|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/379 |
23.2.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/379 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Feabhra 2026
lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1487 agus (AE) 2025/434 lena gcuirtear ar atráth dátaí éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18, faoi seach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireadh eatafeanprocs le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
|
(2) |
An formheas maidir le heatafeanprocs a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, bhí sé le dul in éag an 31 Eanáir 2020. An 27 Iúil 2018 cuireadh iarratas isteach, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar an bhformheas a athnuachan. |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/994 ón gCoimisiún (3), chuir an Coimisiún ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, chun go mbeadh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar an bhformheas a athnuachan. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1487 ón gCoimisiún (4), chuir an Coimisiún dáta éaga an fhormheasa sin ar atráth arís go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026, mar gheall ar mhoilleanna a bhain le staidéir ba ghá chun measúnú a dhéanamh ar na critéir chun airíonna suaiteora inchrínigh eatafeanprocs a chinneadh. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1036/2013 ón gCoimisiún (5) freisin, formheasadh eatafeanprocs mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
An formheas maidir le heatafeanprocs a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, bhí sé le dul in éag an 30 Meitheamh 2025. An 25 Deireadh Fómhair 2023 cuireadh iarratas isteach, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar an bhformheas a athnuachan. |
|
(6) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/434 ón gCoimisiún (6), chuir an Coimisiún ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2027 dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, chun go mbeadh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar an bhformheas maidir le heatafeanprocs a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a athnuachan. |
|
(7) |
Mar sin féin, an t-iarratasóir a chuir isteach na hiarratais ar athnuachan an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha le haghaidh chineálacha táirgí 8 agus 18 araon, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 12 Meitheamh 2025 gur tharraing sé siar an dá iarratas. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil sé suite go gcomhlíonann eatafeanprocs fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, is de chun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/378 ón gCoimisiún (7) ní dhearnadh athnuachan ar an bhformheas maidir le heatafeanprocs lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18. Dá bhrí sin, maidir le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1487 agus (AE) 2025/434 lena gcuirtear ar atráth dátaí éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18, is iomchuí na cinntí sin faoi seach a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1487 agus (AE) 2025/434.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/994 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2019 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 160, 18.6.2019, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/994/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1487 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1487/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1036/2013 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2013 lena bhformheastar eatafeanprocs mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 283, 25.10.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1036/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/434 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le heatafeanprocs lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/434, 6.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/434/oj).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/378 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2026 gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le heatafeanprocs lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 2026/378, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/378/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/379/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)