GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
Tá sé d'aidhm ag an doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a d’fhéadfadh a bheith acu a thabhairt dúinn. Ba cheart duit an doiciméad seo a thabhairt chun críche ag na céimeanna is luaithe den phróiseas ullmhúcháin, chun gur féidir an úsáid is fearr a bhaint as aiseolas ó pháirtithe leasmhara. |
|
Teideal an tionscnaimh |
Tuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2022 – Tuiscint níos fearr ar an nascadh idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach |
An Príomh-AS – an t-aonad freagrach |
Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, Aonad A5 Fadbhreathnaitheacht agus Cumarsáid Straitéiseach |
An Cineál Tionscnaimh is dóchúla |
Teachtaireacht ón gCoimisiún |
Amchlár Táscach |
R4 2022 |
Faisnéis bhreise |
https://ec.europa.eu/info/strategy/strategic-planning/strategic-foresight_ga |
A. Comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
Comhthéacs polaitiúil |
·Is é is aidhm do Mhargadh Glas na hEorpa an tAontas Eorpach a iompú ina shochaí chothrom rathúil ina mbeidh na nithe seo a leanas: geilleagar nua-aimseartha atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch agus nach bhfuil aon astaíochtaí glana gás ceaptha teasa ann faoi 2050 agus ina bhfuil fás eacnamaíoch scartha ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag claochlú digiteach an Aontais gnólachtaí agus daoine a chumhachtú i dtodhchaí dhigiteach atá dírithe ar an duine, inbhuanaithe agus níos rathúla. Tá an dá phróiseas ar siúl san am céanna agus bíonn tionchar acu ar a chéile. ·Tá tús áite ag na haistrithe glasa agus digiteacha sin – na ‘haistrithe nasctha’ – i gclár oibre polaitiúil an Aontais Eorpaigh, agus múnlóidh siad an Eoraip agus todhchaí na hEorpa. ·Chun cuspóirí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, is é sin go mbeidh an Eoraip níos glaise, níos oiriúnaí don teicneolaíocht agus níos cothroime, tá roinnt tionscnamh glactha ag an gCoimisiún agus tá spriocanna soiléire leagtha síos aige. ·Chun an t-aistriú chuig sochaí níos glaise agus níos digití a bhaint amach, tá gá le dearcadh fadbhreathnaitheach maidir leis na blianta idir seo agus 2050, agus le hanailísiú domhain ar na hidirnaisc idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus ar conas iad a dhaingniú. Is sa chomhthéacs sin is féidir breisluach a chur le ceapadh beartas trí bheith fadbhreathnaitheach. Le cur chuige fadbhreathnaitheach déantar an todhchaí a iniúchadh agus a thuar, agus ar an mbealach sin cuidíonn sé forbairt a dhéanamh ar fhaisnéis chomhchoiteann agus í a úsáid ar bhealach struchtúrtha córasach chun forbairtí a thuar agus bonn eolais a chur faoi thionscnaimh bheartais. ·Is teachtaireacht ón gCoimisiún í an Tuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach agus ní bheidh aon tionscnamh eile ag gabháil léi. |
Fadhb a bhfuil sé d'aidhm ag an tionscnamh dul i ngleic léi |
Ceisteanna/saincheisteanna le breithniú ·Díreofar i dTuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2022 ar thuiscint níos fearr a fháil ar an mbaint atá ann, nó ar an nascadh, idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Le peirspictíocht 2050, breathnófar inti ar na hidirnaisc idir an dá aistriú agus ar conas ar féidir gach ceann acu a dhaingniú leis an gceann eile. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil ar na ceisteanna seo a leanas: ·Cad iad na príomhshineirgí agus na príomhphointí teannais a eascraíonn as an aistriú dúbailte, e.g. ríomhdhramhaíl, lorg carbóin digiteach? ·Cad iad na príomhtheicneolaíochtaí is féidir a úsáid chun go n-éireoidh leis an nascadh? Cad iad na teicneolaíochtaí atá idirnasctha leis an gclaochlú digiteach leanúnach ar fusa na spriocanna atá leagtha síos ag Margadh Glas na hEorpa a bhaint amach má úsáidtear iad? ·Cén ról atá ag tosca neamhtheicneolaíocha san aistriú dúbailte, mar shampla rialáil, maoiniú, athruithe iompraíochta, inghlacthacht ó thaobh na sochaí de, agus scileanna? |
An bunús le gníomhaíocht an Aontais (an bunús dlí agus an tseiceáil coimhdeachta) |
Bunús dlí |
·Níl bunús dlí ag teastáil toisc nach tionscnamh reachtach é seo. ·Thug an tUachtarán von der Leyen sainordú don Leas-Uachtarán Maroš Šefčovič a bheith i gceannas ar na hiarrachtaí ar chultúr an Choimisiúin maidir le ceapadh beartas fianaise-bhunaithe a neartú. Is gné thábhachtach den chur chuige sin í forbairt na dTuarascálacha um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach bliantúla. Tugann Tuarascálacha um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach bonn eolais do chláir oibre agus do chleachtaí clársceidealaithe ilbhliantúla an Choimisiúin, chomh maith le tionscnaimh aonair i gcás inarb ábhartha. Déantar na cleachtaí fadbhreathnaitheachta straitéisí sin le próiseas fadbhreathnaitheachta atá rannpháirtíochta agus trasearnála faoi stiúir sheirbhísí an Choimisiúin i gcomhairliúcháin leis na Ballstáit (go háirithe tríd an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais), le plé sa Chóras Eorpach um Anailísiú Straitéisí agus Beartas, agus le páirtithe leasmhara seachtracha éagsúla. |
Gá praiticiúil le gníomhaíocht an Aontais |
·Tá tionchar ollmhór ag athruithe san aeráid agus sa chomhshaol, mar aon le próiseas an digitithe, ar an ngeilleagar agus ar shaol mhuintir na hEorpa. Tá na hathruithe ag teacht chun cinn ar gach leibhéal, idir pholaitíocht an phobail agus struchtúir chumhachta dhomhanda. Chun tacú leis an aistriú chuig Eoraip a bheidh glas, digiteach agus níos cothroime, cuirfear anailís ar fáil i dTuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2022 ina mbeidh féachaint chun tosaigh go dtí 2050. Tacóidh an anailís sin le cultúr na hullmhachta agus le ceapadh beartas atá fianaise-bhunaithe i réimse na n-aistrithe glasa agus digiteacha. |
B. Cén cuspóir atá ag an tionscnamh agus conas a bhainfear amach é |
·Is é príomhchuspóir Thuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2022 cuidiú a thabhairt anailísiú níos fearr a dhéanamh ar nascadh na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Chun sin a dhéanamh, beidh cur chuige fadbhreathnaitheach sa tuarascáil maidir leis na sineirgí agus na príomhphointí teannais a bheidh ina dtorthaí ar an aistriú dúbailte. Déanfar scrúdú sa tuarascáil ar bhealaí teicneolaíochta chun na haistrithe a éascú, agus breathnófar ar ról na bhfachtóirí neamh-theicneolaíochta. |
Na tionchair is dóichí a bheidh ann |
·Faoi mar a bhí i gcás Tuarascálacha Fadbhreathnaitheachta Straitéiseacha roimhe seo, beidh leagan 2022 ina bhonn eolais ag clár oibre agus cleachtadh clársceidealúcháin ilbhliantúil an Choimisiúin. ·Úsáidtear é chomh maith chun lucht déanta beartas agus cinnteoirí a chur ar an eolas ar leibhéil éagsúla trí anailísiú fadbhreathnaitheach a dhéanamh ar na hidirnaisc idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. |
Measúnú tionchair |
Ceisteanna/saincheisteanna le breithniú ·Is tionscnamh neamhreachtach í Tuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2022. Tá sé d’aidhm ag an tuarascáil cur le ceapadh beartas an Aontais Eorpaigh; ní chuireann sí beartais an Aontais chun feidhme go díreach. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh. ·Ós rud é gur teachtaireacht ón gCoimisiún é, ní bheidh aon tionscnamh eile ag gabháil leis agus níl aon bhacainn ar chur chun feidhme díreach le cur san áireamh. |
Straitéis chomhairliúcháin |
Ceisteanna/saincheisteanna le breithniú ·I gcomhthéacs Thuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2022, beidh an glao ar fhianaise úsáideach chun feasacht a mhúscailt i bpáirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear an pobal gnó agus taighde, maidir le saincheist an nasctha. Beidh na comhairliúcháin ar siúl ar feadh 4 seachtaine. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh i 24 theanga oifigiúla an Aontais ar https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say_ga ·Tabharfaidh an Coimisiún ról do na Ballstáit (tríd an Líonra Fadbhreathnaitheachta ar fud an Aontais) agus d’institiúidí eile an Aontais trí bhíthin an Chórais Eorpaigh um Straitéis agus Anailís Pholaitiúil (ESPAS) sa phróiseas fadbhreathnaitheachta. Beidh páirtithe leasmhara seachtracha páirteach ann freisin, lena n-áirítear an pobal gnó agus taighde, meithleacha machnaimh agus eile. ·Rachaidh an Coimisiún Eorpach i muinín thorthaí an ghlao seo ar fhianaise nuair a bheidh Tuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2022 á dréachtú aige. |