European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1165

26.5.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1165 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí cosanta sonraí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ina theachtaireacht an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia’, d’fhógair an Coimisiún pacáiste simpliúcháin trasearnálach arb é is aidhm dó ualaí rialála nach bhfuil gá leo a laghdú agus ardchaighdeáin a choinneáil ar bun an tráth céanna maidir le sábháilteacht bia agus beatha, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe, agus cosaint an chomhshaoil.

(2)

Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) na nósanna imeachta maidir le substaintí gníomhacha bithicídeacha a fhormheas agus maidir le táirgí bithicídeacha a údarú agus a chur ar an margadh. Níor chomhlíon formhór mór d’údaráis inniúla mheastóireachta na mBallstát na teorainneacha ama chun na tuarascálacha measúnaithe a sheoladh chuig Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceáin maidir le hiarratais ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a fhormheas. Chuir sé seo moill ar thabhairt chun críche an chláir oibre chun scrúdú a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha bithicídeacha atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 89 den Rialachán sin (‘an clár athbhreithnithe’). Mar a míníodh sa tuarascáil ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2021 maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, is iad na priomhchúiseanna nár comhlíonadh na teoireannacha ama an easpa acmhainní in údaráis inniúla na mBallstát; cáilíocht na n-iarratas tosaigh agus moilleanna mar gheall ar iarratasóirí nuair nár chuir siad sonraí breise isteach in am; an gá atá le ceisteanna teicniúla casta a réiteach maidir le sainchomhaid áirithe; éabhlóid na treoraíochta teicniúla; agus glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún (4), lena sonraítear critéir nua eolaíocha chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh.

(3)

De mhaolú ar Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, foráiltear le hAirteagal 95(5) den Rialachán sin go bhfuil deireadh leis na tréimhsí cosanta sonraí uile le teacht an 31 Nollaig 2025 le haghaidh teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1451/2007 ón gCoimisiún (5), ach nár glacadh cinneadh ina leith maidir lena n-áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) roimh an 1 Meán Fómhair 2013. Is iad cuspóirí an Airteagail sin foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cóir a thabhairt do rannpháirtithe an chláir athbhreithnithe ar úinéirí sonraí iad agus, bunú monaplachtaí agus tréimhse cosanta dhíréireach a sheachaint, trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an bhféidireacht d’oibreoirí eacnamaíocha eile na sonraí a úsáid gan srian ón 1 Eanáir 2026 chun an margadh a rochtain ar bhealach níos éasca agus chun na costais a laghdú do tháirgeoirí táirgí bithicídeacha a cheannaíonn substaintí gníomhacha ó na soláthróirí agus, ar deireadh, d’úsáideoirí na dtáirgí bithicídeacha.

(4)

Mar gheall ar na moilleanna ar thabhairt chun críche an chláir athbhreithnithe, ba cheart dáta deiridh an 31 Nollaig 2025 maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 95(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a oiriúnú chun cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna rannpháirtithe an chláir athbhreithnithe ar thaobh amháin, agus leasanna soláthróirí malartacha substaintí gníomhacha agus iarratasóirí ar údarú táirgí, ar an taobh eile. Is gá breithniú a dhéanamh ar chothromaíocht den sórt sin idir na leasanna éagsúla agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu substaintí gníomhacha agus sonraí ag a bhfuil baint leis an síneadh ar chosaint, agus maidir le fad sínte na cosanta chomh maith.

(5)

Cuireadh moill bhreise ar an meastóireacht ar theaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a bhí fós sa chlár athbhreithnithe an 7 Meitheamh 2018 mar gheall ar an ngá atá le giniúint sonraí nua ionas gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar na critéir eolaíocha nua a tháinig i bhfeidhm ar an dáta sin chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh. Thairis sin, ó shin i leith, b’éigean sonraí nua eile a ghiniúint freisin arna iarraidh sin d’údaráis inniúla mheastóireachta na mBallstát mar gheall gur neamhleor cháilíocht na sonraí tosaigh a cuireadh isteach sna hiarratais áirithe agus mar gheall ar éabhlóid na treoraíochta teicniúla agus na gceanglas sonraí. Mar iarmhairt air sin, agus i bhfianaise an dáta deiridh le haghaidh tréimhsí cosanta sonraí a shonraítear faoi láthair in Airteagal 95(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, bheadh an tréimhse cosanta le haghaidh sonraí nuaghinte den sórt sin maidir le teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nár glacadh cinneadh maidir leis an bhformheas ina leith faoin 7 Meitheamh 2018 i gcomhréir le hAirteagal 89(1), an tríú fomhír, den Rialachán sin i bhfad níos giorra ná mar a bheadh sé le haghaidh sonraí a gineadh níos luaithe ná an dáta sin. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur le tréimhse cosanta do shonraí nuaghinte den sórt sin. Chun a áirithiú go bhfuil chun feidhme síneadh den sórt sin ag na páirtithe uile simplí ó thaobh riaracháin de, ba cheart na sonraí uile maidir leis na teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí lena mbaineann a chumhdach leis an síneadh ar chosaint.

(6)

Cuireadh síneadh le fad an chláir athbhreithnithe ar shubstaintí gníomhacha bithicídeacha atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2030 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1398 ón gCoimisiún (7). Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur le tréimhse cosanta na sonraí lena mbaineann go dtí an 31 Nollaig 2030. Comhfhreagraíonn sé sin do thréimhse uasta 11 bhliain agus 6 mhí le haghaidh sonraí arna nginiúint ó bhí an 7 Meitheamh 2018 ann, a mheastar a bheith ina tréimhse iomchuí ar lena linn is féidir le rannpháirtithe an chláir athbhreithnithe cúiteamh a fháil as na costais a bhaineann le giniúint sonraí a theastaíonn ó údaráis inniúla mheastóireachta na mBallstát. Cé go mbeidh an tréimhse cosanta níos giorra i gcás sonraí a gineadh le blianta beaga anuas, cumhdófar leis an síneadh ar chosaint atá beartaithe na sonraí uile san iarratas, lena n-áirítear sonraí a chuirtear isteach ó cuireadh an t-iarratas isteach, a thairbhigh de thréimhse cosanta níos faide cheana féin. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht iomlán ar Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le linn 2026/2027, lena n-áirítear a rialacha maidir le cosaint sonraí, rud a thabharfaidh bunús le breithniú a dhéanamh ar athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo.

(7)

Tar éis dul in éag na dtréimhsí cosanta an 31 Nollaig 2025, bhí na sonraí lena mbaineann gan chosaint sa tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 15 Meitheamh 2026. Le hAirteagal 60(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 leagtar síos riail ar dá réir nach bhfuil sonraí a bhfuil a dtréimhse cosanta imithe in éag le cosaint arís. Ós rud é, mar thoradh ar an síneadh ar chosaint atá beartaithe maidir leis na sonraí lena mbaineann, go dtabharfaí cosaint arís do na sonraí sin, ba cheart an fhoráil sin a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le maolú ar an riail le haghaidh sonraí den sórt sin. Le linn na tréimhse ina raibh na sonraí lena mbaineann gan chosaint, cuireadh soláthróirí malartacha substaintí agus soláthróirí malartacha táirgí san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ós rud é go bhféadfadh na soláthróirí sin tairbhiú de na costais arna dtabhú ag rannpháirtithe an chláir athbhreithnithe chun na sonraí sin a ghiniúint, ba cheart Airteagal 95(5) a leasú chun ligean d’úinéirí sonraí cúiteamh a éileamh ó na soláthróirí substaintí agus soláthróirí táirgí sin, má mheasann siad gurb iomchuí sin.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tréimhse cosanta sonraí atá iomchuí a áirithiú le haghaidh teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nár glacadh cinneadh maidir leis an bhformheas ina leith faoin 7 Meitheamh 2018, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán(AE) Uimh. 528/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 60, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Gan dochar d’Airteagal 95(5), an dara fomhír, tréimhsí cosanta faoin Airteagal seo atá imithe in éag, ní thosóidh siad arís.’

;

(2)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas le hAirteagal 95, mír 5:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, na tréimhsí cosanta sonraí uile le haghaidh teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nár glacadh cinneadh ina leith maidir leis an bhformheas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 89(1), an tríú fomhír, faoin 7 Meitheamh 2018, tiocfaidh deireadh leo an 31 Nollaig 2030.

Féadfaidh úinéirí cúiteamh a éileamh as rochtain ar a sonraí le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 15 Meitheamh 2026 ó sholáthróir substaintí nó ó sholáthróir táirgí a thairbhigh den easpa cosanta agus a áiríodh ar an liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le linn na tréimhse sin.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Bealtaine 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. IOANNIDES


(1)   IO C, C/2026/1969, 28.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1969/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Bealtaine 2026.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj)

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena leagtar amach na critéir eolaíocha chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 17.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/2100/oj)

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1451/2007 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2007 maidir leis an dara céim den chlár oibre 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 325, 11.12.2007, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1451/oj)

(6)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 a bhaineann le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1398 ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh breise a chur le fad an chláir oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha bithicídeacha uile atá ann cheana (IO L, 2024/1398, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1398/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1165/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)