European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1089

22.5.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1089 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2026

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1731 ón gCoimisiún (2), formheasadh meidéataimidín mar shubstaint ghníomhach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 go dtí an 31 Nollaig 2022 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

An 27 Meitheamh 2021 cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 (‘an t-iarratas’).

(3)

An 10 Nollaig 2021, chuir údarás inniúil meastóireachta na hIorua in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá sí le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1495 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2025 dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(7)

An 18 Lúnasa 2023 chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mar aon le conclúidí a mheastóireachta féin, faoi bhráid na Gníomhaireachta.

(8)

An 28 Bealtaine 2024, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Ghníomhaireacht an tuairim (4) a rinne a Coiste um Tháirgí Bithicídeacha a fhoirmliú, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin í.

(9)

De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, meastar go bhfuil airíonna suaiteora inchrínigh ag meidéataimidín a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine, agus, dá bhrí sin, comhlíonann sé an critéar eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(10)

De bhun Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní fhéadfar substaintí gníomhacha a chomhlíonann critéar eisiaimh a fhormheas ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), agus ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin.

(11)

Idir an 6 Meán Fómhair 2024 agus an 6 Samhain 2024, rinne an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, comhairliúchán le tríú páirtithe chun rannchuidiú le faisnéis a bhailiú i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás meidéataimidín.

(12)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/953 ón gCoimisiún (5), cuireadh ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2026 dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 chun go mbeadh am leordhóthanach ag an gCoimisiún chun an scrúdú ar an iarratas a chur i gcrích.

(13)

Tá an tuairim ón nGníomhaireacht agus na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin le tríú páirtithe fós á bplé le hionadaithe ó na Ballstáit sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha. I bhfianaise an ama atá fós ag teastáil chun an plé sin a thabhairt chun críche, ní bheifear in ann cinneadh a ghlacadh i ndáil leis an iarratas maidir le formheas meidéataimidín a athnuachan sula rachaidh an formheas atá ann faoi láthair in éag.

(14)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar an iarratas a chur i gcrích. Agus aird á tabhairt ar an am atá de dhíth ar an gCoimisiún an plé sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha a chur i gcrích agus cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2026.

(15)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, beidh meidéataimidín formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1731 ón gCoimisiún,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/953, cuirfear ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2026 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1731 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2015 lena bhformheastar meidéataimidín mar shubstaint ghníomhach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 (IO L 252, 29.9.2015, lch. 33; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1731/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1495 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 234, 9.9.2022, lch. 26; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1495/oj).

(4)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha ar an iarratas maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan: meidéataimidín, Cineál táirge: 21, ECHA/BPC/422/2024, a glacadh an 28 Bealtaine 2024.

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/953 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/953, 23.5.2025; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/953/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1089/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)