|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1113 |
26.5.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1113 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Bealtaine 2026
lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/362 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 945/2013 ón gCoimisiún (2), formheasadh cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
Bhí formheas cipirmeitrine lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an formheas’) le dul in éag an 31 Bealtaine 2025. An 24 Samhain 2023 cuireadh iarratas isteach, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar an bhformheas a athnuachan. |
|
(3) |
De Bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/362 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 30 Samhain 2027 dáta éaga an fhormheasa chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. |
|
(4) |
Mar sin féin, an 21 Bealtaine 2025 chuir an t-iarratasóir a chuir isteach an t-iarratas an Coimisiún ar an eolas gur tharraing sé siar a iarratas ar an bhformheas a athnuachan. Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil sé suite go gcomhlíonann cipirmeitrin fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní dhearnadh an formheas a athnuachan le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1112 (4). Dá bhrí sin, is iomchuí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/362 ón gCoimisiún lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/362.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/2024-06-11.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)Uimh. 945/2013 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2013 lena bhformheastar cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 261, 3.10.2013, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/945/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/362 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/362, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/362/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1112 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2026 gan an formheas maidir le cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 2026/1112, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1112/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1113/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)