European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/765

7.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/765 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Aibreán 2026

maidir leis na modhanna samplála agus anailíse, agus maidir le léirmhíniú na dtorthaí chun iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí agus ainmhíoch, agus ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, a rialú go hoifigiúil, agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/63/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 34(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ag údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a sheiceáil, i measc nithe eile, i réimse na sábháilteachta bia agus beatha ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Déantar foráil ann do rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le substaintí a bhféadfadh iarmhair i mbia agus i mbeatha a bheith mar thoradh ar a n-úsáid agus leagtar síos ann ceanglais ghinearálta maidir leis na modhanna atá le húsáid le haghaidh samplála, anailísí agus tástálacha saotharlainne le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile.

(2)

Le hAirteagail 34, 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2244 ón gCoimisiún (2) déantar foráil maidir le rialacha ginearálta i ndáil le sampláil agus anailís.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos uasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin.

(4)

Le Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún (4) déantar foráil maidir leis na modhanna samplála chun iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh plandaí agus ainmhíoch, nó ar tháirgí den sórt sin, a rialú go hoifigiúil.

(5)

Mar sin féin, ní léirítear a thuilleadh le Treoir 2002/63/CE dea-chleachtais i réimse na n-iarmhar lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh plandaí agus ainmhíoch agus ar tháirgí de bhunadh plandaí agus ainmhíoch.

(6)

Tá gá le tuilleadh soiléireachta maidir le rialacha samplála roinnt catagóirí táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, go háirithe na catagóirí ‘Mil agus táirgí beachaireachta eile’, ‘Amfaibiaigh agus Reiptílí’, ‘Ainmhithe inveirteabracha talún’, ‘Ainmhithe veirteabracha talún fiáine’ agus ‘Iasc, táirgí éisc agus aon táirge bia mara agus fionnuisce eile’. Ina theannta sin, is gá na ceanglais samplála a shoiléiriú i gcás táirgí ardluacha, i gcás táirgí de mhéid an-mhór agus i gcás bia próiseáilte áirithe chomh maith le forbhianna.

(7)

Tá ‘Treoirdhoiciméad maidir le Nósanna Imeachta Anailíseacha um Rialú Cáilíochta agus Bailíochtú le haghaidh anailís ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha’ (5) forbartha ag Saotharlanna Tagartha an Aontais Eorpaigh i réimse na n-iarmhar lotnaidicídí. Ós rud é go bhfuil an t-eolas teicneolaíochta is déanaí sa Treoirdhoiciméad sin, ba cheart a phrionsabail maidir le tuairisciú agus léirmhíniú torthaí a bheith ceangailteach chun gníomhaíocht forfheidhmithe aonfhoirmeach ag na Ballstáit a áirithiú.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (6), bunaítear modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha. Maidir le bailiú samplaí agus ullmhú samplaí le hanailísiú chun iarmhair lotnaidicídí i mbeatha a rialú, ní dhéanann an Rialachán seo difear do na rialacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I agus i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 agus beidh feidhm acu i gcónaí. Maidir leis an modh le haghaidh anailísí saotharlainne, leis an neamhchinnteacht tomhais agus léirmhíniú na dtorthaí anailíseacha chun iarmhair lotnaidicídí i mbeatha a rialú, tá gá le rialacha sonracha ina leith agus dá bhrí sin, ba cheart iad a bhunú sa Rialachán seo.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí na forálacha sonracha maidir le sampláil a leagtar síos i dTreoir 2002/63/CE a thabhairt cothrom le dáta, agus foráil a dhéanamh maidir le rialacha i ndáil le hanailís chun iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a rialú.

(10)

Ar mhaithe le soiléireacht agus inléiteacht, ba cheart Treoir 2002/63/CE a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina hionad.

(11)

I bhfianaise an ama agus na n-acmhainní is gá chun go mbeidh na Ballstáit in ann oiriúnú do na rialacha nua, is iomchuí feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2027.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

na modhanna le haghaidh samplála agus ullmhúchán samplaí chun anailís a dhéanamh ar bhia;

na modhanna le haghaidh anailísí saotharlainne, an neamhchinnteacht tomhais agus léirmhíniú na dtorthaí anailíseacha le haghaidh bia agus beatha;

chun comhlíonadh a fhíorú maidir le huasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin arna mbunú i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

Airteagal 2

Sainmhínithe

I dteannta na sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn ‘luchtóg’ cainníocht inaitheanta bia agus beatha a sheachadtar ag aon am amháin agus a gcinneann an t-oifigeach samplála go bhfuil saintréithe coiteanna aici (amhail an áit tionscnamh, an táirgeoir, an cineál, an speiceas, an limistéar gabhála, an pacálaí, an cineál pacála, na marcálacha, tráth an táirgthe nó an coinsíneoir);

(2)

ciallaíonn ‘fo-luchtóg’ cuid de luchtóg a ainmnítear le haghaidh samplála i gcomhréir le roinn B.1 den Iarscríbhinn;

(3)

ciallaíonn ‘luchtóg faoi amhras’ luchtóg a bhfuil amhras ann, ar chúis ar bith, go bhfuil iarmhair lotnaidicídí inti a sháraíonn na MRLanna ábhartha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005;

(4)

ciallaíonn ‘luchtóg nach bhfuil faoi amhras’ luchtóg nach bhfuil aon tásc ann ina leith go bhféadfadh iarmhair lotnaidicídí a bheith inti a sháraíonn na MRLanna a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005;

(5)

ciallaíonn ‘sampláil’ sampla a roghnú atá beartaithe d’anailís saotharlainne;

(6)

ciallaíonn ‘oifigeach samplála’ duine arna ainmniú ag na húdaráis inniúla chun samplaí a thógáil chun críocha iarmhair lotnaidicídí bia agus beatha a rialú;

(7)

ciallaíonn ‘sampla’ aonad amháin nó níos mó a roghnaítear ó ghrúpa aonad nó cuid d’ábhar a roghnaítear ó chainníocht níos mó ábhair;

(8)

ciallaíonn ‘sampla (príomha) incriminteach’ cainníocht a thógtar ó áit amháin sa luchtóg nó san fho-luchtóg;

(9)

ciallaíonn ‘aonad’ an chuid leithleach is lú i luchtóg nó i bhfo-luchtóg, a tharraingítear amach as chun sampla incriminteach iomlán nó cuid de shampla incriminteach a dhéanamh;

(10)

ciallaíonn ‘sampla comhiomlán’ iomlán comhcheangailte na samplaí incriminteacha uile a thógtar ón luchtóg nó ó na fo-luchtóga;

(11)

is éard atá i ‘sampla laghdaithe’ cuid den sampla comhiomlán, a fhaightear ón sampla comhiomlán sin trí phróiseas laghdaithe ionadaíoch;

(12)

ciallaíonn ‘sampla macasamhlaithe’ sampla a thógtar ó shampla comhiomlán chun críoch forfheidhmithe, cosanta agus tagartha i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2017/625;

(13)

ciallaíonn ‘sampla saotharlainne’ sampla a sheoltar chuig an tsaotharlann, nó a fhaigheann an tsaotharlann, arb é atá ann cainníocht ionadaíoch ábhair a bhaintear as an sampla comhiomlán;

(14)

ciallaíonn ‘sampla anailíseach’ ábhar a ullmhaítear le haghaidh anailíse ón sampla saotharlainne;

(15)

ciallaíonn ‘cuid anailíseach’ cainníocht ionadaíoch ábhair a bhaintear as an sampla anailíseach, de mhéid chuí chun an tiúchan iarmhair a thomhas;

(16)

ciallaíonn ‘neamhchinnteacht tomhais’ paraiméadar neamhdhiúltach atá bainteach le toradh an tomhais, agus arb é a phríomhthréith scaipeadh na luachanna a d’fhéadfaí a shannadh go réasúnach don chainníocht áirithe atá faoi réir a tomhais;

(17)

ciallaíonn ‘teorainn chainníochtaithe’ an tiúchan nó an mhais is ísle den anailít a bailíochtaíodh le cruinneas inghlactha tríd an modh anailíse iomlán agus na critéir sainaitheantais a chur i bhfeidhm;

(18)

léiríonn ‘neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe’ an éiginnteacht atá i dtomhas trí raon muiníne a thabhairt, rud a ríomhtar de ghnáth trí raon na luachanna a bhfuil coinne leis go mbeidh fíorluach an tomhais laistigh de a iolrú faoi fhachtóir cumhdaigh;

(19)

is éard atá i ‘bhfachtóir cumhdaigh (k)’ iolraitheoir a úsáidtear agus an éiginnteacht leathnaithe á ríomh, lena soláthraítear raon a bhfuil coinne leis go mbeidh fíorluach tomhais laistigh de.

Airteagal 3

Na modhanna samplála agus ullmhúchán na samplaí chun anailís a dhéanamh ar bhia

Baileofar agus ullmhófar samplaí bia i gcomhréir le Cuid A agus Cuid B den Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Modhanna anailíse, neamhchinnteacht tomhais agus léirmhíniú torthaí maidir le bia agus beatha

Déanfar anailís na samplaí, ríomh na neamhchinnteachta tomhais agus léirmhíniú thorthaí na hanailíse sin, i gcomhréir le Cuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le bia agus, de mhaolú ar Airteagail 2 agus 3 de Rialachán (CE) Uimh. 152/2009, maidir le beatha.

Airteagal 5

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2002/63/CE.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2244 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála maidir le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha (IO L 453, 17.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2244/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj).

(4)  Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2002 lena mbunaítear modhanna samplála Comhphobail chun iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh plandaí agus de bhunadh ainmhíoch, nó ar tháirgí den sórt sin, a rialú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 79/700/CEE (IO L 187, 16.7.2002, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/63/oj).

(5)  Nósanna Imeachta Anailíseacha um Rialú Cáilíochta agus um Bailíochtú Modha le haghaidh Anailís ar Iarmhair Lotnaidicídí i mBia agus i mBeatha. Le fáil ar líne: https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/maximum-residue-levels/guidelines-maximum-residue-levels_en?prefLang=ga&etrans=ga.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).


IARSCRÍBHINN

NÓS IMEACHTA MAIDIR LE SAMPLÁIL AGUS ANAILÍS A DHÉANAMH LE hAGHAIDH BIA AGUS BEATHA DE BHUNADH PLANDAÍ NÓ AINMHÍOCH CHUN IARMHAIR LOTNAIDICÍDÍ A CHINNEADH CHUN COMHLÍONADH MRLANNA A SHEICEÁIL

CUID A

Forálacha ginearálta maidir le bia

Is oifigeach samplála a dhéanfaidh an tsampláil.

Déanfaidh an t-oifigeach samplála an méid seo a leanas:

(a)

beidh sé freagrach as gnáthaimh, lena n-áirítear ullmhú, pacáil agus seoladh an tsampla/na samplaí saotharlainne;

(b)

a áirithiú go gcloítear go comhsheasmhach leis na nósanna imeachta samplála sonraithe;

(c)

doiciméadacht a chomhlánú le haghaidh samplaí agus comhoibriú go dlúth leis an tsaotharlann ábhartha;

(d)

réamhchúraimí a ghlacadh chun aon éifeacht ar leibhéil na n-iarmhar a sheachaint agus aon éifeacht dhíobhálach ar an gcinneadh anailíseach a sheachaint nó chun a sheachaint go mbeadh na samplaí neamhionadaíoch le linn na samplála agus le linn aistriú an tsampla chuig an tsaotharlann;

(e)

sampláil ar leithligh a dhéanamh ar gach luchtóg nó fo-luchtóg atá le scrúdú;

(f)

i gcásanna ina bhfuil níos mó ná luchtóg amháin i gcoinsíneacht, déanfaidh sé gach luchtóg a mheas ar leithligh agus déanfaidh sé cinneadh faoina bhfuil le háireamh sa sampla.

I gcás nach bhfuil méid nó teorainn gach luchtóige i gcoinsíneacht mhór bunaithe go héasca, féadfaidh an t-oifigeach samplála a mheas gur luchtóg nó fo-luchtóg ar leithligh iad bacainní fisiceacha eile, cuir i gcás vaigíní, leoraithe nó bánna long.

Samplaí a thógfar ag saothróirí, baileofar iad ag geata na feirme ó tháirgí atá réidh le cur ar an margadh.

CUID B

Nósanna imeachta samplála maidir le bia

B.1    Roinnt na luchtóg ina bhfo-luchtóga

I gcás inar gá agus inar féidir, déanfaidh an t-oifigeach samplála luchtóga atá níos mó a roinnt ina bhfo-luchtóga chun a áirithiú go léireofar gach cuid díobh, ar choinníoll go bhféadfar an fho-luchtóg a dheighilt go fisiceach. Áiritheoidh an t-oifigeach samplála go mbeidh gach fo-luchtóg scartha go fisiceach agus inaitheanta.

I gcás bia a thrádáiltear i mbulc-choinsíneachtaí (e.g. gránaigh), beidh feidhm ag Tábla 1.

I gcás bia nach dtrádáiltear i mbulc, beidh feidhm ag Tábla 2.

Agus é á chur san áireamh nach iolrach beacht de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear i dTáblaí 1 agus 2.

Tábla 1

Foroinnt na luchtóga ina bhfo-luchtóga le haghaidh bia a thrádáiltear i mbulc

Meáchan na luchtóige (ina thonaí)

Uasmheáchan nó uaslíon na bhfo-luchtóg

≥ 1 500

500 tona

> 300 agus < 1 500

3 fho-luchtóg

≥ 100 agus ≤ 300

100 tona

< 100

-


Tábla 2

Foroinnt na luchtóga ina bhfo-luchtóga le haghaidh bia nach dtrádáiltear i mbulc

Meáchan na luchtóige (ina thonaí)

Meáchan na bhfo-luchtóg

≥ 15

7,5-30 tona

< 15

-

B.2    Samplaí incriminteacha a bhailiú

Tógfaidh an t-oifigeach samplála samplaí incriminteacha ó áiteanna éagsúla arna roghnú go randamach agus arna ndáileadh go cothrom ar fud an tsampla iomláin; beidh na samplaí ar cóimhéid a bheag nó a mhór. I gcásanna eisceachtúla, nuair nach bhfuil sé sin praiticiúil go fisiceach, tógfaidh an t-oifigeach samplála samplaí incriminteacha ó áiteanna randamacha sa chuid inrochtana den luchtóg/fo-luchtóg. Sa chás sin, déanfaidh an t-oifigeach samplála an nós imeachta a leantar a thaifeadadh sa tuarascáil samplála.

Sainaithneoidh an t-oifigeach samplála aonad nó aonaid le haghaidh samplaí incriminteacha mar a leanas:

(a)   Torthaí agus glasraí úra

Beidh gach toradh iomlán, gach glasra nó gach triopall meánmhéide nádúrtha (e.g. fíonchaora) ina aonad, ach amháin i gcás ina bhfuil an toradh, an glasra nó an triopall sin beag. Féadfar aonaid de tháirgí beaga pacáistithe (e.g. cuiríní) a shainaithint i gcomhréir le pointe (e). Mura féidir damáiste a dhéanamh don ábhar, féadfar feiste samplála a úsáid agus dá bhrí sin ní féidir difear a dhéanamh d’iarmhair. I gcás bananaí agus torthaí agus glasraí comhchosúla a chuirtear ar fáil i dtriopall, measfar gur aonad iad ítimí aonair.

(b)   Uibheacha

Beidh gach ubh ina haonad.

(c)   Ainmhithe móra nó codanna nó orgáin díobh

Beidh cuid d’ainmhí mór nó d’orgán sonraithe nó ainmhí mór ina iomláine nó orgáin shonraithe iomlán ina aonad. Féadfar páirteanna nó orgáin a ghearradh chun aonaid a chruthú.

(d)   Ainmhithe beaga (cé is moite d’fheithidí) nó codanna nó orgáin díobh

Féadfaidh gach ainmhí iomlán nó gach cuid d’ainmhí iomlán nó orgán atá ann a bheith ina aonad. I gcás aonaid phacáistithe, féadfar iad a shainaithint mar a leagtar amach i bpointe (e). Agus aonaid á gcruthú, féadfar feiste samplála a úsáid murar féidir damáiste a dhéanamh don ábhar agus, dá bhrí sin, murar féidir difear a dhéanamh d’iarmhair.

(e)   Ábhair phacáistithe

Tógfar na pacáistí scoite is lú mar aonaid ón luchtóg/fo-luchtóg chéanna. I gcás ina bhfuil na pacáistí is lú an-mhór, a mhéid is praiticiúil, déanfar iad a shampláil mar bhulc, mar a shonraítear i bpointe (f). I gcás ina bhfuil na pacáistí is lú an-bheag, féadfaidh paca pacáistí a bheith ina aonad agus measfar gur cuid den luchtóg chéanna iad na pacáistí.

(f)   Bulcábhair agus pacáistí móra (e.g. drumaí, cáiseanna atá rómhór ina n-aonar lena dtógáil mar shamplaí incriminteacha)

Cruthófar na haonaid le feiste samplála.

An t-íoslíon/an t-íosmhéid samplaí incriminteacha atá le tógáil ag an oifigeach samplála ó luchtóg/fo-luchtóg chun an sampla comhiomlán a chruthú, déanfar é a chinneadh mar a leagtar amach i dTábla 3.

Áiritheoidh na samplaí incriminteacha cainníocht leordhóthanach chun gur féidir gach sampla saotharlainne, lena n-áirítear samplaí macasamhlaithe, a tharraingítear chun críoch anailíseach, a bhaint as an sampla comhiomlán.

Maidir le táirgí a dtógtar níos mó ná sampla incriminteach amháin díobh ó luchtóg/fo-luchtóg, rannchuideoidh gach ceann acu i gcion comhchosúil leis an sampla comhiomlán.

I gcás ina dtógtar samplaí incriminteacha go tráthrialta le linn luchtú nó díluchtú luchtóige/fo-luchtóige, is pointe ama é an ‘suíomh’ samplála agus cinntear an líon samplaí incriminteacha trí mhéid an tsampla a chur san áireamh.

Sonraítear an líon aonad is gá le haghaidh samplaí incriminteacha i dTábla 3. Sonraítear íosmhéideanna na samplaí saotharlainne i dTáblaí 4, 5 agus 6. Féadfar aonaid a bhailiú trí fheistí samplála a úsáid, mar shampla:

(a)

uirlis amhail scúp, liach, tolladóir, scian nó sleá, a úsáidtear chun aonad a bhaint as bulcábhar, as pacáistí (amhail drumaí, cáiseanna móra) nó as aonaid feola, éanlaithe clóis nó éisc atá rómhór lena dtógáil mar shamplaí incriminteacha;

(b)

uirlis amhail bosca deighilteora samplaí, a úsáidtear chun sampla saotharlainne a ullmhú ó shampla comhiomlán, nó chun cuid anailíseach a ullmhú ó shampla anailíseach.

I gcás ábhair amhail duilleoga scaoilte, úsáidfidh an t-oifigeach samplála lámhainní agus sampláil á déanamh de láimh aige chun traséilliú a chosc.

Glanfar na feistí samplála idir úsáidí de réir mar is gá, chun aon traséilliú a chosc.

Féadfar aonaid a leithdháileadh go randamach chun samplaí saotharlainne a mhacasamhlú tráth bailithe an tsampla incrimintigh nó na samplaí incriminteacha, i gcásanna ina bhfuil aonaid mheánmhéide nó mhórmhéide ann (mar a thuairiscítear i dTábla 5) agus nach mbeadh an sampla comhiomlán nó na samplaí saotharlainne níos ionadaíche dá ndéanfaí é nó iad a mheascadh, nó i gcás ina bhféadfaí damáiste a dhéanamh do na haonaid (e.g. uibheacha, torthaí boga) dá meascfaí iad.

Mura ndéantar an sampláil mar a leagtar amach i bpointe B.2 mar gheall ar iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha (e.g. foirmeacha pacáistíochta, damáiste don luchtóg) nó má chuireann an t-oifigeach samplála modh malartach i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil sé ionadaíoch go leor don luchtóg nó don fho-luchtóg shampláilte agus go bhfuil doiciméadú iomlán déanta air, , déanfaidh an t-oifigeach samplála taifead ar an nós imeachta a leanadh sa tuarascáil samplála dá dtagraítear i bpointe B.6.

Ní ghearrfar ná ní bhrisfear aonaid chun sampla incriminteach/samplaí incriminteacha a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis an bhforoinn aonad a shonraítear i dTábla 4.

Tábla 3

Íosmhéid/íoslíon samplaí incriminteacha (príomhúla) atá le tógáil ó luchtóg/fo-luchtóg chun an sampla comhiomlán a chruthú

 

Íosmhéid/íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg/fo-luchtóg

a)

Luchtóg amhrasta

Tógfar dhá shampla bhreise i dteannta na samplaí sin a chinntear i gcuid b) nó i gcuid c) den tábla seo

b)

Táirgí, iad pacáistithe nó i mbulc, ar féidir glacadh leis go bhfuil siad measctha go maith nó go bhfuil siad aonchineálach

1 (Féadfar luchtóg a mheascadh, mar shampla, trí phróisis ghrádaithe nó mhonaraíochta);

Le haghaidh codanna móra, féach i) agus ii)

c)

Táirgí, iad pacáistithe nó i mbulc, a bhféadfadh sé nach bhfuil siad measctha go maith nó nach bhfuil siad aonchineálach

Maidir le bia príomhúil nó tráchtearraí de bhunadh plandaí, i gcás táirgí arb éard atá iontu aonaid mheánmhéide, mhóra nó an-mhór, comhlíonfaidh an t-íoslíon samplaí incriminteacha an t-íoslíon aonad is gá le haghaidh an tsampla saotharlainne (féach Tábla 5)

Ceann díobh seo a leanas:

 

Meáchan nó toirt na luchtóige/na fo-luchtóige

(i gcileagraim nó i lítir)

 

< 50

3

≥ 50 agus ≤ 500

5

≥ 500 agus ≤ 30 tona

10

> 30 tona

√ (an líon tonaí iolraithe faoi 20 atá sa sampla) (*), suas le 40 sampla incriminteacha

(*)

I gcás inar codán í an uimhir a gheofar, slánófar go dtí an chéad slánuimhir eile í

Le haghaidh codanna móra, féach i) agus ii)

I gcás codanna móra (codanna sampláilte > 500 tona):

i)

an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil = 40 sampla incriminteacha + √ an líon tonaí i ndáil leis an rialú ar shubstaintí nó táirgí arna ndáileadh go haonfhoirmeach ar fud an bhia (e.g. i gcás luchtóg 529 dtona, 40 + 23 = 63 shampla incriminteacha atá le tógáil);

ii)

nó 100 sampla incriminteach + √ an líon tonaí i ndáil leis an rialú ar chomhábhair nó substaintí ar dócha go ndáilfear go neamh-aonfhoirmeach i mbia iad (e.g. i gcás luchtóg 529 dtona, 100 + 23 = 123 shampla incriminteacha atá le tógáil).

Nó:

 

An líon pacáistí, cannaí, cartán nó aonad eile sa luchtóg/fo-luchtóg

 

≤ 25

1

26-100

5 %, 2 aonad ar a laghad

> 100

5 %, 10 n-aonad ar a mhéid

d)

Forbhianna pacáistithe

An líon pacáistí sa luchtóg/fo-luchtóg

 

1-50

1

51-250

2

251-1000

4

> 1 000

4 + 1 phacáiste as gach 1 000 pacáiste miondíola, le huasmhéid 25 phacáiste miondíola

e)

Táirgí ilghnéitheacha nach fios a méid luchtóige (infheidhme i gcás ríomhthráchtála agus sa chás sin amháin)

1

f)

Táirgí iascaigh agus mara lena n-áirítear sliogéisc agus crústaigh

Saineofar cainníochtaí íosta na samplaí sa chlár náisiúnta um rialú iarmhar. Beidh na cainníochtaí íosta na samplaí leordhóthanach le go mbeidh na saotharlanna formheasta in ann na nósanna imeachta anailíse is gá chun an scagadh agus na hanailísí deimhniúcháin a chur i gcrích. Go sonrach, i gcás táirgí iascaigh agus mara lena n-áirítear sliogéisc agus crústaigh, is éard atá i sampla ainmhí amháin nó níos mó, ag brath ar riachtanais na modhanna anailíse.

B.3    Ullmhú an tsampla chomhiomláin/laghdaithe ag an oifigeach samplála

Déanfar an sampla comhiomlán trí na samplaí incriminteacha a chur le chéile.

Tugtar tuairisc ar na ceanglais is infheidhme maidir le feoil agus éanlaith chlóis i dTábla 4. Measfar gach sampla incriminteach a bheith ina shampla comhiomlán ar leithligh.

Tugtar tuairisc ar na ceanglais is infheidhme maidir le táirgí plandaí, uibheacha nó táirgí déiríochta i dTáblaí 5 agus 6, faoi seach. Déanfar na samplaí incriminteacha a chomhcheangal agus a mheascadh go maith, más indéanta, chun an sampla comhiomlán a chruthú.

I gcás ina n-ullmhaítear samplaí saotharlainne ar leithligh le linn bhailiú an tsampla incrimintigh/na samplaí incriminteacha ón luchtóg/fo-luchtóg, measfar gurb é atá sa sampla comhiomlán suim chomhcheangailte na samplaí saotharlainne.

Más gá, is féidir an sampla comhiomlán a laghdú go hionadaíoch trí mhodh laghdaithe an tsampla a úsáid.

I gcás ina bhfuil meascadh chun an sampla comhiomlán a chruthú míchuí nó neamhphraiticiúil, féadfar an nós imeachta malartach seo a leanas a leanúint. I gcás ina bhféadfadh na próisis chun an sampla comhiomlán a mheascadh nó a fhoroinnt damáiste a dhéanamh d’aonaid (agus dá bhrí sin difear a dhéanamh d’iarmhair), nó i gcás nach féidir aonaid mhóra a mheascadh chun dáileadh iarmhar níos aonfhoirmí a dhéanamh, féadfar na haonaid a leithdháileadh go randamach chun samplaí saotharlainne a mhacasamhlú tráth a thógtar na samplaí incriminteacha. Sa chás sin, is é an toradh a bheidh le húsáid an modh matamaiticiúil chun torthaí anailíseacha bailí a fháil ó na codanna anailíseacha a ndearnadh anailís orthu agus a cruthaíodh ó na samplaí saotharlainne macasamhlaithe.

B.4    Ullmhú, pacáistiú, séalú agus iompar an tsampla saotharlainne ag an oifigeach samplála

Cruthaítear an sampla saotharlainne as an sampla comhiomlán agus d’fhéadfadh an sampla comhiomlán ina iomláine nó cuid de a bheith i gceist. Ullmhóidh an t-oifigeach samplála an tsaotharlann agus na samplaí macasamhlaithe ón sampla laghdaithe a bheidh den mhéid céanna a bheag nó a mhór agus a bheidh i gcomhréir le ceanglais chainníochtúla Chuid B. Féadfaidh foireann na saotharlainne an sampla macasamhlaithe a ullmhú sa tsaotharlann freisin. Ní ghearrfar ná ní bhrisfear aonaid chun an sampla/na samplaí saotharlainne a tháirgeadh, ach amháin i gcás ina sonraítear foroinnt na n-aonad i dTáblaí 4 agus 5.

I gcás ina bhfuil an sampla comhiomlán níos mó ná an sampla saotharlainne is gá, féadfar é a laghdú chun cionn ionadaíoch a sholáthar. Féadfar úsáid a bhaint as feiste samplála, an sampla a ghearradh ina cheithre chuid, nó próiseas laghdaithe méide iomchuí eile a úsáid ach ní dhéanfar aonaid táirgí plandaí úra ná uibheacha iomlána a ghearradh ná a bhriseadh.

Sonraítear na híosmhéideanna is gá le haghaidh samplaí saotharlainne i dTáblaí 4, 5 agus 6.

Féadfar sampla níos lú ná méid na samplaí a shonraítear i dTáblaí 4 agus 5 a thógáil ó tháirge i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin (amhail ardluach an táirge) agus ar choinníoll nach mbeidh ábhar samplach neamhleor mar thoradh ar an sampla níos lú chun anailís iomchuí a dhéanamh. Déanfar an t-údar atá leis sin a nótáil sa tuarascáil samplála.

Cuirfear an sampla saotharlainne i gcoimeádán glan atá támh go ceimiceach agus nach bhfuil imoibríoch le huisce, rud a áiritheoidh cosaint shábháilte ar thosca comhshaoil agus atmaisféir agus a chaomhnóidh aonchineálacht an tsampla. Déanfar an coimeádán a shéalú san áit samplála, déanfar é a lipéadú go slán agus go cruinn, agus beidh an tuarascáil samplála ag gabháil leis, más tuarascáil pháipéir í. I gcás nósanna imeachta gan pháipéar (digiteacha), beidh an sampla nasctha go hinaitheanta leis an iontráil ábhartha sa taifead digiteach. I gcás ina n-úsáidtear barrachód, moltar faisnéis alfa-uimhriúil a sholáthar freisin.

Déanfaidh an t-oifigeach samplála an sampla saotharlainne a sheachadadh chuig an tsaotharlann a luaithe is indéanta. Caomhnófar staid na samplaí agus iad faoi bhealach, e.g. coinneofar samplaí úra fionnuar agus ní ligfear do shamplaí reoite díreo. Déanfar samplaí de thráchtearraí bia príomhúla de bhunadh ainmhíoch a reo sula seolfar iad, mura dtugtar chuig an tsaotharlann iad sula bhféadfaidh milleadh tarlú. I gcásanna ina n-iomprófar samplaí de thráchtearraí bia príomhúla de bhunadh ainmhíoch nach bhfuil reoite, seachnófar meathlú nó milleadh le linn iompair.

I gcás ina bhfágtar sampla macasamhlaithe leis an oibreoir gnó bia, tabharfar treoir don oibreoir gnó bia (e.g. trí bhileog) maidir le conas an sampla a stóráil agus a aistriú chuig an tsaotharlann, chun díghrádú iarmhar a íoslaghdú. Mura mbeidh an t-oibreoir gnó bia in ann na ceanglais stórála a chomhlíonadh, seachadfar an sampla chuig an tsaotharlann a luaithe is indéanta le haghaidh tuilleadh próiseála (e.g. homaiginiú) de réir mar a cheanglaítear le nósanna imeachta an Bhallstáit agus stórálfar é ag teocht íseal go dtí go ndéanfar an cinneadh maidir le hanailís.

Tábla 4

Bia de bhunadh ainmhíoch: tuairisc ar shamplaí incriminteacha (príomhúla) agus íosmhéid samplaí saotharlainne

#

Aicmiú tráchtearraí (1)

Samplaí

An chuid den sampla incriminteach atá le tógáil

Íosmhéid gach sampla saotharlainne

Príomh-thráchtearraí bia de bhunadh ainmhíoch

1

Matán mamach –

Catagóirí: 1011010, 1012010, 1013010, 1014010, 1015010, 1017010

1.1

Mamaigh mhóra, conablach iomlán nó leathchonablach, ≤ 10 kg de ghnáth

Eallach, caoirigh, muca

Scairt iomlán nó cuid den scairt, arna forlíonadh le matán ceirbheacs, más gá

0,5 kg

1.2

Mamaigh bheaga, conablach iomlán

Coiníní

Conablach iomlán nó ceathrúna deiridh

0,5 kg

tar éis an craiceann agus na cnámha a bhaint

1.3

Páirteanna mamaigh, iad scaoilte, úr/reoite, pacáistithe nó eile

Ceathrúna, gríscíní, stéigeacha, guaillí

Aonad iomlán nó aonaid iomlána, nó cuid d’aonad mór

0,5 kg

tar éis na cnámha a bhaint

1.4

Páirteanna mamaigh, iad bulcreoite

Ceathrúna, gríscíní

Trasghearradh reoite coimeádáin nó iomlán na gcodanna matáin aonair (nó codanna díobh)

0,5 kg

tar éis na cnámha a bhaint

2

Saillte mamacha, lena n-áirítear saill chonablaigh –

Catagóirí: 1011020, 1012020, 1013020, 1014020, 1015020, 1017020

2.1

Mamaigh mhóra, tráth a maraithe, conablach iomlán nó leathchonablach, ≥ 10 kg de ghnáth

Eallach, caoirigh, muca

Duán, saill bhoilg nó saill fho-chraicneach gearrtha ó ainmhí amháin

0,5 kg

2.2

Mamaigh bheaga, tráth a maraithe, conablach iomlán nó leathchonablach < 10 kg

 

Saill bhoilg nó saill fho-chraicneach ó ainmhí amháin nó níos mó

0,5 kg

2.3

Codanna mamaigh

Cosa, gríscíní, stéigeacha

Saill infheicthe, í bearrtha ó aonad/aonaid, é sin nó

Aonad iomlán nó aonaid iomlána nó codanna d’aonad iomlán nó d’aonaid iomlána, i gcás nach saill inbhearrtha í

0,5 kg

2 kg

2.4

Bulcfhíochán saille mamaigh

 

Aonaid a thógtar le feiste samplála ó thrí áit ar a laghad, i gcás inarb indéanta sa chleachtas

0,5 kg

3

Scairteach mhamach –

Catagóirí: 1011030, 1012030, 1013030, 1014030, 1015030, 1017030

1011040, 1012040, 1013040, 1014040, 1015040, 1017040

1011050, 1012050, 1013050, 1014050, 1015050, 1017050

3.1

Ae mamach, é úr, fuaraithe, reoite

 

An t-ae iomlán nó na haenna iomlána, nó cuid den ae

0,4 kg

3.2

Ae mamach, é úr, fuaraithe, reoite

 

Duán amháin nó an dá cheann, ó ainmhí amháin nó dhá ainmhí

0,2 kg

3.3

Croí mamach, é úr, fuaraithe, reoite

 

Croí iomlán nó croíthe iomlána, nó an chuid d’aerainéal amháin, má tá sé mór

0,4 kg

3.4

Scairteach mhamach, í úr, fuaraithe, reoite

 

Cuid d’aonad nó aonad iomlán ó ainmhí amháin nó níos mó, nó trasghearradh a thógtar ó bhulctháirge reoite

0,5 kg

4

Matán éanlaithe clóis – Catagóir: 1016010

4.1

Éan, conablach mórmhéide > 2 kg

Turcaithe, géanna, cocaí, cábúin agus lachain

Leasracha, cosa agus matán dorcha eile

0,5 kg

tar éis an craiceann agus na cnámha a bhaint

4.2

Éan, conablach meánmhéide 500 g-2 kg

Cearca, éanlaith ghuine, sicíní óga

Leis, cosa nó matán dorcha eile ó thrí éan ar a laghad

0,5 kg

tar éis an craiceann agus na cnámha a bhaint

4.3

Éan, conablach beag, conablach < 500 g

Gearg, colúr

Conablaigh ó shé éan ar a laghad

0,2 kg

as fíochán matáin

4.4

Codanna éan úra, fuaraithe, reoite, miondíola nó mórdhíola agus pacáistithe

Cosa, ceathrúna, brollaigh agus sciatháin

Aonaid phacáistithe, nó aonaid aonair

0,5 kg

tar éis an craiceann agus na cnámha a bhaint

5

Saillte éanlaithe clóis, lena n-áirítear saill chonablaigh – Catagóir: 1016020.

5.1

Éin tráth a maraithe, conablach iomlán nó páirteach

Sicíní, turcaithe

Aonaid saille boilg ó thrí éan ar a laghad, i gcás inarb indéanta sa chleachtas

0,5 kg

5.2

Codanna éan

Cosa, brollach, matán

Saill infheicthe, í bearrtha ó aonad/aonaid, é sin nó

Aonad iomlán nó aonaid iomlána nó codanna d’aonad iomlán nó d’aonaid iomlána, i gcás nach saill inbhearrtha í

0,5 kg

0,5 kg

2 kg má tá an cion saille < 5 %

5.3

Bulcfhíochán saille éan

 

Aonaid a thógtar le feiste samplála ó thrí áit ar a laghad

0,5 kg

6

Scairteach éanlaithe clóis – Catagóirí: 1016030, 1016040, 1016050

6.1

Scairteach éan inite, seachas ae gé agus saille lachan agus táirgí ardluacha comhchosúla

 

Aonaid ó shé éan ar a laghad, nó trasghearradh ó choimeádán, i gcás inarb indéanta sa chleachtas

0,2 kg

6.2

Ae gé agus saille lachan agus táirgí ardluacha comhchosúla

 

Aonad ó éan amháin nó ó choimeádán

0,1 kg

7

Mil – Catagóir: 1040000

7.1

Mil

 

Aonaid phacáistithe

0,5 kg

8

Amfaibiaigh agus Reiptílí – Catagóir: 1050000 (1)

8.1

Matán

Crogaill, laghairt

Aonaid ón eireaball, ón gcorp, ó na cosa

0,5 kg

8.2

Froganna

Cosa

0,5 kg

8.2

Nathair

Aonaid ón gcorp

0,5 kg

9

Ainmhithe inveirteabracha talún – Catagóir: 1060000

9.1

Seilidí

Seilide rómhánach

Seilidí iomlána

12 sheilide

9.2

Feithidí

Criogair

Feithidí iomlána

10 bhfeithid iomlána

0,2 kg

Larbhaí lócaiste, minphéisteanna

Larbhaí

0,5 kg

10

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine – Catagóir: 1070000

10.1

Beidh feidhm maidir leis an bhfíochán comhfhreagrach ag na rialacha atá leagtha síos d’ainmhithe ceansaithe faoi chatagóirí 1-3 den tábla seo.

Bianna próiseáilte de bhunadh ainmhíoch

11

Tráchtearraí bia tánaisteacha de bhunadh ainmhíoch, feolta triomaithe.

Táirgí inite díorthaithe de bhunadh ainmhíoch, saillte ainmhíocha próiseáilte, lena n-áirítear saillte leáite nó eastósctha, forbhianna.

Bia monaraithe (aon chomhábhar amháin) de bhunadh ainmhíoch, leis an modh pacála nó gan an modh pacála, nó mion-chomhábhair amhail oibreáin bhlaistithe, datháin (e.g. cairmín), spíosraí agus tarsainn, púdar feithidí, agus a réamhphacáiltear de ghnáth agus atá réidh le caitheamh agus é cócaráilte nó gan a bheith cócaráilte.

Bia monaraithe (il-chomhábharach) de bhunadh ainmhíoch, bia il-chomhábharach ina bhfuil comhábhair de bhunadh ainmhíoch agus planda araon, cuimseofar anseo é más é an comhábhar/na comhábhair de bhunadh ainmhíoch is mó atá ann, lena n-áirítear bia do naíonáin.

11.1

Mamach nó éan, mionaithe, cócaráilte, stánaithe, triomaithe, leáite, nó táirgí próiseáilte ar bhealach eile, lena n-áirítear táirgí il-chomhábharacha

Liamhás, ispín, mairteoil mhionaithe, taos sicín

Aonaid phacáistithe, nó trasghearradh ionadaíoch ó choimeádán nó aonaid (lena n-áirítear súnna, más ann dóibh) a thógtar le feiste samplála

0,5 kg

11.2

Forbhianna

Collaigin

Aonaid phacáistithe

0,1 l nó 0,1 kg


Tábla 5

Táirgí plandaí: tuairisc ar shamplaí incriminteacha (príomhúla) agus íosmhéid samplaí saotharlainne

 

Aicmiú tráchtearraí (2)

Samplaí (3)

An chuid den sampla incriminteach atá le tógáil

Íosmhéid gach sampla saotharlainne

Príomh-thráchtearraí bia de bhunadh plandaí

1

Torthaí, iad úr nó reoite – Catagóir: 0100000

Glasraí, iad úr nó reoite – Catagóir: 0200000, beacáin san áireamh (0280000)

1.1

Aonaid táirgí de mhéideanna beaga

< 25 g

Caora, piseanna, ológa

Aonaid iomlána, nó pacáistí, nó aonaid a thógtar le feiste samplála

1 kg

1.2

Aonaid táirgí mheánmhéide, aonaid

25-250 g

Úlla, oráistí

Aonaid iomlána

1 kg ach

10 n-aonad ar a laghad

1.3

Táirgí úra mórmhéide, aonaid

250-1 000  g

Cúcamair, fíonchaora (bearta, triopaill)

Aonad iomlán/aonaid iomlána

2 kg

ach

5 aonad ar a laghad

1.4

Táirgí úra ar mhéid an-mhór, aonaid > 1 000  g

Puimcíní, mealbhacáin

Aonad iomlán/aonaid iomlána

2 kg

ach

3 aonad ar a laghad

1.5

Cnónna crann

(0120000)

Seachas cnónna cócó

Pacáistí, nó aonaid a thógtar le feiste samplála

1 kg

Cnónna cócó

Aonaid iomlána

5 aonad

1.6

Luibheanna

(0256000)

Peirsil, sáiste

Aonaid iomlána

0,2 kg

2

Piseánaigh

(0300000)

Pónairí, Piseanna

Pacáistí, nó aonaid a thógtar le feiste samplála

1 kg

3

Olashíolta

(0401000)

Ros lín

Pacáistí, nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,5 kg

4

Gráin ghránaigh

(0500000)

Rís, cruithneacht

Pacáistí, nó aonaid a thógtar le feiste samplála

1 kg

5

Síolta le haghaidh deochanna agus milseán

Pónairí (glasa) caife

Pacáistí, nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,5 kg

6

Plandaí Siúcra (0900000)

Biatas siúcra

Aonaid iomlána

2 kg

2 aonad ar a laghad

Bianna próiseáilte de bhunadh plandaí

7

Tráchtearraí bia tánaisteacha de bhunadh plandaí, torthaí triomaithe, glasraí triomaithe, luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (0630000), leannlusanna (0700000), spíosraí (0800000), táirgí gránaigh meilte, eastóscáin.

Táirgí díorthaithe de bhunadh plandaí, taenna, taenna luibhe, olaí plandúla agus deochanna plandúla, súnna, forbhianna agus táirgí ilghnéitheacha e.g. ológa próiseáilte agus molás citris.

Bia monaraithe (aon chomhábhar amháin) de bhunadh plandaí, leis an modh pacála nó gan an modh pacála, nó mion-chomhábhair amhail oibreáin bhlaistithe, datháin, spíosraí agus tarsainn, agus a réamhphacáiltear de ghnáth agus atá réidh le caitheamh agus é cócaráilte nó gan bheith cócaráilte.

Bianna monaraithe (il-chomhábharacha) de bhunadh plandaí, lena n-áirítear táirgí ina bhfuil comhábhair de bhunadh ainmhíoch arb é an comhábhar/na comhábhair de bhunadh plandaí is mó atá iontu, aráin agus táirgí gránach cócaráilte eile, lena n-áirítear bia do naíonáin atá bunaithe ar ghránaigh.

7.1

Spíosraí

(0800000)

Noitmig

Pacáistí aonad a thógtar le feiste samplála

0,1 kg

7.2

Táirgí a bhfuil ardluach aonaid acu

Peitil róis, cróch

Pacáistí aonad a thógtar le feiste samplála

0,1 kg (3)

7.3

Táirgí soladacha ar bhulc íseal

Leannlusanna, tae, tae luibhe

Aonaid phacáistithe nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,1 kg (3)

7.4

Táirgí soladacha eile

Arán, plúr, torthaí triomaithe

Aonaid phacáistithe nó aonaid iomlána eile a thógtar le feiste samplála

0,5 kg

7.5

Táirgí leachtacha

Olaí plandúla, súnna

Aonaid phacáistithe nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,5 l nó 0,5 kg

7.6

Forbhianna

Ashwagandha, acai, spirulina

Aonaid phacáistithe

0,1 l nó 0,1 kg (3)

7.7

Bia leanaí

Réidh le hithe, bunaithe ar thorthaí / ghlasraí

Aonaid phacáistithe nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,5 l nó 0,5 kg


Tábla 6

Táirgí uibhe agus déiríochta: tuairisc ar shamplaí incriminteacha (príomhúla) agus íosmhéid samplaí saotharlainne

 

Aicmiú tráchtearraí (4)

Samplaí

An chuid den sampla incriminteach atá le tógáil

Íosmhéid gach sampla saotharlainne

Príomh-thráchtearraí bia de bhunadh ainmhíoch

1

Uibheacha éanlaithe clóis – Catagóir: 1030000

1.1

Uibheacha, iad mór

Géanna, lachain nó a gcomhchosúil

Uibheacha iomlána

6 ubh iomlána

1.2

Uibheacha, iad meánach

Sicín agus a chomhchosúil

Uibheacha iomlána

10 n-ubh iomlána

1.3

Uibheacha, iad beag

gearga agus a gcomhchosúil

Uibheacha iomlána

24 ubh iomlána

2

Bainní – Catagóir: 1020000

2.1

Bainní

 

Aonaid phacáistithe, nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,5 l

Bianna próiseáilte de bhunadh ainmhíoch

3

Tráchtearraí bia tánaisteacha de bhunadh ainmhíoch, táirgí bainne tánaisteacha amhail bainne bearrtha, bainne galaithe, púdair bhainne, lena n-áirítear bainne foirmle do naíonáin, agus púdar uibheacha.

Táirgí inite díorthaithe de bhunadh ainmhíoch, saillte bainne, táirgí bainne díorthaithe amhail imeanna, olaí ime, uachtair, púdair uachtair, cáiséiní, etc.

Bia monaraithe (aon chomhábhar amháin) de bhunadh ainmhíoch, táirgí bainne monaraithe amhail iógart, cáiseanna.

Bia monaraithe (il-chomhábharach) de bhunadh ainmhíoch, táirgí bainne monaraithe (lena n-áirítear táirgí ina bhfuil comhábhair de bhunadh plandaí i gcás inarb é an comhábhar/na comhábhair de bhunadh ainmhíoch is mó atá ann) amhail táirgí cáise próiseáilte, ullmhóidí cáise, iógart blaistithe, bainne comhdhlúite milsithe.

3.1

Bainne leachtach, púdair bhainne, bainne galaithe agus uachtair ghalaithe, uachtair reoite déiríochta, uachtair, iógairt

 

Aonad pacáistithe nó aonaid phacáistithe nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,5 l (leacht)

0,5 kg (soladach)

 

(i)

Déanfar bainne galaithe agus uachtair ghalaithe i mbulc a mheascadh go maith sula ndéanfar iad a shampláil, déanfar ábhar greamaitheach a scríobadh ó thaobhanna agus ó bhun na gcoimeádán agus é a chorraí go maith. Déanfar thart ar 2 go 3 l a bhaint agus corrófar arís é go maith sula mbainfear an sampla saotharlainne

(ii)

Déanfar púdair bhainne i mbulc a shampláil go haiseipteach, agus cuirfear feadán tolladóra tirim tríd an bpúdar ar ráta comhréidh.

(iii)

Meascfar uachtair i mbulc go maith le suncaire roimh an tsampláil ach seachnófar cúradh, fuipeáil agus maistreadh.

3.2

Im agus olaí ime

Im, im meidhg, leatháin ar shaille íseal ina bhfuil saill ime, ola ime ainhidriúil, saill ainhidriúil

Aonad pacáistithe nó aonaid phacáistithe ina n-iomláine nó codanna díobh nó aonaid a thógtar le feiste samplála

0,2 kg

0,2 l

3.3

Cáiseanna, lena n-áirítear cáiseanna próiseáilte

 

Aonaid 0,3 kg nó níos mó

 

Aonad iomlán nó aonaid iomlána a ghearrtar le feiste samplála

0,5 kg

 

Aonaid < 0,3 kg

 

0,3 kg

 

Tabhair faoi deara:

Déanfar cáiseanna a bhfuil bonn ciorclach acu a shampláil trí dhá ghearradh gháthacha a dhéanamh ón lár. Déanfar cáiseanna a bhfuil bonn dronuilleogach acu a shampláil trí dhá ghearradh a dhéanamh atá comhthreomhar leis na taobhanna.

3.4

Táirgí uibhe leachtacha, reoite nó triomaithe

 

Aonad nó aonaid a thógtar go haiseipteach le feiste samplála

0,5 kg

B.5    Sampla macasamhlaithe

Tógfaidh foireann na saotharlainne nó an t-oifigeach samplála an sampla macasamhlaithe ón sampla comhiomlán dea-mheasctha nó ón sampla saotharlainne nó ón sampla anailíseach. Ullmhaítear samplaí macasamhlaithe ar an mbealach céanna le samplaí saotharlainne.

B.6    Tuarascáil samplála

Cuirfear tuarascáil i dtoll a chéile tar éis gach nós imeachta samplála a bheith déanta agus cuimseofar inti, ar a laghad, na sonraí seo a leanas:

(1)

Dearbhú go ndearnadh an tsampláil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/765;

(2)

Seoladh na n-údarás inniúil;

(3)

Ainm an oifigigh samplála nó an chóid aitheantais;

(4)

Uimhir aitheantais (oifigiúil) an tsampla;

(5)

Dáta na samplála;

(6)

Ainm agus seoladh an oibreora gnó bia;

(7)

Ainm agus seoladh na feirme bunaidh (nuair a dhéantar sampláil ar an bhfeirm);

(8)

Uimhir chlárúcháin na bunaíochta nó an tseamlais, i gcás inarb ábhartha;

(9)

Tuairisc ar an ainmhí, ar an bplanda nó ar an táirge nó ainm an bhia;

(10)

Méid na luchtóige;

(11)

Sainaitheantas na luchtóige;

(12)

I gcás inarb ábhartha, cógais laistigh de na ceithre seachtaine deiridh roimh an tsampláil (nuair a dhéantar sampláil ar an bhfeirm);

(13)

Clár samplála, i gcás inarb ábhartha;

(14)

Barúlacha ar leith, i gcás inarb ábhartha.

Déanfaidh an t-oifigeach samplála an méid seo a leanas:

(a)

cóip pháipéir nó leictreonach den tuarascáil samplála a shíniú nó a fhíordheimhniú;

(b)

cóip de thuarascáil samplála na luchtóige/na fo-luchtóige a sholáthar don oibreoir gnó bia, nó dá ionadaí, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil sampla macasamhlaithe le soláthar don oibreoir gnó sin.

I gcás ina mbeidh taifid samplála i bhfoirm páipéir, coimeádfaidh an t-údarás inniúil bunchóip na tuarascála samplála nó seolfaidh an t-oifigeach samplála an bhuntuarascáil samplála chuig an tsaotharlann.

Áiritheofar rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/625.

Déanfar aon diall ón modh samplála sonraithe a thaifeadadh go mion sa tuarascáil samplála.

I gcás ina mbeidh taifid samplála i bhfoirm páipéir, beidh cóip shínithe den taifead ag gabháil le gach sampla saotharlainne macasamhlaithe. I gcás ina dtáirgtear taifid samplála i bhfoirm gan pháipéar (dhigiteach), déanfar socruithe lena n-áiritheofar rian iniúchóireachta infhíoraithe comhchosúil.

B.7    Ullmhú an tsampla anailísigh ag an tsaotharlann

Samplaí saotharlainne nach ndéantar anailís orthu láithreach, déanfar iad a stóráil sa tsaotharlann faoi dhálaí ina n-íoslaghdófar an meathlú. Stórálfar táirgí úra, deochanna agus olaí sa chuisneoir, ach ní stórálfar iad níos faide ná 5 lá de ghnáth. Féadfar táirgí triomaithe, leasaithe agus stánaithe a stóráil ag teocht an tseomra, ach má mheastar go rachaidh an t-am stórála thar thréimhse 4 seachtaine, déanfar iad a fhoshampláil agus a stóráil sa reoiteoir.

Ullmhóidh an tsaotharlann an sampla anailíseach ón sampla saotharlainne tríd an gcuid den táirge a bhfuil anailís le déanamh air a dheighilt, i.e. an chuid den táirge a bhfuil feidhm ag an MRL maidir léi (5), agus ansin trí mheascadh, meilt, mionghearradh, mionú etc. a dhéanamh uirthi, chun codanna anailíseacha a bhaint le claontacht íosta foshamplála. Léireoidh ullmhú an tsampla anailísigh an nós imeachta a úsáidtear chun MRLanna a shocrú agus, dá bhrí sin, féadfaidh codanna nach dtomhlaítear de ghnáth a bheith sa chuid den táirge a bhfuil anailís le déanamh uirthi.

Más gá, is féidir an sampla saotharlainne a laghdú go hionadaíoch trí mhodh laghdaithe an tsampla a úsáid.

Déanfar an chuid den táirge a bhfuil anailís le déanamh uirthi, i.e. an sampla anailíseach, a dheighilt a luaithe is indéanta. I gcás inar gá an leibhéal iarmhair a ríomh chun codanna nach ndéantar anailís orthu a chur san áireamh (6), déanfar meáchain na gcodanna deighilte a thaifeadadh.

B.8    Ullmhú agus stóráil na coda anailísí ag an tsaotharlann

Déanfar an sampla anailíseach a mhionú, más iomchuí, agus a mheascadh go maith, ionas go mbeidh an tsaotharlann in ann codanna anailíseacha ionadaíocha a bhaint. Féadfar feiste a úsáid chun an chuid anailíseach a bhaint. Is leis an modh anailíse agus le héifeachtúlacht an mheasctha a chinnfear méid na coda anailísí. Déanfar na modhanna mionaithe agus measctha a thaifeadadh agus ní dhéanfaidh siad difear do na hiarmhair atá sa sampla anailíseach. I gcás inarb iomchuí, próiseálfar an sampla anailíseach faoi choinníollacha speisialta, e.g. é reoite, chun éifeachtaí díobhálacha a íoslaghdú.

I gcás ina bhféadfadh an phróiseáil difear a dhéanamh d’iarmhair agus i gcás nach bhfuil nósanna imeachta malartacha praiticiúla ar fáil, d’fhéadfadh aonaid iomlána, nó deighleoga a bhaintear as aonaid iomlána, a bheith sa chuid anailíseach. Mura bhfuil ach líon beag aonad nó deighleog sa chuid anailíseach, ní dócha go mbeidh sí ionadaíoch ar an sampla anailíseach agus déanfar anailís ar chodanna macasamhlaithe leordhóthanacha, chun neamhchinnteacht an mheánluacha a léiriú.

De réir na sonraí cobhsaíochta stórála atá ar fáil, d’fhéadfadh sé go mbeifí in ann codanna anailíseacha a stóráil roimh anailís. Sa chás sin, beidh an modh, fad an ama stórála agus an teocht le linn stórála de chineál nach ndéanfaidh siad difear do leibhéal na n-iarmhar atá ann.

B.9    Léirithe scéimreacha

Léirithe scéimreacha ar na nósanna imeachta samplála ar a dtugtar tuairisc i bpointí B.2, B.3 agus B.4:

B.9.1.   Táirgí samplála feola agus éineola

Samplaí incriminteacha ó luchtóg/fo-luchtóg amhrasta

(féach Táblaí 3 agus 4)

Samplaí incriminteacha ó luchtóg/fo-luchtóg nach bhfuil amhras fúithi

(féach Táblaí 3 agus 4)

Image 1

B.9.2.   Táirgí samplála cé is moite d’fheoil agus éineoil

Samplaí incriminteacha ó luchtóg/fo-luchtóg amhrasta

(féach Táblaí 3, 5 agus 6)

Samplaí incriminteacha ó luchtóg/fo-luchtóg nach bhfuil amhras fúithi

(féach Táblaí 3, 5 agus 6)

Image 2

B.9.3.   Gnáthphróiseas samplála agus anailíse

Image 3

CUID C

Modhanna anailíse, neamhchinnteacht tomhais agus léirmhíniú torthaí

C.1    Modhanna anailíse agus na torthaí anailíseacha a dhíorthú

C.1.1

Tacófar le modhanna anailíse le sonraí rialaithe cáilíochta agus déanfar iad a bhailíochtú don teaglaim shonrach de shubstaintí/grúpaí tráchtearraí. Ar a laghad, ní mór tráchtearra ionadaíoch amháin ó gach grúpa tráchtearraí a bhailíochtú, ag brath ar raon feidhme beartaithe an mhodha. Nuair a chuirtear an modh i bhfeidhm maidir le réimse níos leithne maitrísí, ba cheart sonraí bailíochtaithe comhlántacha a fháil.

Déanfar torthaí anailíseacha le haghaidh bia a dhíorthú ó shampla saotharlainne amháin nó níos mó agus le haghaidh beatha ó shampla deiridh amháin ar a laghad a thógtar ón luchtóg/fo-luchtóg agus ar choinníoll go bhfuil an chuid cheart nó na codanna cearta den táirge sa sampla anailíseach mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás ina bhfaighfear amach go sáraíonn iarmhar MRL, deimhneofar aitheantas an iarmhair sin agus fíorófar a thiúchan trí anailís dhúblach (an dara cinneadh neamhspleách).

C.1.2.

Tuairisceofar an toradh anailíse mar x+/- U inarb é ‘x’ an toradh anailíseach agus inarb é ‘U’ an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe agus tuairisceofar é sna haonaid chéanna agus leis an líon céanna figiúirí deachúla leis an toradh.

C.2    Neamhchinnteacht tomhais agus léirmhíniú torthaí

C.2.1.

Beidh feidhm ag an MRL maidir leis an sampla anailíseach arna dhíorthú ón sampla comhiomlán tríd an tsaotharlann nó tríd an sampla macasamhlaithe. Measfar toradh an tsampla saotharlainne le haghaidh bia agus toradh an tsampla deiridh le haghaidh beatha a bheith ionadaíoch don luchtóg/fo-luchtóg agus beidh feidhm aige maidir leis an luchtóg/foluchtóg -ar fad.

C.2.2.

Agus sáruithe ar an MRL á seiceáil, cuirfidh saotharlanna oifigiúla agus údaráis forfheidhmithe neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe réamhshocraithe (7) i bhfeidhm, rud a ríomhadh ó shonraí fadtéarmacha thástálacha comparáideacha idirshaotharlainne an Aontais agus fachtóir cumhdaigh 2 á chur i bhfeidhm (leibhéal muiníne 95 %). Is é 50 % an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe cé is moite de chopar, a bhfuil luach 20 % i bhfeidhm ina leith, chun MRLanna a fhorfheidhmiú. Léireoidh an tsaotharlann anailíseach go bhfuil a neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe féin maidir leis an teaglaim shonrach modha anailíse/substainte/grúpa tráchtearraí cothrom leis na luachanna réamhshocraithe thuasluaite nó níos ísle ná iad. I gcás sárú ar MRL, déanfaidh an tsaotharlann an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe réamhshocraithe chomhchuibhithe a thuairisciú.

I gcás inarb é an toradh atá ar an leibhéal a fhaightear i sampla bia Meastachán Idirnáisiúnta ar Iontógáil Ghearrthéarmach a sháraíonn an Ghéardháileog Thagartha (ARfD), mar bheart réamhchúraim, féadfaidh an t-údarás inniúil neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe níos ísle a chur i bhfeidhm, bunaithe ar neamhchinnteacht tomhais mheasta na saotharlainne féin (má thacaítear léi le fianaise leordhóthanach ionsaotharlainne agus idirshaotharlainne) agus/nó leibhéal muiníne níos ísle (fachtóir cumhdaigh níos ísle, k).

C.2.3.

Léirmhíniú ar an toradh anailíseach agus an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe á cur san áireamh

Image 4

C.2.4.

Measfar luchtóg/fo-luchtóg a bheith:

(a)

comhlíontach leis an MRL má chomhlíonann toradh an tsampla anailísigh an MRL, agus an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe agus, más gá, an ceartú i leith aisghabhála á gcur san áireamh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an sampla comhlíontach má tá an luach tomhaiste faoi bhun an MRL nó cothrom leis agus an neamhchinnteacht leathnaithe á dealú (x – U ≤ MRL);

(b)

neamhchomhlíontach leis an MRL má sháraíonn toradh an tsampla anailísigh an MRL thar aon amhras réasúnach, agus an neamhchinnteacht tomhais fhairsingithe agus, más gá, an ceartúchán le haghaidh chlaontacht an mhodha i gcás ina léirítear sin, á gcur san áireamh. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an sampla comhlíontach má sháraíonn an luach tomhaiste an MRL agus an neamhchinnteacht leathnaithe á dealú (x - U > MRL) (8).

C.2.5.

Glacadh le coinsíneacht agus diúltú di i gcás ina bhfuil níos mó ná luchtóg amháin inti

Aon luchtóg a shampláiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a léiríonn na torthaí anailíseacha ina leith go sáraítear an MRL, measfar í a bheith neamhchomhlíontach mar a shonraítear i bpointe C.2.4.b. ina hiomláine agus diúltófar di.

Cinnfidh an t-oifigeach samplála an luchtóg shampláilte de choinsíneacht, agus d’fhéadfadh sí sin a bheith éagsúil le luchtóg an oibreora gnó bia. Is féidir luchtóg amháin, nó grúpa luchtóg a bhfuil na hairíonna céanna acu (dáta táirgthe, tionscnamh, tuairisc, etc.) a bheith sa luchtóg shampláilte.

Má fhaightear amach go bhfuil luchtóg amháin, cuid de ghrúpa luchtóg a bhfuil na hairíonna céanna acu, neamhchomhlíontach agus má tá amhras réasúnach ann go sáraíonn na luchtóga comhchosúla eile MRL, measfar gur luchtóga amhrasta iad na luchtóga comhchosúla eile sin.


(1)  I gcomhréir le haicmiú táirgí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 396/2005.

(2)  I gcomhréir le haicmiú táirgí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 396/2005.

(3)  D’fhéadfadh na tráchtearraí a liostaítear mar shamplaí teacht faoi chatagóir eile dá mbeadh meán-mhéid an aonaid níos mó nó níos lú. Mar shampla, is féidir le cúcamair agus prátaí a bheith idir bheag agus mhór.

(4)  I gcomhréir le haicmiú táirgí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 396/2005.

(5)  Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(6)  Mar shampla, ní dhéantar anailís ar chlocha clochthorthaí ach ríomhtar an leibhéal iarmhair ag glacadh leis go gcuirtear san áireamh iad ach nach bhfuil aon iarmhar iontu.

(7)   BIPM, ‘JCGM 100:2008 – Treoir maidir le léiriú na neamhchinnteachta sa tomhas’, 2008.

(8)  Sampla: sa chás MRL = 1, an toradh x = 2.2 agus U = 50 %, ansin x - U = 2,2- 1.1 (= 50 % de 2,2)=1.1, is é sin > MRL.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/765/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)