European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1103

26.5.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1103 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Bealtaine 2026

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le PHMB (1415; 4.7) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 agus 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/613 ón gCoimisiún (2), formheasadh PHMB (1415; 4.7) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 agus 4 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

An formheas maidir le PHMB (1415; 4.7) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 agus 4 (‘an formheas’), rachaidh sé in éag an 31 Deireadh Fómhair 2026. An 25 Aibreán 2025 cuireadh iarratais isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le PHMB (1415; 4.7) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 agus 4 (‘na hiarratais’).

(3)

An 10 Iúil 2025, chuir údarás inniúil meastóireachta na Fraince an Coimisiún ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na hiarratais. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá sí le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

An 23 Feabhra 2026, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go bhfuil moill ar an meastóireacht. Tá an mhoill sin nasctha leis an measúnú ar shonraí a bhaineann le hanailís 5 bhaisc, néarthocsaineacht fhorbarthach agus airíonna suaiteora inchrínigh PHMB (1415; 4.7). Tá coinne ag an údarás inniúil meastóireachta leis go gcuirfidh sé an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid na Gníomhaireachta sa tríú ráithe de 2028.

(7)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar na hiarratais a dhéanamh. Agus an bhailchríoch a mheastar a chuirfidh an t-údarás inniúil meastóireachta ar an meastóireacht á cur san áireamh, mar aon leis an teorainn ama faoina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a tuairimí a ullmhú agus a chur isteach agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar fhormheas PHMB (1415; 4.7) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 agus 4, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 30 Aibreán 2029.

(8)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, beidh PHMB (1415; 4.7) formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 agus 4 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/613,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le PHMB (1415; 4.7) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 agus 4 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/613, cuirtear ar atráth go dtí an 30 Aibreán 2029 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/613 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2018 lena bhformheastar PHMB (1415; 4.7) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2 agus 4 (IO L 102, 23.4.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/613/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1103/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)