European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/467

26.2.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/467 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2026

lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2026/258 ón gComhairle an 29 Eanáir 2026 lena n-údaraítear comhar feabhsaithe maidir le hIasacht don Úcráin a bhunú (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise ‘oibríocht mhíleata speisialta’ san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le cogadh foghach gan chúis gan údar ar an Úcráin. Is sárú follasach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine é an cogadh foghach neamhdhleathach sin, agus is sárú é chomh maith ar an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, ar riail dhomhaolaithe den dlí idirnáisiúnta é, agus ar phrionsabail eile Chairt na Náisiún Aontaithe.

(2)

Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, cogadh atá gan chúis, gan údar, tá tacaíocht nach raibh a leithéid tugtha riamh roimhe d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta, airgeadais agus cosanta na hÚcráine slógtha ag an Aontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha. Comhcheanglaítear leis an tacaíocht sin tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear cúnamh eisceachtúil macrairgeadais agus tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, arna ráthú go hiomlán nó go páirteach le buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2022/313 (3), Cinneadh (AE) 2022/1201 (4), Cinneadh (AE) 2022/1628 (5) agus Rialachán (AE) 2022/2463 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dteannta a chéile, cuireadh EUR 25 200 000 000 de chúnamh macrairgeadais ar fáil don Úcráin le linn 2022 agus 2023. Ba ghné thábhachtach í an tacaíocht sin d’athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine tráth a bhí sí ag teastáil go mór.

(4)

Le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), bunaíodh an tSaoráid don Úcráin mar ionstraim mheántéarmach eisceachtúil lena dtugtar le chéile an tacaíocht dhéthaobhach a sholáthair an tAontas don Úcráin, rud lena n-áirithítear comhordú agus éifeachtúlacht (‘an tSaoráid don Úcráin’). Le linn na tréimhse ó 2024 go 2027, cuidíonn an tSaoráid don Úcráin le haghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine agus rannchuidíonn sí lena riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóiriúcháin, agus, an tráth céanna, tacaíonn sí le hiarracht athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair i dtreo aontachas leis an Aontas.

(5)

Le Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), bunaíodh an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus soláthraíodh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin. Ba í an cúnamh sin ranníocaíocht an Aontais mar chuid de thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’ (‘mear-iasachtaí G7’), a chuidigh i dteannta a chéile chun aghaidh a thabhairt ar bhearna mhaoiniúcháin na hÚcráine do 2025.

(6)

Tá damáiste ollmhór déanta ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin san Úcráin féin, agus is é EUR 506 000 000 000 na costais téarnaimh agus atógála a mheastar a tabhaíodh go dtí an 31 Nollaig 2024. Thairis sin, chaill an Úcráin rochtain ar mhargaí airgeadais idirnáisiúnta agus tháinig laghdú mór ar ioncam poiblí, agus an tráth céanna, tá méadú mór tagtha ar chaiteachas poiblí. I bhfianaise an mhéid sin, is féidir a bheartú go mbeidh riachtanais chistiúcháin shubstainteacha ag an Úcráin sna blianta amach romhainn.

(7)

An 9 Meán Fómhair 2025 chuir an Úcráin iarraidh oifigiúil isteach chuig an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ar chlár nua chun riachtanais mhaoiniúcháin bhreise a chumhdach ó 2026 go 2029. Thiocfadh an clár sin i gcomharbas ar chur chun feidhme rathúil chlár CAI atá ann cheana, ar dá bhun a bhfuil ocht n-athbhreithniú curtha i gcrích ag an Úcráin, ach ina gcuirtear san áireamh gur leanadh de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá cumas CAI dul ar aghaidh leis an gclár nua ag brath ar dhearbhuithe leordhóthanacha maoiniúcháin a fháil ó chomhpháirtithe, lena n-áirítear an tAontas.

(8)

D’ainneoin na n-iarrachtaí leanúnacha idirnáisiúnta ar theacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht, tá damáiste suntasach déanta do bhonneagar criticiúil cosanta, sibhialtach agus fuinnimh na hÚcráine mar thoradh ar fhadú chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, rud a fhágann gur gá acmhainní substaintiúla breise a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin láithreacha na hÚcráine.

(9)

Is bagairt straitéiseach gheopholaitiúil ar an Aontas trí chéile é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ní mór do na Ballstáit an fód a sheasamh go láidir in éineacht le chéile dá bharr. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, tacaíocht ón Aontas a úsáid go tapa agus a bheith in ann an tacaíocht sin a oiriúnú go solúbtha d’fhóirithint láithreach agus d’athshlánú gearrthéarmach ar an mbealach chun atógáil amach anseo a bhaint amach.

(10)

I gcomhréir leis na hAirteagail maidir le Freagracht na Stát i leith Gníomhartha Éagóracha ar Leibhéal Idirnáisiúnta, arna nglacadh in 2001 ag Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ag a thríú seisiún is caoga, agus arna dtabhairt faoi deara ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Rún 56/83, agus i ndlí idirnáisiúnta an ghnáis, tá oibleagáid ar an Rúis – mar an stát freagrach – cúiteamh iomlán a dhéanamh as an díobháil a rinneadh mar thoradh ar a cogadh foghach ar an Úcráin.

(11)

Le Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle (9) agus Rialachán (AE) 2022/334 ón gComhairle (10), cuirtear toirmeasc ar idirbhearta a bhaineann le bainistiú cúlchistí agus sócmhainní de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, lena n-áirítear idirbhearta le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir. Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, an 17 Deireadh Fómhair 2024 agus an 19 Nollaig 2024, dúirt an Chomhairle Eorpach freisin, faoi réir dhlí an Aontais, gur cheart sócmhainní na Rúise leanúint de bheith blocáilte go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach ar an Úcráin agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste atá déanta ag an gcogadh sin.

(12)

Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2025/2600 ón gComhairle (11), cuirtear toirmeasc ar aistriú sócmhainní nó cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise ar bhonn sealadach go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach ar an Úcráin, go dtí go dtabharfaidh an Rúis cúiteamh don Úcráin a mhéid is gá chun atógáil a cheadú gan iarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha nó airgeadais a bheith ann don Aontas agus go dtí go scoirfidh gníomhaíochtaí na Rúise i gcomhthéacs a cogaidh fhoghaigh ar an Úcráin go hoibiachtúil de bheith ina riosca tromchúiseach go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha ann do gheilleagar an Aontais agus a Bhallstát.

(13)

Sna conclúidí uaithi an 18 Nollaig 2025, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach iasacht EUR 90 000 000 000 a thabhairt don Úcráin le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 bunaithe ar iasachtaíocht an Aontais ar na margaí caipitil a bhfuil lamháil bhuiséad an Aontais mar thaca léi. Leagadh amach freisin sna conclúidí ón gComhairle Eorpach, trí bhíthin comhar feabhsaithe de bhun Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), nach mbeidh tionchar ag aon slógadh acmhainní ó bhuiséad an Aontais, ina cháil mar ráthaíocht don iasacht sin, ar oibleagáidí airgeadais Phoblacht na Seice, na hUngáire ná na Slóvaice. Ar an dáta céanna, chomhaontaigh 25 Bhallstát nár cheart don Úcráin an iasacht a aisíoc go dtí go bhfaigheadh sí an cúiteamh. Go dtí sin, ba cheart sócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise a bheith blocáilte i gcónaí agus ba cheart don Aontas a cheart úsáid a bhaint astu chun an iasacht a aisíoc a fhorchoimeád, i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Chuir na Ballstáit sin i dtreis a thábhachtaí atá na gnéithe seo a leanas i ndáil leis an iasacht: tionscail chosanta na hEorpa agus na hÚcráine a neartú; an Úcráin a bheith ag leanúint den smacht reachta a chaomhnú, lena n-áirítear comhrac an éillithe; agus cineál sonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile.

(14)

An 29 Eanáir 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2026/258 lena n-údaraítear comhar feabhsaithe idir an Bheilg, an Bhulgáir, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Fhionlainn agus an tSualainn maidir le bunú Iasachta don Úcráin.

(15)

I bhfianaise staid mhaoiniúcháin na hÚcráine, a chriticiúla atá sé go mbeadh na hacmhainní ag an Úcráin chun fogha na Rúise a chomhrac agus, i gcás inar féidir, chun í féin a atógáil, is iomchuí go gcuirfeadh an tAontas tacaíocht bhreise ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine agus chun cur chun feidhme chlár CAI a éascú. Chuige sin, is iomchuí ionstraim a bhunú chun cúnamh ón Aontas a sholáthar don Úcráin in 2026 agus 2027 i bhfoirm iasachta atá le haisíoc trí chúiteamh atá dlite ón Rúis (‘an Iasacht Tacaíochta don Úcráin’).

(16)

Leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin, ba cheart cúnamh airgeadais a sholáthar don Úcráin ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil, solúbtha agus tráthúil d’fhonn tacú leis an Úcráin a riachtanais mhaoiniúcháin agus chosanta a chumhdach, go háirithe na riachtanais sin a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Go sonrach, le hIasacht Tacaíochta don Úcráin ba cheart tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais san Úcráin agus a maoiniú seachtrach a éascú agus tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint trí chomhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le buntáiste míleata cáilíochtúil a sholáthar don Úcráin.

(17)

Leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin, faoi réir coinníollacha, ba cheart tacaíocht a sholáthar don Úcráin i bhfoirm iasachta suas le EUR 90 000 000 000. I bhfianaise phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart don Choimisiún an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a chur ar fáil don Úcráin i dtráthchodanna, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

(18)

Ba cheart an tacaíocht faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanfadh an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Mar chuid de chaomhnú agus urramú an smachta reachta, ba cheart an t-éilliú a chomhrac.

(19)

Ba cheart an cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch atá ar fáil faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin a chur ar fáil don Úcráin i gcomhréir lena riachtanais mhaoiniúcháin. Chuige sin, ba cheart don Úcráin Straitéis de chuid na hÚcráine um Maoiniú a thíolacadh maidir lena riachtanais mhaoiniúcháin agus lena foinsí maoiniúcháin. Ba cheart an phríomhfhaisnéis maidir le staid bhuiséadach, airgeadais agus eacnamaíoch na hÚcráine a bheith i Straitéis na hÚcráine um Maoiniú, chomh maith leis an tacaíocht atá á fáil ag an Úcráin ón gcomhphobal idirnáisiúnta.

(20)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú gan moill mhíchuí agus ba cheart dó gníomhú i ndlúthchomhar leis an Úcráin. I bhfianaise scála mór riachtanais na hÚcráine maidir le cúnamh buiséadach agus cúnamh le haghaidh acmhainneacht thionsclaíoch i dtaca leis an gcosaint araon, chomh maith leis na srianta atá ar roinnt comhpháirtithe seachtracha ó thaobh tacaíocht a sholáthar, is iomchuí dáileadh táscach na hIasachta Tacaíochta don Úcráin idir an dá riachtanas maoiniúcháin sin a leagan síos. Agus é á áirithiú go dtabharfar aghaidh go hiomlán ar riachtanais airgeadais na hÚcráine le haghaidh 2026 arna ríomh ag CAI, ba cheart an dáileadh sin a bheith táscach chun a chur san áireamh go bhfuil imthosca ag athrú a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine agus chun a áirithiú go leanfar d’aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil, solúbtha agus tráthúil. Ina mheasúnú ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na bearna maoiniúcháin sheachtraigh a bhfuil coinne léi leis an dáileadh táscach sin.

(21)

I bhfianaise a thábhachtaí atá éifeachtaí airgeadais na mbeart a fhorchuirtear, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle agus ba cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Ba cheart don Chomhairle an measúnú ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, ar cheart di féachaint lena ghlacadh gan moill mhíchuí. Leis an gcinneadh cur chun feidhme sin, ba cheart an méid cúnaimh atá le cur ar fáil don Úcráin chun cuidiú ó thaobh chur chun feidhme Straitéis na hÚcráine um Maoiniú de a chinneadh, lena n-áirítear an méid le haghaidh cúnamh buiséadach agus an méid chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint.

(22)

Ba cheart cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch i bhfoirm cúnaimh bhuiséadaigh a chur ar fáil d’fhonn tacú leis an Úcráin a riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach. Ba cheart an chúnamh airgeadais agus eacnamaíoch faoin Rialachán seo a bheith ina ionchur tábhachtach i dtéarnamh eacnamaíoch iarchogaidh na hÚcráine, ina fás fadtéarmach agus ina rathúnas a mbeidh ról tábhachtach acu uile i gcomhaontú síochána a dhéanfar amach anseo. Chun solúbthacht a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar na riachtanais sin, is iomchuí modhanna iomadúla seachadta a úsáid, agus ba cheart an deis a bheith ann tacaíocht a sholáthar trí chúnamh macrairgeadais agus trí iasacht atá le cur chun feidhme de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/792.

(23)

Is ionstraim mheántéarmach í an tSaoráid don Úcráin a bhfuil sé ina chuspóir aici tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, lena comhtháthú de réir a chéile sa mhargadh inmheánach, chomh maith le, inter alia, glacadh agus cur chun feidhme na n-athchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha is gá chun í a ailíniú le luachanna an Aontais agus chun í a ailíniú de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a bheith aici amach anseo san Aontas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil fhrithpháirteach, leis an tsíocháin fhrithpháirteach, leis an rathúnas frithpháirteach agus leis an inbhuanaitheacht fhrithpháirteach. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le méideanna a eascraíonn as an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a úsáid tríd an tSaoráid don Úcráin. Déantar foráil i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2024/792 maidir le maoiniú don Úcráin a sholáthrófar ar fáil nuair a chomhlíonfar go sásúil na coinníollacha a leagtar síos sa Phlean don Úcráin, ina leagtar amach clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine. Ba cheart an Plean don Úcráin a thabhairt cothrom le dáta chun an cúnamh buiséadach breise sin a léiriú, lena n-áirítear bearta chun an smacht reachta agus comhrac an éillithe a neartú.

(24)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais a nascadh le coinníollacha beartais atá le leagan amach i meabhrán tuisceana (‘an Meabhrán Tuisceana’). Ba cheart gealltanais athchóiriúcháin láidre uaillmhianacha ón Úcráin a áireamh sa Mheabhrán Tuisceana, lena n-áirítear na gealltanais go neartófaí slógadh ioncaim chun tacú le riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine agus dul i ngleic le bunchúiseanna an éillithe san cistí poiblí, lena n-áirítear trí inbhuanaitheacht agus cáilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú agus trí chur le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras um bainistiú airgeadais phoiblí. Ba cheart an Úcráin a bheith in ann an cúnamh macrairgeadais sin a úsáid chun cuidiú ó thaobh cúiteamh a mhaoiniú, mar chineál leorghnímh, do na daoine aonair sin a ndearnadh damáiste dóibh de dheasca ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Rúise, lena n-áirítear tríd an gCoimisiún Éileamh don Úcráin a bunaíodh faoi choimirce Chomhairle na hEorpa. Ba cheart líon uasta agus luach táscach na dtráthchodanna le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais a shocrú leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheastar an measúnú ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú. I bhfianaise phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus chun bainistiú leachtachta údaráis na hÚcráine a éascú agus intuarthacht a áirithiú, ba cheart, i bprionsabal, ceithre thráthchuid den chúnamh macrairgeadais sin a thabhairt ar a mhéad.

(25)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus ar chúiseanna a bhaineann leis an éifeachtúlacht, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún coinníollacha le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais a chaibidil le húdaráis na hÚcráine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát Rannpháirteach (‘an coiste’) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag an gcúnamh, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid. Agus méid na hIasachta Tacaíochta don Úcráin á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an Iasacht Tacaíochta a laghdú nó a chur ar ceal.

(26)

Leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin, ba cheart cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a sholáthar don Úcráin mar thír atá i mbun cogaidh, a bhfuil dlúthnasc idir a cobhsaíocht airgeadais agus a cumas í féin a chosaint ar fhogha na Rúise agus a mbraitheann a cobhsaíocht airgeadais ar an gcumas sin. Tugann an méid sin údar le méid sonrach den chúnamh airgeadais agus eacnamaíoch don Úcráin a úsáid chun cur le cumas na hÚcráine déileáil le riachtanais bhuiséadacha i ndáil le hacmhainneacht na tíre a cumais chosanta agus mhíleata a neartú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le buntáiste míleata cáilíochtúil a thabhairt don Úcráin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcúnamh airgeadais agus eacnamaíoch sin a chur ar a cumas don Úcráin mór-infheistíochtaí poiblí práinneacha a dhéanamh chun tacú le tionscal cosanta na hÚcráine agus a comhtháthú i dtionscal cosanta na hEorpa mar fhreagairt ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair agus ina diaidh a éascú. Ba cheart don chúnamh airgeadais agus eacnamaíoch sin rannchuidiú, go háirithe, le hatógáil, téarnamh agus nuachóiriú Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Chosaint na hÚcráine, d’fhonn a hullmhacht thionsclaíoch i réimse na cosanta a mhéadú, agus a lánpháirtiú de réir a chéile amach anseo i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí á chur san áireamh agus trí thacaíocht a thabhairt d’infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta agus táirgí eile chun críoch cosanta, trí chomhar idir an tAontas agus an Úcráin.

(27)

Ba cheart cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta a chomhlíonann critéir incháilitheachta áirithe. Chun Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Cosanta na hÚcráine a threisiú go práinneach ar bhealach éifeachtúil uathrialach, ba cheart na critéir incháilitheachta sin a struchtúrú ar bhealach lena ndíreofar na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na bearta chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint i dtreo Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Chosaint na hÚcráine a atógáil, a théarnamh agus a nuachóiriú, agus a lánpháirtiú de réir a chéile i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, agus scrúdú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil monaróirí faoi rialú tríú tíortha nó eintiteas tríú tír, ba cheart rialú a thuiscint mar an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas dlítheanach, go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó.

(28)

Chun go mbeidh an Úcráin in ann an cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a úsáid ar an mbealach is oiriúnaí do na himthosca, is iomchuí cead a thabhairt di na cistí a úsáid chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint trí mhodhanna cur chun feidhme éagsúla a léiríonn éagsúlacht na riachtanas. Leis na cistí, féadfar rannchuidiú freisin leis an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/792 le haghaidh earraí dé-úsáide nó le cláir eile de chuid an Aontais. Thairis sin, ba cheart é a chur ar chumas na hÚcráine leis na cistí idirghabháil ollmhór a dhéanamh maidir leis an éileamh ar tháirgí cosanta chun na dálaí oiriúnacha a chruthú d’fhonn infheistíochtaí ollmhóra a dhreasú chun borradh a chur faoin acmhainneacht táirgeachta agus chun táirgí nua a fhorbairt. Chun na críche sin, ba cheart cead a bheith ag an Úcráin na cistí a úsáid chun soláthairtí ollmhóra táirgí cosanta a sheoladh, ar táirgí iad a dhéantar as Bonn Teicneolaíoch agus Tionsclaíoch Chosaint na hÚcráine agus as Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí trí sholáthairtí faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (‘ionstraim SAFE’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle (14) nó, faoi réir bailíochtuithe, faoi mhodhanna cur chun feidhme eile.

(29)

I gcás táirgí áirithe a bhaineann le cosaint nach bhfuil a mbunteicneolaíochtaí ar fáil go forleathan san Aontas, agus a bhféadfadh sé a bheith deacair táirgí eile a chur ina n-ionad ar mórscála, amhail córais aerchosanta agus frithdhiúracán agus cumasóirí straitéiseacha, ba cheart coinníollacha breise a bheith ina gceanglais chun a áirithiú go mbeidh fórsa armtha na hÚcráine saor chun na táirgí sin a úsáid gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha. Dá bhrí sin, i gcás na dtáirgí cosanta sin, ba cheart é a bheith de chumas ag an monaróir cinneadh a dhéanamh, gan aon srian arna fhorchur ag tríú tíortha ná ag eintitis tríú tír, maidir le sainmhíniú, oiriúnú nó éabhlóid dhearadh na dtáirgí cosanta arna soláthar, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil comhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír a ionadú nó a bhaint.

(30)

Chun cur chun feidhme rianúil an Rialacháin seo i gcomhar le hionstraim SAFE a áirithiú, is iomchuí coinníollacha incháilitheachta comhchosúla a chur i bhfeidhm. Tacaíonn ionstraim SAFE le soláthar táirgí cosanta mar a shainaithnítear i Rialachán (AE) 2025/1106. Chomhaontaigh an Chomhairle liosta na dtáirgí atá mar chuid de Chatagóirí 1 agus 2, agus tá sé léirithe go bhfuil an liosta sin cuimsitheach go leor chun tacaíocht a cheadú le haghaidh soláthar táirgí a theastaíonn ó na Ballstáit, lena n-áirítear aerardáin. I bhfianaise go bhfuil an staid ar an láthair chatha ag síorathrú, tá sé ríthábhachtach nach gcuirfear srian ar an Úcráin an cúnamh atá de dhíth uirthi a fháil toisc gur ann do liosta táirgí ar féidir tacú leo. Agus é á chur san áireamh gur tír atá i mbun cogaidh í an Úcráin a bhféadfadh a cumas a críoch a chosaint a bheith ag brath ar tháirge ar leith a bheith ar fáil sa ghearrthéarma, ba cheart cead a bheith ag an Úcráin táirgí a fháil nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta sin i gcás nach bhfuil aon táirge coibhéiseach ar fáil trí sholáthar nó i gcás ina bhfuil géarghá le táirge a sheachadadh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin córais aerchosanta agus frithdhiúracán, lena n-áirítear idircheapóirí, agus armlón aerárthaí troda, páirteanna spártha agus cumais domhain-ionsaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Maidir le haon mhaolú, ba cheart an t-am chun an táirge a sheachadadh a bheith i gcomhréir le práinn an cháis agus le riachtanais oibríochtúla láithreacha na hÚcráine. Chuige sin, ba cheart don Úcráin an fhaisnéis atá ar fáil go réasúnta di a sholáthar don Choimisiún chun a léiriú go bhfuil gá le maolú, toisc, a fhad agus atá an cogadh ar siúl, agus riachtanais na hÚcráine chomh práinneach sin, nár cheart a cheangal ar an Úcráin taighde forleathan margaidh a dhéanamh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na hiarrataí sin ar mhaoluithe a scrúdú faoi mhaoirseacht an choiste i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag an gcúnamh, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid. De dheasca na staide eisceachtúla arb é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin is cúis léi agus an ghá atá le táirgí cosanta a bheith ar fáil go tráthúil, is iomchuí an cás cuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a agairt chun tuairim ón gcoiste a cheadú laistigh de theorainn ama a fhéadfaidh cathaoirleach an choiste a leagan síos de réir phráinn an ábhair. I gcás inar gá, ba cheart an nós imeachta i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 3(5) den Rialachán sin a úsáid.

(31)

Chun go mbeidh tríú tíortha in ann rannchuidiú leis an gcúnamh don Úcráin agus leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus na mBallstát á gcoimirciú an tráth céanna agus na comhaontuithe atá ann cheana faoi ionstraim SAFE á gcur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht na critéir incháilitheachta a leathnú chuig tríú tíortha seachas an Úcráin agus Stáit CSTE LEE nach sáraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, ar choinníoll go bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag na tríú tíortha sin leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106 nó, i gcás nach bhfuil an comhaontú sin tugtha i gcrích acu, ar choinníoll go bhfuil na tíortha sin tar éis dul i mbun Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta leis an Aontas, go bhfuil tacaíocht shuntasach airgeadais agus mhíleata á soláthar acu don Úcráin, agus go bhfuil ranníocaíocht airgeadais chothrom agus chomhréireach á soláthar acu, agus urraim á tabhairt don phrionsabal nach mór aon chomhaontú le tríú tír a bheith bunaithe ar chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí agus nár cheart na cearta céanna ná na tairbhí céanna a bheith ag tríú tír agus atá ag Ballstát Rannpháirteach. Ba cheart féidearthacht den sórt sin, dá bhrí sin, a bheith teoranta do tháirgí cosanta sonracha, agus riachtanais oibríochtúla láithreacha na hÚcráine á gcur san áireamh, ag díriú, go háirithe, ar chórais cosanta aeir agus diúracán, armlón agus diúracáin, ladrainn agus córais frithdhrón ghaolmhara, córais airtléire, lena n-áirítear cumais domhain-ionsaithe, cumasóirí straitéiseacha, amhail aeraistriú straitéiseach, athbhreoslú aer go haer, córais C4ISTAR chomh maith le sócmhainní agus seirbhísí spáis, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

(32)

A mhéid a bhaineann le tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(33)

I bhfianaise a thábhachtaí atá éifeachtaí airgeadais na mbeart a fhorchuirtear agus chun comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle agus ba cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht na rialacha incháilitheachta a leathnú chuig tríú tíortha nach bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106. Ba cheart don Chomhairle gníomhú trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, ar cheart di féachaint lena ghlacadh gan moill mhíchuí. Leis an gcinneadh cur chun feidhme sin, ba cheart a chinneadh, i ndáil le gach tríú tír, cé na táirgí cosanta atá le cur ar fáil don Úcráin, agus méid na ranníocaíochta airgeadais arna déanamh ag an tríú tír atá i gceist agus méid na tacaíochta airgeadais agus míleata don Úcráin á gcur san áireamh.

(34)

Ní dochar an Rialachán seo don dlí idirnáisiúnta is infheidhme lena dtoirmisctear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta áirithe a úsáid, a fhorbairt nó a tháirgeadh.

(35)

Ba cheart cur chun feidhme an chúnaimh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais lena n-áirithítear go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 223(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). D’fhéadfaí ceanglais mhionsonraithe ina leith sin a dhéanamh i gcomhshocrú atá le síniú idir an Coimisiún agus an Úcráin. Thairis sin, chun an cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a fhaightear chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint a bhainistiú, ba cheart don Úcráin cuntas aonair a oscailt trínar féidir an cúnamh sin a bhainistiú, agus ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar an gcuntas sin.

(36)

Chun tacú le cur chun feidhme an chúnaimh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint, ba cheart don Choimisiún Grúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine a bhunú. Ba cheart don Ghrúpa Saineolaithe sin comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hábhair a bhaineann leis an gcúnamh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint.

(37)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chúnaimh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint, lena n-áirítear, go háirithe, seachadadh táirgí. Chuige sin, ba cheart socruithe éagsúla faireacháin a bhunú chun na modhanna éagsúla cur chun feidhme a léiriú.

(38)

Baineann Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), i measc nithe eile, le creat reachtach iomchuí a bhunú maidir le comhordú nósanna imeachta soláthair chun conarthaí a dhámhachtain ar mhaithe le ceanglais slándála na mBallstát agus na hoibleagáidí a eascraíonn as CFAE a chomhlíonadh. Chun an aidhm sin a bhaint amach, freastalaíonn Treoir 2009/81/CE, go háirithe, ar aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna, go mór mór trí fhorálacha sonracha a sholáthar a bhfuil feidhm leo i gcásanna práinne de dheasca géarchéime, cuir i gcás na tréimhsí chun tairiscintí a fháil a ghiorrú agus an fhéidearthacht úsáid a bhaint as an nós imeachta idirbheartaithe gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré. Mar sin féin, i gcásanna áirithe práinne, d’fhéadfadh sé nach leor na rialacha sin, go háirithe i gcás nach féidir aghaidh a thabhairt ar an bpráinn a eascraíonn as an ngéarchéim ach amháin tríd an Úcráin agus Ballstát Rannpháirteach amháin ar a laghad a bheith rannpháirteach i soláthar comhoibríoch. I gcásanna áirithe, is minic gurb é an t-aon réiteach atá ann chun leasanna slándála na dtíortha sin a áirithiú creat-chomhaontú nó creatchonradh de chuid Ballstáit Rannpháirtigh atá ann cheana a oscailt d’údaráis chonarthacha na hÚcráine, fiú i gcás nach raibh an Úcráin ina páirtí ann ar dtús agus cé nár foráladh don fhéidearthacht sin sa chreat-chomhaontú bunaidh nó sa chreatchonradh bunaidh. Ós rud é nach bhforáiltear do na féidearthachtaí sin i dTreoir 2009/81/CE tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déantar foráil leis an Rialachán seo don fhéidearthacht an Treoir sin a chomhlánú nó maolú uirthi sa ghéarchéim atá ann faoi láthair a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar choinníoll go bhfaighfear comhaontú an ghnóthais a thug an creat-chomhaontú nó an creatchonradh i gcrích. A mhéid a bhaineann le cainníochtaí breise don Úcráin, ba cheart na coinníollacha céanna a bheith ag na húdaráis chonarthacha sin agus atá ag an údarás conarthach bunaidh nó ag an eintiteas conarthach bunaidh a thug an creat-chomhaontú bunaidh nó an creatchonradh bunaidh i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart bearta iomchuí trédhearcachta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear na páirtithe leasmhara uile ar an eolas.

(39)

Le hionstraim SAFE, soláthraítear cúnamh airgeadais do na Ballstáit, rud a chuireann ar a gcumas dóibh mórinfheistíochtaí poiblí práinneacha a dhéanamh chun tacú le tionscal cosanta na hEorpa mar fhreagairt ar an ngéarchéim a d’eascair as an meath mór ar chomhthéacs slándála an Aontais. Leis an ionstraim sin, thosaigh an tAontas ag tacú leis na Ballstáit ionas gur féidir leo orduithe a dhéanamh go tapa, rud a dhreasaigh earnáil thionsclaíoch na cosanta chun infheistíocht a dhéanamh, sa ghearrthéarma, i neartú na n-acmhainneachtaí táirgeachta chun go mbeidh sí in ann freastal ar riachtanais na mBallstát faoi 2030. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo ba cheart tacú le horduithe ón Úcráin a chur le Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí chun tacú leis an gcomhar idir Bonn Teicneolaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí agus Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Chosaint na hÚcráine. Tá gar-riosca ann go mbeidh tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar éileamh thar a bheith ard ar raon leathan táirgí cosanta. Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin agus i bhfianaise chuspóir an Rialacháin seo, agus staid shonrach na hÚcráine á cur san áireamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta tosaíochta ar leibhéal an Aontais, arb é is aidhm dóibh infhaighteacht na dtáirgí cosanta lena mbaineann a áirithiú, fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh táirgí cosanta agus na slabhraí soláthair a bhaineann leis a áirithiú. I ndáil leis sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, arna iarraidh sin do Bhallstát Rannpháirteach, úsáid a bhaint as iarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo ar mhaithe le soláthar táirgí cosanta a éascú chun cuspóir an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(40)

Is é ba cheart a bheith in iarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo iarrataí ón gCoimisiún, ar thionscnamh Ballstáit Rannpháirtigh, ar oibreoirí eacnamaíocha ábhartha atá bunaithe san Aontas glacadh le horduithe táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nó tosaíocht a thabhairt dóibh. Níor cheart na hiarrataí sin a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a úsáid ach amháin nuair is gá agus nuair is comhréireach chun a áirithiú gur féidir le slabhraí soláthair cosanta oibriú mar is gnách, agus ba cheart iad a bheith dírithe ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus deacrachtaí tromchúiseacha os a comhair maidir le hordú a dhéanamh nó conradh a fhorghníomhú chun táirgí cosanta a sholáthar. Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha diúltú a bheith faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochtaí ag baint léi. Ba cheart iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a dhéanamh ar bhonn sonraí oibiachtúla, fíorasacha, intomhaiste a bhfuil bunús cuí leo. Leis an iarraidh sin, ba cheart aird a thabhairt ar leasanna dlisteanacha na ngnóthas, chomh maith leis an gcostas agus leis an iarracht is gá maidir le haon athrú ar sheicheamh an táirgthe. Nuair a ghlactar léi, ba cheart tosaíocht a bheith ag an oibleagáid an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a chomhlíonadh ar aon oibleagáid chun comhlíonadh faoin dlí príobháideach nó poiblí. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé soláthar táirgí cosanta a áirithiú, ar earraí iad atá fíor-riachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair, níor cheart comhlíonadh na hoibleagáide maidir le hiarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a dhéanamh a bheith faoi dhliteanas do thríú páirtithe i leith damáistí a d’fhéadfadh eascairt as aon sárú ar oibleagáidí conarthacha arna rialú ag dlí Ballstáit, a mhéid a bhí gá le sárú na n-oibleagáidí conarthacha chun an tosaíocht shainordaithe a chomhlíonadh. I gcás inar ghlac an t-oibreoir eacnamaíoch go sainráite le hiarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi agus ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún tar éis an ghlactha sin, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch coinníollacha uile an ghnímh cur chun feidhme sin a chomhlíonadh. Mura gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch na coinníollacha a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme, ba cheart an tairbhe a bhaineann le tarscaoileadh dliteanais chonarthaigh a chailleadh mar gheall air sin. I gcás inar d’aon ghnó a dhéantar an neamhchomhlíonadh nó inar mórfhaillí is cúis leis, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann fíneáil a fhorchur ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, faoi réir phrionsabal na comhréireachta.

(41)

Ós rud é gur cheart méideanna sonracha a chur ar fáil le haghaidh cúnamh buiséadach agus cúnamh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint, ba cheart comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú ina gcur chun feidhme faoi seach.

(42)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.

(43)

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú nach ndéanann neamh-rannpháirtíocht Ballstát áirithe sa chomhar feabhsaithe iad a dhíolmhú ón oibleagáid forfheidhmiú iomlán Airteagal 325 CFAE agus acquis an Aontais a áirithiú a bhfuil sé d’aidhm aige cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (18), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (21). Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sin agus do na heintitis eacnamaíocha faoina ndlínse comhoibriú go hiomlán leis an gCúirt Iniúchóirí, leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), agus a n-inniúlachtaí á bhfeidhmiú acu.

(44)

Maidir leis an gComhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine, ba cheart forálacha a bheith ann atá ailínithe leis na cearta, na freagrachtaí agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Chreat-Chomhaontú faoin tSaoráid don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792 a síníodh idir an tAontas agus an Úcráin agus a tháinig i bhfeidhm an 20 Meitheamh 2024. Leis na forálacha sin, áiritheofar go gcosnófar ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin, agus go ndéanfar na bearta iomchuí maidir le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a bhaineann leis an gcúnamh a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, tabharfaidh an Comhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, lena n-áirítear ó thríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais le linn agus i ndiaidh thréimhse infhaighteachta na hIasachta Tacaíochta don Úcráin. Ba cheart don Úcráin neamhrialtachtaí maidir le húsáid na gcistí a thuairisciú don Choimisiún freisin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chreat-Chomhaontú faoin tSaoráid don Úcráin.

(45)

I bhfianaise staid dheacair na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise uirthi agus chun tacú leis an Úcráin ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí don Aontas an Iasacht Tacaíochta a sholáthar don Úcráin mar iasacht cúláraigh theoranta a bheidh dlite agus iníoctha nuair a gheobhaidh an Úcráin airgead nó sócmhainní neamhairgeadaíochta mar chúiteamh cogaidh, slánaíochtaí nó aon socrú airgeadais ón Rúis, seachas críoch.

(46)

Ba cheart scaoileadh na gcistí faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin a bheith ag brath ar mheasúnú dearfach ón gCoimisiún ar iarraidh ar chistí arna cur isteach ag an Úcráin. I gcás an chúnaimh macrairgeadais, ba cheart nár dhochar an measúnú ar na coinníollacha don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Maidir leis an gcúnamh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint, ba cheart scaoileadh na gcistí a nascadh le conarthaí nó comhaontuithe maidir le gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint a bhaineann le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta.

(47)

Leis an Rialachán seo, ba cheart forálacha iomchuí a leagan síos maidir leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a mhaoiniú.

(48)

I gcomhthéacs riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 224 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

(49)

I gcomhréir leis an tacaíocht dhaingean ó 25 Cheann Stáit agus Rialtais ar imeall na Comhairle Eorpaí an 18 Nollaig 2025, ba cheart don Úcráin an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a aisíoc a luaithe a gheofar cúiteamh ón Rúis, agus forchoimeádann an tAontas a cheart úsáid a bhaint as sócmhainní na Rúise atá blocáilte san Aontas chun an iasacht a aisíoc, i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta.

(50)

De mhaolú ar Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, a bunaíodh leis an Rialachán sin. Ba cheart tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán seo a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 223(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Agus na rioscaí airgeadais agus na ráthaíochtaí atá ann á mbreithniú, níor cheart aon soláthar a dhéanamh don tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán seo, a bheadh le ráthú de bhreis ar na huasteorainneacha, agus, de mhaolú ar Airteagal 214(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, níor cheart aon ráta soláthair a shocrú.

(51)

I bhfianaise staid na hÚcráine, mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus chun tacú léi ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí maolú ar Airteagal 223(4), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 chun deis a thabhairt don Aontas fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a sholáthar chun na costais a bheadh le híoc ag an Úcráin murach sin a chumhdach. Cuimsíonn na costais sin costais seirbhísíthe fiachais (costas cistiúcháin agus costas bainistithe leachtachta) agus costais riaracháin ghaolmhara. Meastar gurb iomchuí an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta atá le deonú chun éifeachtacht na tacaíochta faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin a áirithiú de réir bhrí Airteagal 223(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, go háirithe chun nach gcuirfear brú breise ar airgeadas poiblí na hÚcráine.

(52)

I gcomhréir le hAirteagal 332 CFAE, ba cheart do na Ballstáit Rannpháirteacha caiteachas, seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, a thig ón gcomhar feabhsaithe a iompar. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a bheith i dteideal coigeartú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (23) maidir le haon chaiteachas oibríochtúil arna íoc ag buiséad an Aontais, lena gcuimsítear go háirithe costais seirbhísithe fiachais, chomh maith le glaonna ar an ráthaíocht. Ba cheart na costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí agus an comhar feabhsaithe á chur chun feidhme a íoc as buiséad an Aontais gan aon choigeartú a dhéanamh i gcás na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe.

(53)

Ba cheart don Choimisiún tacaíocht ón Aontas don Úcráin faoin Rialachán seo a bhainistiú.

(54)

Ba cheart an cúnamh don Úcráin faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin a bheith sa bhreis ar an tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear faoin tSaoráid don Úcráin agus comhlántach léi. Ba cheart don Choimisiún, i ngach cás inar féidir, féachaint leis an ualach riaracháin agus leis an ualach tuairiscithe ar an Úcráin a íoslaghdú.

(55)

Ba cheart don Choimisiún Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (24) agus ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

(56)

Ba cheart an coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún ábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a phlé san idirphlé maidir leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin. Ba cheart don Choimisiún gnéithe a chur san áireamh a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé maidir leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, má sholáthraítear iad.

(57)

Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Rialacháin seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go tráthrialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir le cúnamh ón Aontas don Úcráin faoin Rialachán seo agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(58)

Chun éifeachtacht leanúnach na socruithe a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar leordhóthanacht na socruithe sin agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis sin, agus, ar an gcaoi sin, trédhearcacht agus cuntasacht a ráthú.

(59)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(60)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil d’fhonn tacú leis an Úcráin a riachtanais mhaoiniúcháin a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a chumhdach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir í a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí trí bhíthin comhar feabhsaithe, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(61)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar ar an Úcráin, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(62)

I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le hionstraim a bhunú chun cúnamh ón Aontas a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 i bhfoirm iasachta atá le haisíoc trí chúiteamh atá dlite ón Rúis (‘an Iasacht Tacaíochta don Úcráin’).

2.   Leagtar síos leis cuspóir na hIasachta Tacaíochta don Úcráin, maoiniú na hIasachta sin, na foirmeacha cistithe ón Aontas faoin Iasacht sin agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóir na hIasachta Tacaíochta don Úcráin

1.   Is é cuspóir ginearálta na hIasachta Tacaíochta don Úcráin cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a sholáthar don Úcráin ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil, solúbtha agus tráthúil d’fhonn tacú leis an Úcráin a riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach, ar riachtanais iad a eascraíonn go háirithe as cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus i gcás nach n-íocfar an cúiteamh atá dlite ón Rúis.

2.   Chun an cuspóir ginearálta dá tagraítear i mír 1 a bhaint amach, is iad seo a leanas cuspóirí sonracha na hIasachta Tacaíochta don Úcráin:

(a)

tacú leis an gcobhsaíocht mhacrairgeadais trí na srianta maoiniúcháin sheachtraigh agus inmheánaigh atá ar an Úcráin a mhaolú; agus

(b)

tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint trí chomhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘táirge cosanta’ earraí, seirbhísí agus oibreacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE, mar a leagtar amach in Airteagal 2 di;

(2)

ciallaíonn ‘Stát LEE CSTE’ Comhalta de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhalta é den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(3)

ciallaíonn ‘mear-iasachtaí G7’ iasachtaí déthaobhacha incháilithe agus iasacht cúnaimh macrairgeadais an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2024/2773;

(4)

ciallaíonn ‘Ballstát Neamh-Rannpháirteach’ Ballstát nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe arna bhunú le Cinneadh (AE) 2026/258;

(5)

ciallaíonn ‘Ballstát Rannpháirteach’ Ballstát atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe arna bhunú le Cinneadh (AE) 2026/258;

(6)

ciallaíonn ‘táirgí eile chun críoch cosanta’ aon earra, seirbhís agus obair seachas na hearraí, seirbhísí agus oibreacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE, mar a leagtar amach in Airteagal 2 di, a bhfuil gá leo chun críoch cosanta nó arb é an chosaint is aidhm dóibh.

Airteagal 4

Cúnamh atá ar fáil faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin

1.   Uasmhéid EUR 90 000 000 000 a bheidh san Iasacht Tacaíochta don Úcráin. Cuirfear an méid sin ar fáil don Úcráin i gcomhréir le riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine, dá bhforáiltear i Straitéis na hÚcráine um Maoiniú arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 8.

2.   Beidh an Iasacht Tacaíochta don Úcráin ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2027. Cuirfidh an Coimisiún an iasacht sin ar fáil i dtráthchodanna, agus féadfar na tráthchodanna a eisíoc leis an Úcráin i dtráinse amháin nó níos mó. Déanfar na tráinsí sin ar fad a eisíoc faoin 31 Nollaig 2028.

3.   Má thagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine le linn na tréimhse ina mbeidh an Iasacht Tacaíochta don Úcráin ar fáil, lena n-áirítear i gcás ina socraíonn an Rúis damáistí cogaidh na hÚcráine, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3), an méid den Iasacht Tacaíochta don Úcráin nach raibh eisíoctha a laghdú nó é a chur ar ceal.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 332 CFAE, beidh na Ballstáit Neamh-Rannpháirteacha i dteideal coigeartú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir le caiteachas a mhaoinítear as an mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar agus a eascraíonn as cur chun feidhme an chomhair fheabhsaithe seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, atá le híoc as buiséad an Aontais. Is é a bheidh sa choigeartú sin go háirithe aon chostas seirbhísithe fiachais chomh maith le glaonna ar an ráthaíocht.

Airteagal 5

Na réamhchoinníollacha le haghaidh cúnamh faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin

1.   Mar réamhchoinníoll chun an cúnamh faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin a dheonú, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus urraim a ráthú do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Mar chuid den smacht reachta a chaomhnú agus a urramú, déanfar an t-éilliú a chomhrac.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe sula nglacfar an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 8 agus sula scaoilfear na cistí dá dtagraítear in Airteagal 23. Thairis sin, mar chuid den fhaireachán sin, tabharfar aird ar na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail An Chomhairle Eorpach agus Coimisiún na Veinéise. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin bhfaireacháin.

CAIBIDIL II

CUR CHUN FEIDHME NA HIASACHTA TACAÍOCHTA DON ÚCRÁIN

Airteagal 6

Straitéis na hÚcráine um Maoiniú

1.   Chun cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a fháil faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin, déanfaidh an Úcráin, gach bliain i bprionsabal, Straitéis na hÚcráine um Maoiniú a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Le Straitéis na hÚcráine um Maoiniú, tabharfar sonraí maidir le riachtanais mhaoiniúcháin agus foinsí maoiniúcháin na hÚcráine, le haghaidh an 12 mhí atá le teacht i bprionsabal.

2.   Beidh an méid seo a leanas i Straitéis na hÚcráine um Maoiniú:

(a)

na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha atá ina mbonn taca le Straitéis na hÚcráine um Maoiniú;

(b)

faisnéis faoi bhuiséad na hÚcráine, in aghaidh na ráithe agus in aghaidh na bliana, lena n-áirítear:

(i)

an comhardú buiséid spriocdhírithe le haghaidh an rialtais ghinearálta, arna mhiondealú de réir fho-earnálacha an rialtais ghinearálta;

(ii)

na réamh-mheastacháin maidir le caiteachas agus ioncam i gcás an rialtais ghinearálta agus a phríomh-fho-earnálacha, agus a bpríomh-chomhchodanna de réir an aicmithe eacnamaíoch;

(iii)

faisnéis ábhartha faoi chaiteachas an rialtais ghinearálta de réir feidhme, go háirithe maidir le cosaint;

(iv)

tuairisc agus cainníochtú ar na bearta caiteachais agus ioncaim atá le cuimsiú sa bhuiséad;

(v)

iarscríbhinn ina mbeidh an mhodheolaíocht agus na toimhdí, agus aon pharaiméadair ábhartha eile, atá ina mbonn taca leis na réamhaisnéisí buiséadacha;

(c)

faisnéis faoi fhorbairtí airgeadais na hÚcráine san am a chuaigh thart agus faoina forbairtí airgeadais réamh-mheasta sa rialtas ginearálta, in aghaidh na ráithe agus in aghaidh na bliana, lena n-áirítear:

(i)

faisnéis faoin staid leachtachta (comhardú airgid) i gcás an rialtais ghinearálta agus a phríomh-fho-earnálacha;

(ii)

amúchadh fiachais;

(iii)

straitéis eisiúna fiachais;

(iv)

sreabha eile lena gcruthaítear agus lena laghdaítear fiachas;

(v)

an stoc riaráistí íocaíochta agus na forbairtí réamh-mheasta a bhaineann leis;

(d)

faisnéis faoi chur chun feidhme cúnaimh a deonaíodh roimhe sin faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin, lena n-áirítear aon aisghabháil airgeadais di;

(e)

faisnéis faoi riachtanais cúnaimh mhíleata chomhchineáil réamh-mheasta;

(f)

ar bhonn bhuiséad na hÚcráine agus na riachtanas cúnaimh mhíleata comhchineáil réamh-mheasta, na riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh a bhfuil coinne leo le haghaidh na tréimhse a chumhdaítear le Straitéis na hÚcráine um Maoiniú, lena n-áirítear miondealú ar na méideanna sa bhuiséad a bhfuil gá leo le haghaidh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2). Beidh luach na dtáirgí cosanta atá le ceannach lasmuigh den Aontas agus den Úcráin sa mhiondealú sin;

(g)

maoiniú seachtrach geallta agus ionchasach agus cúnamh míleata comhchineáil tráth a thíolactar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú le haghaidh na tréimhse a chumhdaítear le Straitéis sin na hÚcráine um Maoiniú, lena n-áirítear miondealú ar mhéideanna an mhaoinithe sheachtraigh sin atá le húsáid i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2);

(h)

ar bhonn na faisnéise i bpointí (f) agus (g) den mhír seo, an bhearna maoiniúcháin sheachtraigh a bhfuil coinne léi agus a bhfuil cúnamh á lorg ag an Úcráin ina leith faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin faoin Straitéis sin de chuid na hÚcráine um Maoiniú, lena n-áirítear miondealú ar mhéideanna na bearna maoiniúcháin sheachtraigh sin a bhfuil coinne léi le haghaidh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2); agus

(i)

chun tacú le caiteachas ilbhliantúil faoi Chaibidil IV den Rialachán seo, faisnéis faoi riachtanais ilbhliantúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus buiséad comhfhreagrach.

3.   Féadfaidh an Úcráin Straitéisí nuashonraithe na hÚcráine um Maoiniú a thíolacadh go dtí go mbeidh uasmhéid na hIasachta Tacaíochta don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 4(1) curtha ar fáil faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 7

Measúnú an Choimisiúin ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú arna tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 gan moill mhíchuí.

2.   Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an Úcráin. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg, lena n-áirítear faisnéis a fhíorú leis na Ballstáit, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Soláthróidh an Úcráin aon fhaisnéis bhreise a iarrtar agus féadfaidh sí athbhreithniú a dhéanamh ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú más gá, lena n-áirítear tar éis a tíolactha.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú agus, go háirithe, déanfaidh sé measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

iomláine, indéantacht agus comhleanúnachas Straitéis na hÚcráine um Maoiniú leis na toimhdí bunúsacha;

(b)

comhsheasmhacht na faisnéise i Straitéis na hÚcráine um Maoiniú le foinsí seachtracha, lena n-áirítear aon athbhreithniú ó CAI a rinneadh le déanaí agus faisnéis ón Ardán Ilghníomhaireachta Comhordaithe Deontóirí don Úcráin agus ón nGrúpa Teagmhála um Chosaint na hÚcráine;

(c)

comhsheasmhacht na bearna maoiniúcháin sheachtraigh a bhfuil coinne léi leis an dáileadh táscach seo a leanas den Iasacht Tacaíochta don Úcráin:

(i)

EUR 30 000 000 000 le haghaidh cúnamh macrairgeadais i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo nó le haghaidh cúnamh buiséadach i bhfoirm iasachta atá le cur chun feidhme faoin tSaoráid don Úcráin de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/792;

(ii)

EUR 60 000 000 000 chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíocha na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint i gcomhréir le Caibidil IV den Rialachán seo;

(d)

comhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5(1).

4.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú, tíolacfaidh sé, gan mhoill, togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 8.

5.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú diúltach ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú, cuirfidh sé an Úcráin ar an eolas gan mhoill, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena mheasúnú. Ní chuirfidh measúnú diúltach cosc ar an Úcráin Straitéis athbhreithnithe de chuid na hÚcráine um Maoiniú a thíolacadh.

6.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú ar nuashonrú ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú, beidh feidhm ag an Airteagal seo.

Airteagal 8

Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle

1.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar Straitéis na hÚcráine um Maoiniú nó ar nuashonrú uirthi, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear an cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch ar fáil.

2.   Déanfar an méid seo a leanas leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1:

(a)

méid an chúnaimh atá le cur ar fáil don Úcráin chun cúnamh a thabhairt ó thaobh chur chun feidhme Straitéis na hÚcráine um Maoiniú a chinneadh, lena n-áirítear an méid den chúnamh sin a bheidh ar fáil:

(i)

le haghaidh cúnamh buiséadach i bhfoirm iasachta atá le cur chun feidhme de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/792;

(ii)

le haghaidh cúnamh macrairgeadais i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo;

(iii)

chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint i gcomhréir le Caibidil IV den Rialachán seo;

(b)

uaslíon agus luach táscach na dtráthchodanna a bhunú le haghaidh an chúnaimh a bheidh ar fáil le haghaidh cúnamh macrairgeadais i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo.

3.   Agus na méideanna den Iasacht Tacaíochta don Úcráin atá le cur ar fáil á gcinneadh, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

urramófar an t-uasmhéid atá ar fáil don Iasacht Tacaíochta don Úcráin dá bhforáiltear in Airteagal 4(1);

(b)

cuirfear san áireamh gur gá comhroinnt chothrom an ualaigh le deontóirí eile a áirithiú maidir le riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine a chumhdach;

(c)

i gcás cúnamh buiséadach, cinnfear cá mhéad is féidir cúnamh buiséadach tráthrialta a sholáthar i bhfoirm iasachta atá le cur chun feidhme de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/792 nó mar chúnamh macrairgeadais i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí.

4.   Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí.

Airteagal 9

Comhlántacht agus comhordú

1.   Agus an Iasacht Tacaíochta don Úcráin á cur chun feidhme, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an Úcráin, leis na Ballstáit, le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le deontóirí don Úcráin, go háirithe tríd an Ardán Deontóirí don Úcráin agus tríd an nGrúpa Teagmhála um Chosaint na hÚcráine, chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhleanúnach comhsheasmhach acu siúd a thacaíonn leis an Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais cúnaimh airgeadais agus eacnamaíoch na hÚcráine. Agus an méid sin á dhéanamh aige, bainfidh an Coimisiún leas as saineolas SEGS.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 5, 7, 13, 14 agus 15 agus Airteagal 23(1), pointe (b), den Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

CAIBIDIL III

CÚNAMH BUISÉADACH I BHFOIRM CÚNAMH MACRAIRGEADAIS

Airteagal 10

Cuspóir

1.   Rannchuideoidh an cúnamh macrairgeadais le bearna mhaoiniúcháin na hÚcráine, arna sainaithint i Straitéis na hÚcráine um Maoiniú arna measúnú go dearfach, a chumhdach.

2.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais ar bhonn a mheasúnaithe ar an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus ar bhonn chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha beartais atá sa mheabhrán tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 11.

Airteagal 11

Meabhrán Tuisceana

1.   Maidir leis na méideanna formheasta den chúnamh macrairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a)(ii), tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú leis an Úcráin maidir leis na coinníollacha beartais a nascfar an cúnamh macrairgeadais leo. Déanfar na coinníollacha beartais sin a leagan amach i meabhrán tuisceana (‘an Meabhrán Tuisceana’).

2.   Áireofar leis na coinníollacha beartais gealltanais athchóiriúcháin láidre uaillmhianacha, lena n-áirítear na gealltanais sin arb é is aidhm dóibh, go háirithe, an slógadh ioncaim a neartú chun tacú le riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine agus chun dul i ngleic le bunchúiseanna an éillithe san airgeadas poiblí, lena n-áirítear trí inbhuanaitheacht agus cáilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú agus trí éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí a fheabhsú. I gcás inarb ábhartha, beidh na gealltanais sin comhsheasmhach le haon chlár atá ag an Úcráin le CAI, agus rachaidh siad níos faide i gcás inarb iomchuí. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na gealltanais sin a chomhlíonadh.

3.   Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún síniú an Mheabhráin Tuisceana, agus síniú na leasuithe ar an Meabhrán Tuisceana, a fhormheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

CAIBIDIL IV

CÚNAMH CHUN TACÚ LE HACMHAINNEACHT THIONSCLAÍOCH COSANTA NA hÚCRÁINE

Airteagal 12

Cuspóir

1.   Maidir leis an gcúnamh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine, is é a bheidh mar aidhm leis cur ar chumas na hÚcráine infheistíochtaí poiblí móra práinneacha a dhéanamh chun tacú le tionscal cosanta na hÚcráine agus lena lánpháirtiú i dtionscal cosanta na hEorpa mar fhreagairt ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair agus sa tréimhse a thiocfaidh ina diaidh. Leis an gcúnamh sin, rannchuideofar, go háirithe, le hatógáil, téarnamh agus nuachóiriú Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Chosaint na hÚcráine, d’fhonn a hullmhacht thionsclaíoch i réimse na cosanta a mhéadú, agus a lánpháirtiú de réir a chéile amach anseo i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí á chur san áireamh agus trí thacaíocht a thabhairt d’infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta agus táirgí eile chun críoch cosanta, trí chomhar idir an tAontas agus an Úcráin.

2.   Na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na bearta lena dtacaítear le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine, is le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta a bhainfidh siad, agus is é a bheidh mar aidhm leo:

(a)

dlús a chur le hoiriúnú thionscal cosanta na hÚcráine d’athruithe struchtúracha, lena n-áirítear trí acmhainneachtaí monaraíochta a chruthú agus borradh a chur fúthu chomh maith le gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara;

(b)

feabhas a chur ar infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta don Úcráin, lena n-áirítear trína n-aga seachadta a laghdú, sealanna monaraíochta a chur in áirithe nó stoc-charnú a dhéanamh ar tháirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta, ar tháirgí idirmheánacha nó ar amhábhair; nó

(c)

feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann idir Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí agus Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Chosaint na hÚcráine, agus riachtanais na hÚcráine maidir le hatreisiú a tionscail cosanta agus an soláthar trealaimh cosanta á gcur san áireamh, sa chaoi is go bhféadfadh táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta arna monarú ag tionscal cosanta na hÚcráine agus ag tionscal cosanta na hEorpa a bheith inmhalartaithe ar a chéile.

Airteagal 13

Incháilitheacht

1.   Na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na bearta lena dtacaítear le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint a bhaineann le táirgí cosanta agus táirgí eile chun críoch cosanta, beidh siad incháilithe do chúnamh ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Bainfidh na táirgí cosanta le ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

catagóir a haon: armlón agus diúracáin; córais airtléire, lena n-áirítear cumais domhain-ionsaithe; cumais talamhchomhraic agus a gcórais tacaíochta, lena n-áirítear trealamh saighdiúra agus airm coisithe; dróin bheaga (aicme 1 ECAT) agus córais ghaolmhara frithdhróin; cosaint an bhonneagair chriticiúil; an cibir-réimse; agus an tsoghluaisteacht mhíleata, lena n-áirítear an fhrith-shoghluaisteacht;

(b)

catagóir a dó: córais aerchosanta agus frithdhiúracán; cumais mhuirí ar dhromchla an uisce agus faoi uisce; dróin cé is moite de dhróin bheaga (aicmí 2 agus 3 ECAT) agus córais ghaolmhara frithdhróin; cumasóirí straitéiseacha, lena n-áirítear aertharlú straitéiseach, athbhreoslú san aer, córais C4ISTAR chomh maith le sócmhainní agus seirbhísí spáis, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin; cosaint sócmhainní spáis; an intleacht shaorga agus an chogaíocht leictreonach.

3.   Na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na bearta lena dtacaítear le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint a bhaineann le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta, ní sháróidh siad leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát mar a bhunaítear faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) de bhun Theideal V de CAE, lena n-áirítear an urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta, ná na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo.

4.   Déanfar táirgí cosanta a tháirgeadh i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

monaróirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu le táirgeadh táirgí cosanta, beidh siad bunaithe san Aontas agus beidh a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin acu san Aontas, i Stát CSTE LEE nó san Úcráin. Ní bheidh siad faoi réir rialú tríú tír nach Stát CSTE LEE ná an Úcráin í ná faoi réir rialú eintiteas tríú tír eile nach bhfuil bunaithe san Aontas, i Stát CSTE LEE nó san Úcráin;

(b)

de mhaolú ar phointe (a), chun comhar tionsclaíoch le comhpháirtithe nach de chuid an Aontais iad a chur san áireamh, beidh táirgí cosanta lena mbaineann fochonraitheoir atá páirteach ina dtáirgeadh, dá leithdháiltear idir 15 % agus 35 % de luach an chonartha, agus nach bhfuil bunaithe nó nach bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin aige san Aontas, i Stát CSTE LEE nó san Úcráin, beidh na táirgí sin incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

bunaíodh caidreamh conarthach díreach a bhaineann leis an táirge cosanta idir an monaróir agus an fochonraitheoir sin roimh an 28 Bealtaine 2025; nó

(ii)

geallann an monaróir go ndéanfaidh sé staidéar, laistigh de 2 bhliain, ar a indéanta atá sé ionchur malartach, atá saor ó shrianta, de thionscnamh an Aontais, Stát CSTE LEE nó na hÚcráine a chur in ionad an ionchuir a sholáthraíonn an fochonraitheoir sin, agus go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais theicniúla agus ama;

(c)

de mhaolú ar phointe (a) den mhír seo, beidh táirgí cosanta lena mbaineann monaróirí nó fochonraitheoirí atá bunaithe san Aontas agus atá faoi rialú tríú tír eile nach Stát CSTE LEE ná an Úcráin í nó faoi rialú eintiteas tríú tír eile nach bhfuil bunaithe san Aontas, i Stát CSTE LEE ná san Úcráin, beidh na táirgí sin incháilithe más rud é go raibh an monaróir nó an fochonraitheoir sin faoi réir scagadh de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus, i gcás inar gá, faoi réir bearta maolaithe iomchuí, nó má thugann an monaróir nó an fochonraiteoir sin ráthaíochtaí i gcomhréir le pointe (d) den mhír seo, arna bhfíorú ag an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe;

(d)

sna ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo, tabharfar gealltanais nach sárófar leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát mar a bhunaítear faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V den CAE de thoradh rannpháirtíocht an mhonaróra nó an fhochonraitheora i dtáirgeadh an táirge cosanta. Tabharfar bunús sna ráthaíochtaí sin go háirithe go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críocha na ngníomhaíochtaí, an chaiteachais agus na mbeart, chun an méid a leanas a áirithiú:

(i)

ní dhéanfar rialú ar an monaróir ná ar an bhfochonraitheoir ar bhealach lena gcuirtear srian ar a chumas na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na bearta dá dtugtar tacaíocht a dhéanamh nó ar bhealach lena gcuirtear teorainn lena chumas déanamh amhlaidh; agus

(ii)

cuirfear cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis rúnaicmithe nó íogair a bhaineann leis an táirge cosanta arna tháirgeadh agus beidh imréiteach náisiúnta slándála arna eisiúint ag Ballstát, i gcás inarb iomchuí, ag fostaithe nó daoine eile a bhfuil baint acu le táirgeadh an táirge cosanta, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta;

(e)

maidir le bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní na monaróirí agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu le táirgeadh na dtáirgí cosanta, beidh siad lonnaithe ar chríoch Bhallstáit, ar chríoch Stát CSTE LEE nó ar chríoch na hÚcráine. I gcás nach bhfuil aon rogha mhalartach ná bonneagar, saoráidí, sócmhainní ná acmhainní ábhartha le fáil go héasca ar chríoch Ballstáit, ar chríoch Stát CSTE LEE nó ar chríoch na hÚcráine do mhonaróirí nó d’fhochonraitheoirí a bhfuil baint acu le táirgeadh na dtáirgí cosanta, féadfaidh siad úsáid a bhaint as a mbonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní atá lonnaithe nó atá acu lasmuigh de na críocha sin, ar choinníoll nach sáróidh an úsáid sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát;

(f)

féadfar a mheas go gcomhlíonann na monaróirí agus na fochonraitheoirí atá rannpháirteach i dtáirgeadh na dtáirgí cosanta na coinníollacha incháilitheachta dá dtagraítear sa mhír seo i gcás ina bhfuil coinníollacha coibhéiseacha comhlíonta acu faoi Rialachán (AE) 2018/1092 (26), (AE) 2021/697 (27), (AE) 2023/1525 (28) nó (AE) 2023/2418 (29) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó faoi Rialachán (AE) 2025/1106 agus ar choinníoll nach ndéanfar, le haon athruithe ina dhiaidh sin, amhras a chaitheamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin;

(g)

ní rachaidh costas na gcomhpháirteanna nach de thionscnamh an Aontais, Stát CSTE LEE nó na hÚcráine iad os cionn 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge cosanta. Ní bhfaighfear aon chomhpháirt ó thríú tír a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát;

(h)

maidir le táirgí cosanta a bhaineann le catagóir a dó dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo, beidh sé de chumas ag monaróirí cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír, maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh an táirge cosanta arna sholáthar, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil chun comhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag na tríú tíortha sin nó ag na heintitis tríú tír sin a ionadú nó a bhaint.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, ciallaíonn ‘fochonraitheoirí a bhfuil baint acu le táirgeadh na dtáirgí cosanta’ aon eintiteas dlítheanach a sholáthraíonn ionchuir chriticiúla a bhfuil tréithe uathúla acu atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an táirge cosanta, ar a leithdháiltear 15 % ar a laghad de luach an chonartha, agus ag a bhfuil gá le rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ar mhaithe le comhlíonadh an chonartha.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4, agus lánurraim á tabhairt do mhír 3, i gcás ina bhfuil géarghá le táirge cosanta ar leith a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a sheachadadh, beidh soláthar táirge cosanta nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 4 incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais faoin gCaibidil seo ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil aon táirge coibhéiseach ann a fhreastalaíonn ar an riachtanas práinneach sin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 4 nó nach bhfuil sé ar fáil ar an scála is gá agus a bhfuil a aga seachadta i gcomhréir le práinn na staide nó le riachtanais oibríochtúla láithreacha na hÚcráine; nó

(b)

go bhfuil an t-aga seachadta le haghaidh an táirge cosanta sin i bhfad níos giorra ná mar atá i gcás táirge cosanta a chomhlíonfadh na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, fiú dá mbeadh an táirge cosanta sin faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi dá dtagraítear in Airteagal 19.

I gcás den sórt sin, cuirfidh an Úcráin an fhaisnéis atá ar fáil go réasúnta di ar fáil lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin á gcomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 15, an fhaisnéis sin a sheiceáil gan moill mhíchuí.

Ní dhéanfar táirgí cosanta a sholáthar ó mhonaróirí atá bunaithe i dtríú tíortha seachas Stáit CSTE LEE agus an Úcráin ach amháin i gcás nach mbeidh aon rogha mhalartach le fáil san Aontas, i Stáit CSTE LEE ná san Úcráin faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b). I gcomhthéacs na chéad fomhíre, pointí (a) agus (b), áireofar san fhaisnéis sin gealltanas dlíthiúil go gcomhlíonfar an t-aga seachadta.

Déanfaidh an Coimisiún na maoluithe dá dtagraítear sa mhír seo a fhormheas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

6.   I gcás inarb infheidhme, maidir leis na nósanna imeachta soláthair agus na conarthaí soláthair le haghaidh táirgí eile chun críoch cosanta a eascraíonn as soláthairtí a fhaigheann tacaíocht faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin, áiritheoidh na Ballstáit Rannpháirteacha go mbeidh coinníollacha incháilitheachta iomchuí iontu chun leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.

7.   De mhaolú ar mhír 4, úsáidfear ranníocaíochtaí i gcomhréir le mír 8, pointe (e), i gcomhréir le coinníollacha incháilitheachta chlár an Aontais lena mbaineann.

8.   Déanfar gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta a chur chun feidhme i gcomhréir le ceann de na modhanna cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

soláthairtí arna ndéanamh ag an Úcráin, faoi réir an soláthar agus an seachadadh a bheith bailíochtaithe ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit Rannpháirteacha. Beidh an Úcráin freagrach as na soláthairtí sin i gcomhréir le dlí na hÚcráine, i gcás ina n-áireofar i mbailíochtuithe ón gCoimisiún nó ó na Ballstáit Rannpháirteacha, ar bhonn samplach, seiceálacha ar dhoiciméadacht chonarthach, ar shonraisc agus ar dheimhnithe seachadta, cigireachtaí fisiceacha ar sholáthróirí agus fíorú fisiceach ar sheachadtaí;

(b)

soláthairtí arna ndéanamh ag an Úcráin ar soláthar comhoibríoch iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2025/1106;

(c)

comhaontuithe idir an Úcráin agus na Ballstáit nó an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC);

(d)

comhaontuithe soláthair idir an Úcráin agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó idir-rialtasacha; nó

(e)

ranníocaíochtaí ón Úcráin leis an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin arna bunú le Rialachán (AE) 2025/2643, leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/792 le haghaidh earraí dé-úsáide nó le cláir eile de chuid an Aontais.

Féadfaidh an Úcráin gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí eile chun críoch cosanta a chur chun feidhme freisin trí sholáthairtí le haghaidh soláthairtí faoi bhun EUR 7 000 000, ar choinníoll go n-áiritheofar bainistiú fónta airgeadais agus cosaint leas airgeadais an Aontais.

9.   Conarthaí a dhéanann an Úcráin a bhaineann le soláthairtí, comhaontuithe nó ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 8, beidh siad incháilithe má shínítear iad tar éis an 14 Eanáir 2026 ar choinníoll go gcomhlíonann siad an tAirteagal seo.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí incháilitheacht a leathnú chuig tríú tíortha seachas Stáit CSTE LEE agus an Úcráin nach sáraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, ar choinníoll go mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag na tríú tíortha sin leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106. Sonrófar i ngach gníomh tarmligthe, i gcás gach ceann de na tríú tíortha lena mbaineann, cé acu de na táirgí cosanta a mbeidh feidhm ag an bhforáil seo maidir leo. Ar theacht i bhfeidhm do ghníomh tarmligthe, measfar an tríú tír a bheith san áireamh i measc Stáit CSTE LEE agus na hÚcráine chun críocha Airteagal 13(4) a mhéid a bhaineann leis na táirgí cosanta sin.

11.   D’ainneoin mhír 10, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun a chinneadh go gcomhlíonann tríú tír seachas Stáit CSTE LEE agus an Úcráin nach sáraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát agus nach bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aici leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106 na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

tá gealltanas tugtha ag an tríú tír ranníocaíocht airgeadais chóir chomhréireach a sholáthar a mhéid a bhaineann leis na costais a eascraíonn as an iasachtaíocht, i gcomhréir le luach na gconarthaí arna ndámhachtain d’eintitis atá bunaithe sa tríú tír sin. Beidh an ranníocaíocht sin i bhfoirm airgead tirim don fhóirdheontas i leith costais iasachtaíochta ar bhonn comhaontú ranníocaíochta idir an tríú tír agus an tAontas. Ioncam sannta seachtrach a bheidh ann i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509;

(b)

tá Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta déanta ag an tríú tír leis an Aontas; agus

(c)

tá tacaíocht airgeadais agus mhíleata á cur ar fáil ag an tríú tír don Úcráin ar bhealach suntasach.

Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle, i gcás gach ceann de na tríú tíortha lena mbaineann, cé acu de na táirgí cosanta a mbeidh feidhm ag an bhforáil seo maidir leo, agus coinníollacha na míre seo á gcur san áireamh.

Ar theacht i bhfeidhm don ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle, measfar an tríú tír a bheith san áireamh i measc Stáit CSTE LEE agus na hÚcráine chun críocha Airteagal 13(4) a mhéid a bhaineann leis na táirgí cosanta sin.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an togra ón gCoimisiún a leasú agus an téacs leasaithe a ghlacadh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme.

Airteagal 14

Sceidil táirgí

1.   Maidir leis na méideanna formheasta cúnaimh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a)(iii), tarraingeoidh an Úcráin sceideal suas le haghaidh gach gníomhaíochta, caiteachais nó birt a bhaineann le táirgí cosanta nó le táirgí eile chun críoch cosanta a bhfuil sé beartaithe aici cúnamh a iarraidh ina leith. Leagfar amach an méid seo a leanas sa sceideal sin:

(a)

tuairisc ar tháirgí cosanta nó ar tháirgí eile chun críoch cosanta; agus

(b)

faisnéis faoi chomhlíonadh Airteagal 13.

2.   Déanfaidh an Úcráin an sceideal a cheadú in éineacht leis an gCoimisiún d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 13. Mura sainaithníonn an Úcráin modh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 13(8) nó má mheasann an Coimisiún go bhfuil modh malartach cur chun feidhme níos tíosaí, níos éifeachtúla nó níos éifeachtaí, féadfaidh an Coimisiún modh cur chun feidhme a mholadh don Úcráin. Agus an modh cur chun feidhme is iomchuí á mholadh don Úcráin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tráthúlacht seachadta an táirge cosanta ábhartha nó táirge eile chun críoch cosanta, na gníomhaíochta, an chaiteachais nó an bhirt ábhartha, na praghsanna atá ar fáil, an taithí a fuarthas roimhe seo ar an modh cur chun feidhme sin agus, i gcás ina bhfuil údar leis, an taithí a fuarthas roimhe seo le monaróirí faoin modh cur chun feidhme sin. Agus cinneadh á dhéanamh aige an bhfuil modh malartach cur chun feidhme níos tíosaí nó nuair a bheidh na praghsanna atá ar fáil á meas aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chómhaoiniú atá le soláthar ag na Ballstáit.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní cheanglófar ar an Úcráin sceideal cur chun feidhme a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (e).

Airteagal 15

Grúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine

1.   Chun tacú le cur chun feidhme an chúnaimh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch na hÚcráine i dtaca leis an gcosaint, bunóidh an Coimisiún Grúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine.

2.   I dteannta na n-ionadaithe ón gCoimisiún, ó SEGS agus ó GEC, áireofar sa Ghrúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine ionadaithe ó na Ballstáit Rannpháirteacha agus ó na Stáit CSTE LEE. Ceadófar do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 13(10) ionadaithe a ainmniú. Tabharfar cuireadh don Úcráin freastal ar chruinnithe den Ghrúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine de réir mar is iomchuí.

3.   Soláthróidh an Grúpa Saineolaithe um Acmhainneacht Thionsclaíoch Cosanta na hÚcráine comhairle, saineolas agus tacaíocht maidir leis na táirgí cosanta agus táirgí eile chun críoch cosanta, maidir leis an modh cur chun feidhme, maidir leis na maoluithe faoi Airteagal 13(5) agus maidir leis na sceidil táirgí.

Airteagal 16

Riar an chúnaimh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine

Osclóidh an Úcráin cuntas speisialta chun an cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a fhaightear chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine a bhainistiú agus chun na críche sin amháin. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an gcuntas sin:

(a)

déanfar íocaíochtaí uile na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a n-iarrtar cúnamh ina leith chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine a íoc ón gcuntas sin;

(b)

tabharfar cearta faireacháin ar an gcuntas sin don Choimisiún;

(c)

soláthróidh an Úcráin tuarascáil mhíosúil don Choimisiún, tuarascáil a bheidh le tíolacadh laistigh de 10 lá oibre ó dheireadh gach míosa agus a mbeidh an fhaisnéis seo a leanas inti:

(i)

dáta agus méid gach íocaíochta a rinneadh ón gcuntas le linn na míosa roimhe sin;

(ii)

ainm fhaighteoir gach íocaíochta;

(iii)

tuairisc ar chuspóir gach íocaíochta agus ar an gcaoi a mbaineann sí leis na conarthaí nó na comhaontuithe a chuirtear isteach in iarrataí ar chistí;

(iv)

aon fhaisnéis eile a iarrfaidh an Coimisiún le réasún.

Airteagal 17

Faireachán ar chur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an chúnaimh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine, lena n-áirítear, go háirithe, seachadadh táirgí, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   I gcás soláthairtí arna ndéanamh ag an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (a), arna mbailíochtú ag an gCoimisiún, úsáidfidh an Coimisiún an próiseas bailíochtaithe atá ann.

3.   I gcás soláthairtí arna ndéanamh ag an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (a), arna mbailíochtú ag na Ballstáit Rannpháirteacha, déanfaidh an Ballstát Rannpháirteach faireachán ar chur chun feidhme an tsoláthair agus ar an seachadadh i gcomhréir leis an bhforáil sin agus tuairisceoidh sé don Choimisiún.

4.   I gcás soláthairtí arna ndéanamh ag an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (b), déanfaidh na Ballstáit Rannpháirteacha atá mar chuid den soláthar comhoibríoch sin faireachán ar chur chun feidhme an tsoláthair agus ar an seachadadh agus tuairisceoidh siad don Choimisiún. I gcomhthéacs soláthar comhoibríoch faoi Rialachán (AE) 2025/1106, i gcás ina gcomhaontaíonn Ballstát Neamh-Rannpháirteach a bheith faoi cheangal ag na rialacha incháilitheachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus iad a chur i bhfeidhm, ina n-áirithíonn sé cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus inarb é an t-údarás conarthach a ghníomhaíonn thar ceann na dtíortha eile, ceanglóidh an Úcráin, mar choinníoll a ghabhann le rannpháirtíocht an Bhallstáit Neamh-Rannpháirtigh sin, go ndéanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme an tsoláthair agus ar an seachadadh agus go dtuairisceoidh sé don Choimisiún.

5.   I gcás comhaontuithe idir an Úcráin agus na Ballstáit Rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (c), déanfaidh an Ballstát Rannpháirteach faireachán ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus an tseachadta agus tuairisceoidh sé don Choimisiún. I gcás comhaontuithe idir an Úcráin agus na Ballstáit Neamh-Rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (c), áireoidh an Úcráin sna comhaontuithe sin oibleagáidí ar an mBallstát Neamh-Rannpháirteach lena mbaineann a bheith faoi cheangal ag na rialacha incháilitheachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus na rialacha incháilitheachta sin a chur i bhfeidhm, cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus an tseachadta agus tuairisciú don Choimisiún.

6.   I gcás comhaontuithe idir an Úcráin agus GEC i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (c), déanfaidh GEC faireachán ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus ar sheachadadh an chomhaontaithe agus tuairisceoidh sé don Choimisiún.

7.   I gcás comhaontuithe maidir le soláthar idir an Úcráin agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó idir-rialtasacha i gcomhréir le hAirteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (d), áireoidh an Úcráin sna comhaontuithe soláthair sin oibleagáidí ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta nó idir-rialtasacha faoi seach faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an tsoláthair agus ar an seachadadh agus tuairisciú don Choimisiún.

8.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 7 den Airteagal seo maidir le soláthairtí arna ndéanamh ag an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 13(8) a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí eile chun críoch cosanta atá faoi bhun EUR 7 000 000. Mar sin féin, tuairisceoidh an Úcráin go tráthrialta don Choimisiún maidir leis an gcaoi a ndéanann sí faireachán ar chur chun feidhme na soláthairtí sin agus ar an seachadadh. Tabharfaidh an Coimisiún faoi rialuithe rioscabhunaithe.

9.   Má thugann an Úcráin fógra don Choimisiún nár cuireadh conradh nó comhaontú chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 20(2), pointe (g), nó má thagann sé ar an eolas faoi neamhsheachadadh táirgí faoin Airteagal seo nó faoi neamhúsáid cistí sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 16, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis an Úcráin chun cuspóir na gcistí sin a athrú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 18

Creat-chomhaontuithe nó creatchonarthaí a mhodhnú

1.   I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí cosanta a chur chun feidhme trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 13(8), an chéad fhomhír, pointe (b) nó (c), san Aontas, beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo maidir le creat-chomhaontú nó creatchonradh atá ann cheana arb é is cuspóir dó táirgí cosanta a cheannach, rud a úsáidtear sa mhodh cur chun feidhme sin, agus nach ndéantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht é a leasú go substaintiúil. An t-údarás conarthach a thug an creat-chomhaontú nó an creatchonradh i gcrích, gheobhaidh sé comhaontú roimh ré ón ngnóthas lenar thug sé an creat-chomhaontú nó an creatchonradh sin i gcrích agus míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm aige.

2.   Féadfaidh údarás conarthach Ballstáit Rannpháirtigh creat-chomhaontú nó creatchonradh atá ann cheana le haghaidh táirgí cosanta a mhodhnú, i gcás inar tugadh an creat-chomhaontú nó an creatchonradh sin i gcrích le gnóthas a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 13(4) agus (5) den Rialachán seo, chun an Úcráin a chur leis an gcreat-chomhaontú sin nó leis an gcreatchonradh sin mar pháirtí.

3.   De mhaolú ar Airteagal 29(2), an tríú fomhír, de Threoir 2009/81/CE, féadfaidh údarás conarthach de chuid Ballstáit Rannpháirtigh leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar na cainníochtaí a leagtar amach i gcreat-chomhaontú nó i gcreatchonradh, le luach measta os cionn na dtairseach a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2009/81/CE, i gcás inar tugadh an creat-chomhaontú nó an creatchonradh i gcrích le gnóthas a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir sin a leagtar síos in Airteagal 13(4) go (5) den Rialachán seo, agus a mhéid atá fíorghá leis an modhnú chun mír 2 den Aireagal seo a chur i bhfeidhm.

4.   Chun an luach dá dtagraítear i mír 3 a ríomh, is é an luach nuashonraithe a bheidh mar luach tagartha i gcás ina bhfuil clásal innéacsaithe sa chonradh.

5.   Údarás conarthach a mhodhnaigh creat-chomhaontú nó creatchonradh sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 nó 3 den Airteagal seo, foilseoidh sé fógra chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2009/81/CE.

6.   Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, beidh feidhm ag prionsabal na gceart comhionann agus na n-oibleagáidí comhionanna idir na húdaráis chonarthacha atá ina bpáirtithe sa chreat-chomhaontú nó chreatchonradh, go háirithe maidir le costas na gcainníochtaí breise arna soláthar.

Airteagal 19

Tosaíocht dheonach a thabhairt do tháirgí cosanta

1.   Chun críoch an Rialacháin seo, agus chun na críche sin amháin, agus i gcás ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha roimh an Úcráin maidir le conradh a chur ar bun nó a fhorghníomhú chun táirgí cosanta a sholáthar a bhfuil géarghá leo agus a chomhlíonann na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 13(4) nó (5), féadfaidh oibreoir eacnamaíoch in éineacht leis an mBallstát Rannpháirteach a bhfuil a láithreán táirgthe lonnaithe ar a chríoch iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin go comhpháirteach beart tosaíochta a eisiúint chun tosaíocht a thabhairt d’ordú áirithe de na táirgí sin arna monarú ag an oibreoir eacnamaíoch sin.

2.   Áireofar na gnéithe seo a leanas san iarraidh chomhpháirteach dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an iarraidh tosaigh ón Úcráin;

(b)

liosta na dtáirgí atá le cur faoi réir an bhirt tosaíochta, a sonraíochtaí agus na cainníochtaí ina soláthrófar iad;

(c)

na teorainneacha ama ar laistigh díobh atá seachadadh na dtáirgí cosanta le cur i gcrích;

(d)

fianaise nach féidir leis an oibreoir eacnamaíoch an iarraidh ón Úcráin dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhlíonadh gan beart tosaíochta; agus

(e)

léiriú ar phraghas cothrom réasúnta ar a bhféadfaí an beart tosaíochta a chur chomh maith le heilimintí lena dtugtar bunús leis an bpraghas sin.

3.   Ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh sin gan moill mhíchuí.

4.   Bunóidh an Coimisiún an measúnú dá dtagraítear i mír 3 ar shonraí oibiachtúla, fíorasacha agus intomhaiste a bhfuil bunús leo, a bhfuil sé d’aidhm aige a chinneadh an bhfuil an tosaíocht sin fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 1.

5.   I gcás ina gcinntear sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 3 go bhfuil an tosaíocht fíor-riachtanach, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, beart tosaíochta ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(a)

bunús dlí na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi atá le comhlíonadh ag an oibreoir eacnamaíoch;

(b)

liosta na dtáirgí atá faoi réir na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi, a sonraíochtaí agus na cainníochtaí ina bhfuil siad le soláthar;

(c)

na teorainneacha ama ar laistigh díobh atá an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi le cur i gcrích;

(d)

tairbhithe na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi;

(e)

raon feidhme na n-oibleagáidí conarthacha a mbeidh tús áite ag an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi;

(f)

tarscaoileadh dliteanais chonarthaigh faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 7; agus

(g)

na pionóis dá bhforáiltear i míreanna 12 go 18 i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an ngníomh cur chun feidhme sin.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

6.   Maidir leis an mbeart tosaíochta dá dtagraítear i mír 5:

(a)

cuirfear ar phraghas cóir agus réasúnta é, agus deischostais an oibreora eacnamaíoch á gcur san áireamh go leordhóthanach agus an beart tosaíochta á chomhlíonadh i gcomparáid leis na hoibleagáidí conarthacha atá ann cheana; agus

(b)

beidh tosaíocht aige ar aon oibleagáid chonarthach faoin dlí príobháideach nó poiblí a bhaineann leis na táirgí cosanta atá faoi réir an bhirt tosaíochta, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

7.   Ní bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir beart tosaíochta de bhun mhír 5 faoi dhliteanas i leith aon sárú ar an oibleagáid chonarthach a rialaítear le dlí Ballstáit Rannpháirtigh, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil géarghá leis an sárú ar oibleagáid chonarthach chun an tosaíocht is gá a chomhlíonadh;

(b)

gur comhlíonadh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5; agus

(c)

nach é an t-aon chuspóir a bhí ag an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 réamh-oibleagáid chun comhlíonadh faoin dlí príobháideach nó poiblí a sheachaint go míchuí.

8.   Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir beart tosaíochta a iarraidh ar an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a leasú i gcás ina measann sé go bhfuil údar cuí leis bunaithe ar cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an beart tosaíochta a dhéanamh mar gheall ar chumas táirgeachta nó acmhainneacht táirgeachta neamhleor, fiú i gcás cóir fhabhrach i leith na hiarrata;

(b)

dá gcuirfí an beart tosaíochta i gcrích, chuirfí ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch, agus bheadh cruatan ar leith i gceist don oibreoir eacnamaíoch.

9.   Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis ábhartha uile a bhfuil bunús léi chun go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na hiarrata ar leasú dá dtagraítear i mír 8.

10.   Ar bhonn an scrúdaithe ar na cúiseanna agus ar an bhfianaise arna soláthar ag an oibreoir eacnamaíoch, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát Rannpháirteach agus comhaontú a fháil roimh ré ón mBallstát Rannpháirteach a bhfuil láithreán táirgthe ábhartha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch, leasú a dhéanamh ar a ghníomh cur chun feidhme chun an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a scaoileadh, go páirteach nó go hiomlán, óna oibleagáidí faoin Airteagal seo.

11.   I gcás nach gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, an oibleagáid tosaíocht a thabhairt do na horduithe arna n-iarraidh ag an gCoimisiún, tar éis dó glacadh leis go sainráite go dtabharfadh sé tosaíocht dóibh, beidh an t-oibreoir sin faoi réir fíneálacha a leagtar amach i míreanna 12 go 18, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a chomhlíonadh mar gheall ar chumas táirgeachta nó acmhainneacht táirgeachta neamhleor, nó ar fhorais theicniúla; nó

(b)

dá ndéanfaí an iarraidh a chomhlíonadh nó a chur i gcrích, chuirfí ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch, agus bheadh cruatan ar leith i gceist don oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear rioscaí substaintiúla ó thaobh leanúnachas gnó de.

Is é a bheidh san ioncam ó na fíneálacha ná ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 le haghaidh clár cúnaimh sheachtraigh faoina bhfuil an Úcráin incháilithe.

12.   I gcás ina measann sé go bhfuil sé sin riachtanach agus comhréireach, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, fíneálacha nach mó ná EUR 300 000 a fhorchur ar oibreoir eacnamaíocha i gcás nach gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, an oibleagáid an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a chomhlíonadh de bhun an Airteagail seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

13.   Sula ndéanfaidh sé cinneadh de bhun mhír 12, tabharfaidh an Coimisiún deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil i gcomhréir le mír 15. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon údar cuí-réasúnaithe a thabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch chun a chinneadh an meastar fíneálacha a bheith riachtanach agus comhréireach.

14.   Agus méid na fíneála á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, lena n-áirítear ar chomhlíon an t-oibreoir eacnamaíoch an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis nó an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi go páirteach.

15.   Sula ndéanfaidh sé cinneadh de bhun mhír 12, áiritheoidh an Coimisiún gur tugadh deis do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann barúlacha a thabhairt maidir leis an méid a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóidí déanta ag an gCoimisiún ina leith;

(b)

na bearta a d’fhéadfadh a bheith beartaithe ag an gCoimisiún i bhfianaise na réamhthorthaí de bhun phointe (a) den mhír seo.

16.   Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a mbarúlacha maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún ina chuid réamhthorthaí, agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá oibre.

17.   Is ar na hagóidí sin a raibh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann in ann barúil a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh an Coimisiún a chinneadh fíneálacha a fhorchur.

18.   I gcás ina gcuireann an Coimisiún na réamhthorthaí dá dtagraítear i mír 15 in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, tabharfaidh sé rochtain ar an gcomhad ón gCoimisiún, má iarrtar amhlaidh, faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach oibreoirí eacnamaíocha a rúin ghnó a chosaint, nó chun rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile aon duine a chaomhnú. An ceart rochtana ar an gcomhad, ní chuimseoidh sé faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát Rannpháirteach, go háirithe comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát Rannpháirteach. Ní bheidh an mhír seo ina cosc ar an gCoimisiún maidir le nochtadh nó úsáid faisnéise atá riachtanach chun sárú a chruthú.

19.   Ní dochar an tAirteagal seo do chearta na mBallstát Rannpháirteach a leasanna bunúsacha slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346(1), pointe (b), CFAE.

CAIBIDIL V

MAOINIÚ AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 20

An Comhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin

1.   Leagfar síos téarmaí airgeadais mionsonraithe na hIasachta Tacaíochta don Úcráin sa Chomhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin.

2.   Sa bhreis ar na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 223(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ceanglófar an méid seo a leanas leis an gComhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin:

(a)

is é a bheidh san Iasacht Tacaíochta don Úcráin iasacht cúláraigh theoranta a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha tráth a tharlóidh truicear aisíocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (j);

(b)

soláthróidh an Úcráin don Aontas leas urrúis ar a héileamh ar an Rúis le haghaidh cúitimh mar urrús don Iasacht Tacaíochta don Úcráin. Beidh luach an leasa urrúis sin ag aon tráth ar leith cothrom le luach na gcistí a eisíocadh faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin;

(c)

na cearta, na freagrachtaí agus an oibleagáid dá bhforáiltear sa Chreat-Chomhaontú faoin tSaoráid don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792, beidh feidhm acu maidir leis an gComhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin agus leis na cistí a chuimsítear ann;

(d)

déanfar an méid cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a)(i), den Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2024/792, cé is moite de rialacha maidir le fad agus aisíocaíocht na hiasachta, lena n-áirítear an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 22, atá le rialú leis an Rialachán seo;

(e)

úsáidfidh an Úcráin na córais bhainistíochta agus rialaithe chéanna leo siúd a mholtar sa Phlean don Úcráin a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2024/792, lena n-áirítear tar éis na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán sin;

(f)

beidh sé de cheart ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta arna ndéanamh ag údaráis na hÚcráine faoi Chaibidil IV den Rialachán seo, feadh thimthriall iomlán an tionscadail;

(g)

tabharfaidh an Úcráin fógra láithreach don Choimisiún mura gcuirfear dréachtchonradh nó dréachtchomhaontú arna maoiniú tríd an Iasacht Tacaíochta don Úcráin chun feidhme;

(h)

leanfaidh an Úcráin de na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) a urramú;

(i)

ní aisiompóidh an Úcráin aon bheart a rinneadh faoi aon ionstraim eile atá ann faoi láthair nó a bhí ann roimhe seo faoinar sholáthar an tAontas nó CAI tacaíocht in aghaidh an éillithe;

(j)

beidh an Úcráin faoi dhliteanas príomhshuim na hIasachta Tacaíochta don Úcráin a aisíoc laistigh de 30 lá, má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, agus gach ceann acu ina thruicear aisíocaíochta chun críocha an Rialacháin seo:

(i)

faigheann an Úcráin airgead as cúiteamh cogaidh, slánaíochtaí nó aon socraíocht airgeadais ón Rúis, suas le méid na socraíochta sin;

(ii)

90 lá ón tráth a fhaigheann an Úcráin sócmhainní neamhairgeadaíochta as cúiteamh cogaidh, slánaíochtaí nó aon socraíocht airgeadais ón Rúis, cé is moite de chríoch, suas le méid na socraíochta sin atá le cinneadh trí luacháil neamhspleách. Arna iarraidh sin don Úcráin, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse sin má tá údar docht leis;

(iii)

sáraíonn an Úcráin pointe (h); nó

(iv)

deimhníodh, i ndáil le bainistiú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin, go raibh an Úcráin ag gabháil d’aon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(k)

beidh an Úcráin faoi dhliteanas an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a aisíoc:

(i)

i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (j)(i) agus (ii), le haghaidh méid de luach airgeadúil an chúitimh cogaidh, na slánaíochtaí nó aon socraíochta airgeadais ón Rúis atá cothrom le cion na hIasachta Tacaíochta don Úcráin atá gan íoc i gcoibhneas le luach iomlán na hIasachta Tacaíochta don Úcráin atá gan íoc, na n-iasachtaí cúiteamh-nasctha arna soláthar ag comhaltaí G7 atá gan íoc agus na ndliteanas faoi mhear-iasachtaí G7 atá gan íoc, más ann dóibh;

(ii)

i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j)(iii), le haghaidh an mhéid iomláin den Iasacht Tacaíochta don Úcráin atá gan íoc;

(iii)

i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j)(iv), le haghaidh luach na calaoise, an éillithe nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(l)

aon mhéid den Iasacht Tacaíochta don Úcráin nach gcumhdaítear leis an dliteanas dá dtagraítear i bpointe (k), beidh sé i bhfeidhm i gcónaí go dtí go dtarlóidh teagmhais amach anseo ar truicear aisíocaíochta é;

(m)

i gcás íocaíochtaí nó aisghabhálacha, sonróidh an Úcráin na híocaíochtaí ábhartha ón Iasacht Tacaíochta don Úcráin atá á n-aisíoc nó á n-aisghabháil;

(n)

beidh sé de cheart ag an Aontas úsáid a bhaint as sócmhainní Rúiseacha atá á mblocáil san Aontas chun an iasacht a aisíoc, i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;

(o)

maidir leis na nósanna imeachta soláthair agus na conarthaí soláthair le haghaidh táirgí eile chun críoch cosanta a eascraíonn as an soláthar dá dtugtar tacaíocht faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin, áiritheoidh an Úcráin go mbeidh coinníollacha incháilitheachta iomchuí iontu chun leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.

Áireofar sa Chomhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin freisin aon cheanglas eile is gá chun an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a chur chun feidhme, lena n-áirítear na ceanglais sin is gá chun Airteagal 17 den Rialachán seo a chur chun feidhme.

3.   Is foras don Choimisiún é neamhchomhlíonadh théarmaí an Chomhaontaithe maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin chun scaoileadh na tráthchoda nó na dtráinsí a chur ar fionraí nó a chealú, go hiomlán nó go páirteach. Ina theannta sin, beidh neamhchomhlíonadh théarmaí aisíocaíochta an Chomhaontaithe Iasachta Tacaíochta don Úcráin ina fhoras le méid iomlán na hIasachta Tacaíochta don Úcráin atá gan íoc, nó cuid den mhéid sin, a bheith dlite agus iníoctha.

4.   Cuirfear an Comhaontú maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

Airteagal 21

Iarraidh ar chistí

1.   Chun cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch a fháil, cuirfidh an Úcráin iarraidh chuí-réasúnaithe ar chistí faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh an Úcráin an iarraidh sin ar chistí a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i bprionsabal, sé huaire sa bhliain.

2.   I gcás cúnamh buiséadach i bhfoirm iasacht atá le cur chun feidhme de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/792, cuirfear an iarraidh ar chistí isteach i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2024/792.

3.   I gcás cúnamh macrairgeadais, i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo, beidh tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh ar chistí i gcomhréir le forálacha an Mheabhráin Tuisceana.

4.   I gcás cúnamh lena dtacaítear le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine, i gcomhréir le Caibidil IV den Rialachán seo:

(a)

féadfar táirgí iomadúla a chumhdach leis an iarraidh. I gcás gach táirge arna chumhdach, áireofar conradh nó comhaontú san iarraidh ar chistí i gcomhréir le hAirteagal 13 agus áireofar sceideal inti i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh na conarthaí nó na comhaontuithe sin a bheith sínithe nó i ndréachtfhoirm chríochnaithe;

(b)

má iarrtar, san iarraidh ar chistí, méid is mó ná 20 % den mhéid arna chur ar fáil i gcomhréir leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 8, tabharfaidh an Úcráin údar mionsonraithe leis sin, lena n-áirítear maidir leis an tionchar ar iarrataí ar chistí amach anseo faoin gcinneadh cur chun feidhme sin.

Airteagal 22

Fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta

1.   De mhaolú ar Airteagal 223(4), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, féadfaidh an tAontas na costais sin a sheasamh a eascraíonn as na hiasachtaí arna bhfáil chun iasacht a thabhairt don Úcráin, ar costais iad a bheadh le híoc ag an Úcráin murach sin (‘fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta’). Cuimsíonn na costais sin costais seirbhíse (costas cistiúcháin, costas bainistithe leachtachta, agus costas seirbhíse i dtaca le forchostais riaracháin a bhaineann le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt).

2.   Féadfaidh an Úcráin an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a iarraidh gach bliain. Féadfaidh an Coimisiún an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a dhámhachtain le haghaidh méid nach mó ná teorainneacha na leithreasuithe arna gcur ar fáil i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh.

Airteagal 23

Cinneadh maidir le cúnamh a scaoileadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le cúnamh a scaoileadh faoi réir a mheasúnaithe ar na ceanglais seo a leanas:

(a)

le haghaidh cúnamh macrairgeadais:

(i)

comhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(ii)

comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha beartais a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana; agus

(iii)

comhlíonadh an Chomhaontaithe maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 20;

(b)

le haghaidh cúnamh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine::

(i)

comhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(ii)

dearbhú go bhfuil na conarthaí nó na comhaontuithe le haghaidh táirgí i gcomhréir le hAirteagal 13 agus nach ndéanann an Coimisiún agóid in aghaidh na modhanna cur chun feidhme;

(iii)

dearbhú go n-urramaíonn an Úcráin, ar bhonn leathan, na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle (30), agus aon leasú air;

(iv)

comhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 16 agus an Chomhaontaithe maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 20; agus

(v)

a mhéid is gá, leordhóthanacht an údair mhionsonraithe arna thabhairt ag an Úcráin, agus an staid san Úcráin agus an maoiniú seachtrach a gealladh agus a bhfuil coinne leis atá ar fáil á gcur san áireamh.

Le haghaidh cúnamh buiséadach i bhfoirm iasachta atá le cur chun feidhme de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/792, cuirfear scaoileadh an chúnaimh chun feidhme i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2024/792.

2.   Faoi réir chomhlíonadh an mhéid cúnaimh atá ar fáil dá bhforáiltear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8, i gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar an iarraidh ar chistí, glacfaidh sé cinneadh, gan moill mhíchuí, lena n-údarófar an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a eisíoc. Le haghaidh cúnamh chun tacú le hacmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine, beidh an méid atá le heisíoc cothrom le luach na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a áirítear san iarraidh ar chistí.

3.   Féadfaidh an Coimisiún dul ar aghaidh leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh mhír 1, pointí (a) agus (b), i dteannta a chéile nó ar bhonn aonair.

4.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú diúltach ar an iarraidh ar chistí, cuirfidh sé an Úcráin ar an eolas, gan moill mhíchuí, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena mheasúnú. Ní chuirfidh measúnú diúltach cosc ar an Úcráin iarraidh nua ar chistí a thíolacadh.

Airteagal 24

An Iasacht Tacaíochta don Úcráin a mhaoiniú

1.   Chun an cúnamh faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá dtagraítear in Airteagal 224 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

2.   Is in euro a dhéanfar na hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí le haghaidh na hIasachta Tacaíochta don Úcráin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leis an gcúnamh airgeadais a sholáthraítear don Úcráin faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin. Ní bhunófar aon soláthar don Iasacht Tacaíochta don Úcráin agus, de mhaolú ar Airteagal 214(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní shocrófar aon ráta soláthair.

Airteagal 25

Na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair a chur i bhfeidhm

1.   Faisnéis rúnaicmithe a chruthaítear, a láimhseáiltear, a stóráiltear, a mhalartaítear nó a roinntear faoin Rialachán seo, déanfar í a chosaint i gcomhréir leis na rialacha slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (31) nó sa Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais, de réir mar is iomchuí.

2.   Úsáidfidh an Coimisiún córas malartaithe slán chun malartú faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire a éascú idir an Coimisiún agus an Úcráin agus, i gcás inarb iomchuí, leis na Ballstáit Rannpháirteacha.

3.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, a bhfuil gá léi do na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo, go háirithe chun na coinníollacha a fhíorú maidir le híocaíochtaí a eisíoc agus na seiceálacha, na hathbhreithnithe, na hiniúchtaí, na himscrúduithe agus na tuarascálacha a dhéanamh, chomh maith leis na rialuithe agus na hiniúchtaí, dá dtagraítear in Airteagal 20.

4.   Is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis arna fáil de thoradh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit Rannpháirteacha go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair eile a fhaightear agus a ghintear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena mbaineann.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(10) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 6 Márta 2026.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(10) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(10) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste ionadaithe na mBallstát Rannpháirteach cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Tabharfar cuireadh do GEC a thuairimí agus a shaineolas a sholáthar don choiste mar bhreathnóir. Tabharfar cuireadh freisin do SEGS cúnamh a thabhairt in obair an choiste.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Idirphlé maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin

1.   Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo a phlé.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairimí a chur in iúl i rúin a mhéid a bhaineann leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon ghné a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé maidir leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin, lena n-áirítear rúin ó Pharlaimint na hEorpa, má sholáthraítear iad.

Airteagal 29

Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

1.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear Airteagal 4(4), Airteagal 6(1), Airteagal 7(5), Airteagal 11(4), Airteagal 20(3) agus Airteagal 23(2), agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gan moill mhíchuí. Déanfar faisnéis a tharchuireann an Coimisiún chuig an gComhairle i gcomhthéacs an Rialacháin seo nó i gcomhthéacs a chur chun feidhme a chur ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa, faoi réir socruithe rúndachta más gá.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2027 agus 30 Meitheamh 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an Iasacht Tacaíochta don Úcráin a chur chun feidhme;

(b)

faisnéis a sholáthar faoin bhfaireachán dá dtagraítear in Airteagal 17; agus

(c)

measúnú ar staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na coinníollacha beartais dá dtagraítear in Airteagal 11(1) a chur chun feidhme.

3.   Faoin 30 Meitheamh 2029, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil mheastóireachta, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht na hIasachta Tacaíochta don Úcráin arna soláthar faoin Rialachán seo agus ar a mhéid a rannchuidigh sí le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

I gcás na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhua cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 331(1) CFAE, an dara fomhír nó an tríú fomhír, beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena mbaineann.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit Rannpháirteacha i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. KOMBOS


(1)   IO L, 2026/258, 2.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/258/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Feabhra 2026.

(3)  Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/313/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1201/oj).

(5)  Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (IO L 245, 22.9.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1628/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2463/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024, lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L, 2024/2773, 28.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2773/oj).

(9)  Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/335/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2022/334 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/334/oj).

(11)  Rialachán (AE) 2025/2600 ón gComhairle an 12 Nollaig 2025 maidir le bearta éigeandála lena dtugtar aghaidh ar na deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha arb iad gníomhaíochtaí na Rúise i gcomhthéacs an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin is cúis leo (IO L, 2025/2600, 13.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2600/oj).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (Rialachán EDIP) (IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj).

(15)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(17)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain i dtaca le conarthaí áirithe oibreacha, soláthair agus seirbhíse a dhéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj).

(18)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj).

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(20)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).

(21)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).

(22)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).

(23)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus bunaithe ar OIN, a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/609/oj).

(24)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj).

(25)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).

(26)  Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1092/oj).

(27)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj).

(28)  Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP) (IO L 185, 24.7.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1525/oj).

(29)  Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) (IO L, 2023/2418, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj).

(30)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj).

(31)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/467/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)