|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1516 |
25.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1516 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Iúil 2025
maidir leis an bhformheas ar leasú ar shonraíocht táirge an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Côtes de la Charité’ de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh iarratas na Fraince ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Côtes de la Charité’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). |
|
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar fhormheas ar an leasú i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an t-iarratas ar fhormheas ar leasú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Côtes de la Charité’ (TGFC), formheastar leis seo é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Christophe HANSEN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(3) IO C, C/2025/1729, 20.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1729/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1516/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)