|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2638 |
22.12.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2638 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Nollaig 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1485. |
|
(2) |
Dearbhaíonn an tAontas an athuair go gcáineann sé go géar na sáruithe ar chearta an duine agus an cos ar bolg sa Rúis. |
|
(3) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart beirt daoine nádúrtha a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2024/1485 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘53 |
Dmitry Sergeyevich Gordeev (Дмитрий Сергеевич ГОРДЕЕВ) |
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó Dáta breithe: 9.8.1983 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Dmitry Gordeev de chuid Chúirt Chathair Mhoscó agus roimhe sin de chuid Chúirt Dúiche Tverskoy i gcathair Mhoscó. Tá rialuithe dar siocair an pholaitíocht eisithe arís agus arís eile ag Dmitry Gordeev i gcoinne daoine ón bhfreasúra agus i gcoinne chosantóirí i réimse chearta an duine. Léiríonn a iompar breithiúnach neamhaird chórasach ar chaighdeáin bhunúsacha an cheartais neamhchlaonta. Diúltaíonn sé go rialta scrúdú a dhéanamh ar fhianaise shaorthach, lena n-áirítear fístaifeadtaí a bhréagnaíonn éilimh na bpóilíní, agus glacann sé go comhsheasmhach le tuarascálacha póilíneachta neamhfhíoraithe nó cóipeáilte óna iar-chomhghleacaithe, ónar léir claontacht, coinbhleacht leasa agus easpa neamhspleáchais bhreithiúnaigh. Léirítear lena rialuithe patrún inaitheanta ar í an pholaitíocht is cúis leis agus atá ailínithe le leasanna sheirbhísí slándála na Rúise. Dúradh faoin ról atá aige gur cuid de “meaisín diansmachtúil” é, meaisín nach mór oibriú gan teipeanna, rud a aibhsíonn go bhfuil feidhm lárnach aige maidir le hionchúisimh dar siocair an pholaitíocht a chur chun feidhme. Trína ghníomhaíochtaí leantacha, tá an tsochaí shibhialta, an freasúra daonlathach agus cosantóirí i réimse chearta an duine curtha faoi chois ag Dmitry Gordeev, tá an bonn bainte aige de neamhspleáchas na mbreithiúna agus den smacht reachta, agus tá ionchúisimh dar siocair an pholaitíocht éascaithe aige go gníomhach. Tacaíonn a chinntí go hábharach le hoibriú leanúnach ghaireas diansmachtúil stáit na Rúise agus cumasaíonn siad oibriú leanúnach an ghairis sin. Dá bhrí sin, tá Dmitry Gordeev freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
22.12.2025 |
|
54. |
Lyudmila BALANDINA (Людмила БАЛАНДИНА) |
Feidhm: Ionchúisitheoir Dáta breithe: 16.11.1984 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is ionchúisitheoir í Lyudmila Balandina a raibh ról lárnach aici i roinnt cásanna ardphróifíle dar príomhthréith sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus cur faoi chois daoine aonair a cháin údaráis na Rúise nó a thacaigh leis an Úcráin. Bhain Lyudmila Balandina mí-úsáid chórasach as a post mar ionchúisitheoir Stáit chun cúisimh a shaothrú dar siocair an pholaitíocht, chun reitric idé-eolaíoch atá ailínithe le bolscaireacht na Creimile a úsáid agus chun pionóis iomarcacha a lorg as gníomhartha síochánta lenar nochtadh tuairimí. Léiríonn a hiompar iarracht leanúnach thomhaiste chun an tsochaí shibhialta a chur faoi chois, easaontú a chur ina thost agus insintí Stáit a dhlisteanú lena maítear gurb ionann Rialtas na Rúise a cháineadh nó tacú leis an Úcráin agus gníomh antoisceachais nó sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Trí na hionchúisimh sin a thionscnamh agus a choinneáil ar bun, bhí baint dhíreach ag Lyudmila Balandina le sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear sárú i leith na saoirse chun tuairimí a nochtadh, an chirt chun triail chóir a fháil agus an toirmisc ar ionchúiseamh treallach, ar cearta iad a chosnaítear faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Baineann gníomhaíochtaí Lyudmila Balandina an bonn go tromchúiseach den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis, tríd an gcóras breithiúnach a úsáid mar uirlis chun críoch géarleanúna polaitiúla agus trí chur leis an bpatrún níos leithne de chur faoi chois atá ar bun ag an Stát i gcoinne iriseoirí, pearsana cultúrtha agus guthanna an fhreasúra. Dá bhrí sin, tá Lyudmila Balandina freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
22.12.2025’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2638/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)