineann le SPCanna a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. -Tionscail na dtáirgí cineálacha atá bunaithe san Eoraip agus soláthróirí comhábhar gníomhach cógaisíochta, go háirithe FBManna, bíonn siad faoi mhíbhuntáiste maidir lena n-intuarthacht gnó ar fud an mhargaidh aonair mar gheall ar ilroinnt an chórais SPC agus a thrédhearcacht fho-optamach. Tá costais arda ag baint le faireachán a dhéanamh ar SPCanna náisiúnta. -Thuairiscigh roinnt oifigí náisiúnta paitinne i suirbhé Allensbach go raibh fadhbanna ag baint le castacht mhéadaithe na scrúduithe ar iarratais SPCanna, go háirithe le haghaidh oifigí a bhfuil acmhainní teoranta riaracháin acu. Tá an chastacht chéanna ag brú ar chúirteanna náisiúnta freisin. -Gníomhairí/aturnaetha maoine intleachtúla a bhíonn ag plé le clárú, faireachán agus forfheidhmiú SPCanna, bíonn dúshláin os a gcomhair, ar dúshláin iad a bhfuil cur síos déanta orthu i gcás tionscnóirí agus tionscail táirgí cineálacha, má dhéileálann siad le cosaint maoine intleachtúla i roinnt Ballstát. -Le hilroinnt agus easpa trédhearcachta na faisnéise sin a bhaineann le SPCanna, fágtar gur féidir le hearnálacha cúraim sláinte, othair agus úsáideoirí tairgí cosanta plandaí i mBallstát amháin tairbhe a bhaint as teacht isteach tráthúil táirgí cineálacha agus leigheasanna comhchosúla inacmhainne sa mhargadh, ach i dtír eile ní féidir leo. D’fhéadfadh sé freisin go gcuirfí bac ar cheannach comhpháirteach cógas ar leith do roinnt Ballstát de chuid an Aontais más éagsúil raon feidhme agus/nó fad na SPCanna ábhartha sna Ballstáit sin. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an Aontas deireadh a chur le bacainní ar an margadh aonair a chumhdaítear le hAirteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá bonn cirt le gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú aonfhoirmeach agus éifeachtach an mhargaidh aonair a áirithiú i gcás na dtáirgí lena mbaineann. Rialaítear SPCanna le reachtaíocht thánaisteach de chuid an Aontais atá bunaithe ar Airteagal 114 CFAE. Is í an chéad mhír d’Airteagal 118 CFAE, i ndáil le cearta maoine intleachtúla Eorpacha a chruthú, an bunús dlí do Rialachán Uimh. 1257/2012 maidir le cosaint aonadach phaitinne. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhunús dlí chun SPC aonadach a chruthú. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Ní féidir ach le reachtóir an Aontais leasuithe ar Rialacháin SPC a ghlacadh. Córas aitheantais ar SPCanna de chuid an Aontais, córas arna dheonú ag údaráis náisiúnta nó ag údarás deontas láraithe/fíorúil, ní fhéadfaí sin a chur ar bun ach amháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. |
|
B. Cuspóirí agus roghanna beartais |
|
Is é is aidhm don tionscnamh seo nuálaíocht agus iomaíochas a chur chun cinn san Aontas, chomh maith leis an gcóras cúraim sláinte a fheabhsú, trína áirithiú go bhfuil an córas SPC oiriúnach don mhargadh aonair agus chun críocha na haoise digití, agus go mbeidh sé i bhfad níos intuartha, níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla dá úsáideoirí (lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta). Sainchuspóirí beartais: 1.deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir leis an nós imeachta chun SPCanna a dheonú; 2.cosaint aonadach SPC a sholáthar i ndáil le paitinní aonadacha; 3.faisnéis a bhaineann le SPC a dhéanamh níos trédhearcaí (e.g. faisnéis níos soiléire, níos inrochtana, níos sothuigthe agus níos éasca a thuiscint); 4.an costas agus an t-ualach a bhaineann le cosaint SPC a fháil agus a choinneáil ar bun san Aontas a laghdú. Chun na cuspóirí beartais sin a bhaint amach, tá na roghanna seo a leanas á mbreithniú ag an gCoimisiún. a)Cás bunlíne: gan athrú ar an mbeartas. Leanfadh an córas SPC de bheith ag feidhmiú ar bhonn rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta atá ann cheana. D’fhéadfadh sé go leanfadh na Ballstáit ar aghaidh ar bhealach neamh-chomhordaithe chun a gcleachtais SPC a athchalabrú, lena mbainfeadh cineálacha éagsúla cur chuige ann i gcónaí ar fud an mhargaidh aonair. Bheadh na fadhbanna a sainaithníodh i Roinn A fós ann, fiú dá leanfadh an Coimisiún de chur chun feidhme na Rialachán maidir le SPC a chur chun cinn ar bhealach níos fearr. Ní fhéadfaí síneadh a chur le paitinní aonadacha sa todhchaí ach amháin trí SPCanna náisiúnta. b)Ionstraimí neamhreachtacha: treoirlínte atá bunaithe ar dhea-chleachtais na n-oifigí náisiúnta paitinne agus ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), arb é is aidhm dóibh an córas reatha SPC a chomhchuibhiú tuilleadh (d’fhéadfadh sé sin cuidiú chun cuspóirí 1 agus 3 a bhaint amach). Mar sin féin, ní laghdódh sé sin an costas ná an t-ualach a bhaineann le nósanna imeachta náisiúnta comhthreomhara iolracha (cuspóir 4), ná ní sholáthródh sé cosaint aonadach SPC i ndáil le paitinn aonadach (cuspóir 2). c)Athruithe reachtacha, mar aon le hathruithe neamh-reachtacha b’fhéidir 1c.1) Córas láraithe a chruthú le haghaidh cosaint SPC san Aontas, d’fhonn an costas agus an t-ualach a laghdú (cuspóir 4) agus nós imeachta níos intuartha a dhéanamh den nós imeachta chun SPCanna a dheonú (cuspóir 1). Le córas láraithe d’éascófaí bunú bunachar sonraí digiteach a bheadh caighdeánaithe, coiteann agus a mbeadh fáil phoiblí orthu (cuspóir 3). D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an gcóras láraithe sin: -SPC aonadach (rud a chuideodh freisin le cuspóir 2 a bhaint amach) lena gcomhlántar an phaitinn aonadach a bheidh ann amach anseo; -nós imeachta aontaithe chun (beartáin) SPCanna náisiúnta a dheonú, gan SPC aonadach a chruthú; -meascán den dá cheann. Déanfar gnéithe mionsonraithe córais láraithe SPC a mheasúnú i measúnú tionchair (e.g. údarás scrúdúcháin agus deonúcháin (údarás fíorúil comhdhéanta de shaineolaithe SPC ó na Ballstáit, nó údarás de chuid an Aontais), socruithe teanga (Béarla amháin nó ilteangach), athbhreithniú breithiúnach, etc.). c.2) Leasuithe spriocdhírithe ar na Rialacháin maidir le SPC bunaithe ar dhea-chleachtais na n-oifigí náisiúnta paitinne agus cásdlí CBAE lena ndírítear ar an gcóras reatha SPC a chomhchuibhiú tuilleadh (cuspóirí 1 agus 3). |
|
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Tionchair eacnamaíocha is dócha a bheidh ann Is é an tAontas Eorpach an dara margadh domhanda is mó le haghaidh táirgí íocshláinte. Caitear 20 % de chaiteachas an Aontas ar chúram sláinte ar earraí leighis, sin é 10 % de OTI an Aontais7. Is ó bhuiséid phoiblí a thagann os cionn 80 % den chaiteachas sin 6 . Nuair a dearadh SPC AE, bhí coinne leis go gcuirfeadh sé moill ar tháirgí íocshláinte cineálacha teacht isteach sa mhargadh, rud a d’fhágfadh go mbeadh cógais leighis níos dorochtana agus róchostasach 7 . Mar sin féin, bhí coinne leis go ndéanfaí é sin a fhritháireamh tríd an ngá a bhí le cuideachtaí nuálacha infheistíochtaí taighde agus forbartha a aisghabháil, i gcomhthéacs an mhéadaithe sheasta san am a raibh gá leis chun táirgí nua a fhorbairt agus i bhfianaise na gcostas a bhaineann le táirgí nua a fhorbairt, agus ar iomaíocht dhomhanda atá ag dul i méid. In 2019, rinneadh 964 iarratas ar SPC a chomhdú sna 27 dtír de chuid an Aontaiss. Is í an Ghearmáin a fuair an líon is mó iarratas, is é sin 67 n-iarratas le haghaidh táirgí íocshláinte agus 16 iarratas le haghaidh táirgí cosanta plandaí. Tá méadú tagtha le himeacht na mblianta ar chumhdach geografach SPCanna le haghaidh táirgí íocshláinte (rinneadh iarratas ar SPCanna in 20 Ballstát de chuid an Aontais ar an meán in 2014) 8 . Sa mheastóireacht SPC a rinneadh in 2020 meastar gurb é EUR 152 765 costas na cosanta SPC i dtéarmaí táillí riaracháin i ngach tír AE-27 agus gurb é EUR 137 610 an costas i gcás cosaint SPC. Is féidir go dtiocfaidh méadú suntasach ar na costais sin mar gheall ar tháillí inmheánacha agus táillí seachfhoinsithe dlíodóirí paitinne. Maidir le dlíthíocht, d’fhéadfadh idir EUR 50 000 agus EUR 250 000 in aghaidh na dlínse a bheith i gceist do na páirtithe. Tá sé sin sách íseal (0.08 %) i gcomparáid leis an meastachán ar chostas íseal-raoin, is é sin EUR 600 milliún chun cógas leighis nua a chur ar an margadh, ach d’fhéadfadh sé a bheith suntasach do FBManna fós. Is féidir coinne a bheith leis go laghdóidh SPC aonadach, nó nós imeachta aontaithe deontas (rogha c.1 thuas) an t-ualach reatha de chuid suas le 27 nós imeachta comhthreomhara agus an iliomad táillí gaolmhara riaracháin agus gníomhairí. Na buntáistí a bhainfeadh le deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bheadh ann de thoradh córas SPC níos fearr do mhonaróirí táirgí cineálacha agus leigheasanna bithchosúla (arb ionann é agus thart ar 67 % de mhéid na gcógas forordaithe uile arna n-oideasú san Aontas), bheadh na buntáistí sin mór, fiú dá mbeadh sé níos deacra é a chainníochtú. Ní mór measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí buiséadacha agus sláinte poiblí a d’fhéadfadh a bheith ag SPC aonadach ar Bhallstáit an Aontais ar ní b’ísle, ós rud é nach n-úsáidtear SPCanna chomh forleathan céanna sna tíortha sin. Tionchair shóisialta is dócha a bheidh ann Is é is aidhm don tionscnamh seo feabhas a chur ar na dreasachtaí a thugann an tAontas Eorpach don nuálaíocht cógaisíochta agus agraiceimiceach, rud a fhágann go bhfuil níos mó táirgí agus seirbhísí níos fearr ann do dhaoine aonair. Cuireann na hearnálacha sin líon mór post ardcháilithe agus breisluacha ar fáil san Eoraip 9 . Maidir leis an gcógaisíocht, le dreasachtaí níos fearr mar aon le deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, chuirfí leis an bhfáil atá ar chógais leighis d’othair, ar chógais leighis iad atá nuálach agus cineálach/bithchosúil. Teacht isteach tráthúil táirgí cineálacha/bithchosúla, tá sé sin ríthábhachtach maidir le hinbhuanaitheacht na mbuiséad sláinte poiblí i gcomhthéacs dhaonra an Aontais atá ag dul in aois. Ní dócha go mbeidh tionchar diúltach ag an tionscnamh seo ar chearta bunúsacha ná nach mbeidh aon tionchar aige ar an gcomhshaol. Trí SPC aonadach agus nós imeachta aontaithe deontas cúrsaí, dhéanfaí cúrsaí a shimpliú agus an t-ualach riaracháin agus na costais a laghdú d’iarratasóirí SPC araon. Aon chostas nua chomh maith le tairbhí féideartha a eascraíonn as na roghanna beartais, déanfar measúnú orthu agus aird ar leith á tabhairt ar an ualach riaracháin |
|
D. Ionstraimí maidir le rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair (MT) |
|
Leis an measúnú tionchair, déanfar measúnú ar na roghanna a leagtar amach thuas chun an meascán is cost-éifeachtúla de na roghanna a chinneadh. Chuirfí tús le dréachtú an mheasúnaithe tionchair sa chéad ráithe de 2022. Rinne an Coimisiún roinnt staidéir eacnamaíocha agus dlíthiúla 10 chun anailís a dhéanamh (bunachar fianaise agus bailiú sonraí) ar na saincheisteanna atá leagtha amach sa Ghlao seo ar Fhianaise. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
I dteannta an Ghlao seo ar Fhianaise, ní dhéanfar aon chomhairliúchán poiblí breise. Tá suirbhéanna agus comhairliúcháin 11 le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí in 2018, tugtha i gcrích ag an gCoimisiún agus trí thríú páirtithe ar conradh. Rinne AS GROW comhurraíocht ar dhá chomhdháil ar SPCanna in München (2017 agus 2018), agus ghlac sí part iontu, le raon leathan páirtithe leasmhara mar a aithníodh i mapáil na bpáirtithe leasmhara thuas. Bhí an Coimisiún rannpháirteach sna cruinnithe bliantúla de chuid shaineolaithe SPC na mBallstát. Tá páipéir sheasaimh maidir leis an SPC eisithe ag comhlachais an tionscail cógaisíochta de chuid an Aontais (e.g. EFPIA agus Leigheasra don Eoraip). |
|
Cén fáth a mbíonn comhairliúcháin á ndéanamh againn? |
|
Is é is aidhm do a suirbhéanna agus na comhairliúcháin a tugadh i gcrích tuairimí na bpáirtithe leasmhara a lorg maidir le hathchalabrú gnéithe áirithe de chosaint SPC chun dul i ngleic, inter alia, leis an ilroinnt agus leis an trédhearcacht fho-optamach. |
|
An spriocphobal |
|
Iarradh ar pháirtithe leasmhara (a liostaítear i gcuid A) a dtuairimí a thabhairt maidir leis na fadhbanna agus na roghanna thuas. |