European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1417

18.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1417 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Iúil 2025

maidir le bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Maidir leis an tsubstaint bláthola oragáin tíopa Spáinnigh, a sainaithníodh roimhe seo mar bhláthola oragáin tíme, ó Thymbra capitata (L.) Cav., údaraíodh é gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mBreiseán Beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas maidir le bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí an breiseán lena úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin seo in uisce óil a cheadú.

(5)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 17 Meán Fómhair 2024 (3) go bhfuil bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav. sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear a thuilleadh maidir le gach speiceas. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav. a mheas mar ghreannaitheoir craicinn agus súl agus mar íogróir deirmeach agus riospráide. Ós rud é go n-aithnítear go gcuireann Thymbra capitata (L.) Cav.agus a ullmhóidí blas ar bhia go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach raibh gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Measann an Coimisiún nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, uasleibhéal a shocrú le haghaidh bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav. Chun gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar an t-uaschion molta, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann.

(8)

Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse foráil a dhéanamh maidir le páirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaithe bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav., mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an an 7 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Lúnasa 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Lúnasa 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Lúnasa 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Lúnasa 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Lúnasa 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA], 22(10), e9018. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9018.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe

2b454-eo

Bláthola oragáin tíopa Spáinnigh

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Bláthola ó chinn bhláfara Thymbra capitata (L.) Cav. (comhchiallaigh: Coridothymus capitatus Rchb.f.; Thymus capitatus Hoffmanns. & Link.)

Foirm leachtach

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Bláthola oragáin tíopa Spáinnigh:

Bláthola, mar atá sainmhínithe ag An Chomhairle Eorpach (1), a fhaightear ó chinn bhláfara Thymbra capitata (L.) Cav. trí ghaldriogadh agus comhdhlúthú breise na gcomhábhar luaineach agus a scaradh ón bpas uiscí trí scinceáil.

Uimhir CAS: 8007-11-2

Uimhir Einecs: 290-371-7

Uimhir FEMA: 2828

Uimhir Chomhairle na hEorpa: 454

Sonraíochtaí

Carbhacról: 60–75 %

Tíomól: 0–5 %

p-Ciméin (1-iseapróipil-4-meitilbeinséin): 5,5–9 %

γ-Teirpinéin: 3,5–10 %

β-Caraifilléin: 2-5 %

Modh anailíse  (2)

Maidir le tíomól agus carbhacról (marcóirí fíticheimiceacha) a chinneadh sa bhreiseán beathaithe:

crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (CG–BIL) (ISO 14717)

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus cobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin, sonrófar an méid seo a leanas:

‘Uaschion molta na substainte gníomhaí in aghaidh an chileagraim d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %:

15 mg le haghaidh turcaithe lena ramhrú;

15 mg le haghaidh sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú;

15 mg le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin;

15 mg le haghaidh éin ornáideacha;

15 mg le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin;

30 mg le haghaidh muca lena ramhrú;

30 mg le haghaidh bainbh (bainbh diúil agus scoite) de gach speiceas Suidae;

30 mg le haghaidh muca de mhionspeicis Suidae lena ramhrú;

30 mg le haghaidh gach speicis Suidae le haghaidh atáirgthe;

20 mg le haghaidh laonna lena ramhrú suas le 6 mhí d’aois;

20 mg le haghaidh caorach agus gabhar;

20 mg le haghaidh eallach lena ramhrú, speicis athchogantaigh eile lena ramhrú seachas caoirigh, gabhair agus laonna lena ramhrú suas le 6 mhí; Camelidae lena ramhrú;

20 mg le haghaidh gach athchogantaigh eile; gach speiceas Camelidae eile;

30 mg le haghaidh eachainmhithe;

25 mg le haghaidh Leporidae;

125 mg le haghaidh salmainidí agus mionspeicis iasc eite;

25 mg le haghaidh madraí;

25 mg le haghaidh cat;

25 mg le haghaidh éisc ornáideacha;

15 mg le haghaidh speicis eile agus catagóirí eile.’.

4.

I gcás ina sárófaí na leibhéil dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar na leibhéil úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar lipéad an réamh-mheascáin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 7 Lúnasa 2035

 

 

 

 

 


(1)   Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007)

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1417/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)