European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2278

7.11.2025

CINNEADH (AE) 2025/2278 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2025

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Eacuadór le haghaidh comhaontú lena n-éascaítear infheistíocht inbhuanaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú lena n-éascaítear infheistíocht inbhuanaithe le Poblacht Eacuadór a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú lena n-éascaítear infheistíocht inbhuanaithe le Poblacht Eacuadór.

2.   Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 2

Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gCoiste um an mBeartas Trádála (Saineolaithe (Seirbhísí agus Infheistíocht)). Beidh an Mheitheal um Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib comhlachaithe.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2278/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)