European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1446

14.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1446 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2025

lena gcuirtear ar fionraí bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778 agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle n 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus (4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 (2) lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí sonraithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’) a allmhairítear isteach san Aontas.

(2)

An 7 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 (3) lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí sonraithe eile de thionscnamh na Stát Aontaithe a allmhairítear isteach san Aontas.

(3)

Bhí na dleachtanna custaim breise a forchuireadh le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502 dírithe ar na bearta coimirce a fhrithchothromú i bhfoirm dleachtanna custaim breise a bhí tugtha isteach ag na Stáit Aontaithe ar bhonn Roinn 232 d’Acht um Fhairsingiú Trádála na Stát Aontaithe 1962 ar allmhairí táirgí sonraithe cruach agus alúmanaim de thionscnamh an Aontais, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2018, agus ar allmhairí táirgí díorthaithe cruach agus alúmanaim de thionscnamh an Aontais, le héifeacht ón 8 Feabhra 2020.

(4)

An 18 Nollaig 2023, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 (4) lena gcuirtear ar fionraí, go dtí an 31 Márta 2025, na dleachtanna ad valorem breise, dleachtanna arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502.

(5)

An 10 Feabhra 2025, thug na Stáit Aontaithe a mbearta coimirce isteach arís i bhfoirm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí cruach agus alúmanaim agus táirgí díorthaithe cruach agus alúmanaim de thionscnamh an Aontais, inter alia, ar na leibhéil tosaigh 25 % agus 10 % ad valorem, faoi seach, le héifeacht ón 12 Márta 2025, ar feadh tréimhse gan teorainn (5).

(6)

An 31 Márta 2025, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/664 (6) lena gcuirtear ar fionraí, go dtí an 14 Aibreán 2025, na dleachtanna custaim breise, dleachtanna arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502, agus arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882, dá réir sin.

(7)

An 2 Aibreán 2025, thug na Stáit Aontaithe dleachtanna allmhairiúcháin breise isteach ar raon leathan táirgí mar chuid dá ‘Bheartas Taraife Cómhalartach’, mar a thugtar air, lena n-áirítear ón Aontas, mar a leanas:

(a)

10 % ad valorem is infheidhme maidir leis na hallmhairí uile isteach sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear allmhairí ón Aontas, seachas na hallmhairí sin atá eisiata go sonrach, ón 5 Aibreán 2025 agus ar feadh tréimhse gan teorainn;

(b)

20 % ad valorem a thagann in ionad 10 % ad valorem, maidir leis an Aontas, ón 9 Aibreán 2025 ar feadh tréimhse gan teorainn, agus curtha ar fionraí faoi láthair go dtí an 9 Iúil 2025 (7).

(8)

An 14 Aibreán 2025, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778 (8), lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe eile de thionscnamh na Stát Aontaithe isteach san Aontas agus maidir le dleachtanna custaim breise áirithe a leasú mar a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886.

(9)

An 14 Aibreán 2025, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/786 (9) lena gcuirtear ar fionraí, ón 15 Aibreán 2025 go dtí an 14 Iúil 2025, cur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim breise, dleachtanna arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778, (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502, agus arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882, dá réir sin.

(10)

An 7 Iúil 2025, chuir na Stáit Aontaithe síneadh le fionraí na dleachta allmhairiúcháin ad valorem 20 % ar allmhairí an Aontais ón 9 Iúil 2025 go dtí an 1 Lúnasa 2025.

(11)

I bhfianaise na bhforbairtí, amhail na forbairtí a thuairiscítear in aithris 10, agus i bhfianaise na forbartha foriomláine a tháinig ar an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, ba cheart don Aontas a bhearta freagartha a chalabrú, agus a áirithiú freisin go mbeidh deiseanna comhair ann leis na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear d’fhonn an chonspóid maidir leis na taraifí lena mbaineann a réiteach.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim ad valorem breise arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778, (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502 a chur ar fionraí go dtí an 6 Lúnasa 2025. Dá thoradh sin, ba cheart na codanna ábhartha de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778 a chur ar fionraí agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 a leasú.

(13)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfionraíocht i bhfianaise tuilleadh forbairtí sa chaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe, agus féadfaidh sé gníomhaíochtaí breise a dhéanamh, lena n-áirítear an tréimhse fionraíochta a ghiorrú.

(14)

I bhfianaise mórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt leo mar gheall ar an ngá atá ann na bearta athchothromúcháin ábhartha atá ar tí a chur i bhfeidhm, an cur i bhfeidhm sin a chur ar fionraí chun deiseanna éifeachtacha a thabhairt chun na cuspóirí a thuairiscítear in aithris 11 a bhaint amach, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo láithreach. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh an Aontais toisc go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe fós ar neamhréir leis an gComhaontú lenar bunaíodh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), 14 lá ar a dhéanaí tar éis a ghlactha, ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a chur faoi bhráid an Choiste um Bacainní ar an Trádáil chun a thuairim a fháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear cur i bhfeidhm Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778 ar fionraí go dtí an 6 Lúnasa 2025.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear ‘6 Lúnasa 2025’ in ionad ‘14 Iúil 2025’;

(2)

In Airteagal 2, cuirtear ‘6 Lúnasa 2025’ in ionad ‘14 Iúil 2025’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 189, 27.6.2014, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/654/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2018 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724 ( IO L 158, 21.6.2018, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/886/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2020 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá ( IO L 109, 7.4.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/502/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502 ( IO L, 2023/2882, 19.12.2023 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2882/oj).

(5)  Forógra Uimh. 10896 an 10 Feabhra 2025, Adjusting Imports of Steel into the United States [Allmhairí Cruach isteach sna Stáit Aontaithe a Choigeartú], agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis; Forógra Uimh. 10895 an 10 Feabhra 2025, Adjusting Imports of Aluminum into the United States [Allmhairí Alúmanaim isteach sna Stáit Aontaithe a Choigeartú], agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Fógra ón mBiúró Tionscail agus Slándála an 4 Aibreán 2025, Implementation of Duties on Aluminum Derivatives Beer and Empty Aluminum Cans Pursuant to Proclamation 10895, Adjusting Imports of Aluminum Into the United States [Cur Chun Feidhme Dleachtanna ar Bheoir agus Cannaí Alúmanaim Folmha de bhun Fhorógra 10895, Allmhairí Alúmanaim isteach sna Stáit Aontaithe a Choigeartú].

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/664 ón gCoimisiún an 31 Márta 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 agus (AE) 2020/502 (IO L, 2025/664, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/664/oj).

(7)  Ordú Feidhmiúcháin 14257 ón Uachtarán an 2 Aibreán 2025 lena Rialaítear Allmhairí le Taraif Chómhalartach chun Cleachtais Trádála a Rannchuidíonn le hEasnaimh Bhliantúla Mhóra agus Mharthanacha Trádála Earraí na Stát Aontaithe a Cheartú. Ordú Feidhmiúcháin an 9 Aibreán 2025 maidir le rátaí taraife cómhalartacha a mhodhnú i bhfianaise frithbheartaíocht agus ailíniú comhpháirtithe trádála.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2025 maidir le bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 ( IO L, 2025/778, 14.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/778/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/786 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2025 lena gcuirtear ar fionraí bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe, bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/778 agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2882 (IO L, 2025/786, 14.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/786/oj).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1446/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)