|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1353 |
16.6.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1353 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Meitheamh 2026
lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí meatalacsail-M
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2)(c) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617 ón gCoimisiún (2) rinneadh formheas na substainte gníomhaí meatalacsail-M a athnuachan. |
|
(2) |
Sna coinníollacha i ndáil le formheas na substainte gníomhaí meatalacsail-M, mar a chuirtear isteach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617, áirítear uasleibhéal 0,18 g/kg le haghaidh an eisíontais CGA226048 (eistear 1-meatocsacarbóinil-eitile aigéid 2-[(2,6-démheitil-feinil)-(2-meatocsaicéitil)-aimínea]-próipianaigh) mar aon le srian go bhfuil úsáid ábhair cosanta plandaí ina bhfuil meatalacsail M le haghaidh cóireáil síolta le teorannú do shíolta atá beartaithe lena gcur i dtithe gloine. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 17 Meitheamh 2020, chuir Syngenta Crop Protection AG iarratas faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bheilg, inar iarradh leasú ar choinníollacha formheasa meatalacsail-M, chun deireadh a chur leis an srian a bhaineann le cur síolta agus chun uasleibhéal an eisíontais CGA226048 sna coinníollacha formheasa sin a thabhairt cothrom le dáta. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
|
(4) |
Rinne an Ballstát is rapóirtéir measúnú ar úsáid nua bheartaithe na substainte gníomhaí meatalacsail-M agus leibhéal uasdátaithe beartaithe an eisíontais CGA226048 i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus d’ullmhaigh sé tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan, agus cuireadh an tuarascáil sin faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia ('an tÚdarás') agus an Choimisiúin an 9 Márta 2021. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, scaip an tÚdarás an tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chun barúlacha a fháil agus chuir sé ar fáil don phobal í. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, iarradh faisnéis bhreise ar an iarratasóir. Rinne an Ballstát is rapóirtéir meastóireacht ar an bhfaisnéis bhreise agus chuir sé an tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis an 13 Aibreán 2023. |
|
(6) |
An 3 Deireadh Fómhair 2023, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (4) i dtaobh an bhféadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh úsáid nua bheartaithe na substainte gníomhaí meatalacsail-M agus leibhéal uasdátaithe beartaithe an eisíontais CGA226048 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(7) |
Sa chonclúid ón Údarás, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 toisc go bhfuil leibhéal níos ísle ná 10 g/kg ann i gcás eisíontais CGA226048. |
|
(8) |
Ar bhonn na conclúide ón Údarás, chuir an Coimisiún aguisín a ghabhann leis an tuarascáil athbhreithniúcháin ar mheatalacsail-M mar aon le dréacht-Rialachán faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 22 Bealtaine 2024. |
|
(9) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) 2024/1718 (5), rinne an Coimisiún leasú ar fhormheas mheatalacsail-M trí uaschion athbhreithnithe CGA226048 a shuí. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineanna leis an srian i ndáil le síolta cóireáilte a chur, shainaithin an tÚdarás príomhréimse imní. Sainaithníodh riosca ard géar agus fadtéarmach d’éin agus do mhamaigh fhiáine. Sa chonclúid agus ina dhoiciméid chúlra, áfach, tugadh le fios go bhféadfaí úsáid shlán a dhéanamh i gcóireáil agus i gcur síolta spionáiste má thugtar faoi le cruinn-druileáil. I gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), arna léamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr an Coimisiún go soláthróidh an tÚdarás measúnú riosca nuashonraithe ar éin agus ar mhamaigh. |
|
(11) |
An 4 Iúil 2025, chuir an tÚdarás a chonclúid nuashonraithe in iúl don Choimisiún (7) i dtaobh an bhféadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh úsáid nua bheartaithe na substainte gníomhaí meatalacsail-M na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(12) |
Shuigh an tÚdarás ina chonclúid nuashonraithe nach bhfuil riosca d’éin agus do mhamaigh fhiáine ag baint le cur síolta atá cóireáilte le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meatalacsail-M lasmuigh de thithe gloine má chuirtear dea-chleachtais talmhaíochta bheachtaithe (DCTanna) i bhfeidhm, go háirithe tríd an ráta síolaithe síolta a theorannú agus trí threalamh cruinn-dhruileála a úsáid. |
|
(13) |
Chuir an Coimisiún an dara haguisín a ghabhann leis an tuarascáil athbhreithniúcháin ar mheatalacsail-M mar aon le dréacht den Rialachán sin faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 10 Nollaig 2025. |
|
(14) |
Iarradh ar an iarratasóir barúlacha a chur isteach maidir leis an dara haguisín a ghabhann leis an tuarascáil athbhreithniúcháin. |
|
(15) |
Ar bhonn na dtorthaí ón measúnú riosca, meastar go bhfuil sé iomchuí uasráta síolaithe a shocrú ar cheart feidhm a bheith aige mura rud é go léirítear le toradh measúnaithe riosca maidir le síolta a chur, mar chuid d’údarú chun táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh don úsáid sin, nach mbíonn aon éifeacht dho-ghlactha ar éin ná ar mhamaigh mar gheall ar ráta níos airde. Meastar freisin gurb iomchuí a iarraidh go n-úsáidfí trealamh cruinn-druileála. Mar sin, is iomchuí an srian a bhaint, srian lena dteorannaítear úsáid an ábhair cosanta plandaí ina bhfuil meatalacsail-M chun cóireáil a dhéanamh ar shíolta atá beartaithe lena gcur i dtithe gloine amháin. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617 agus Uimh. (AE) 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) 2020/617 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2020 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí meatalacsail-M a athnuachan, agus lena gcuirtear srian ar úsáid síolta a chóireáiltear le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meatalacsail-M, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 143, 6.5.2020, lch. 6; ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2020/617/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1; ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2011/540/oj).
(4) Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach meatalacsail-M (leasú ar na coinníollacha formheasa). EFSA Journal [Iris EFSA]. 2023;21:e08373. Le fáil ar líne: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8373.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1718 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun feidhme (AE) 2020/617 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí meatalacsail-M (IO L, 2024/1718, 20.6.2024; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1718/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 031, 1.2.2002, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).
(7) Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach meatalacsail-M (leasú ar na coinníollacha formheasa). EFSA Journal [Iris EFSA] 23(7), e9573. Le fáil ar líne: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9573.
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617:
|
‘Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||
|
Meatalacsail-M Uimh. CAS 70630-17-0 (R) Uimh. CIPAC 580 |
N-(meatocsaicéitil)-N-(2,6-xilil)-D-alainíonáit mheitile |
≥ 920 g/kg Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus níor cheart iad a bheith níos mó na leibhéil seo a leanas san ábhar teicniúil: 2,6-démheitilfeiniolaimín: uaschion ≤ 0,5 g/kg 2,2-dé-ocsaíd 4-meatocsa-5-meitil-5H-[1,2]ocsáitióil: uaschion ≤ 1 g/kg eistear 1-meatocsacarbóinil-eitile aigéid 2-[(2,6-démheitil-feinil)-(2-meatocsaicéitil)-aimínea]-próipianaigh: uaschion < 10 g/kg |
1 Meitheamh 2020 |
31 Bealtaine 2035 |
Nuair a úsáidfear an tsubstaint le haghaidh cóireáil síolta agus na síolta le cur lasmuigh, déanfaidh Ballstáit srianta iomchuí maidir le dlús an tsíolaithe a fhorchur agus iarrfar an úsáid de threalamh cruinn-druileála. Ní shárófar uasráta síolaithe os cionn 2 000 000 síol/ha ach amháin má léirítear, le toradh an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh le haghaidh na n-úsáidí sonracha a ndéantar iarratas ar údarú ina leith, nach bhfuil aon éifeacht dho-ghlactha ar éin agus ar mhamaigh mar gheall ar ráta níos airde. Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin ar mheatalacsail-M, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh an t-iarratasóir faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faisnéis deimhniúcháin a mhéid a bhaineann leis an éifeacht atá ag próisis cóireáilte uisce ar chineál na n-iarmhar atá i láthair in uisce óil, faoin, 10 Iúil 2026.’ |
||||||||
|
(1) Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí. |
|||||||||||||
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 140, meatalacsail-M, i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:
|
Uimh. |
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||
|
‘140 |
Meatalacsail-M Uimh. CAS 70630-17-0 (R) Uimh. CIPAC 580 |
N-(meatocsaicéitil)-N-(2,6-xilil)-D-alainíonáit mheitile |
920 g/kg Ní sháróidh na heisíontais ábhartha seo a leanas tairseach áirithe: 2,6-démheitilfeiniolaimín: uaschion 0.5 g/kg 2,2-dé-ocsaíd 4-meatocsa-5-meitil-5H-[1,2]ocsáitióil: uaschion 1 g/kg eistear 1-meatocsacarbóinil-eitile aigéid 2-[(2,6-démheitil-feinil)-(2-meatocsaicéitil)-aimínea]-próipianaigh: uaschion 10 g/kg |
1 Meitheamh 2020 |
31 Bealtaine 2035 |
Nuair a úsáidfear an tsubstaint le haghaidh cóireáil síolta agus na síolta le cur lasmuigh, déanfaidh Ballstáit srianta iomchuí maidir le dlús an tsíolaithe a fhorchur agus iarrfar an úsáid de threalamh cruinn-druileála. Ní shárófar uasráta síolaithe os cionn 2 000 000 síol/ha ach amháin má léirítear, le toradh an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh le haghaidh na n-úsáidí sonracha a ndéantar iarratas ar údarú ina leith, nach bhfuil aon éifeacht dho-ghlactha ar éin agus ar mhamaigh mar gheall ar ráta níos airde. Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin ar mheatalacsail-M, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh an t-iarratasóir faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faisnéis deimhniúcháin a mhéid a bhaineann leis an éifeacht atá ag próisis cóireáilte uisce ar chineál na n-iarmhar atá i láthair in uisce óil, faoin, 10 Iúil 2026.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1353/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)