|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/977 |
5.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/977 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Bealtaine 2026
lena leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha áirithe maidir le bainistíocht cáilíochta agus ceanglais nós imeachta le haghaidh na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann comhlacht faoina dtugtar fógra arna ainmniú faoi Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 36(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (2), agus go háirithe Airteagal 32(3), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, bunaítear creat nua rialála chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú a mhéid a bhaineann le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus ardleibhéal cosanta sláinte d’othair agus d’úsáideoirí mar bhonn leis. An tráth céanna, leis na Rialacháin sin, leagtar síos ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta d’fheistí leighis agus d’fheistí leighis diagnóiseacha in vitro chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta a bhaineann le feistí den sórt sin. |
|
(2) |
Faoi Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, ainmnítear comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh chun feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, faoi seach, a dheimhniú. Chun na críche sin, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra ceanglais áirithe a chomhlíonadh atá riachtanach chun a gcúraimí a chomhlíonadh, is é sin, na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745, a mhéid a bhaineann le feistí leighis, agus in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, a mhéid a bhaineann le feistí leighis in vitro. |
|
(3) |
Le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, léiríodh léirmhínithe neamhréireacha agus éagsúla ar cheanglais áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 agus in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746 a mhéid a bhaineann le luachana arna gcur ar fáil do mhonaróirí ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, na hamlínte chun gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta agus athdheimhniú a chur i gcrích. Ba cheart ceanglais bainistíochta cáilíochta agus nós imeachta a mhionsonrú agus a shoiléiriú a thuilleadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach aonfhoirmeach. |
|
(4) |
Tá difríochtaí suntasacha idir na cleachtais aonair a chuireann comhlachtaí dá dtugtar fógra i bhfeidhm maidir le ceanglais bainistíochta cáilíochta agus nós imeachta, rud a fhágann go bhfuil seasaimh éagothroma ag monaróirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás monaróirí ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad. Baineann na cleachtais éagsúla sin an bonn d’intuarthacht agus d’fheidhmíocht thráthúil na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, agus bíonn iarmhairtí agus moilleanna móra ann don nuálaíocht agus do shláinte othar. |
|
(5) |
Léirigh comhlachtaí faoina dtugtar fógra cleachtais a bhí an-éagsúil le chéile agus luachana á n-eisiúint acu do mhonaróirí le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha um measúnú comhréireachta. Mar thoradh air sin, ní sholáthraítear meastachán iontaofa do mhonaróirí ar na seirbhísí agus na costais ina n-iomláine a iarrtar. Chun cleachtais comhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhchuibhiú, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo an t-íosmhéid faisnéise ba cheart do chomhlachtaí dá dtugtar fógra a iarraidh chun luachan a eisiúint, chun a áirithiú nach ndiúltófar d’iarratais ina dhiaidh sin ar ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta toisc iad a bheith neamhiomlán nó toisc go bhfuil an fheiste lasmuigh de raon feidhme ainmniú an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis a iarraidh maidir leis an bhfeiste nó na feistí, an chríoch atá beartaithe dóibh, aon saintréith shonrach nó aon teicneolaíocht shonrach nó próiseas sonrach a úsáidtear, chun go mbeidh siad in ann a fhíorú go bhfuil siad ainmnithe le haghaidh na gcód comhfhreagrach, dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2185 ón gCoimisiún (3). |
|
(6) |
Chun luachana a fháil, ba cheart do mhonaróirí faisnéis a sholáthar do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a chuirfidh ar a gcumas dóibh a chinneadh ar cheart monaróir a mheas mar mhicrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide, agus Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide á chur san áireamh (4). |
|
(7) |
Ar bhonn faisnéis iomlán faoi raon feidhme an mheasúnaithe comhréireachta, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra luachana a eisiúint lena gcuimsítear meastachán soiléir ar na costais ar cheart don mhonaróir coinne a bheith aige leo. Ba cheart na costais sin a chur faoi bhráid an mhonaróra agus miondealú soiléir á sonrú agus, más féidir, ba cheart costais le haghaidh na ngníomhaíochtaí faireachais a chuimsiú iontu i gcás ina mbeidh gá leis na gníomhaíochtaí sin le linn an timthrialla deimhniúcháin. |
|
(8) |
Chun luachana a chur ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo bunaithe ar fhaisnéis atá mionsonraithe go leordhóthanach, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra leas a bhaint as na deiseanna atá ar fáil chun éifeachtúlacht agus intuarthacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheabhsú, amhail trí idirphlé struchtúrtha le monaróirí, go háirithe le linn na tréimhse réamhiarratais. |
|
(9) |
Tá cleachtais éagsúla forbartha ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun idirghníomhú le monaróirí, rud a fhágann go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann chun amlínte a leagan síos le haghaidh na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Mar thoradh air sin, déantar gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta laistigh de raon leathan amlínte, agus is minic nach mbíonn réasúnaíocht shoiléir ann maidir leis an gcaoi a gcinntear na hamlínte sin. |
|
(10) |
Chun soláthar slán leanúnach don phobal a chur chun cinn, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta le haghaidh feiste leighis nó le haghaidh feiste leighis dhiagnóiseach in vitro a chur i gcrích san amlíne is giorra is féidir a bhfuil gá leis le haghaidh an mheasúnaithe is gá; é sin nó, ar a dhéanaí, laistigh d’amlíne uasta. |
|
(11) |
Ar bhonn na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta aonair is gá chun feistí a dheimhniú, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus monaróirí teacht ar chomhaontú maidir le hamlínte chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, lena n-áiritheofar nach sáróidh siad uasteorainneacha ama. |
|
(12) |
Ba cheart éagsúlacht na bhfeistí agus sainiúlachtaí na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta nach mór do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanamh a chur san áireamh nuair a shocraítear na hamlínte uasta. Ba cheart amlíne uasta a shocrú le haghaidh an mheasúnaithe ar an iarratas ar nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le haghaidh shíniú an chonartha idir an comhlacht faoina dtugtar fógra agus an monaróir. I gcás ina bhfuil creat-chomhaontú ann idir an comhlacht faoina dtugtar fógra agus an monaróir, ba cheart síniú an chonartha a thuiscint mar shíniú an chonartha le haghaidh na gníomhaíochta sonraí um measúnú comhréireachta. |
|
(13) |
Mar gheall ar an ngá atá le gníomhaíochtaí a dhéanamh ag áitreabh an mhonaróra nó, i gcás inarb ábhartha, ag áitreabh soláthróirí áirithe nó fochonraitheoirí áirithe de chuid an mhonaróra, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir amlínte le haghaidh iniúchóireacht ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus na hamlínte le haghaidh fíorú táirgí. Le difreáil den sórt sin, níor cheart cosc a chur ar ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta le haghaidh fíorú táirgí agus córas bainistíochta cáilíochta a dhéanamh go comhthreomhar nuair a dhéantar iad i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 agus le hIarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, ar choinníoll go gcuirfear an t-ionchur is gá ón measúnú ar an doiciméadacht theicniúil san áireamh agus an clár iniúchóireachta á fhorbairt. |
|
(14) |
Ba cheart amlínte le haghaidh fíorú táirgí a bheith sonrach d’fheistí so-ionchlannaithe in aicme III nó in aicme IIb agus d’fheistí leighis diagnóiseacha in vitro in aicme D. Ba cheart feidhm a bheith ag amlínte freisin i gcás measúnú ar an doiciméadacht theicniúil le haghaidh feiste ionadaíoch ar bhonn samplála d’fheistí eile in aicme IIb nó IIa, agus d’fheistí in aicme B agus in aicme C agus d’fheistí leighis diagnóiseacha in vitro sonracha, amhail feistí diagnóiseacha coimhdeachta, tástáil ag an láthair chúraim agus feistí féintástála. |
|
(15) |
Leis na hamlínte uasta le haghaidh iniúchóireacht ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus fíorú táirgí, lena gcuimsítear athbhreithniú ar tháirgí, ba cheart a chur san áireamh freisin an gá atá le hobair leantach chuí a dhéanamh ar neamhchomhlíontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a thugtar faoi deara le linn an mheasúnaithe. |
|
(16) |
Ba cheart amlínte a shocrú le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta ar athruithe substaintiúla atá beartaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta nó ar raon agus cineál na bhfeistí agus ar na hathruithe ar an bhfeiste fhormheasta. Ba cheart amlíne uasta a shocrú le haghaidh mheasúnú an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar an bhfógra chun a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí breise um measúnú comhréireachta le déanamh. Ba cheart amlíne uasta a shocrú freisin le haghaidh na ngníomhaíochtaí féideartha breise sin um measúnú comhréireachta atá le déanamh. |
|
(17) |
Ba cheart amlíne uasta a shocrú freisin maidir leis an gcinneadh agus maidir le heisiúint an deimhnithe/na ndeimhnithe nó an fhorlíonta/na bhforlíontaí a ghabhann le deimhniú/deimhnithe a eisíodh cheana agus ar chuir an monaróir comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar an eolas ina leith maidir le hathrú a bheartaítear. Leis an amlíne, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bheith in ann a gcinneadh a eisiúint bunaithe ar an measúnú a rinneadh. |
|
(18) |
Ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra stad a chur leis an amlíne ar ghníomhaíocht um measúnú comhréireachta i gcás nach féidir an ghníomhaíocht sin a chur i gcrích gan faisnéis bhreise a bheith curtha ar fáil ag an monaróir. Ba cheart stad a chur leis an amlíne freisin i gcás nach féidir an ghníomhaíocht sin a chur i gcrích gan rannchuidiú ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), ó údarás rialála, ó phainéal saineolaithe nó ó shaotharlann tagartha de chuid an Aontais, fad a bheidh gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra ag brath ar na rannchuidithe sin agus na rannchuidithe sin amháin. |
|
(19) |
Ba cheart socruithe iomchuí a bheith ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, laistigh dá gcórais bainistíochta cáilíochta, chun faireachán a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht maidir le hamlínte agus maidir leis an gcaoi a gcomhfhreagraíonn na costais réamh-mheasta sna luachana do na costais iarbhír a ghearrtar i leith gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin a bhaineann le leas an phobail ar fáil agus curtha i láthair ar bhealach soiléir agus comhchuibhithe, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra tuarascálacha a ullmhú ina soláthraítear sonraí maidir leis an bhfaireachán a dhéantar ar amlínte agus ar chostais. Ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra na tuarascálacha a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin, chun trédhearcacht maidir lena bhfeidhmíocht a áirithiú agus chun go mbeidh monaróirí in ann faisnéis a chur i gcomparáid idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus an t-údarás atá freagrach as an gcomhlacht faoina dtugtar fógra agus an Coimisiún a chur ar an eolas. |
|
(20) |
Déanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra feistí leighis agus feistí leighis in vitro a athdheimhniú ar bhealach éagsúil. Mar thoradh ar chur i bhfeidhm praiticiúil na gceanglas a bhaineann le doiciméadacht ábhartha an mhonaróra agus raon feidhme an athbhreithnithe chomhfhreagraigh, tá raon leathan cleachtas ann, ó mheasúnú spriocdhírithe ar dhoiciméadacht theoranta go measúnuithe níos cuimsithí a bhfuil raon feidhme acu atá inchomparáide le raon feidhme fhíorú tosaigh táirgí. Fágann sé sin go bhfuil difríochtaí ollmhóra sna próisis athdheimhniúcháin agus sna hamlínte ábhartha agus na costais a bhaineann leo. |
|
(21) |
Ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra athdheimhniú a dhéanamh de réir amlínte intuartha, agus gan an measúnú a rinneadh le linn an deimhniúcháin tosaigh a athdhéanamh. Faisnéis agus sleachta as an doiciméadacht theicniúil ar cheart iad a bheith faoi réir measúnú, ba cheart iad a shainaithint go soiléir chun an córas bainistíochta cáilíochta a athnuachan agus chun deimhnithe táirge a athnuachan araon. |
|
(22) |
Agus measúnú á dhéanamh ar an gcóras bainistíochta cáilíochta atá faoi réir athdheimhniúcháin, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra díriú go háirithe ar fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais, comhlíonadh na bpleananna samplála is infheidhme, neamhchomhlíontachtaí, gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó coisctheacha, chomh maith le coinníollacha féideartha deimhniúcháin. Ba cheart an úrscothacht a chur san áireamh sa mheasúnú freisin. |
|
(23) |
Agus measúnú á dhéanamh ar an bhfaisnéis faoin bhfeiste atá le hathdheimhniú, ba cheart do chomhlachtaí dá dtugtar fógra díriú go háirithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an monaróir maidir le faireachas iarmhargaidh, athruithe ar an bhfeiste, lena gcuimsítear athruithe ar an úrscothacht, agus nuashonruithe ar an anailís riosca. |
|
(24) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le Feistí Leighis, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Luachana
1. Chun luachana a eisiúint do mhonaróirí dá dtagraítear i Roinn 4.2, pointe (d), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.2, pointe (d) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar a bheidh, beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra lena n-áiritheofar nach n-eiseoidh sé luachana ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas faighte aige ón monaróir:
|
(a) |
sainaitheantas an mhonaróra, is é sin a ainm agus a sheoladh; |
|
(b) |
an fhaisnéis is gá chun go gcinnfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é an monaróir mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún, is é sin an líon fostaithe agus an láimhdeachas bliantúil; |
|
(c) |
ainm agus seoladh ionadaí údaraithe an mhonaróra i gcás inarb infheidhme; |
|
(d) |
seoltaí, an líon fostaithe, an líon sealanna oibre agus tuairiscí ar ghníomhaíochtaí a dhéantar i gcás gach láithreáin a chumhdaítear le córas bainistíochta cáilíochta an mhonaróra; |
|
(e) |
ainm agus seoladh sholáthróirí agus fhochonraitheoirí an mhonaróra ina ndéantar gníomhaíochtaí deartha agus monaraíochta atá ábhartha do na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena gcuimsítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na heintitis sin; |
|
(f) |
tuairisc ar an bhfeiste/na feistí, ar an gcríoch atá beartaithe dóibh, ar aon saintréith shonrach nó ar aon teicneolaíocht shonrach nó próiseas sonrach a úsáideadh, agus ar an aicmiú riosca; |
|
(g) |
an nós imeachta/na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a ndéanann an monaróir iarratas ina leith; |
|
(h) |
maidir leis na hathruithe agus na modhnuithe dá dtagraítear i Roinn 4.9 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.9 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar na hathruithe nó na modhnuithe atá beartaithe; |
|
(i) |
i gcás athdheimhniúcháin, sainaithint an deimhnithe/na ndeimhnithe dá ndéantar difear, lena gcuimsítear athrú/athruithe ar an raon feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann, ar a dtugtar tuairisc dá dtagraítear i bpointe (h); |
|
(j) |
aon fhaisnéis eile maidir leis an monaróir, cuir i gcás a struchtúr eagraíochtúil nó deimhnithe bailí, agus maidir leis an bhfeiste, faisnéis a bhfuil gá léi chun na gníomhaíochtaí atá le déanamh a chinneadh. |
Chun críche luachana a eisiúint le haghaidh gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bhaineann le hathruithe agus modhnuithe dá dtagraítear i bpointí (h) nó le hathdheimhniúchán dá dtagraítear i bpointe (i), staonfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ón bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) a lorg, ar choinníoll go ndearbhaíonn an monaróir nach ndearnadh aon athrú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach.
2. Sna nósanna imeachta doiciméadaithe dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, maidir leis na malartuithe faisnéise teicniúla agus treoraíochta rialála, is é sin an t-idirphlé struchtúrtha le monaróirí, go gcumhdófar gnéithe atá ábhartha maidir le luachana a eisiúint, lena gcuimsítear an fhaisnéis a liostaítear i mír 1.
3. Eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra luachan ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
na costais fhoriomlána mheasta, a bheidh mionsonraithe chun measúnú a dhéanamh ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar an doiciméadacht theicniúil, de réir mar is infheidhme agus lena gcuimsítear na gnáthchostais a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais agus le hiniúchtaí gan réamhfhógra; |
|
(b) |
meastachán ar chostais bhreise a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí um measúnú; féadfaidh na meastacháin sin tagairt a dhéanamh do tháillí in aghaidh na huaire nuair nach féidir fad na gníomhaíochta sonraí a réamhchinneadh, agus sa chás sin amháin; |
|
(c) |
an amlíne mheasta nó na hamlínte measta. |
4. Cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas roimh ré faoi aon mhéadú os cionn 10 % ar na costais a measadh agus tabharfaidh sé údar le méadú den sórt sin.
Airteagal 2
Amlínte
1. Chun críocha Roinn 4.5.1, an dara mír, an tríú fleasc, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 agus Roinn 4.5.1, an dara mír, an tríú fleasc, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra chun a áirithiú go gcomhaontófar an amlíne is giorra is féidir leis an monaróir, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
raon agus cineál/cineálacha na bhfeistí; |
|
(b) |
saintréithe sonracha na bhfeistí agus na dteicneolaíochtaí a úsáidtear; |
|
(c) |
aicme/aicmí riosca na bhfeistí; |
|
(d) |
na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta atá le déanamh ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra. |
2. Áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra go gcuirfear na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta i gcrích de réir na n-amlínte uasta seo a leanas:
|
(a) |
30 lá le haghaidh an athbhreithnithe ar an iarratas agus le haghaidh shíniú an chonartha, dar tús an lá a fhaigheann an comhlacht faoina dtugtar fógra an t-iarratas iomlán agus dar críoch an lá a shínítear an conradh leis an monaróir i gcomhréir le Roinn 4.3, an dara mír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó le Roinn 4.3, an dara mír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(b) |
120 lá le haghaidh iniúchóireachta ar an gcóras bainistíochta cáilíochta i gcomhréir le Roinn 4.5.2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó Roinn 4.5.2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, dar tús an dáta a thionscnóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra chéad ghníomhaíocht an chláir iniúchóireachta agus dar críoch an lá a chuirfear i gcrích an t-athbhreithniú deiridh dá dtagraítear i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(c) |
90 lá le haghaidh fíorú táirgí i gcomhréir le Roinn 4.5.3 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó Roinn 4.5.3 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, dar tús an lá a thionscnóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil maidir leis an bhfeiste nó an fheiste ionadaíoch agus dar críoch an lá a chuirfear i gcrích an t-athbhreithniú deiridh dá dtagraítear i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(d) |
20 lá le haghaidh an chinnidh agus an deimhnithe, dar tús an lá tar éis an t-athbhreithniú deiridh ábhartha dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) a chur i gcrích, de réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta a iarrtar, agus dar críoch an lá a eisítear na deimhnithe agus a iontráiltear na deimhnithe sa bhunachar sonraí Eorpach i ndáil le feistí leighis (‘Eudamed’) i gcomhréir le Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme. |
Na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad go comhthreomhar nuair a dhéantar iad i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go gcuirfear an t-ionchur is gá ón measúnú ar an doiciméadacht theicniúil ábhartha san áireamh agus an clár iniúchóireachta á fhorbairt.
Mura gcomhaontaítear a mhalairt idir an comhlacht faoina dtugtar fógra agus an monaróir, tosóidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo an lá tar éis shíniú an chonartha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.
3. Aon athrú substaintiúil atá beartaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta nó ar raon na bhfeistí a chumhdaítear le deimhniú córais bainistíochta cáilíochta AE nó le deimhniú dearbhaithe cáilíochta AE, agus aon athrú ar an bhfeiste fhormheasta a chumhdaítear le deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil nó le deimhniú ar chineálscrúdú AE, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra i gcrích na measúnuithe ar na hathruithe sin laistigh de na hamlínte uasta seo a leanas:
|
(a) |
30 lá chun athbhreithniú a dhéanamh ar an athrú atá beartaithe, dar tús an lá a fhaigheann an comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ón monaróir faoin athrú atá beartaithe agus an doiciméadacht chríochnaithe ag gabháil leis, agus dar críoch an lá a thugann an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don mhonaróir faoin gcinneadh i dtaobh an bhfuil gá le haon ghníomhaíocht bhreise um measúnú comhréireachta nó faoi fhormheas an athraithe atá beartaithe; |
|
(b) |
90 lá le haghaidh na ngníomhaíochtaí breise um measúnú comhréireachta maidir leis an athrú atá beartaithe, dar tús an lá a thionscnaíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra, i gcás inar gá, céad ghníomhaíocht an chláir iniúchóireachta nó an lá a thionscnaíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil, cibé acu is túisce, agus dar críoch an lá a thugann an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don mhonaróir faoi fhormheas an athraithe atá beartaithe; |
|
(c) |
20 lá chun an forlíonadh leis an deimhniú/na deimhnithe lena mbaineann a eisiúint, i gcás inar gá, dar tús an lá tar éis an lae a thabharfar fógra faoi fhormheas an athraithe atá beartaithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b), agus dar críoch ar an dáta a eisítear an forlíonadh leis an deimhniú/na deimhnithe lena mbaineann agus a iontráiltear é in Eudamed, i gcomhréir le Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme. |
I gcás ina bhfuil gá le nós imeachta nua um measúnú comhréireachta, beidh feidhm ag na hamlínte dá dtagraítear i mír 2.
4. Leanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra de na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le deimhniú a eisiúint nó a dhiúltú. Dul in éag na n-amlínte uasta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 nó úsáid an lín uasta stadanna dá dtagraítear in Airteagal 3, ní bheidh siad ina gcúis leordhóthanach ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra chun eisiúint deimhnithe a dhiúltú nó chun formheas athraithe a dhiúltú.
Airteagal 3
Stad a chur le hamlíne
1. I gcás inar gá do mhonaróir aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontachtaí, nó ar cheisteanna agus ar iarrataí a bhfuil údar cuí leo ón gcomhlacht faoina dtugtar fógra, ceisteanna agus iarrataí atá riachtanach dá mheasúnú, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra stad a chur le hamlíne na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta mar seo a leanas:
|
(a) |
aon uair amháin le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a); |
|
(b) |
ceithre huaire le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b); |
|
(c) |
ceithre huaire le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (c); |
|
(d) |
cúig huaire san iomlán le linn na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointí (a) agus (b); |
|
(e) |
trí huaire san iomlán i gcás na n-athbhreithnithe agus na bhfíoruithe dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6; |
|
(f) |
aon uair amháin le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (d), in Airteagal 2(3), pointe (c), agus in Airteagal 7(2), i gcás ina n-iarrfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ar an monaróir cruinneas na faisnéise ar an deimhniú/na deimhnithe a fhíorú agus, más gá, an fhaisnéis ábhartha maidir leis an bhfeiste/na feistí a chumhdaítear a iontráil in Eudamed. |
I gcás ina dtiocfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra agus an monaróir ar chomhaontú maidir le hathbhreithniú rollach ar an doiciméadacht theicniúil, tiocfaidh siad ar chomhaontú freisin maidir le plean chun codanna den doiciméadacht theicniúil a chur isteach agus maidir le stadanna a d’fhéadfadh a bheith sa bhreis orthu siúd dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír.
Féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra úsáid a bhaint as dhá stad sa bhreis orthu sin dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcás gach láithreáin bhreise a chumhdaítear le córas bainistithe cáilíochta an mhonaróra a bhfuil iniúchadh le déanamh air ar an láthair.
Tiocfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ar chomhaontú leis an monaróir maidir le fad an stad a chuirtear leis an obair agus cuirfidh sé an monaróir ar an eolas i scríbhinn.
2. Cuirtear an amlíne na gníomhaíochta um measúnú comhréireachta ina stad an lá a chuireann an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas faoina iarrataí agus atosaítear an amlíne an lá a fhaigheann an comhlacht faoina dtugtar fógra an fhaisnéis a iarradh ón monaróir.
3. Sa bhreis ar aon stad a chuirtear leis an obair dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra stad le hamlíne na gníomhaíochta um measúnú comhréireachta i gcás ina bhfuil gá le tuairim ó EMA, ó údarás rialála, ó phainéal saineolaithe nó ó shaotharlann tagartha de chuid an Aontais.
Ní dhéanfar stad den sórt sin a áireamh ná a charnadh le haon stad dá dtagraítear i mír 1.
Cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas i scríbhinn faoin gcúis leis an stad dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus faoin bhfad a mheastar a mhairfidh sé.
4. Ní chuirfear síneadh le fad aon stad dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má tá údar cuí leis agus má thagann an comhlacht faoina dtugtar fógra agus an monaróir ar chomhaontú i scríbhinn maidir leis an síneadh.
Airteagal 4
Faireachán ar an bhfad agus ar na costais
1. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra córas a bhunú, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme, mar chuid dá chóras bainistithe cáilíochta dá dtagraítear i Roinn 2.1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 agus i Roinn 2.1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, chun faireachán a dhéanamh ar fhad na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta agus ar a gcostais.
2. Leis an gcóras faireacháin dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
maidir le fad na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta:
|
|
(b) |
maidir le costais na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, costas iomlán airmheánach na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a cuireadh i gcrích, in Euro. |
Tuigfear gurb é atá i gcostas iomlán na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta suim na dtáillí uile arna gcur i bhfeidhm ag comhlacht faoina dtugtar fógra ar mhonaróir le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéantar le linn na hamlíne, lena gcuimsítear aon mhuirir riaracháin.
3. Leis an gcóras faireacháin dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b), maidir leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta arna ndéanamh i gcomhréir le Caibidlí I agus II d’Iarscríbhinn IX, Iarscríbhinn X agus Codanna A nó B d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745, nó Caibidlí I agus II d’Iarscríbhinn IX, Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746; |
|
(b) |
an measúnú ar na hathruithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3). |
4. Faoin 30 Aibreán gach bliain, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir le hamlínte agus le costais na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, tuarascáil lena gcuirfear i láthair an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Sa tuarascáil, breithneoidh sé na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chuir sé i gcrích le linn na bliana roimhe sin. Foilseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé an t-údarás atá freagrach as an gcomhlacht faoina dtugtar fógra agus an Coimisiún ar an eolas.
Airteagal 5
Athdheimhniú deimhnithe táirgí
1. Maidir leis na nósanna imeachta doiciméadaithe chun deimhnithe táirge a athnuachan dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.11, an dara mír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra go gceanglófar leis na nósanna imeachta doiciméadaithe sin ar an monaróir iarratas a chur isteach le haghaidh na n-athbhreithnithe athdheimhniúcháin agus an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ón deimhniúchán tosaigh nó ón athdheimhniú deireanach:
|
(a) |
liosta ina dtugtar tuairisc ar na hathruithe, bíodh fógra tugtha fúthu nó ná bíodh, dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, pointí (a) agus (f), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó Roinn 4.11, an dara mír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, ar athruithe iad ar an bhfeiste a formheasadh ar dtús, lena gcuimsítear na hathruithe sin a bhaineann leis na ceanglais maidir leis an bhfeiste agus le comhpháirteanna na feiste; |
|
(b) |
an tuarascáil sábháilteachta uasdátaithe thréimhsiúil is déanaí maidir leis an bhfeiste agus achoimre ar na gníomhartha ceartaitheacha maidir le sábháilteacht allamuigh a rinneadh ar an bhfeiste, tar éis na taithí a fuarthas ón bhfaireachas iarmhargaidh dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(c) |
achoimre ar na hathruithe ar an meastóireacht riosca a raibh cóimheas tairbhe-riosca feiste éagsúil mar thoradh orthu, lena gcuimsítear na hathruithe a bhaineann leis na gníomhartha ceartaitheacha maidir le sábháilteacht allamuigh a rinneadh tar éis na taithí a fuarthas ón mbainistíocht riosca dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (c), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (c), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(d) |
sainaithint na n-athruithe a rinneadh ar an bhfeiste chun an úrscothacht a chur san áireamh tar éis na taithí dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (d), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (d), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(e) |
an tuarascáil ar an meastóireacht chliniciúil nó an tuarascáil ar an meastóireacht feidhmíochta maidir leis an bhfeiste, tar éis na taithí dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (e), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (e), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(f) |
sainaithint na n-athruithe a rinneadh ar an bhfeiste dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (g), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.11, an dara mír, pointe (g), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme. |
2. Áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra go gceanglófar ar an monaróir leis na nósanna imeachta doiciméadaithe dá dtagraítear i mír 1 liosta a sholáthar freisin de na hathruithe ar an bhfeiste fhormheasta nár tugadh fógra ina leith go fóill agus atá riachtanach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a áirithiú go gcomhlíonann an fheiste ceanglais rialála nua nó sonraíochtaí comhchoiteanna nua; |
|
(b) |
torthaí eolaíocha nua agus caighdeáin nua, lena gcuimsítear caighdeáin chomhchuibhithe, a chur san áireamh, dá dtagraítear i Roinn 4.11, an dara mír, pointí (g) agus (h) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó Roinn 4.11, an dara mír, pointí (g) agus (h), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme. |
3. I gcás inar gá na hathruithe dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh ar bhonn torthaí eolaíocha nua, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas in iúl sa liosta dá dtagraítear sa mhír sin, más amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an mbonn sin:
|
(a) |
is eolas nua leighis, eolaíoch agus teicniúil é, amhail gnáthaimh leighis nua; |
|
(b) |
is modhanna tástála nua nó athbhreithnithe iad maidir le hairíonna agus feidhmíochtaí na feiste; |
|
(c) |
is torthaí eolaíocha maidir le hábhair iad, lena gcuimsítear torthaí maidir lena saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus micribhitheolaíocha agus a mbith-chomhoiriúnacht; |
|
(d) |
is torthaí imscrúduithe cliniciúla nó meastóireachtaí feidhmíochta ar fheistí coibhéiseacha agus sonraí atá ar fáil go poiblí ó chláir agus ó chlárlanna iad. |
4. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar doiciméadacht í a fuarthas ón monaróir, laistigh de 90 lá ar a mhéad ón dáta a fuarthas í. Mar chuid den mheasúnú sin, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas:
|
(a) |
a fhíorú go bhfuil na hathruithe ar an bhfeiste comhleanúnach leis an bhfaisnéis a bhailítear ón bhfaireachas iarmhargaidh; |
|
(b) |
a fhíorú go bhfuil na hathruithe ar an bhfeiste comhleanúnach leis na hathruithe ar an úrscothacht agus le toradh na hanailíse riosca nuashonraithe; |
|
(c) |
a fhíorú go réiteofar gach neamhchomhlíonadh a shainaithnítear nó go ndéanfar obair leantach orthu le plean um ghníomhaíochtaí ceartaitheacha agus um ghníomhaíochtaí coisctheacha atá leordhóthanach agus a bhfuil glacadh leis, laistigh de thréimhse ama iomchuí; |
|
(d) |
i gcás ina raibh an deimhniú faoi réir coinníollacha nó teorainneacha, a fhíorú an bhfuil na coinníollacha nó na teorainneacha sin fós bailí, an gá iad a leasú nó an bhfuil siad imithe i léig; |
|
(e) |
a fhíorú an bhfuil gá le raon feidhme an deimhnithe a leasú; |
|
(f) |
an t-athbhreithniú deiridh a chur i gcrích dá dtagraítear i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme. |
5. Má chinneann an comhlacht faoina dtugtar fógra nach leor an doiciméadacht a fuarthas le haghaidh na n-athbhreithnithe athdheimhniúcháin chun an measúnú a chur i gcrích, iarrfaidh sé ar an monaróir soiléiriú a thabhairt. Maidir le hiarrataí ar dhoiciméadacht theicniúil a sholáthar de bhreis ar an doiciméadacht a shonraítear i míreanna 1 agus 2, beidh na hiarrataí sin teoranta don fhaisnéis shonrach is gá chun an measúnú a chur i gcrích.
Airteagal 6
Athdheimhniú deimhnithe córais bainistíochta cáilíochta
1. Maidir leis na nósanna imeachta doiciméadaithe chun deimhnithe córais bainistíochta cáilíochta a athnuachan dá dtagraítear i Roinn 4.11, an chéad mhír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.11, an chéad mhír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra go gceanglófar leis na nósanna imeachta doiciméadaithe sin ceanglóidh sé ar an monaróir iarratas ar athdheimhniú a chur isteach, agus laistigh de 90 lá ar a mhéad ón dáta a fhaightear an t-iarratas sin, ceanglóidh sé ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a fhíorú go ndearnadh measúnú iomlán ar na ceanglais ábhartha uile maidir le hiniúchtaí a dhéanamh dá bhforáiltear i Roinn 4.5.2 d’Iarscríbhinn VII agus i Ranna 2.2 agus 2.3 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.5.2 d’Iarscríbhinn VII agus i Ranna 2.2 agus 2.3 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, agus go ndearnadh sin uair amháin ar a laghad tar éis dháta eisiúna na ndeimhnithe agus roimh a ndáta éaga. |
|
(b) |
maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí faireachais uile arna ndéanamh, le réamhfhógra nó gan réamhfhógra, i gcomhréir le Roinn 4.10 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó le Roinn 4.10 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, gníomhaíochtaí arna ndéanamh le linn an timthrialla deimhniúcháin, go háirithe iniúchtaí arna ndéanamh ar an láthair ar an monaróir, ar a fhochonraitheoirí/soláthróirí, agus tástálacha ar tháirgí, chomh maith le toradh na measúnuithe ar dhoiciméadacht theicniúil ar bhonn samplála, a fhíorú go gcomhlíonann na torthaí sin ar fad fós forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2017/745 nó Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme; |
|
(c) |
maidir leis an gclár iniúchóireachta agus an plean samplála arna dtarraingt suas i gcomhréir le Roinn 4.5.2 (a) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i gcomhréir le Roinn 4.5.2 (a) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme, a fhíorú go bhfuil siad fós cothrom le dáta nó an gá iad a leasú; |
|
(d) |
a fhíorú go réiteofar gach neamhchomhlíonadh a shainaithnítear nó go ndéanfar obair leantach orthu le plean um ghníomhaíochtaí ceartaitheacha agus um ghníomhaíochtaí coisctheacha atá leordhóthanach agus a bhfuil glacadh leis, laistigh de thréimhse ama iomchuí; |
|
(e) |
i gcás ina raibh an deimhniú faoi réir coinníollacha nó teorainneacha, a fhíorú an bhfuil na coinníollacha nó na teorainneacha sin fós bailí, an gá iad a leasú nó an bhfuil siad imithe i léig; |
|
(f) |
a fhíorú an bhfuil gá le raon feidhme an deimhnithe a leasú; |
|
(g) |
an t-athbhreithniú deiridh a chur i gcrích dá dtagraítear i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme. |
2. Má chinneann an comhlacht faoina dtugtar fógra go bhfuil gá le faisnéis ón monaróir, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (f), chun an measúnú le haghaidh na n-athbhreithnithe athdheimhniúcháin a chur i gcrích, iarrfaidh sé ar an monaróir an fhaisnéis sin a sholáthar. Beidh iarrataí ar fhaisnéis bhreise a sholáthar teoranta don fhaisnéis shonrach is gá chun an measúnú a chur i gcrích.
Airteagal 7
Cinneadh maidir le hathdheimhniúchán
1. Chun an cinneadh a dhéanamh maidir le hathdheimhniúchán dá dtagraítear i Roinn 4.11, an ceathrú mír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 agus i Roinn 4.11, an ceathrú mír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, laistigh dá nósanna imeachta doiciméadaithe, gníomhaíochtaí athdheimhniúcháin a theorannú do mheasúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(1), de réir mar is infheidhme.
2. Áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, laistigh dá nósanna imeachta doiciméadaithe, go ndéanfar an cinneadh agus go n-atheiseofar na deimhnithe laistigh d’uastréimhse 20 lá, dar tús an lá tar éis an athbhreithnithe deiridh dá dtagraítear in Airteagal 5(4), pointe (f), nó in Airteagal 6(1), pointe (g), den Rialachán seo, de réir mar is infheidhme, a chur i gcrích agus dar críoch an lá a eisítear na deimhnithe agus a iontráiltear iad in Eudamed, i gcomhréir le Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745 nó le Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746, de réir mar is infheidhme.
3. I gcás ina ndéanfar an cinneadh maidir leis an deimhniú a athnuachan tráth is luaithe ná 3 mhí roimh dháta éaga an deimhnithe, de mhaolú ar mhír 2, tosóidh an uastréimhse 20 lá 3 mhí roimh dháta éaga an deimhnithe sin.
Airteagal 8
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3 maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta ar shínigh an comhlacht faoina dtugtar fógra agus an monaróir comhaontú i scríbhinn ina leith roimh an 25 Feabhra 2027.
2. Beidh feidhm ag Airteagail 4(1), (2) agus (3) maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta ar shínigh an comhlacht faoina dtugtar fógra agus an monaróir comhaontú i scríbhinn ina leith tar éis an 25 Bealtaine 2027.
3. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 6 agus 7 maidir le hathbhreithnithe athdheimhniúcháin ar dheimhnithe a rachaidh in éag roimh an 25 Samhain 2027.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 25 Feabhra 2027.
Beidh feidhm ag Airteagal 4(4), áfach, ón 1 Eanáir 2028.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 117, 5.5.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/745/oj.
(2) IO L 117, 5.5.2017, lch. 176, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/746/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2185 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 maidir le liosta na gcód agus na gcineálacha feistí comhfhreagracha chun raon feidhme ainmniúcháin mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a shonrú i réimse na bhfeistí leighis faoi Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i réimse na bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro faoi Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2017, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2185/oj).
(4) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/977/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)